Transform your PDFs into Flipbooks and boost your revenue!
Leverage SEO-optimized Flipbooks, powerful backlinks, and multimedia content to professionally showcase your products and significantly increase your reach.
Gach úsáideoir

bóithre

Córas Oifi giúil na

Slánródaíochta

do Thuaisceart Éireann

Eagrán Athbhreithnithe 2008
CÓRAS

OIFIGIÚIL na

SLÁNRÓDAÍOCHTA

do Thuaisceart Éireann
© Cóipcheart na Corónach 2010

Is féidir an téacs sa doiciméad seo (seachas an tArmas Ríoga agus lógónna de

chuid ranna nó gníomhaireachtaí eile) a atáirgeadh saor in aisce i bhformáid nó i

meán ar bith fad is go ndéantar go beacht é agus fad is nach n-úsáidtear i

gcomhtheács míthreorach é. Ní mór a admháil go bhfuil an t-ábhar faoi

chóipcheart na Corónach agus ní mór teideal an doiciméid a shainiú.

I gcás go bhfuil aon ábhar cóipchirt tríú páirtí sainithe againn, beidh ort cead a

fháil ó shealbhóirí an chóipchirt sin.

Maidir le húsáid ar bith eile den ábhar seo, scríobh chuig an Oifig Eolas Earnála

Poiblí, Foireann Pholasaí Eolais, Kew, Richmond, Surrey TW9 4DU nó

ríomhphost: licensing@opsi.gov.uk

Má fhoilsítear eagráin mhacasamhlacha den fhoilseachán seo nó aon eagrán eile

atá an-chosúil le stíl agus le cuma na bunchóipe, d’fhéadfadh sé mearbhall a

chur ar an phobal. Más mian le foilsitheoir ábhar an fhoilseacháin seo a

atáirgeadh níor chóir dó/di stíl agus cuma an eagráin oifigiúil a mhacasamhlú.

Níor chóir eagráin eile a chur i láthair amhail is gur eagráin oifigúla iad.

Arna ullmhú ag an Roinn Comhshaoil.

Tá an doiciméad/foilseachán seo ar fáil ar www.roadsafetyni.gov.uk

Athchlóite Meán Fómhair 2010 le leasú.

ISBN 978 0337 08886 5

Aithníonn an Roinn Comhshaoil tábhacht agus luach a cuid custaiméirí.

Caithimid lenár gcuid custaiméirí uile le meas agus seachadaimid ár seirbhísí ar

bhealach oibiachtúil, múinte agus cothrom.

athchúrsáilte

Tá an leabhar seo clóite 75% ar pháipéar atá 75% athchúrsáilte
Clár

Intreoir 3 �

Rialacha do choisithe 5 �

Rialacha do chathaoireacha rothaí agus do scútair

chumhacht-thiomáinte �

15 �

Rialacha d’ainmhithe 18 �

Rialacha do rothaithe 21 �

Rialacha do ghluaisrothaithe 26 �

Rialacha do thiománaithe agus do ghluaisrothaithe 28 �

Rialacha ginearálta, teicnící agus comhairle do gach tiománaí, 34

gluaisrothaí, rothaí agus marcach �

Ag úsáid an bhóthair 53 �

Úsáideoirí bóithre a bhfuil cúram breise de dhíth orthu 70 �

Ag tiomáint le linn drochaimsire 76 �

Ag fanacht agus ag páirceáil 80 �

Mótarbhealaí 85 �

Cliseadh feithiclí agus teagmhais tráchta 91 �

Oibreacha bóthair 96 �

Crosairí comhréidhe 97 �

Trambhealaí 100 �

Solaschomharthaí ag rialú tráchta 102 �

Comharthaí d’úsáideoirí eile bóithre 103 �

Comharthaí ó dhaoine údaraithe 104 �

Comharthaí tráchta 106 �

Marcanna bóthair 114 �

Marcanna feithicle 117 �

Iarscríbhinní

1. Tusa agus do rothar 118 �

2. Riachtanais maidir le ceadúnas tiomána gluaisrothair 118 �

3. Doiciméadú mótarfheithicle, riachtanais maidir le

tiománaí faoi oiliúint agus tiománaí srianta �

120 �

4. An t-úsáideoir bóithre agus an dlí 122 �

5. Pionóis 124 �

6. Cothabháil, sábháilteacht agus slándáil feithicle 127 �

7. Garchabhair ar an bhóthar � 130 �

8. Cód sábháilteachta do thiománaithe nua 132 �

Eolas eile 133 �

Aguisín 135 �

Innéacs 141 �

1 �

2 �
Intreoir

Tá Córas na Slánródaíochta do Thuaisceart Éireann

(Córas na Slánródaíochta nó an Córas as seo amach)

riachtanach mar ábhar léitheoireachta do chách.

Intreoir

Tá na grúpaí seo a leanas thar a bheith leochaileach nó i

mbaol agus iad ar an bhóthar: coisithe, go háirithe páistí,

daoine breacaosta nó daoine faoi mhíchumas, rothaithe,

gluaisrothaithe agus marcaigh. Tá sé tábhachtach go mbíonn

gach úsáideoir bóithre ar an eolas faoin Chóras agus go

mbíonn siad tuisceanach dá chéile. Baineann sé sin le

coisithe oiread is a bhaineann sé le tiománaithe, rothaithe

agus marcaigh.

Is ceanglais dhlithiúla iad cuid mhaith de na rialacha atá

sa Chóras, agus mura gcloíonn tú leis na rialacha sin tá tú

ag déanamh cion coiriúil. B’fhéidir go ngearrfaí fíneáil ort,

b’fhéidir go gcuirfí pointí pionóis ar do cheadúnas nó b’fhéidir

go ndícháileofaí thú ón tiomáint. Sna cásanna is tromchúisí

b’fhéidir go gcuirfí i bpríosún thú. Bíonn a leithéid de rialacha

so-aitheanta de bharr go mbíonn na focail ‘NÍ MÓR/NÍ

MÓR GAN’ ann. Lena chois sin, áiríonn gach riail tagairt

ghiorraithe don reachtaíocht a chuireann síos ar an chion. Tá

míniú ar na giorrúcháin ar fáil ar leathanach 125.

Mura gcloíonn tú leis na rialacha eile sa Chóras, ní hionann

sin is a rá go n-ionchúiseofar thú, ach b’fhéidir go mbainfí

úsáid as Córas na Slánródaíochta i bhfianaise in aon chás

cúirte faoin Reachtaíocht Tráchta (féach leathanach 125) lena

fháil amach cé atá faoi dhliteanas. Áiríonn sé sin rialacha a

úsáideann foclaíocht chomhairleach ar nós ‘ba chóir/níor

chóir’ nó ‘déan/ná déan’.

Dá mbeadh na rialacha atá in Córas na Slánródaíochta ar

eolas ag daoine agus dá gcloífeadh siad leo d’fhéadfadh sé

líon na dtaismeach bóthair a laghdú go mór. Tá gach duine

freagrach as líon na mbásanna agus líon na ngortuithe a

tharlaíonn ar ár mbóithre gach lá a laghdú. Tig le Córas na

Slánródaíochta cuidiú linn an dualgas sin a chomhlíonadh. Tá

níos mó eolais ar theicnící tiomána/marcaíochta/rothaíochta

ar fáil in Treoir Oifigiúil Tiomána DSA – na bunscileanna, agus

Treoir Oifigiúil Gluaisrothaíochta DSA – na bunscileanna.

3 �
Tá Córas na Slánródaíochta bunaithe ar leagan na Breataine

Móire. Cé go bhfuil reachtaíocht Thuaisceart Éireann maidir

le sábháilteacht ar bhóithre á cur i gcomhréir le reachtaíocht

na Breataine Móire, tá roinnt difríochtaí ann agus bhí gá le

hiad a léiriú san eagrán seo. Mar shampla, is iomaí úsáideoir

bóithre i dTuaisceart Éireann nach mbeadh cur amach acu

ar thrasrianta eachaíochta agus puifíneacha nó tramanna.

Cuireadh tagairtí do na nithe sin san áireamh, áfach, de bharr

go mb’fhéidir go gcuideodh sé le cónaitheoirí Thuaisceart

Éireann a bhfuil sé ar intinn acu cuairt a thabhairt ar an

Bhreatain Mhór. Moltar do dhuine ar bith, tiománaithe go

háirithe, a bhfuil sé ar intinn aige/aici cuairt a thabhairt ar

an Bhreatain Mhór leagan na Breataine Móire de Chóras

na Slánródaíochta a cheannach fosta. Lena chois sin,

moltar do dhuine ar bith a bhfuil sé ar intinn aige/aici cuairt

a thabhairt ar Phoblacht na hÉireann cóip de ‘Rialacha

an Bhóthair’ a cheannach agus a thabhairt faoi deara go

bhfuil gach comhartha luasteorann i bPoblacht na hÉireann

scríofa i gciliméadair san uair. Tá Córas na Slánródaíochta

don Bhreatain Mhór ar fáil ar líne ag www.direct.gov.uk faoi

thaisteal agus iompar. Tá Rialacha an Bhóthair de chuid

Phoblacht na hÉireann ar fáil ar www.rulesoftheroad.ie.

4 �
1

2

3

Rialacha do choisithe

Treoir ghinearálta

Rialacha dochoisithe

Ba chóir cosáin (áirítear air sin aon chosán ar thaobh an

bhóthair) a úsaid má bhíonn siad ar fáil. I ngach cás inar

féidir é, déan do dhícheall gan bheith gar don cholbha agus

do dhroim leis an trácht. I gcás go gcaithfidh tú siúl ar an

bhóthar, amharc sa dá threo ar dtús. Bí tuisceanach do

dhaoine eile i gcónaí.

Mura bhfuil aon chosán ann, siúil ar an taobh dheas den

bhóthar ionas go dtig leat an trácht i d’aghaidh a fheiceáil.

Ba chóir duit bheith thar a bheith cúramach agus

• bí réidh le siúl duine i ndiaidh an duine eile, go háirithe ar

bhóithre cúnga nó má bhíonn easpa solais ann

• coinnigh in aice le taobh an bhóthair.

B’fhéidir gur shábháilte an bóthar a thrasnú i bhfad roimh

choradh géar ar dheis ionas go mbeadh seans ní b’fhearr ag

trácht i d’aghaidh tú a fheiceáil. Trasnaigh ar ais i ndiaidh an

chortha.

Cuidigh le húsáideoirí bóithre eile le tú a fheiceáil.

Caith nó iompar rud éigin éadrom-dáite, geal nó fluaraiseach

mura bhfuil mórán de sholas an lae ann. Nuair a bhíonn

sé dorcha, úsáid ábhair fhluaraiseacha (m.sh. bandaí

muinchille, saiseanna, bástcótaí, seaicéid, coisbheart), atá

tiománaithe ábalta a fheiceáil trí cheannsoilse a úsáid suas le

trí huaire níos faide ar shiúl i gcomparáid le hábhair neamhfhrithchaiteacha.

5 �

Riail 3

Cuidigh le

daoine eile

tú a fheiceáil
4

5

6

7

Níor chóir do pháistí óga bheith amuigh leo féin ar an

chosán, ná ar an bhóthar (féach Riail 7). Nuair a thógtar páistí

amach, fan eatarthu féin agus an trácht agus coinnigh greim

láidir ar a lámha. Strapáil páistí óga isteach i bpramanna nó

úsáid srianta. Má tá tú ag brú páiste óg i mbugaí, ná brúigh

an bugaí isteach sa bhóthar agus tú ag iarraidh a chinntiú go

bhfuil sé slán le trasnú, go háirithe idir feithiclí páirceáilte.

Siúlóidí eagraithe. Ba chóir do ghrúpaí móra daoine atá ag

siúl le chéile cosán a úsáid má tá a leithéid ar fáil; mura bhfuil

cosán ann, ba chóir dóibh fanacht ar thaobh na láimhe clé.

Ba chóir d’fhairtheoirí bheith chun tosaigh agus ar chúl an

ghrúpa agus ba chóir dóibh éadaí fluaraiseacha a chaitheamh

i rith an lae agus éadaí frithchaiteacha a chaitheamh sa

dorchadas. San oíche, ba chóir don fhairtheoir chun tosaigh

solas bán a thaispeáint agus ba chóir don fhairtheoir ar chúl

an ghrúpa solas dearg a thaispeáint. Ba chóir do dhaoine ar

an taobh amuigh de ghrúpaí móra soilse a iompar agus éadaí

frithchaiteacha a chaitheamh fosta.

Mótarbhealaí. NÍ MÓR do choisithe GAN bheith ar

mhótarbhealaí nó ar shliosbhóithre ach amháin i gcás

éigeandála (féach Rialacha 271 agus 275).

Dlí RO Airteagal 20 & MTR rialachán 13(1)(b)

Ag trasnú an bhóthair

An Cód Sábhála. Baineann an chomhairle thíos faoi

thrasnú an bhóthair le gach coisí. Ba chóir an Cód Sábhála

a theagasc do pháistí agus níor chóir iad a ligean amach

leo féin go dtí go dtig leo é a thuiscint agus á úsáid mar is

ceart. Ní hionann an aois ag a mbíonn gach páiste ábalta sin

a dhéanamh. Is iomaí páiste nach bhfuil ábalta a mheas cé

chomh gasta agus atá feithiclí ag dul nó cé chomh fada ar

shiúl atá siad. Foghlaimíonn páistí trí shampla a leanúint. Mar

sin, ba chóir do thuismitheoirí agus do chúramóirí an Cód

a úsáid ina iomlán i gcónaí agus iad amuigh lena bpáistí. Tá

siad freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir leis an aois

ar féidir le páistí an cód a úsáid go sábháilte leo féin.

A. I dtús báire, cuardaigh áit shábháilte le trasnú, áit a

bhfuil spás leis an chosán ar an taobh eile a bhaint amach.

Má tá trasrian in aice láimhe, bain úsáid as. Tá sé níos

sábháilte bóthar a thrasnú trí úsáid a bhaint as: íosbhealach,

droichead coisithe, oileán, trasrian síogach, trasrian

peileacánach, trasrian puifíneach, nó ag áit a bhfuil pointe

6 �
Rialacha dochoisithe

trasnaithe atá á stiúradh ag póilín nó ag patról trasnaithe

scoile. Ina áit sin, roghnaigh áit a bhfuil radharc soiléir i ngach

treo. Déan iarracht gan trasnú idir carranna atá páirceáilte

(féach Riail 14), ar choradh caoch nó gar do mhullach

cnoic. Bog go spás ina mbeidh tiománaithe agus marcaigh

ábalta tú a fheiceáil go soiléir. Ná trasnaigh an bóthar go

trasnánach.

B. Stop go díreach sula mbainfidh tú an colbha amach,

áit ar féidir leat fios a bheith agat an bhfuil aon rud ag teacht.

Ná téigh róghar don trácht. Mura bhfuil aon chosán ann

coinnigh ar shiúl ó thaobh an bhóthair ach déan cinnte go

dtig leat an trácht atá ag teacht a fheiceáil.

C. Féach thart ort le haghaidh tráchta agus éist.

Thiocfadh leis an trácht teacht ó threo ar bith. Éist chomh

maith, mar in amanna is féidir leat trácht a chloisteáil sula

bhfeiceann tú é.

D. Má tá trácht ag teacht, lig dó dul tharat. Féach

mórthimpeall ort arís agus éist. Ná trasnaigh go dtí go

mbeidh bearna shábháilte sa trácht agus tá tú cinnte go

mbeidh neart ama agat. Cuimhnigh, fiú má tá trácht i bhfad

ar shiúl, b’fhéidir go mbeadh sé ag teacht chugat go gasta.

E. Nuair atá sé sábháilte, gabh díreach trasna an

bhóthair - ná rith. Coinnigh ag amharc agus ag éisteacht

le haghaidh tráchta agus tú ag trasnú, i gcás go mbeidh aon

trácht ann nach bhfaca tú, nó i gcás go dtiocfaidh trácht

eile go tobann. Coimhéad rothaithe agus gluaisrothaithe

a d’fhéadfadh bheith ag taisteal idir lánaí tráchta. Ná siúil

trasna an bhóthair go trasnánach.

7 �

Riail 7

Amharc

mórthimpeall

ort agus éist

le haghaidh

tráchta sula

dtrasnaíonn

tú an bóthar
8

9

10

11

12

13

Ag acomhal. Agus tú ag trasnú an bhóthair, coimhéad

trácht atá ag casadh isteach sa bhóthar, go háirithe ar do

chúl. Más rud é gur thosaigh tú ag trasnú agus tá trácht ag

iarraidh casadh isteach sa bhóthar, tá tosaíocht agat air agus

ba chóir do na húsáideoirí bóithre sin slí a ghéilleadh duit

(féach Riail 170).

Bacainní Sábhála do Choisithe. I gcás go bhfuil bacainní

ann, ná trasnaigh an bóthar ach amháin ag na bearnaí a

chuirtear ar fáil do choisithe. Ná dreap thar na bacainní agus

ná siúil eatarthu sin agus an bóthar.

Pábháil thadhlach. Tugann dromchlaí ardaithe, ar féidir iad

a mhothú faoi do chos, rabhadh agus treoir do na daill nó do

dhaoine caocha. Is iad na dromchlaí is coitianta sraith stodaí

ardaithe, a úsáidtear ag pointí trasnaithe le colbha íslithe,

nó sraith barraí cruinne ardaithe a úsáidtear ag crosairí

comhréidhe, ag barr agus ag bun staighre agus ag roinnt

guaiseacha eile.

Sráideanna aontreo. Seiceáil cé acu bealach ina bhfuil

an trácht ag bogadh. Ná trasnaigh go dtí go mbeidh sé

sábháilte é a dhéanamh gan stopadh. D’fhéadfadh lánaí bus

agus rothar feidhmiú i malairt treo i gcomparáid leis an chuid

eile den trácht.

Lánaí bus agus rothar. Bí cúramach agus tú ag trasnú na

lánaí sin, óir d’fhéadfadh an trácht bheith ag bogadh ní ba

ghasta iontu ná mar atá i lánaí eile, nó in éadan an tsrutha

tráchta.

Bealaí atá in úsáid ag rothaithe fosta. Téann roinnt

rothar-raonta taobh le cosáin, ag úsáid gné leithscartha le

rothaithe a leithscaradh ó dhaoine atá ag siúl. D’fhéadfadh

píosaí gairide de phábháil thadhlach bheith mar pháirt de

bhealaí leithscartha fosta le cuidiú le daoine lagamhairc

fanacht ar an taobh cheart. Ar thaobh na gcoisithe bíonn

sraith barraí maola ann atá ina luí trasna threo an taistil

(patrún dréimire). Ar thaobh na rothaithe tá na barraí céanna

treoshuite i dtreo an taistil (patrún trambhealaigh). Níl gach

bealach a roinntear le rothaithe leithscartha. Bí thar a bheith

faichilleach sna cásanna sin (féach Riail 62).

8 �
14

15

16

17

18

Rialacha dochoisithe

Feithiclí atá páirceáilte. I gcás go gcaithfidh tú trasnú idir

feithiclí atá páirceáilte, úsáid imill na bhfeithiclí mar a bheadh

colbha ann. Stop ansin agus cinntigh go dtig leat gach rud a

fheiceáil mórthimpeall ort agus cinntigh go dtig leis an trácht

tusa a fheiceáil. Cinntigh go bhfuil bearna idir aon fheithicil

atá páirceáilte ar an taobh eile ionas go dtig leat an cosán a

bhaint amach. Ná trasnaigh an bóthar os comhair, nó ar

chúl, aon fheithicile agus a hineall ag oibriú, go háirithe

feithicil mhór, mar b'fhéidir nach mbeadh an tiománaí ábalta

tú a fheiceáil.

Feithiclí atá ag cúlú. Ná trasnaigh ar chúl feithicle atá

ag cúlú, ag taispeáint soilse bána cúlaithe nó ag tabhairt

rabhaidh.

Feithiclí atá ag bogadh. NÍ MÓR duit GAN dul ar bord

feithicle atá ag bogadh nó greim a fháil uirthi.

Dlí RTO 1995 Airteagal 37

San oíche. Caith ball éadaigh atá frithchaiteach le gurbh

fhusa do dhaoine eile tú a fheiceáil (féach Riail 3). Mura bhfuil

aon trasrian coisithe in aice láimhe, trasnaigh an bóthar gar

do sholas sráide ionas gurbh fhusa don trácht tú a fheiceáil

Trasrianta

Ag gach trasrian. Agus tú ag úsáid trasriain d'aon

chineál ba chóir duit

• seiceáil i gcónaí gur stop an trácht sula dtosaíonn tú ag

trasnú nó sula mbrúann tú pram amach ar an trasrian

• trasnú idir na stodaí nó thar mharcanna an trasriain

shíogaigh i gcónaí. Ná trasnaigh ag taobh an trasriain nó

ar na línte fiarlánacha, mar go dtig leis bheith contúirteach.

NÍ MÓR duit GAN moill a dhéanamh ar thrasrian d'aon

chineál.

Dlíthe RTRO Airteagal 59(4) & PCR rialachán 17

9 �
19

Riail 19

Tá rabhcháin

ghealánacha

le fáil ag

trasrianta

síogacha

20

Riail 20

Má tá oileán

i lár

trasrianta

síogacha, is

dhá

thrasrian ar

leith iad

21

Trasrianta síogacha. Tabhair neart ama don trácht tú a

fheiceáil agus stopadh sula dtrasnaíonn tú. Bíonn níos mó

ama de dhíth ar fheithiclí nuair a bhíonn an bóthar sleamhain.

Fan go dtí go stopann an trácht ag teacht ón dá thaobh nó

go dtí go mbíonn an bóthar glan sula dtrasnaíonn tú.

Cuimhnigh nach gá don trácht stopadh go dtí go mbogann

duine amach ar an trasrian. Coinnigh ag amharc, agus ag

éisteacht, sa dá threo ar eagla nach bhfeiceann tiománaí nó

marcach thú agus ar eagla go ndéanann sé/sí iarracht dul

thart ar fheithicil a stop.

Má tá oileán i lár trasriain shíogaigh, fan ar an oileán agus

lean Riail 19 sula dtrasnaíonn tú an dara leath den bhóthar –

is trasrian ar leith atá ann.

Ag soilse tráchta. D’fhéadfadh soilse speisialta a bheith

ann do choisithe. Níor chóir duit tosú ar an bhóthar a thrasnú

ach amháin nuair a bhíonn an fhíor ghlas á taispeáint. I gcás

go múchtar an fhíor ghlas agus tú ag trasnú an bhóthair, ba

chóir go mbeadh go leor ama agat leis an taobh eile a bhaint

10 �
22

23

24

Rialacha dochoisithe

amach, ach ná moilligh. I gcás nach bhfuil aon chomharthaí

do choisithe ar fáil, amharc go cúramach agus ná trasnaigh

go dtí go mbíonn na soilse tráchta dearg agus go dtí go

stopann an trácht. Coinnigh ag amharc agus seiceáil le

haghaidh tráchta a d’fhéadfadh a bheith ag teacht thart an

cúinne. Cuimhnigh go mb’fhéidir go ligfeadh soilse tráchta

do thrácht bogadh i lánaí áirithe fad is go mbíonn trácht i

lánaí eile stoptha.

Ná trasnaigh Trasnaigh go cúramach Ná tosaigh ag trasnú*

Riail 21

Ag soilse

tráchta,

trasrianta

puifíneacha

agus

peileacán -

acha

* Trasrianta

peileacán -

acha

amháin

Trasrianta peileacánacha. Tá na trasrianta seo faoi rialú

soilse tráchta agus tá coisithe freagrach as na soilse a úsáid

de réir mar is cuí. Brúigh an cnaipe smachta leis na soilse

tráchta a chur air. Nuair a bhíonn an fhíor dhearg le feiceáil,

ná trasnaigh. Nuair a bhíonn fíor shocair ghlas á taispeáint,

seiceáil gur stop an trácht agus trasnaigh go cúramach

ansin. Má thosaíonn an fhíor ghlas ag splancadh, níor chóir

duit trasnú. I gcás gur thosaigh tú ag trasnú cheana féin ba

chóir go mbeadh am agat trasnú go sábháilte.

Tá trasrianta puifíneacha difriúil le trasrianta

peileacánacha mar go bhfuil na fíoracha dearga agus glasa

os cionn an bhosca rialúcháin ar do thaobhsa den bhóthar

agus ní bhíonn an fhíor ghlas ag splancadh ag am ar bith.

Brúigh an cnaipe agus fan go dtaispeántar an fhíor ghlas.

Nuair a bhíonn an bóthar dúbh le trácht, b’fhéidir go mbeadh

ar an trácht ar do thaobhsa den bhóthar stopadh cé go

bhfuil na soilse glas. B’fhéidir go mbeadh trácht fós ag

bogadh ar an taobh eile den bhóthar; mar sin, brúigh an

cnaipe agus fan leis an chomhartha le trasnú.

11 �
25

Riail 25

Tig le

rothaithe

agus le

coisithe

araon

trasrianta

túcánacha a

úsáid

26

27

Riail 27

Úsáideann

marcaigh

trasrianta

eachaíochta.

Bíonn

trasrian

comhth -

reomhar ann

go minic

Is trasrianta solasrialaithe iad na trasrianta túcánacha a

ligeann do rothaithe agus do choisithe spás a roinnt agus

trasnú ag an am céanna. Úsáidtear brúchnaipe le hiad a

oibriú. Is féidir le rothaithe trasnú ar rothair.

Ag roinnt trasrianta, bíonn ‘blíp’ nó glór le cloisteáil le

tabhairt le fios do dhaoine dalla nó do dhaoine caocha cá

huair a bhíonn an fhíor ghlas á taispeáint, agus d’fhéadfadh

comhartha tadhlach a bheith ann le cuidiú le daoine atá idir

bhodhar agus dhall.

Tá trasrianta eachaíochta ann do mharcaigh. Bíonn na

nithe seo a leanas acu: bacainní cosáin, spásanna níos

leithne le haghaidh trasnú, comharthaí capaill agus marcaigh

sna painéil soilse agus dhá thacar rialtán (ceann amháin níos

airde), nó go díreach painéal rialtáin amháin agus é suite go

hard.

12 �
28

29

30

31

32

Rialacha dochoisithe

Trasrianta peileacánacha nó puifíneacha ‘fiartha’.

Nuair nach bhfuil na trasrianta ar gach taobh den oileán

sráide i líne is dhá thrasrian ar leith iad. Agus tú ar an oileán

sráide, brúigh an cnaipe arís agus fan go bhfeice tú fíor

shocair ghlas.

Trasrianta á rialú ag duine údaraithe. Ná trasnaigh

an bóthar ach amháin i gcás go dtugann póilín nó patról

trasnaithe scoile comhartha duit. Trasnaigh os a gcomhair

i gcónaí.

Riail 28

Is dhá

thrasrian ar

leith iad

trasrianta

fiartha (a

bhfuil oileán

sa lár acu)

I gcás nach bhfuil aon phointí trasnaithe rialaithe ar fáil

moltar trasnú ag áit ina bhfuil oileán sráide i lár an bhóthair.

Úsáid an Cód Sábhála (féach Riail 7) le trasnú go dtí an

t-oileán agus stop. Úsáid arís é le trasnú go dtí an dara leath

den bhóthar.

Cásanna ina mbíonn cúram breise de dhíth

Feithiclí éigeandála. I gcás go dtagann otharcharr,

inneall dóiteáin, feithicil de chuid na bpóilíní nó aon fheithicil

éigeandála eile chugat agus soilse gealánacha gorma,

ceannsoilse agus/nó bonnáin in úsáid, ná siúil ar an

bhóthar.

Busanna. Ná téigh ar bord bus nó ná tar amach as bus go

dtí go mbíonn sé stoptha le ligean duit dul ar bord nó teacht

amach. Coimhéad rothaithe agus tú ag teacht amach

as bus. Ná trasnaigh an bóthar go díreach ar chúl nó os

comhair bus. Fan go dtí go mbíonn sé ar shiúl agus go dtig

leat an bóthar a fheiceáil go soiléir sa dá threo.

13 �
33

34

35

Trambhealaí. Tig leo dul trí cheantair choisithe. Beidh a

mbealach marcáilte ag colbhaí éadomhana, athruithe sa

phábháil nó i ndromchla eile bóthair, línte bána nó poncanna

buí. Trasnaigh ag trasrianta sainithe, áit a bhfuil siad ar

fáil. Ba chóir déileáil le tramanna sa dóigh chéanna agus a

mbíonn tú ag déileáil tú le feithiclí eile agus amharc sa dá

threo ar an trambhealach sula dtrasnaíonn tú. Ná siúil ar an

trambhealach mar go dtiocfadh le tramanna teacht suas

ar do chúl. Bogann tramanna go ciúin agus ní féidir iad a

stiúradh amach as an bhealach le tú a sheachaint.

Crosairí comhréidhe iarnróid. NÍ MÓR duit GAN

trasnú nó dul thar líne stoptha nuair a bhíonn na soilse

dearga á dtaispeáint, (lena n-áirítear fíor dhearg coisithe).

Lena chois sin, ná trasnaigh má bhíonn aláram le cluinstin

nó tá na bacainní á n-ísliú. B’fhéidir go n-athrófaí ton

an aláraim dá mbeadh traein eile ag teacht. Mura bhfuil

aon soilse, aláraim, nó bacainní ann, stop, amharc sa dá

threo agus éist sula dtrasnóidh tú. B’fhéidir go mbeadh

dromchla tadhlach le fáil ar an chosán roimh chrosaire

comhréidh agus barraí ag dul trasna threo taistil na

gcoisithe le rabhadh a thabhairt do dhaoine lagamhairc

go bhfuil crosaire ann. Ba chóir go mbeadh an dromchla

tadhlach ag dul trasna leithead iomlán an chosáin agus

ba chóir go mbeadh sé lonnaithe ag fad cuí ón bhacainn

nó líne réamh-mheasta na bacainne.

Dlí TSR rialachán 39

Deisiú sráide agus cosáin. D’fhéadfadh cosán bheith

druidte go sealadach mar nach bhfuil sé sábháilte le húsáid.

Bí an-chúramach má ordaítear duit siúl ar an bhóthar nó an

bóthar a thrasnú.

Cá háit ar chóir do

mharcaigh bheith agus

iad ag úsáid timpeallán?

Féach riail 187

(leathanach 65)

14 �
Rialacha doluchtúsáidtecathaoireacharothaíagusscútairchumhacht -thiomáinte

36

37

38

39

40

Rialacha do lucht úsáidte

cathaoireacha rothaí

agus scútair chumhachtthiomáinte

(Tugtar Cóistí Easlán orthu sa reachtaíocht)

Níl ach aon chineál amháin de chathaoir rothaí lámhoibrithe

ann agus tugtar Cóiste Easlán Cineál 1 air sin. Tá dhá chineál

cathaoireacha rothaí agus scútair chumhacht-thiomáinte

ann. Bíonn uasteorainn luais de 4 km/h ag cathaoireacha

rothaí láimhe agus ag Feithiclí de Chineál 2 agus tá siad

deartha le húsáid ar chosáin. Bíonn uasteorainn luais de 8

mph (12 km/h) ag feithiclí Chineál 3 agus is féidir iad a úsáid

ar an bhóthar mar aon le cosáin.

Nuair a bhíonn tú ar an bhóthar ba chóir duit géilleadh don

treoir agus do na rialacha a bhaineann le feithiclí eile; nuair

a bhíonn tú ar an chosán ba chóir duit géilleadh don treoir

agus do na rialacha a bhaineann le coisithe.

Ar chosáin

Tá cosáin níos sábháilte ná bóithre agus ba chóir iad a úsáid

nuair a bhíonn siad ar fáil. Ba chóir duit tosaíocht a thabhairt

do choisithe agus tuiscint a léiriú do dhaoine eile atá ag

úsáid na gcosán, go háirithe iad siúd a bhfuil lagú éisteachta

nó amhairc acu mar go mb’fhéidir nach bhfuil a fhios acu go

bhfuil tú ansin.

NÍ MÓR do chathaoireacha rothaí GAN taisteal níos gasta

ná 4 mph (6 km/h) ar chosáin nó i gceantair choisithe.

B’fhéidir go mbeadh ort do luas a laghdú le dul in oiriúint

do dhaoine eile atá ag úsáid na gcosán, daoine nach bhfuil

ábalta bogadh amach as do bhealach gasta go leor nó i

gcás go bhfuil an cosán róchúng.

Dlí MV(IC)R rialachán 4

Nuair a bhíonn tú ag imeacht ón chosán go dtí an bóthar,

ba chóir duit bheith thar a bheith cúramach. Sula mbogann

tú ar aghaidh, amharc thart i gcónaí agus cinntigh go bhfuil

sé sábháilte dul isteach sa trácht. Déan iarracht na colbhaí

íslithe a úsáid i gcónaí agus tú ag bogadh ón chosán, fiú má

15 �
41

43

chiallaíonn sé sin go gcaithfidh tú taisteal níos faide le ceann

a fháil. I gcás go gcaithfidh tú dul suas nó síos colbha, druid

anonn leis ag dronuillinneacha i gcónaí agus ná déan iarracht

dul thar cholbha atá níos airde ná an teorainn a mholann

déantóirí na feithicile.

Ar an bhóthar

Ba chóir duit bheith cúramach agus tú ag taisteal ar an

bhóthar óir d’fhéadfá bheith ag taisteal níos moille ná trácht

eile (tá do mheaisín srianta go 8 mph (12 km/h) agus b'fhéidir

nach bhfuil sé chomh sofheicthe sin).

Ar an bhóthar, ba chóir d'fheithiclí de Chineál 3 taisteal i

dtreo na tráchta. Ba chóir d'úsáideoirí Chineál 2 an cosán

a úsáid i gcónaí nuair a bhíonn sé ar fáil. I gcás nach bhfuil

cosán ann, ba chóir duit bheith faichilleach agus tú ar an

bhóthar. Ba chóir d'úsáideoirí Chineál 2, i ngach cás inar

féidir é, taisteal i dtreo an tráchta mar go bhfuil sé sin níos

sábháilte. Má tá tú ag taisteal san oíche, nuair NACH MÓR

soilse a úsáid, ba chóir duit taisteal i dtreo an tráchta ionas

nach gcuirtear mearbhall ar úsáideoirí bóithre.

Dlí MV(IC)R rialachán 9

NÍ MÓR duit géilleadh do na rialacha céanna atá i bhfeidhm

d’úsáideoirí eile bóithre maidir le soilse, treotháscairí agus

bonnáin a úsáid má tá a leithéid ag d'fheithicil. NÍ MÓR

soilse a úsáid san oíche. Bíodh a fhíos agat go bhféadfaí

nach mbeadh úsáideoirí bóithre eile ábalta tú a fheiceáil agus

ba chóir duit tú féin a dhéanamh níos sofheicthe - fiú i rith an

lae agus fosta nuair a bhíonn sé dorcha - trí, mar shampla,

seaicéad frithchaiteach nó stiallacha frithchaiteacha a

chaitheamh ar chúl na feithicle.

Dlí MV(IC)R rialachán 9

Cad é ba chóir duit a

dhéanamh mura bhfuil na

soilse tráchta ag oibriú?

Féach riail 176

(leathanach 61)

16 �
Rialacha doluchtúsáidtecathaoireacharothaíagusscútairchumhacht -thiomáinte

44

45

46

Bí thar a bheith cúramach ag acomhail bhóithre. Agus tú

ag dul díreach ar aghaidh, seiceáil lena chinntiú nach bhfuil

aon fheithicil ann atá ar tí trasnú thar do chosán ó chlé, ó

dheis, nó tú a scoitheadh agus casadh ar chlé. Tá roinnt

roghanna ann le déileáil le castaí ar dheis, go háirithe casadh

ó mhórbhóthar. Má tá sé deacair nó contúirteach bogadh

isteach i lár an bhóthair, tig leat

• stopadh ar thaobh na láimhe clé den bhóthar agus fanacht

le go mbeidh bearna shábháilte ann sa trácht.

• an casadh a dhéanamh mar a bheadh coisí ann, .i. taisteal

ar an chosán agus trasnaigh an bóthar idir na cosáin, áit

a bhfuil sé sábháilte a dhéanamh. Ba chóir d'úsáideoirí

Chineál 3 an fheithicil a athrú go dtí an íosteorainn luais

agus iad ar an chosán.

Má tá an t-acomhal róchontúirteach, b'fhéidir gurbh fhiú

bealach malartach a ghlacadh. Ar an dóigh chéanna, agus

tú ag dul thart mórthimpeallán (.i. le dhá lána nó níos mó)

b'fhéidir go mbeadh sé ní ba shábháilte duit an cosán a

úsáid nó bealach a aimsiú a sheachnaíonn an timpeallán go

hiomlán.

Ba chóir géilleadh do gach gnáthshrian páirceála. Níor chóir

duit d'fheithicil a fhágáil gan duine ina bun má tá sí ina bac

do choisithe eile - go háirithe iad siúd i gcathaoireacha rothaí.

Beidh na lamháltais pháirceála a chuirtear ar fáil faoi scéim

an tSuaitheantais Ghoirm (féach leathanach 134) i bhfeidhm

do na feithiclí sin a thaispeánann suaitheantas bailí.

NÍ MÓR GAN na feithiclí sin a úsáid ar mhótarbhealaí

(féach Riail 253). Níor chóir iad a úsáid ar dhébhealaí

neamhshrianta, áit a bhfuil an teorainn luais níos mó ná 50

mph (80 km/h) ach má úsáidtear iad ar na débhealaí sin, NÍ

MÓR rabhchán ómrach gealánach a bheith acu. Ba chóir

rabhchán ómrach gealánach a úsáid ar dhébhealaí eile

(féach Riail 220).

Dlíthe RO Airteagal 20(1), (3) & (4), RVLR rialacháin 20(1) & 29

17 �
47

48

49

50

Rialacha faoi ainmhithe

Feithiclí capalltarraingthe

Ba chóir na feithiclí capalltarraingthe a úsáidtear ar an

bhóthar a oibriú agus a chothabháil de réir caighdeáin atá

leagtha amach i gCód Cleachtais na Roinne Iompair maidir le

Feithiclí Capalltarraingthe. Leagann an Cod síos na

riachtanais do mheasúnú tiomána ar bhóthar sa Bhreatain

Mhór agus áiríonn sé liosta cuimsitheach seiceálacha

sábháilteachta lena chinntiú go bhfuil carráiste agus a chuid

feisteas in ord ceart oibre.

Trealamh agus éadaí sábháilteachta. Ba chóir go

mbeadh dhá fhrithchaiteoir dhearga cúil ag gach feithicil

chapalltarraingthe. Tá sé níos sábháilte gan tiomáint san

oíche ach má dhéanann tú sin, NÍ MÓR solas bán a bheith

le feiceáil chun tosaigh agus solas dearg le feiceáil ar chúl.

Dlí RVLR rialachán 4

Marcaigh

Trealamh sábháilteachta. NÍ MÓR do pháistí faoi aois 14

bliana clogad a chaitheamh a chloíonn leis na Rialacháin. NÍ

MÓR dó bheith daingnithe go maith. Ba chóir do mharcaigh

eile cloí leis na riachtanais sin fosta. Ní bhaineann na

riachtanais sin le páiste ar de reiligiún na Saíceach é/í agus

é/í ag caitheamh turban.

Dlíthe H(PHYR)O Airteagal 3 & H(PHYR)R

Éadaí eile. Ba chóir duit na nithe seo a leanas a

chaitheamh: buataisí nó bróga a bhfuil boinn chrua agus

sála crua orthu, éadaí éadrom-daite nó fluaraiseacha i rith

an lae, éadaí frithchaiteacha i gcás go gcaithfidh tú dul ag

marcaíocht san oíche nó i ndrochsholas.

18 �
51

52

53

Rialacha faoiainmhithe

Riail 50

Cuidigh le

daoine eile

tú a fheiceáil

San oíche. Tá sé níos sábháilte gan dul ag marcaíocht san

oíche nó i ndrochsholas, ach má dhéanann tú é, cinntigh go

bhfuil bandaí frithchaiteacha le feiceáil ar do chapall os cionn

ailt an rúitín. Ba chóir go mbeadh solas bán chun tosaigh

agus solas dearg ar chúl feistithe le banda ar ghéag agus/nó

ar chos dheas/bhuatais mharcaíochta an mharcaigh. Má tá tú

ag cinnireacht capaill san oíche, iompair solas i do lámh dheas

agus taispeáin solas bán chun tosaigh agus solas dearg ar

chúl agus cinntigh go bhfuil éadaí frithchaiteacha ortsa agus

ar do chapall araon. Moltar go láidir gur chóir do do chapall

cosaint eireabaill fhrithchaitigh/fhluaraisigh a chaitheamh.

Marcaíocht

Sula dtugann tú capall ar an bhóthar ba chóir duit

• a chinntiú go bhfuil an airnéis chapaill feistithe go maith

agus go bhfuil bail mhaith uirthi

• a chinntiú go dtig leat an capall a smachtú.

Marcaigh le capaill eile i gcónaí, nach bhfuil chomh

neirbhíseach sin má shíleann tú go mbeidh do chapall

neirbhíseach i láthair tráchta. Ná marcaigh capall gan diallait

agus srian.

Sula dtéann tú a mharcaíocht nó sula dtiontaíonn tú, amharc

ar do chúl i gcónaí lena chinntiú go bhfuil sé sábháilte. Ansin,

tabhair comhartha soiléir láimhe. Agus tú ag marcaíocht ar

an bhóthar ba chóir

• fanacht ar thaobh na láimhe clé

• an dá lámh a choinneáil ar na srianta ach amháin má tá tú

ag tabhairt comhartha

• an dá chos a choinneáil sna stíoróipí

19 �
• gan duine eile a iompar

• gan aon rud a iompar a d’fhéadfadh cur isteach ar do

chothrom nó a d’fhéadfadh dul in aimhréidh leis na srianta

• aon chapall atá tú ag cinnireacht a choinneáil ar thaobh na

láimhe clé

• bogadh i dtreo an tráchta i sráid aontreo

• gan níos mó ná beirt bheith ag marcaíocht taobh le taobh,

agus bheith ag marcaíocht i dtreas singil ar bhóithre

cúnga nó ar bhóithre gnóthacha agus nuair a bhíonn tú ag

marcaíocht thar chorthaí.

Níor chóir duit capall a chinnireacht ar chosán nó ar raon

54 � rothar. Sa Bhreatain Mhór, úsáid cosán marcaíochta áit ar

bith inar féidir é sin a dhéanamh. Sa Bhreatain Mhór b’fhéidir

go mbeadh trasrianta eachaíochta ar fáil do mharcaigh leis

an bhóthar a thrasnú agus ba chóir duit iad sin a úsáid, áit

ar bith a bhfuil siad ar fáil (féach leathanach 12). Ba chóir duit

tuirlingt den chapall ag crosaire comhréidh, áit ar bith a bhfuil

comhartha ‘Tuirling de do chapall’ á thaispeáint.

Seachain timpealláin i ngach cás inar féidir é. Má úsáideann

55 tú iad ba chóir duit

• fanacht ar thaobh na láimhe clé agus coimhéad feithiclí atá

ag trasnú romhat leis an timpeallán a fhágáil nó le dul ar an

timpeallán

• comhartha láimhe deis a thabhairt agus tú ag marcaíocht

trasna bealaí amach lena thaispeáint nach bhfuil tú ag

imeacht

• comhartha clé a thabhairt go díreach sula bhfágann tú an

timpeallán.

Ainmhithe eile

Madraí. Ná lig madraí amach ar an bhóthar leo féin.

56 Coinnigh ar iall ghairid iad agus tú ag siúl ar an chosán, ar

an bhóthar nó ar an chosán a roinntear le rothaithe nó le

marcaigh.

Agus tú i bhfeithicil, cinntigh go bhfuil madraí agus ainmhithe

57 eile srianta mar is ceart ionas nach dtig leo cur isteach ort

fad is go bhfuil tú ag tiomáint. Agus iad srianta ní bheidh siad

ábalta tusa nó iad féin a ghortú má stopann tú go gasta. Is

féidir ainmhithe a shrianadh i gcarranna leis na nithe seo a

leanas: criosanna sábhála, iomprán peata, cás madra nó

cosaint mhadra.

20 �
58

59

Rialacha dorothaithe

Ainmhithe á dtréadaíocht. Ba chóir iad a choinneáil

faoi smacht an t-am ar fad. Ba chóir duit, más féidir, duine

eile a chur ar aghaidh ar an bhóthar le rabhadh a thabhairt

d’úsáideoirí eile bóithre, go háirithe ag coradh nó ag mullach

cnoic. Tá sé níos sábháilte gan ainmhithe a bhogadh nuair

a bhíonn sé dorcha, ach má dhéanann tú é, caith éadaí

frithchaiteacha agus cinntigh go n-iompraítear soilse (solas bán

chun tosaigh an tréada agus solas dearg ar chúl an tréada).

Rialacha do rothaithe

Tá na rialacha seo de bhreis orthu siúd sna hailt a

bhaineann le gach feithicil (ach amháin an t-alt faoi

mhótarbhealaí ar leathanach 85). Féach fosta ar

leathanach 118 - Tusa agus do rothar.

Éadaí. Ba chóir duit an mhéid cheart de na nithe seo a leanas

a chaitheamh:

• clogad rothaíochta atá feistithe i gceart agus a chloíonn leis

na rialacháin reatha

• éadaí cuí le haghaidh rothaíochta. Seachain éadaí a

d’fhéadfadh dul in aimhréidh sa slabhra, nó i roth nó a

d’fhéadfadh scáth a chur ar do shoilse

• éadaí éadrom-daite nó fluaraiseacha a chuidíonn le

húsáideoirí bóithre eile tú a fheiceáil i rith an lae agus i

ndrochsholas

• éadaí frithchaiteacha agus/nó oiriúintí (crios, bandaí

muinchille nó rúitín) sa dorchadas.

21 �

Riail 59

Cuidigh le

daoine eile

tú a

fheiceáil
60

61

62

63

Idir luí na gréine agus éirí na gréine NÍ MÓR do shoilse

bána chun tosaigh agus soilse dearga ar chúl bheith lasta

ar do rothar. Lena chois sin NÍ MÓR frithchaiteoir cúil

dearg bheith ann (agus frithchaiteoirí troitheáin ómracha,

má rinneadh é i ndiaidh 24/1/96). Cuideoidh frithchaiteoirí

tosaigh bána agus frithchaiteoirí spóca le daoine eile tú a

fheiceáil fosta. Ceadaítear soilse gealánacha ach moltar gur

chóir do rothaithe atá ag rothaíocht i gceantair gan soilsiú

sráide lampa socair tosaigh a úsáid.

Dlí RVLR rialacháin 13, 15, 21 & 27 (arna leasú le RVL(A)R)

Ag rothaíocht

Bealaí Rothaíochta agus Áiseanna Eile. Úsáid bealaí

rothaíochta, réamhlínte stop, boscaí rothar agus trasrianta

túcánacha ach amháin i gcás go bhfuil sé baolach a leithéid

a dhéanamh ag an am. Níl sé éigeantach na háiseanna seo a

úsáid agus beidh sé ag brath ar do thaithí agus ar do

scileanna, ach tig leo do thuras a dhéanamh níos sábháilte.

Raonta rothar. De ghnáth, bíonn siad lonnaithe ar shiúl

ón bhóthar ach is féidir iad a fháil fosta taobh le cosáin.

D’fhéadfadh rothaithe nó coisithe bheith leithscartha

nó d’fhéadfadh siad an spás céanna a roinnt (neamhleithscartha).

Má bhíonn tú ag úsáid raonta leithscartha NÍ

MÓR duit fanacht ar an taobh atá ceaptha do rothaithe mar

go bhfanann taobh na gcoisithe mar chosán. Bí cúramach

agus tú ag scoitheadh coisithe, go háirithe páistí, daoine

breacaosta nó daoine faoi mhíchumas, agus tabhair neart

spáis dóibh. Bí réidh le moilliú i gcónaí agus le stopadh

más gá. Bí cúramach in aice le hacomhail bhóithre mar go

mb’fhéidir go mbeadh deacrachtaí agat úsáideoirí bóithre

eile a fheiceáil, úsáideoirí nach bhfeiceann tusa, b’fhéidir.

Dlí RTRO Airteagail 3 & 4(5)

Lánaí rothar. Bíonn siad marcáilte le líne bhán (a

d’fhéadfadh bheith briste) feadh an charrbhealaigh (féach

Riail 140). Agus tú ag úsáid lána rothar, fan laistigh den lána

a mhéad is indéanta. Sula bhfágann tú lána rothar seiceáil go

bhfuil sé sábháilte a dhéanamh agus tabhair le fios go soiléir

d’úsáideoirí bóithre go bhfuil sé ar intinn agat a dhéanamh.

Níl sé éigeantach lánaí rothar a úsáid agus braitheann sé

ar do thaithí agus ar do scileanna, ach tig leo do thuras a

dhéanamh níos sábháilte.

22 �
64

65

66

67

Rialacha dorothaithe

NÍ MÓR duit GAN dul ag rothaíocht ar chosán ach amháin

ar raon rothar, áit ar cuireadh a leithéid ar fáil.

Dlí RTRO Airteagal 3

Lánaí bus. Tig le gluaisrothaithe agus rothaithe bunús na

lánaí bus, ach amháin lánaí bus ar mhótarbhealaí, a úsáid,

de réir mar atá sonraithe ar chomharthaí. Coimhéad daoine

atá ag dul ar bord bus nó ag teacht amach as bus. Bí anchúramach

agus tú ag scoitheadh bus nó ag fágáil lána bus

mar go mbeidh tú ag dul isteach i sreabh tráchta atá níos

gnóthaí.

Ba chóir duit

• an dá lámh a choinneáil ar chluasa an rothair ach amháin

nuair a bhíonn tú ag comharthú nó ag athrú giaranna

• an dá chos a choinneáil ar na troitheáin

• gan níos mó ná beirt bheith ag rothaíocht taobh le

taobh, agus rothaigh i dtreas singil ar bhóithre cúnga nó

gnóthacha nó nuair a bhíonn tú ag rothaíocht thar chorthaí

• gan dul ag rothaíocht in aice le cúl feithicle eile

• gan aon rud a iompar a chuirfidh isteach ar do chothrom

nó a d’fhéadfadh dul in aimhréidh le do rothaí nó le do

shlabhra

• bheith tuisceanach d’úsáideoirí eile bóithre, go háirithe

coisithe dalla agus coisithe caocha. Cuir in iúl dóibh go

bhfuil tú ansin nuair is gá, mar shampla trí do chloigín nó

do bhonnán a bhualadh.

Ba chóir duit

• amharc mórthimpeall ort sula mbogann tú ar shiúl ón

cholbha, ag casadh nó ag ionramháil, lena chinntiú go

bhfuil sé sábháilte a dhéanamh. Tabhair comhartha soiléir

lena thaispeáint d’úsáideoirí eile bóithre cad é atá ar intinn

agat a dhéanamh (féach leathanach 103)

• amharc i bhfad chun tosaigh le haghaidh baic ar an

bhóthair, ar nós draenacha, poill agus feithiclí atá

páirceáilte, ionas nach gá duit fiaradh go tobann le hiad a

sheachaint. Fág neart spáis agus tú ag scoitheadh feithiclí

atá páirceáilte agus coimhéad doirse atá á n-oscailt nó

coisithe atá ag siúl amach romhat

• bheith airdeallach ar thrácht atá ag teacht suas i do

dhiaidh

23 �
68

69

70

71

72

• bheith thar a bheith cúramach in aice le dronna, cúngaigh

agus bearta moillithe tráchta

• Bí cúramach agus tú ag scoitheadh (féach Rialacha 162-

169).

NÍ MÓR duit GAN

• paisinéir a iompar ach amháin i gcás go ndearnadh do

rothar nó gur cuireadh do rothar in oiriúint le duine a

iompar

• greim a choinneáil ar fheithicil nó ar leantóir

• rothaíocht ar bhealach contúirteach, ar bhealach

míchúramach nó ar bhealach míthuisceanach

• rothaíocht agus tú faoi thionchar óil nó drugaí, cógas

leighis san áireamh.

Dlí RTO 1995 Airteagail 35, 37, 42, 43 & 44

NÍ MÓR duit géilleadh do gach comhartha tráchta agus

solaschomharthaí tráchta.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50, TSR rialachán 8

Agus tú ag páirceáil do rothair

• faigh suíomh sofheicthe, áit a dtig le daoine ag dul an

bealach é a fheiceáil

• úsáid seastán rothar nó áiseanna eile páirceála rothar i

ngach cás inar féidir é

• ná fág é áit a mbeadh sé ina bhac nó ina chontúirt

d’úsáideoirí eile bóithre

• daingnigh go maith é ionas nach dtiteann sé agus nach

mbíonn sé ina bhac nó ina chontúirt.

NÍ MÓR duit GAN trasnú an líne stop nuair a bhíonn na

soilse tráchta dearg. Bíonn réamhlíne stop ag roinnt acomhal

le ligean duit fanacht agus tú féin a shuí chun tosaigh ar

thrácht eile (féach Riail 178).

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50 & TSR rialachán 33(1)

Acomhail bhóithre

Ar thaobh na láimhe clé. Agus tú ag druidim le hacomhal

ar thaobh na láimhe clé, coimhéad feithiclí atá ag casadh

romhat, amach as an taobh-bhóthar nó isteach sa taobh-

24 �
73

74

75

76

77

Rialacha dorothaithe

bhóthar. Díreach sula dtiontaíonn tú, seiceáil le haghaidh

rothaithe nó gluaisrothaithe atá ag scoitheadh ar an taobh

istigh. Ná rothaigh ar an taobh istigh d'fheithiclí atá ag

comharthú nó ag moilliú le casadh ar chlé.

Tabhair aird ar fheithiclí fada, a bhfuil neart spáis de

dhíth orthu le hionramháil ag cúinní. Bíodh a fhios agat

go bhféadfaí nach bhfeicfeadh tiománaithe thú. B’fhéidir

go mbeadh orthu bogadh go dtí an taobh dheas sula

dtiontaíonn siad ar chlé. Fan go dtí go mbeidh an beart

déanta acu mar go dtagann na rothaí deiridh an-ghar

don cholbha agus iad ag casadh. Ná déan iarracht dul ag

rothaíocht sa spas idir na feithiclí fada agus an colbha.

Ar thaobh na láimhe deise. Má tá tú ag casadh ar dheis,

seiceáil an trácht lena chinntiú go bhfuil sé sábháilte. Ansin,

comharthaigh agus bog go dtí lár an bhóthair. Fan ansin go

dtí go mbeidh bearna shábháilte sa trácht i d’aghaidh sula

gcríochnaíonn tú an casadh. B’fhéidir gur shábháilte fanacht

ar an taobh chlé go dtí go mbeadh bearna shábháilte ann nó

tuirlingt agus do rothar a bhrú trasna an bhóthair.

Débhealaí. Cuimhnigh go mbogann an trácht go gasta

ar fhormhór na ndébhealaí. Agus tú ag trasnú, fan go

dtí go bíonn bearna shábháilte ann agus trasnaigh gach

carrbhealach i ndiaidh a chéile. Bí an-chúramach agus tú ag

trasnú sliosbhóithre.

Timpealláin

Tá sonraí iomlána faoin ghnáthamh cheart timpealláin le fáil i

rialacha 184-190 agus san Aguisín ar Leathanaigh 135 -139.

Tig le timpealláin bheith contúirteach agus ba chóir druidim

leo go cúramach.

B’fhéidir go mothófá ní ba shábháilte dá siúlfá thart ar an

timpeallán le do rothar, ar an chosán nó ar an chiumhais. Má

chinneann tú fanacht ar thaobh na láimhe clé ba chóir duit

• fios a bheith agat go mb’fhéidir nach bhfeicfeadh

tiománaithe thú go furasta

• bheith thar a bheith cúramach agus tú ag rothaíocht trasna

bealaí amach. Is féidir comharthú ar dheis lena thaispeáint

nach bhfuil tú ag fágáil an timpealláin

• súil in airde a choinneáil le haghaidh feithiclí atá ag trasnú

romhat leis an timpeallán a fhágáil nó le dul isteach sa

timpeallán.

25 �
78

79

80

81

82

83

Tabhair neart spáis d’fheithiclí fada ar an timpeallán mar

go bhfuil níos mó spáis de dhíth orthu le hionramháil.

Ná rothaigh sa spás atá de dhíth orthu le dul thart ar an

timpeallán. B’fhéidir gur shábháilte fanacht go dtí go mbíonn

siad imithe ón timpeallán.

Ag trasnú an bhóthair

Ná rothaigh trasna trasrianta eachaíochta, mar go bhfuil

siad ann do mharcaigh amháin. Ná rothaigh trasna trasrian

peileacánach, puifíneach nó síogach. Tuirling agus brúigh do

rothar trasna.

Trasrianta túcánacha. Is trasrianta solasrialaithe iad seo,

a ligeann do rothaithe agus do choisithe spás trasnaithe a

roinnt agus trasnú ag an am céanna. Úsáidtear brúchnaipe le

hiad a oibriú. Feicfidh coisithe agus rothaithe an comhartha

glas le chéile. Tig le rothaithe trasnú ar rothair.

Trasrianta do rothair amháin. B’fhéidir go mbeadh raonta

rothar ar dhá thaobh an bhóthair ceangailte ag trasrianta faoi

rialú soilse tráchta. Tig leat rothaíocht trasna ach NÍ MÓR

duit GAN trasnú go dtí go mbíonn an comhartha glas rothair

á thaispeáint.

Dlí TSR rialachán 33(1)

Crosairí comhréidhe/Trambhealaí. Bí an-chúramach

agus tú ag trasnú na ráillí (féach Riail 306). Ba choir dúit

tuirlingt ag crosairí comhréidhe, áit a bhfuil comhartha

‘Tuirling den Rothar’ á thaispeaint.

Rialacha do

ghluaisrothaithe

Tá na rialacha seo de bhreis orthu siúd sna hailt seo a

leanas, a bhaineann le gach feithicil. Leis na riachtanais

maidir le ceadúnas tiomána gluaisrothair a fháil, féach

leathanaigh 118–119.

Eolas ginearálta

Ar gach turas, NÍ MÓR don ghluaisrothaí agus an paisinéir

cúlóige ar ghluaisrothar, ar scútar nó ar mhóipéid clogad

cosanta a chaitheamh. Ní bhaineann an riail sin le duine ar de

phobal reiligiún na Saíceach é/í agus é/í ag caitheamh turban.

NÍ MÓR do chlogaid cloí leis na rialacháin agus NÍ MÓR

26 �
84

85

86

Rialacha doghluaisrothaithe

dóibh bheith feistithe i gceart. Ba chóir do rothaithe agus

paisinéirí gluaisrothar trianach agus gluaisrothar ceathairrothach,

ar a dtugtar cuadrothair fosta, clogad cosanta a

chaitheamh chomh maith. Roimh gach turas seiceáil go bhfuil

scáthlán do chlogaid glan agus bail mhaith air.

Dlíthe MC(PH)R (arna leasú) rialachán 2, RTO 1995 Airteagail 27 & 28

Lena chois sin, moltar cosaintí súile a chaitheamh agus NÍ

MÓR dóibh cloí leis na Rialacháin. Tig le cosaintí atá scrafa

nó nach bhfuil feistithe go maith cur isteach ar an mhéid atá

tú ábalta a fheiceáil, go háirithe má bhíonn sé grianmhar

agus nuair a bhíonn sé dorcha. Smaoinigh ar chosaintí

cluaise a chaitheamh. Tig le buataisí láidre, miotóga agus

éadaí cuí tú a chosaint má bhaineann timpiste duit.

Dlíthe MC(EP)R (arna leasú) rialachán 2 & RTO 1995 Airteagal 29

NÍ MÓR duit GAN níos mó ná aon phaisinéir cúlóige

amháin a iompar, agus NÍ MÓR dó/di suí ar an mheaisín

ar shuíochán ceart. Ba chóir dóibh amharc chun tosaigh

agus an dá chos a chur ar na tacaí coise. NÍ MÓR duit

GAN paisinéir cúlóige a iompar mura bhfuil do ghluaisrothar

deartha lena dhéanamh. NÍ MÓR do dhaoine a bhfuil

ceadúnas sealadach acu GAN paisinéir cúlóige a iompar.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 34, MV(DL)R rialachán 12(5) & CUR

rialachán 118

Ag gluaisrothaíocht i rith an lae. Déan tú féin chomh

sofheicthe agus is féidir ón dá thaobh mar aon leis an taobh

thosaigh agus an taobh chúil. Thiocfadh leat clogad éadromdaite

nó gealdaite agus éadaí nó stiallacha fluaraiseacha a

chaitheamh. D’fhéadfadh ceannsoilse maolaithe, fiú amháin le

solas geal an lae, cuidiú le tú a dhéanamh níos sofheicthe.

Mar sin féin, bí airdeallach mar d’fhéadfaí nach bhfeicfeadh

tiománaithe eile thú nó d’fhéadfaí nach measfadh siad mar is

ceart cé chomh fada ar shiúl atá tú nó cé chomh gasta atá tú

ag bogadh, go háirithe ag acomhail.

27 �

Riail 86

Cuidigh le

daoine eile

tú a

fheiceáil
87

88

89

90

91

Ag gluaisrothaíocht sa dorchadas. Caith éadaí nó

stiallacha frithchaiteacha le tú féin a dhéanamh níos

sofheicthe sa dorchadas. Frithchaitheann siad an solas ó

cheannsoilse feithiclí eile, rud a dhéanann tusa sofheicthe

i bhfad i gcéin. Féach Rialacha 113-116 le haghaidh

riachtanais soilsithe.

Ag ionramháil. Ba chóir duit fios a bheith agat cad é atá

ar do chúl agus ag do thaobhanna sula ndéanann tú aon

ionramháil. Amharc ar do chúl; úsáid scátháin má tá siad

ann. Agus tú ag fanacht i scuainí tráchta, coimhéad coisithe

atá ag trasnú idir feithiclí agus feithiclí atá ag teacht amach

as acomhail, nó ag athrú lánaí. Cuir tú féin in áit ar leith ionas

go dtig le tiománaithe tú a fheiceáil ina scátháin. Ina theannta

sin, agus tú i scaglána i dtrácht atá ag bogadh go mall, bí

cúramach agus coinnigh do luas íseal.

Cuimhnigh: Breathnaigh – Comharthaigh – Ionramháil

Rialacha do thiománaithe

agus do ghluaisrothaithe

Bail na feithicle. NÍ MÓR duit a chinntiú go gcloíonn

d’fheithicil agus do leantóir le riachtanais iomlána na

Rialachán maidir le Mótarfheithiclí (Tógáil agus Úsáid) (TÉ)

agus na Rialacháin maidir le Soilsiú Mótarfheithiclí (TÉ) (féach

leathanach 123).

Dlíthe CUR, RVLR

Oiriúnacht do thiomáint

Cinntigh go bhfuil tú in ann tiomáint. NÍ MÓR duit an

Ghníomhaireacht Tiománaithe agus Feithiclí a chur ar an

eolas faoi aon riocht sláinte a d’fhéadfadh cur isteach ar do

chumas tiomána.

Dlí RTO 1981 Airteagal 11

Má bhíonn tú ag tiomáint nuair a bhíonn tuirse ort, is mó an

seans go mbainfidh timpiste duit. Leis an riosca sin a laghdú

• cinntigh go bhfuil tú in ann tiomáint. Ná cuir tús le turas

fada má tá tuirse nó codladh ort. Faigh oíche mhaith

chodalta sula dtosaíonn tú ar thuras fada

• seachain turais fhada a dhéanamh idir meán oíche

agus 6am, nuair is iondúil nach mbíonn daoine chomh

hairdeallach sin

28 �
92

93

94

95

Rialacha dothiománaitheagusdoghluaisrothaithe

• pleanáil do thuras le go mbeidh tú ábalta neart sosanna a

ghlacadh. Moltar gur chóir sos de 15 nóiméad ar a laghad

a ghlacadh i ndiaidh gach dhá uair an chloig tiomána

• má bhíonn codladh ort stop in áit shábháilte. Ná stop ar an

ghualainn chrua de mhótarbhealach

• �le dul i ngleic le fonn codalta thiocfadh leat dhá chupán

caife le caiféin a ól agus néal gairid a chodladh (suas le 15

nóiméad).

Amharc. NÍ MÓR duit bheith ábalta cláruimhir feithicle

a léamh, le solas geal an lae, ó fhad 20 méadar (nó 20.5

méadar, áit a bhfuil seanstíl an uimhirchláir in úsáid). Más

gá duit spéaclaí (nó lionsaí tadhaill) a chaitheamh leis seo

a dhéanamh NÍ MÓR duit iad a chaitheamh an t-am ar fad

agus tú ag tiomáint. Tá de chumhacht ag na póilíní ceanglas

a chur ar thiománaí tástáil súl a dhéanamh.

Dlíthe RTO 1981 Airteagal 154, MV(DL)R rialachán 29 & sceideal 7 &

MVDL(A)R

Moilligh agus stop más gá má tá solas geal na gréine do do

dhalladh.

San oíche nó nuair a bhíonn drochsholas ann, ná húsáid

spéaclaí, lionsaí nó scáthláin imire má chuireann siad isteach

ar radharc na súl.

Alcól agus drugaí

Ná tiomáin faoi thionchar an óil mar go gcuireann sé

isteach go mór ar d’ábaltacht le breithiúnas a dhéanamh agus

ar do chumais. NÍ MÓR duit GAN tiomáint le leibhéal alcóil

san anáil atá níos airde ná 35 micreagram/100 millilítear d’anáil

nó leibhéal alcóil san fhuil níos mó ná 80 milleagram/100

millilítear fola. Déanann alcól na nithe seo a leanas:

• tugann sé leibhéal bréagach muiníne duit

• �laghdaíonn sé comhord agus moillíonn sé

frithghníomhuithe

• cuireann sé isteach ar do chumas luas, fad agus riosca a

mheas

• �laghdaíonn sé do chumas tiomána, fiú má tá tú faoin

teorainn dhleathach

• glacann sé am imeacht ó do cholainn; b’fhéidir nach

mbeifeá in ann tiomáint sa tráthnóna i ndiaidh duit bheith

ag ól ag am lóin, nó ar maidin i ndiaidh duit bheith ag ól an

oíche roimh ré.

29 �
96

97

Riail 97

Cinntigh go

bhfuil

ceannbhaic

curtha in

oiriúint mar

is ceart

Is é an réiteach is fearr gan alcól a ól ar chor ar bith agus

tú ag tiomáint, mar go dtig le haon mhéid alcóil cur isteach

ar do chumas tiomána. Má tá sé ar intinn agat bheith ag ól,

socraigh modh iompair eile.

Dlí RTO 1995 Airteagail 13, 15 & 16

NÍ MÓR duit GAN tiomáint faoi thionchar drugaí nó leighis.

Seiceáil na treoracha nó cuir ceist ar do dhochtúir nó

ar do phoitigéir. Tá sé thar a bheith contúirteach drugaí

mídhleathacha a úsáid. Ná glac iad má tá sé ar intinn agat

tiomáint; ní féidir na hiarmhairtí a thuar ach is féidir leo

bheith níos tromchúisí ná alcól fiú agus d’fhéadfadh timpistí

marfacha nó uafásacha bheith mar thoradh orthu.

Dlí RTO 1995 Airteagal 15

Sula n-imíonn tú. Ba chóir duit a chinntiú:

• gur phleanáil tú do bhealach agus go bhfuil tú ag tabhairt

go leor ama duit féin nach gcuirfidh éadaí agus coisbheart

isteach ort na rialtáin tiomána a úsáid ar an dóigh cheart

• go bhfuil a fhios agat an áit a bhfuil na rialtáin tiomána ar

fad agus an dóigh le hiad a úsáid sula mbeidh siad de

dhíth ort. Níl gach feithicil mar an gcéanna; ná fan go dtí

go mbeidh sé rómhall le fáil amach

• go bhfuil do scátháin agus do shuíochán curtha in oiriúint

lena chinntiú go mbeidh tú compordach, go mbeidh

lánsmacht agat ar na rialtáin tiomána agus nach mbeidh

rud ar bith ag cur isteach ar radharc na súl

• go bhfuil ceannbhaic curtha in oiriúint mar is ceart leis

an riosca a laghdú go ngortóidh tú do mhuineál nó do

dhromlach i gcás timpiste

30 �
98

99

Rialacha dothiománaitheagusdoghluaisrothaithe

• go bhfuil go leor artola agat sula dtosóidh tú ar do

thuras, go háirithe i gcás go mbeidh tú ag tiomáint ar

mhótarbhealach. Tig leis bheith contúirteach cumhacht a

chailleadh agus tú ag tiomáint

• go bhfuil d’fheithicil dleathach agus ródacmhainneach

• go bhfuil d'fhón póca curtha as.

Ag tarraingt agus ag lódáil feithiclí. Mar thiománaí

• �NÍ MÓR duit GAN níos mó a tharraingt ná mar atá

ceadaithe ag do cheadúnas. Má phasáil tú triail tiomána i

ndiaidh 1 Eanáir 1997 tá tú srianta i dtaca le meáchan an

leantóra is a thig leat a tharraingt

• �NÍ MÓR duit GAN d’fheithicil nó do leantóir a rólódáil. Níor

chóir duit meáchan a tharraingt má tá sé níos troime ná an

méid a mholann déantóirí d'fheithicle

• �NÍ MÓR duit do lód a dhaingniú agus NÍ MÓR don lód

GAN gobadh amach go contúirteach. Cinntigh go bhfuil

aon ábhar trom nó géar agus aon ainmhí feistithe go maith.

Má bhíonn timpiste ann, d’fhéadfadh siad duine éigin

laistigh den fheithicil a bhualadh agus é/í a ghortú go dona

• ba chóir duit an meáchan a roinnt i do charbhán nó

leantóir, na hábhair throma thar an acastóir/na hacastóirí

den chuid is mó agus cinntigh go bhfuil lód anuas ar an

bharra tarraingthe. Níor chóir dul thar an lód a mholann

déantóirí na feithicle don bharra tarraingthe. Ba chóir dó

sin cuidiú leis gan fiaradh nó lúbadh agus dul as smacht.

Má tharlaíonn sé sin, cuir níos lú brú ar an luasaire agus

laghdaigh an luas go réidh leis an smacht a fháil ar ais

• má tá tú ag iompar lóid nó ag tarraingt leantóra, b’fhéidir go

mbeadh ort na ceannsoilse a chur in oiriúint.

I gcás go gcliseann d'fheithicil, bíodh a fhios agat go dtig leis

bheith contúirteach feithicil a tharraingt le téad. Ba chóir duit

smaoineamh ar lucht tarrthála ghairimiúil a úsáid.

Dlíthe CUR rialachán 115 & MV(DL)R rialachán 32

Criosanna sábhála agus srianta leanaí

NÍ MÓR duit crios sábhála a chaitheamh i gcarranna,

i veaineanna agus i bhfeithiclí earraí eile má tá a leithéid ar

fáil (féach an tábla thíos). NÍ MÓR do dhaoine fásta agus

do pháistí 14 bliana d’aois agus thairis crios sábhála a úsáid

má tá a leithéid ar fáil, agus iad ina suí i mionbhusanna, i

mbusanna agus i gcóistí. Ceadaítear díolúintí do dhaoine

a bhfuil teastas díolúine leighis acu agus iad siúd atá ag

31 �
100

seachadadh agus ag bailiú earraí i bhfeithiclí earraí agus iad

ag taisteal níos lú ná 50 méadar (tuairim is 162 troigh).

Dlíthe RTO 1995 Airteagail 23 & 24, RTO 2007 Airteagal 26, MV (WSB)

R & MV(WSBCFS)R & MV(WSB)(A)R

Riachtanais criosanna sábhála. Tugann an tábla seo

achoimre ar na príomhcheanglais dhlíthiúla a bhaineann le

criosanna sábhála a chaitheamh i gcarranna, i veaineanna

agus i bhfeithiclí earraí eile.

Tiománaí

Páiste faoi

bhonn 3

bliana d’aois

Páiste óna

3ú breithlá

suas go dtí

1.35 méadar.

(tuairim is 4

throigh

5 orlach) in

airde (nó 12ú

breithlá, cé

acu ceann a

bhainfidh siad

amach

ar dtús)

Páiste thar

1.35 méadar.

in airde nó 12

nó 13 bliana

d’aois

Duine fásta

paisinéirí thar

14 bliana

d’aois agus

thairis

Suíochán

tosaigh

NÍ MÓR an

crios sábhála

a chaitheamh

má tá a

leithéid ar fáil

NÍ MÓR

an srian

sábháilteachta

páiste ceart a

úsáid

NÍ MÓR

an srian

sábháilteachta

páiste ceart a

úsáid

NÍ MÓR crios

sábhála a

chaitheamh

má tá a

leithéid ar fáil

NÍ MÓR crios

sábhála a

chaitheamh

má tá a

leithéid ar fáil

Suíochán cúil

NÍ MÓR an srian

sábháilteachta páiste ceart

a úsáid. Mura bhfuil ceann

ar fáil i dtacsaí tig leis an

pháiste taisteal gan bheith

srianta

NÍ MÓR an srian

sábháilteachta páiste

ceart a úsáid má tá

criosanna sábhála ar fáil.

NÍ MÓR crios sábhála

do dhaoine fásta a úsáid

mura bhfuil srian leanaí ar

fáil i dtacsaí nó i bhfeithicil

phríobháideach atá le fáil

ar cíos nó i gcás go bhfuil

gá leis nach rabhthas ag

súil leis le linn turas gairid,

nó i gcás go gcuireann dhá

shrian atá in úsáid isteach

ar an tríú ceann a úsáid

NÍ MÓR crios sábhála a

chaitheamh má tá a leithéid

ar fáil

NÍ MÓR crios sábhála a

chaitheamh má tá a leithéid

ar fáil

Cé atá

freagrach?

Tiománaí

Tiománaí

Tiománaí

Tiománaí

Paisinéir

NÍ MÓR don tiománaí a chinntiú go gcaitheann gach

páiste thar 14 bliana d’aois i gcarranna, i veaineanna agus i

bhfeithiclí earraí eile criosanna sábhála nó suí i srian leanaí

ceadaithe de réir mar is gá (féach tábla thuas). Má tá páiste

faoi 1.35 méadar (tuairim is 4 throigh 5 orlach) in airde, NÍ

32 �
101

102

Rialacha dothiománaitheagusdoghluaisrothaithe

MÓR suíochán linbh, suíochán páiste, suíochán treisithe nó

cúisín treisithe atá fóirsteanach do mheáchan an pháiste a

úsáid agus é feistithe de réir threoracha na ndéantóirí.

Dlíthe RTO 1995 Airteagail 23 & 24, MV(WSB) R & MV(WSBCFS)R &

MV(WSB)(A)R

Riail 100

Cinntigh go

n -úsáideann

leanbh

srian cuí

atá curtha

in oiriúint i

gceart

NÍ MÓR GAN suíochán linbh aghaidh ar chúl a fheistiú

isteach i suíochán atá cosanta ag mála aeir tosaigh, mar gur

féidir páiste a ghortú go dona nó a mharú mar gheall air i

gcás timpiste.

Dlíthe RTO 1995 Airteagail 23 & 24, MV(WSB)R & MV(WSBCFS)R &

MV(WSB)(A)R

Páistí i gcarranna, i veaineanna agus i bhfeithiclí

earraí eile. Ba chóir do thiománaithe atá ag iompar páistí i

gcarranna, i veaineanna agus i bhfeithiclí earraí eile a chinntiú

fosta

• gur chóir do pháistí dul isteach san fheithicil ar an doras is

cóngaraí don cholbha

• go bhfuil srianta páistí feistithe i gceart de réir threoracha

na ndéantóirí

• nach suíonn páistí ar chúl na suíochán cúil i gcarr fada

nó i gcarr cúlhaiste, ach amháin má tá suíochán páiste

speisialta feistithe

• go n-úsáidtear na glais sábháilteachta páistí, má tá siad ar

fáil, nuair a bhíonn páistí san fheithicil

• go gcoinnítear páistí faoi smacht.

33 �
103

104

Rialacha, teicnící agus

comhairle ghinearálta do gach

tiománaí, gluaisrothaí, rothaí

agus marcach

Ba chóir do gach tiománaí, gluaisrothaí, rothaí agus

marcach an t-alt seo a léamh. Ní thugann na rialacha

i gCóras na Slánródaíochta ceart slí duit i gcúinsí ar

bith, ach tugann siad comhairle duit maidir le cá huair

ba chóir duit slí a ghéilleadh do dhaoine eile. Géill slí i

gcónaí más cuidiú é le timpiste a sheachaint.

Comharthaí

Tugann comharthaí rabhadh d’úsáideoirí eile bóithre, coisithe

san áireamh (féach leathanach 103) agus insíonn siad dóibh

faoi na bearta atá ar intinn agat. Ba chóir duit na nithe seo a

leanas a dhéanamh i gcónaí

• comharthaí soiléire a thabhairt in am, agus a chinntiú nach

bhfuil sé míthreorach comhartha a thabhairt ag an am sin

• comharthaí a úsáid le tabhairt le fios d’úsáideoirí eile

bóithre sula mbogann tú ar aghaidh, sula n-athraíonn tú an

bealach nó an treo nó sula stopann tú

• na comharthaí a chur as i ndiaidh duit iad a úsáid

• a chinntiú nach gcuireann do chomharthaí mearbhall

ar dhaoine eile. Mar shampla, más mian leat stopadh i

ndiaidh taobh-bhóthair, ná tabhair comhartha go dtí go

mbeidh tú ag dul thar an bhóthar sin. Má dhéanann tú

comhartha níos luaithe ná sin d’fhéadfadh sé a thabhairt

le fios go bhfuil sé ar intinn agat casadh isteach sa bhóthar

sin. Tabharfaidh do shoilse coscáin rabhadh do thrácht i

do dhiaidh go bhfuil tú ag moilliú

• comhartha láimhe a úsáid le béim a chur ar do

chomhartha nó le hé a threisiú más gá. Cuimhnigh nach

dtugann comharthaí tosaíocht duit.

Lena chois sin, ba chóir duit:

• comharthaí atá á dtabhairt ag úsáideoirí bóithre eile a

choimhéad agus gan dul ar aghaidh go dtí go mbíonn tú

sásta go bhfuil sé sábháilte

34 �
Rialacha, teicnícíaguscomhairleghinearáltadogachtiománaí,gluaisrothaí,rothaíagusmarcach

105

106

107

108

• bheith faicheallach mar go bhféadfaí nár cuireadh táscaire

ar fheithicil eile as.

NÍ MÓR duit géilleadh do na comharthaí a thugann póilíní

agus Oifigigh de chuid na Gníomhaireachta Tiománaithe

agus Feithiclí (féach leathanaigh 104-105) agus comharthaí a

úsáideann patróil trasnaithe scoile.

Dlíthe RTRO Airteagal 60, RTO 1995 Airteagail 49, 75 & 76 & RTO 1981

Airteagail 180 agus 180A

Modhanna a úsáideann póilíní le feithiclí a stopadh.

Más mian le póilíní i bhfeithicil d’fheithicil a stopadh déanfaidh

siad iarracht, i ngach cás inar féidir é, d’aird a tharraingt tríd

na modhanna seo a úsáid

• soilse gorma nó ceannsoilse a splancadh nó a mbonnán a

úsáid; beidh siad ar chúl d'fheithicle de ghnáth

• tú a threorú le druidim i leataobh trí thaispeáint agus/nó

tríd an treotháscaire clé a úsáid.

NÍ MÓR duit druidim i leataobh ansin agus stopadh a luaithe

agus a bheidh sé sábháilte a dhéanamh. Cuir as d’inneall ina

dhiaidh sin.

Dlí RTO 1981 Airteagal 180

Modhanna eile le feithiclí a stopadh

Tá cumhachtaí ag Oifigigh de chuid na Gníomhaireachta

Tiománaithe agus Feithiclí feithiclí a stopadh ar gach bóthar,

mótarbhealaí san áireamh. Tarraingeoidh siad d’aird trí

shoilse ómra a splancadh

• ón taobh tosaigh ag iarraidh ortsa iad a leanúint chuig áit

shábháilte le stopadh

• ó chúl d’fheithicle, do do threorú le druidim i leataobh trí

thaispeáint agus/nó ag úsáid an treotháscaire chlé.

Is cion coiriúil atá ann mura gcloíonn tú lena dtreoracha. NÍ

MÓR duit géilleadh do chomharthaí ar bith a thugtar (féach

leathanach 105).

Dlí RTO 1981 Airteagal 180A

Tá cumhachtaí ag Oifigigh Thráchta na Gníomhaireachta

Mórbhealaí feithiclí a stopadh ar fhormhór na mótarbhealaí

agus roinnt bóithre grád 'A' i Sasana amháin. Má tá oifigigh

thráchta an HA, agus éide orthu, ag iarraidh ort d'fheithicil

a stopadh ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta (m.sh. lód

neamhdhaingean) tarraingeoidh siad d'aird, i ngach cás inar

féidir é, trí

35 �
109

110

111

112

• shoilse ómra a splancadh; beidh siad ag tiomáint ar do

chúl de ghnáth

• thú a threorú le druidim i leataobh trí chomharthaí láimhe a

dhéanamh agus/nó ag úsáid an treotháscaire chlé.

NÍ MÓR duit druidim i leataobh ansin agus stopadh a luaithe

agus a bheidh sé sábháilte a dhéanamh. Cuir as d’inneall ina

dhiaidh sin. Is cion coiriúil atá ann gan cloí lena dtreoracha.

Dlí RTA 1988, ailt 35 & 163 arna leasú le TMA 2004, alt 6

Solaschomharthaí tráchta agus comharthaí tráchta.

NÍ MÓR duit géilleadh do gach solaschomhartha tráchta

(féach leathanach 102) agus comhartha tráchta a thugann

orduithe, lena n-áirítear comharthaí agus fógraí sealadacha

(féach leathanaigh 106-111). Cinntigh go bhfuil a fhios agat,

go dtuigeann tú agus go ngéilleann tú do gach comhartha

tráchta agus eolais agus na marcanna bóthair ar fad (féach

leathanaigh 106-117)

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50 & TSR rialacháin 8, 13, 14, 24, 25, 25A,

25B, 26 & 33

Ceannsoilse a splancadh. Ná splanc do cheannsoilse ach

amháin le tabhairt le fios d’úsáideoirí eile bóithre go bhfuil tú

ansin. Ná splanc do cheannsoilse le haon teachtaireacht eile

a chur in iúl nó le himeagla a chur ar úsáideoirí bóithre eile

Ná glac leis choíche gurb ionann ceannsoilse ag splancadh

agus comhartha ag iarraidh ort leanúint ar aghaidh. Úsáid do

bhreithiúnas féin agus téigh ar aghaidh go cúramach.

An bonnán. Ná húsáid do bhonnán ach amháin nuair a

bhíonn d'fheithicil ag bogadh agus caithfidh tú rabhadh

a thabhairt d'úsáideoirí eile go bhfuil tú ansin. Ná séid do

bhonnán go hionsaitheach. NÍ MÓR duit GAN do bhonnán

a úsáid sna cásanna seo a leanas

• nuair nach bhfuil tú ag bogadh ar an bhóthar

• agus tú ag tiomáint i limistéar faoi fhoirgnimh idir 11.30 pm

agus 7.00 am

ach amháin i gcás go bhfuil úsáideoir bóithre eile i

gcontúirt.

Dlí CUR rialachán 114

36 �
Rialacha, teicnícíaguscomhairleghinearáltadogachtiománaí,gluaisrothaí,rothaíagusmarcach

Riachtanais soilsithe

NÍ MÓR duit

113 • a chinntiú go bhfuil gach taobhsholas agus solas pláta

clárúcháin chúil soilsithe idir luí na gréine agus éirí na

gréine

• ceannsoilse a úsáid san oíche

• ceannsoilse a úsáid nuair a éiríonn sé deacair nithe a

fheiceáil (féach Riail 226).

Sainmhínítear an oíche (uaireanta dorchadais) mar an

tréimhse idir leathuair i ndiaidh luí na gréine agus leathuair

roimh éirí na gréine.

Dlíthe RVLR rialacháin 2, 27 & 28 & RV(DRM)R rialachán 9

NÍ MÓR duit GAN

114 • aon soilse a úsáid ar bhealach a dhallódh nó a chuirfeadh

isteach ar úsáideoirí bóithre eile, coisithe, rothaithe agus

marcaigh san áireamh.

• soilse ceo tosaigh nó cúil a úsáid ach amháin i gcás go

bhfuil sé thar a bheith deacair aon ní a fheiceáil. NÍ MÓR

duit iad a chur as nuair a éireoidh sé níos fusa nithe a

fheiceáil ionas nach ndallfar úsáideoirí bóithre eile (féach

Riail 226).

I scuainí tráchta atá ina stad, ba chóir do thiománaithe an

coscán láimhe a úsáid agus, a luaithe agus a bheidh an

trácht i do dhiaidh stoptha, a gcos a bhaint den choscán

coise le soilse coscáin na feithicle a chur as. Laghdóidh

sé sin an dalladh d'úsáideoirí bóithre ar do chúl go dtí go

mbogfaidh an trácht arís.

Dlí RVLR rialachán 30

Lena chois sin, ba chóir duit

115 • ceannsoilse maolaithe a úsáid má bhíonn sé modartha le

linn an lae, lena chinntiú gur féidir tú a fheiceáil

• do cheannsoilse a choinneáil maolaithe nuair a bhíonn tú

ag scoitheadh go dtí go mbeidh tú ar comhleibhéal leis

an fheithicil eile agus ansin athrú go dtí príomhbhíoma

más gá, ach amháin i gcás go ndallfadh sé sin úsáideoirí

bóithre i d'aghaidh

37 �
116

117

118

119

• moilliú agus stopadh más gá má tá ceannsoilse i d’aghaidh

do do dhalladh.

Dlí RVLR rialachán 30

Soilse guaise. Is féidir iad a úsáid nuair a bhíonn d’fheithicil

ina stad, le rabhadh a thabhairt go bhfuil sí ag cur bac leis

an trácht go sealadach. Ná húsáid iad mar leithscéal le

páirceáil go contúirteach nó go neamhdhleathach. NÍ MÓR

duit GAN soilse guaise a úsáid agus tú ag tiomáint nó má

bhíonn d’fheithicil á tarraingt ach amháin i gcás go bhfuil tú

ar mhótarbhealach nó ar dhébhealach neamhshrianta agus

caithfidh tú rabhadh a thabhairt do thiománaithe ar do chúl

go bhfuil contúirt nó bac rompu. Ná húsáid iad níos mó

ná mar is gá lena chinntiú go bhfuiltear ar an eolas faoi do

rabhadh.

Dlí RVLR rialachán 30

Smacht ar an fheithicil

Coscánú

De ghnáth. Is é an dóigh is sábháilte le coscánú, é a

dhéanamh go luath agus go héadrom. Coisc níos daingne

de réir mar a thosaíonn tú ag stopadh. Laghdaigh an

brú de réir mar a stopann an fheithicil le stad preabach a

sheachaint.

I gcás éigeandála. Coisc láithreach bonn. Déan iarracht

gan coscánú chomh géar sin go nglasann tú do rothaí. Is

féidir smacht a chailleadh ar fheithicil má bhíonn na rothaí

faoi ghlas.

Sciorrthaí. Sciorrann feithicil de ghnáth mar go bhfuil an

tiománaí i ndiaidh cosc, luasghéarú nó stiúradh róghéar

nó tiomáint róghasta i dtaca le staid an bhóthair de. Má

sciorrann d’fheithicil, cealaigh an chúis tríd an choscán a

scaoileadh go hiomlán nó trí níos lú brú a chur ar an luasaire.

Tiontaigh an roth stiúrtha i dtreo an sciorrtha. Mar shampla,

má sciorrann cúl na feithicle ar dheis, stiúir go taobh na

láimhe deise láithreach bonn le teacht amach as.

38 �
Rialacha, teicnícíaguscomhairleghinearáltadogachtiománaí,gluaisrothaí,rothaíagusmarcach

120

121

122

Riail 119

Sciorrann

cúl an

chairr

faoi dheis.

Stiúrann an

tiománaí

faoi dheis

ABS. Má tá córas coscánaithe frithghlasála ag d’fheithicil, ba

chóir duit glacadh leis an chomhairle a thugtar i lámhleabhar

na feithicle. Mar sin féin, i gcás éigeandála, úsáid an coscán

go daingean; ná laghdaigh an brú go dtí go mbeidh an

fheithicil moillithe go dtí an luas inmhianaithe. Ba chóir don

ABS a chinntiú go gcoinneofar smacht ar an stiúradh, ach ná

déan talamh slán de go stopfaidh feithicil a bhfuil ABS aici i

bhfad níos gasta.

Coscáin faoi thionchar uisce. I gcás gur thiomáin tú trí

uisce domhain, b’fhéidir nach mbeadh do choscáin chomh

héifeachtach céanna. Bain triail astu a luaithe agus a bheidh

sé sábháilte a dhéanamh trí bhrú ar an choscán lena chinntiú

go n-oibríonn siad. Mura bhfuil siad lán-éifeachtach, cuir brú

éadrom ar an choscán agus tú ag tiomáint go mall. Cuidíonn

sé sin le hiad a thriomú.

Dul le fána i bhfeithicil. Ciallaíonn an téarma seo

feithicil atá ag taisteal sa ghiar neodrach nó leis an chrág

brúite síos. Is féidir leis smacht an tiománaí a laghdú de

bharr

• go bhfágtar coscánú innill as an áireamh

• go méadaíonn luas na feithicle agus í ag dul le fána go

gasta

• go dtig le húsáid mhéadaithe an choscáin a éifeachtacht

a laghdú

• go gcuirtear isteach ar fhreagairt stiúrtha, go háirithe ar

chora agus ar chúinní

• go bhféadfaí gur dheacra an giar cuí a roghnú nuair is gá.

Is lú an seans fosta go gcluinfidh úsaideoirí bóithre eile an

fheithicil.

39 �
123

An Tiománaí agus an Timpeallacht. NÍ MÓR duit GAN

feithicil pháirceáilte a fhágáil gan duine ina bun leis an inneall ar

obair nó inneall feithicle a fhágáil ar obair go neamhriachtanach

fad is go bhfuil an fheithicil stoptha ar bhóthar poiblí. De

ghnáth, má tá an fheithicil stoptha agus tá gach seans ann go

bhfanfaidh sí mar sin ar feadh níos mó ná cúpla nóiméad, ba

chóir duit an coscán láimhe a úsáid agus an t-inneall a chur

as le hastuithe agus truailliú torainn a laghdú. Mar sin féin, is

ceadmhach an t-inneall a fhágáil ar obair má tá an fheithicil

stoptha i dtrácht nó le lochtanna a dhiagnóisiú.

Dlí CUR rialacháin 113 & 123

Teorainneacha Luais

Cineál feithicle

Carranna agus gluaisrothair (lena

náirítear veaineanna carrdhíorthacha

suas go dtí 2 thona de mheáchan

ualaithe uasta)

Carranna ag tarraingt carbhán nó

leantóirí (lena náirítear veaineanna

carrdhíorthacha agus gluaisrothair)

Busanna, cóistí agus mionbhusanna

(nach faide ná 12 mhéadar d’fhad

iomlán)

Feithiclí earraí (nach bhfuil níos mó

ná 7.5 tona de mheáchan ualaithe

uasta acu)

Feithiclí earraí (atá níos troime ná 7.5

tona de mheáchan ualaithe uasta)

Ceantair

faoi

fhoirgnimh*

mph

(km/h)

30

(48)

30

(48)

30

(48)

30

(48)

30

(48)

Carrbhealaí Débhealaí Mótarbhealaí

mph

(km/h)

60

(96)

50

(80)

50

(80)

50

(80)

40

(64)

mph

(km/h)

70

(112)

60

(96)

60

(96)

60

(96)

50

(80)

mph

(km/h)

70

(112)

60

(96)

70

(112)

70

(112)

60

(96)

*Baineann an teorainn luais 30 mph le gach trácht ar an bhóthar a bhfuil soilsiú sráide air de ghnáth ach

amháin má thaispeántar a mhalairt

† 60 mph (96 km/h) i gcás feithiclí altacha nó feithiclí atá ag tarraingt leantóra.

40 �
Rialacha, teicnícíaguscomhairleghinearáltadogachtiománaí,gluaisrothaí,rothaíagusmarcach

124

125

126

Teorainneacha Luais

NÍ MÓR duit GAN na huasteorainneacha luais don bhóthar

agus do d’fheithicil a shárú (féach an tábla ar leathanach

40). Má bhíonn soilsiú sráide ann, de ghnáth ciallaíonn sé go

bhfuil teorainn luais 30 mph (48 km/h) ann mura sonraítear a

mhalairt.

Dlíthe RTRO Airteagail 36, 39 & 43 & MV(SL)R

Is é an teorainn luais an t-uasmhéid agus ní chiallaíonn sé

go bhfuil sé sábháilte tiomáint ag an luas sin beag beann

ar staid an bhóthair. Má thiomáineann tú ag luasanna atá

róghasta don bhóthar agus do na coinníollacha tiomána,

tig leis bheith contúirteach. Ba chóir duit do luas a laghdú

i gcónaí sna cásanna seo a leanas:

• má bhíonn contúirtí ann de bharr leagan amach an

bhóthair nó staid an bhóthair ar nós corthaí

• má tá tú ag roinnt an bhóthair le coisithe, le rothaithe agus

le marcaigh go háirithe páistí agus gluaisrothaithe

• má tá sé níos sábháilte a dhéanamh de bharr staid na

haimsire

• má bhíonn tú ag tiomáint san oíche, de bharr go mbíonn

sé níos deacra úsáideoirí bóithre eile a fheiceáil.

Faid stoptha. Tiomáin ag luas a chuirfidh ar do chumas

stopadh giota maith laistigh den fhad a thig leat a fheiceáil

atá glan.

Ba chóir duit

• go leor spáis a fhágáil idir tú féin agus an fheithicil romhat

ionas go dtig leat stopadh go sábháilte má mhoillíonn

41 �

Riail 126

Úsáid

pointe

socraithe

le cuidiú

leat

bearna

dhá

shoicind a

thomhas
Gnáthfhaid Stoptha

20 mph

(32 km/h)

30 mph

(48 km/h)

40 mph

(64 km/h)

50 mph

(80 km/h)

60 mph

(96 km/h)

70 mph

(112 km/h)

6 m 6 m

9 m 14 m

= 12 mhéadar (40 troigh)

nó trí fhad cairr

12 m 24 m

= 23 méadar (75 troigh)

nó sé fhad cairr

15 m 38 m

= 36 méadar (118 troigh)

nó naoi bhfad cairr

18 m 55 m

21 m

an fheithicil nó má stopann sí go tobann. Is í an riail is

sábháilte gan bheith níos gaire ná an fad stoptha foriomlán

(féach léaráid na nGnáthfhad Stoptha thuas)

• tabhair bearna dhá shoicind ar a laghad idir tú féin agus

an fheithicil romhat ar bhóithre, ar a bhfuil trácht atá ag

bogadh go gasta, agus i dtolláin, áit ar deacra nithe a

mheas cheal solais. Ba chóir go mbeadh an bhearna

méadaithe faoi dhó ar a laghad ar bhóithre fliucha agus

méadaithe níos mó arís ar bhóithre oighreata.

• cuimhnigh go bhfuil fad níos mó de dhíth ar fheithiclí móra

agus ar ghluaisrothair le stopadh. Má tá tú ag tiomáint

feithicil mhór i dtollán, ba chóir duit bearna ceithre shoicind

a thabhairt idir tú féin agus an fheithicil romhat.

Más gá duit stopadh i dtollán, fág bearna 5 mhéadar ar a

laghad idir tú féin agus an fheithicil romhat.

Cé na codanna de d’fheithicil

is gá a choinneáil

glan ó shneachta?

Féach riail 229

(leathanach 77)

42 �
Rialacha, teicnícíaguscomhairleghinearáltadogachtiománaí,gluaisrothaí,rothaíagusmarcach

= 53 méadar (175 troigh)

nó trí fhad cairr déag

75 m

127

128

129

Is treoir ghinearálta iad na faid a thaispeántar. Beidh an fad ag

brath ar d’aird (fad smaointeoireachta), dromchla an bhóthair, staid

na haimsire agus staid d’fheithicle ag an am.

Fad Smaointeoireachta Fad Coscánaithe

= 73 méadar (240 troigh)

nó ocht bhfad cairr déag

Gnáthfhad cairr = 4 mhéadar (13 throigh)

= 96 méadar (315 troigh)

nó ceithre fhad cairr is fiche

Línte agus marcóirí lánaí ar an

bhóthar

Taispeántar léaráidí de na línte ar fad ar leathanach 114.

Líne bhán bhriste. Marcálann sí lár an bhóthair. Nuair a

éiríonn an líne seo níos faide agus éiríonn na bearnaí níos

gairide, ciallaíonn sé go bhfuil contúirt romhat. Ná trasnaigh

an líne mura bhfeiceann tú go bhfuil an bóthar glan agus is

mian leat scoitheadh nó an bóthar sin a fhágáil.

Línte bána dúbailte agus tá an líne is cóngaraí duit

briste. Ciallaíonn sé sin go dtig leat dul trasna na línte le

scoitheadh má tá sé sábháilte, fad is go dtig leat an ionramháil

a chríochnú sula mbíonn line bhán gan bhearnaí le feiceáil ar

do thaobh arís. Léiríonn saigheada treo bána ar an bhóthar go

gcaithfidh tú dul ar ais ar do thaobh féin den bhóthar.

Línte bána dúbailte agus tá an líne is cóngaraí duit

iomlán bán. Ciallaíonn sé sin NACH MÓR duit GAN dul

trasna na líne sin nó cos-scaradh a dhéanamh uirthi mura

bhfuil sé sábháilte agus caithfidh tú dul isteach in áitreabh

tadhlach nó taobh-bhóthar. Tig leat an líne a thrasnú más

gá, fad is go bhfuil an bóthar glan, le feithicil atá ina stad a

scoitheadh, nó le rothar cos, capall nó feithicil cothabhála

bóithre a scoitheadh, má tá siad ag taisteal ar luas 10 mph

(16 km/h) nó níos moille.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50 & TSR rialachán 25

43 �
130

131

Riail 132

Marcálann

stodaí

frith -

chaiteacha

bóthair lánaí

agus imill an

charr -

bhealaigh

132

Limistéir de stríoca bána trasnánacha nó rachtáin

atá péinteáilte ar an bhóthar. Tá siad ann le lánaí tráchta a

scaradh nó le cosaint a thabhairt do thrácht atá ag casadh

ar dheis.

• Má tá líne bhán bhriste thart ar an limistéar, níor chóir duit

dul isteach sa limistéar ach amháin má tá gá leis agus is

feidir leat a fheiceáil go bhfuil sé sábháilte a dhéanamh

• Má tá an limistéar marcáilte le rachtáin agus tá línte atá

iomlán bán thart air, NÍ MÓR duit GAN dul isteach ann,

ach amháin i gcás éigeandála

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50, TSR rialachán 8

Roinnteoirí lánaí. Is línte gairide bána iad seo a úsáidtear ar

charrbhealaí leathana le hiad a roinnt ina lánaí. Ba chóir duit

coinneáil eatarthu.

Is féidir stodaí frithchaiteacha bóthair bheith in úsáid le línte

bána

• Marcálann stodaí bána na lánaí nó lár an bhóthair

• Marcálann stodaí dearga imeall clé an bhóthair

• Marcálann stodaí ómracha lárthearmann débhealaigh nó

mótarbhealaigh

• Marcálann stodaí glasa imeall an phríomh-charrbhealaigh

ag leataobhanna agus ag sliosbhóithre

• Léiríonn stodaí glasa/buí go bhfuil coigeartuithe

sealadacha ann ar leagan amach lánaí m.sh. áit a bhfuil

oibreacha bóthair ar siúl.

44 �
Rialacha, teicnícíaguscomhairleghinearáltadogachtiománaí,gluaisrothaí,rothaíagusmarcach

133

134

135

136

137

Carrbhealaí il-lána

Smacht i lána

I gcás go gcaithfidh tú lána a athrú, úsáid do scátháin ar dtús

agus, más gá, tabhair spléachadh gasta thar do ghualainn

lena chinntiú nach gcuirfidh tú iallach ar úsáideoir bóithre

eile cúrsa nó luas a athrú. Nuair a bheidh sé sábháilte a

dhéanamh, déan comhartha le tabhairt le fios d’úsáideoirí

eile bóithre cad é atá ar intinn agat a dhéanamh agus nuair a

bheidh sé glan, bog go dtí an lána eile.

Ba chóir duit na comharthaí agus na marcanna bóthair a

leanúint agus dul isteach sa lána de réir mar a threoraítear.

I gcás go bhfuil an bóthar plódaithe le trácht ná hathraigh

lánaí gan chúis. Moltar nár chóir coinbhéirsiú ach amháin

i gcás go bhfuil sé sábháilte agus iomchuí nuair a bhíonn

feithiclí ag taisteal ar luas an-íseal, m.sh. agus iad ag druidim

le hoibreacha bóthair nó le teagmhas tráchta. Ní mholtar é a

dhéanamh ar ardluas.

Carrbhealach singil

I gcás go bhfuil trí lána ag carrbhealach singil agus ní

thugann na marcanna bóthair nó comharthaí tosaíocht do

thrácht i gceachtar treo

• úsáid an lána láir amháin le scoitheadh nó le casadh ar

dheis. Cuimhnigh, níl níos mó de cheart agatsa an lána láir

a úsáid ná tiománaí atá ag teacht i malairt treo

• ná húsáid an lána deas.

I gcás go bhfuil ceithre lána nó níos mó ag carrbhealach

singil, ná húsáid ach na lánaí atá léirithe ag comharthaí nó

marcanna.

Débhealaí

Is éard is débhealach ann bóthar a bhfuil lárthearmann aige

leis na carrbhealaí a scoilteadh.

Agus tú ar dhébhealach dhá lána, ba chóir duit fanacht sa

lána clé. Úsáid an lána deas le scoitheadh nó le casadh ar

dheis. I ndiaidh duit scoitheadh, bog ar ais go dtí an lána clé

nuair a bheidh sé sábháilte a dhéanamh.

45 �
138

139

140

141

142

Agus tú ar dhébhealach trí lána, tig leat an lána láir nó an

lána deas a úsáid le scoitheadh ach dul ar ais go dtí an lár

agus ansin go dtí an lána clé nuair a bheidh sé sábháilte.

Lánaí Malla. Tá na lánaí seo ar fáil ar roinnt cnoc. Úsáid

an lána seo má tá tú ag tiomáint feithicle atá ag bogadh

go mall nó má tá feithiclí ar do chúl ag iarraidh scoitheadh.

Coimhéad na comharthaí agus na marcanna a léiríonn go

bhfuil an lána ag teacht chun deiridh.

Lánaí rothar. Léiríonn marcanna agus comharthaí bóthair

iad. NÍ MÓR duit GAN tiomáint nó páirceáil i lána rothar atá

marcáilte ag líne atá iomlán bán le linn an ama ina mbíonn

cosc ar thrácht i bhfeidhm. Ná tiomáin ná páirceáil i lána

rothar atá marcáilte ag line bhán bhriste ach amháin i gcás

go bhfuil sé dosheachanta. NÍ MÓR duit GAN páirceáil in

aon lána rothar fad is go bhfuil srianta feithimh i bhfeidhm.

Dlí RTRO Airteagal 4(5)

Lánaí bus. Léiríonn marcanna agus comharthaí bóthair

go bhfuil lánaí bus ann agus tugtar le fios cé acu (más ann

dóibh) feithiclí eile a cheadaítear an lána bus a úsáid, agus

amanna a mbíonn an lána i bhfeidhm. Mura sonraítear a

mhalairt, NÍ MÓR duit GAN tiomáint nó dul a mharcaíocht/

rothaíocht i lána bus le linn na tréimhse atá sé i bhfeidhm.

Dlí RTRO Airteagal 4(1, 2 & 3)

Lánaí d’fheithiclí ina mbíonn beirt ar a laghad ag

taisteal (An Bhreatain Mhór amháin) agus sainlánaí

feithiclí eile. B’fhéidir go mbeadh lanaí srianta le haghaidh

úsáid ag cineálacha áirithe feithiclí; d’fhéadfadh na srianta

sin bheith i bhfeidhm cuid den am nó an t-am ar fad. Beidh

na hamanna feidhmithe agus na cineálacha feithiclí léirithe ar

na comharthaí tráchta atá ina dteannta. NÍ MÓR duit GAN

tiomáint ina leithéid de lánaí le linn a n-amanna feidhmithe

ach amháin i gcás go léiríonn comharthaí go bhfuil cead agat

d’fheithicil a thiomáint iontu. (féach leathanach 112).

B’fhéidir go mbeadh cead ag na feithiclí seo a leanas

sainlánaí a úsáid: rothair, busanna, tacsaithe, feithiclí

ceadúnaithe le fáil ar cíos go príobháideach, gluaisrothair,

feithiclí earraí troma (HGVanna), agus feithiclí ina mbíonn beirt

ar a laghad ag taisteal (HOVanna).

46 �
Rialacha, teicnícíaguscomhairleghinearáltadogachtiománaí,gluaisrothaí,rothaíagusmarcach

143

144

145

I gcás go bhfuil lánaí HOV ann, NÍ MÓR do na feithiclí seo a

leanas amháin iad a úsáid:

• feithiclí ina bhfuil ar a laghad an íosmhéid daoine atá

curtha in iúl ar na comharthai tráchta

• aon fheithicil eile, ar nós busanna agus gluaisrothair, de

réir mar atá curtha in iúl ar chomharthaí sula dtosaíonn an

lána, beag beann ar líon na ndaoine ar bord.

Dlí RTRO Airteagal 4(5)

Sráideanna aontreo. NÍ MÓR do thrácht taisteal sa

treo atá curtha in iúl ag comharthaí. B’fhéidir go mbeadh

lána in aghaidh an tsrutha ag busanna agus/nó ag rothair.

Roghnaigh an lána ceart do do bhealach amach a luaithe

agus is féidir. Ná hathraigh lánaí go tobann. Mura gcuireann

comharthaí nó marcanna bóithre a mhalairt in iúl, ba chóir

duit:

• an lána clé a úsáid agus tú ag dul ar chlé

• an lána deas a úsáid agus tú ag dul ar dheis

• an lána is oiriúnaí a úsáid agus tú ag dul díreach ar

aghaidh.

Cuimhnigh go dtiocfadh leis an trácht bheith ag dul tharat ar

an dá thaobh.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50, RTRO Airteagail 4(5) & 5(9)

Comhairle ghinearálta

NÍ MÓR duit GAN

• tiomáint go contúirteach

• tiomáint gan an cúram agus an aire chuí a thabhairt i

gcónaí

• tiomáint gan aird chuí a thabhairt ar úsáideoirí bóithre eile.

Dlí RTO 1995 Airteagail 10 & 12

NÍ MÓR duit GAN tiomáint ar chosán nó thar chosán ach

amháin le rochtain dhleathach a fháil ar réadmhaoin, nó i

gcás éigeandála.

Dlí RTRO Airteagal 3

47 �
146

147

Tiomáin ar bhealach atá oiriúnach don chineál bóthair

agus do staid an bhóthair ar a bhfuil tú. Cuir na pointí seo a

leanas san áireamh go háirithe:

• ná bí ag glacadh le teorainneacha luais mar a bheadh sprioc

ann. Go minic ní bhíonn sé iomchuí nó sábháilte tiomáint ag

an uasteorainn luais

• cuir staid an bhóthair agus staid an tráchta san áireamh. Bí

réidh faoi choinne cúinsí nach raibh tú ag súil leo nó cúinsí

casta, mar shampla an bóthar bheith blocáilte ar an taobh

thall de choradh caoch. Bí réidh le do luas a laghdú mar

réamhchúram

• áit a bhfuil acomhail, bí réidh faoi choinne úsaideoirí bóithre

ag teacht amach

• �i gcás taobh-bhóthair agus lánaí tuaithe, coinnigh súil in

airde le hacomhail, áit nach bhfuil tosaíocht ag duine ar bith

• bí réidh le stopadh ag córais rialaithe tráchta, oibreacha

bóthair, trasrianta coisithe nó soilse tráchta de réir mar is gá

• déan iarracht a réamh-mheas cad é a dhéanfaidh rothaithe

nó coisithe. Má tá coisithe, go háirithe páistí, ag amharc an

bealach eile b’fhéidir go siúlfadh siad amach ar an bhóthar

gan tú a fheiceáil.

Bí tuisceanach. Bí cúramach agus tuisceanach d’úsáideoirí

eile bóithre, go háirithe iad siúd a bhfuil cúram breise de dhíth

orthu (féach Riail 204). Ba chóir duit

• �iarracht a dhéanamh bheith tuisceanach má tá úsáideoirí

bóithre eile freagrach as fadhbanna a chruthú; b’fhéidir nach

bhfuil mórán taithí acu nó b’fhéidir nach bhfuil siad eolach ar

an cheantar

• bheith foighneach; cuimhnigh gur féidir le duine ar bith botún

a dhéanamh

• gan ligean duit féin éirí tógtha nó bheith páirteach má tá

duine ag gabháil do mhí-iompraíocht ar an bhóthar. Ní

dhéanfaidh sé sin ach an scéal a chur in olcas. Tarraing

isteach i leataobh agus, nuair a mhothaíonn tú go bhfuil tú ar

do shuaimhneas, lean ar aghaidh le do thuras

• moilliú agus coinneáil siar i gcás go dtarraingíonn úsáideoir

bóithre isteach romhat ag acomhal. Lig dó/di imeacht. Ná

gabh thar fóir le do fhreagairt trí thiomáint róghar ar a gcúl le

himeagla a chur orthu.

• gan rud ar bith a chaitheamh amach as feithicil, mar

shampla, bunanna toitíní, cannaí, málaí páipéir nó málaí

siopadóireachta. Tig leis sin úsáideoirí bóithre eile a chur i

gcontúirt, go háirithe gluaisrothaithe agus rothaithe.

48 �
Rialacha, teicnícíaguscomhairleghinearáltadogachtiománaí,gluaisrothaí,rothaíagusmarcach

148

150

Caithfidh tú d’aird a dhíriú mar is ceart le tiomáint

agus le dul a mharcaíocht nó a rothaíocht go sábháilte.

Seachain rud ar bith a chuirfeadh isteach ort ar nós

• ceol ard (b’fhéidir go mbáithfeadh sé fuaimeanna eile)

• iarracht a dhéanamh léarscáileanna a léamh

• caiséad nó CD a chur isteach nó raidió a thiúnadh

• bheith ag argóint le do phaisinéirí nó le húsáideoirí bóithre

eile

• ag ithe agus ag ól

• ag caitheamh tobac

NÍ MÓR duit GAN tobac a chaitheamh i bhfeithiclí iompair

phoiblí nó i bhfeithiclí a úsáidtear le haghaidh oibre i gcúinsí

áirithe atá leagtha síos.

Dlí SO & SF(EVPDA)R rialachán 12(1)

Fóin phóca agus teicneolaíocht i bhfeithiclí

NÍ MÓR duit smacht iomlán a choinneáil ar d’fheithicil an

t-am ar fad. NÍ MÓR duit GAN fón póca nó gléas eile den

chineál chéanna a úsáid, agus tú ag tiomáint nó nuair a

bhíonn tú ag déanamh maoirseachta ar thiománaí faoi oiliúint,

ach amháin le scairt a chur ar 999 nó ar 112 i gcás éigeandála

nuair nach bhfuil sé sábháilte nó ní féidir stopadh. Ná húsáid

micreafón láimhe agus tú ag tiomáint. Má úsáideann tú

trealamh lámhshaor, is dócha go dtarraingeoidh sé d’aird ón

bhóthar. Is sábháilte i bhfad gan aon fhón a úsáid fad is go

bhfuil tú ag tiomáint nó ag marcaíocht/rothaíocht – faigh áit

shábháilte le stopadh ar dtús nó úsáid an glórphost agus éist

leis na teachtaireachtaí níos moille.

Dlíthe RTO 1995 Airteagail 10, 12 & 56A & CUR rialacháin 120 & 125A

Tá baol ann go dtarraingeoidh na córais seo a leanas i

bhfeithiclí aird an tiománaí: córais loingseoireacht satailíte,

córais rabhaidh plódaithe tráchta, ríomhairí pearsanta

(PCanna), ilmheáin, srl. NÍ MÓR duit smacht iomlán a

choinneáil ar d’fheithicil an t-am ar fad. Ná bí ag brath ar

chláir chúnaimh tiománaithe ar nós luasrialú nó córais

rabhaidh fágála lána. Tá siad ar fáil le cuidiú leat ach

níor chóir duit do leibhéil dírithe airde a laghdú. Ná lig do

léarscáileanna nó eolas scáileánbhunaithe d’aird a tharraingt

(ar nós córais loingseoireachta nó córais bainistíochta

feithiclí) agus tú ag tiomáint nó ag marcaíocht/rothaíocht. Is

gá áit shábháilte le stopadh a fháil.

Dlíthe RTO 1995 Airteagail 10 & 12 & CUR rialachán 120

49 �
Riail 151

Ná cuir

bac ar

thaobh -

bhóthar

151

152

Nuair a bhíonn an trácht ag bogadh go mall.

Ba chóir duit

• an fad idir tú féin agus an fheithicil romhat a laghdú leis an

sruth tráchta a choinneáil ag dul

• gan dul chomh gar sin don fheithicil romhat nach dtig leat

stopadh go sábháilte

• go leor spáis a fhágáil le go mbeidh tú ábalta ionramháil

má chliseann an fheithicil romhat nó i gcás go gcaithfidh

feithicil éigeandála dul tharat

• gan lanaí a athrú ar chlé le scoitheadh

• rochtain isteach agus amach as taobh-bhóthair a ligean;

má bhlocáiltear iad, cuirfidh sé leis an phlódú tráchta

• rothaithe agus gluaisrothaithe a d’fhéadfadh bheith ag dul

tharat ar cheachtar taobh a choimhéad.

Ag tiomáint i limistéir faoi fhoirgnimh

Sráideanna cónaithe. Ba chóir duit tiomáint go mall agus

go cúramach ar shráideanna, áit ar dhócha go mbeadh

coisithe, rothaithe agus feithiclí páirceáilte. I limistéir áirithe

b’fhéidir go mbeadh uasteorainn luais 20 mph (32 km/h) i

bhfeidhm. Coinnigh súil in airde le

• feithiclí atá ag teacht amach as acomhail nó cabhsáin

• feithiclí atá ag dul chun siúil

• doirse feithiclí atá ag oscailt

• coisithe

• leanaí ag rith amach idir feithiclí atá páirceáilte

• rothaithe agus gluaisrothaithe.

50 �
Rialacha, teicnícíaguscomhairleghinearáltadogachtiománaí,gluaisrothaí,rothaíagusmarcach

153

154

155

Bearta moillithe tráchta. Tá gnéithe ar bhóithre áirithe

ar nós: uchtóga moillithe, siceáin agus caoluithe a bhfuil

sé mar aidhm acu tú a mhoilliú. Nuair a théann tú i dtreo

na ngnéithe sin, moilligh. Tabhair spás do rothaithe agus

do ghluaisrothaithe dul tríothu. Tiomáin níos moille áit

ar bith a bhfuil bearta moillithe ar an bhóthar. Géill slí

d’úsáideoirí bóithre i d'aghaidh má ordaíonn comharthaí duit

a dhéanamh. Níor chóir duit úsáideoirí bóithre eile atá ag

bogadh a scoitheadh fad is go bhfuil tú sna limistéir seo.

Riail 153

D ’ fhéadfadh

siceáin a

úsáid le

trácht a

mhoilliú

Bóithre tuaithe

Bí thar a bheith cúramach ar bhóithre tuaithe agus moilligh

agus tú ag teacht chuig corthaí, ar féidir leo bheith níos géire

ná an chuma atá orthu, agus ag acomhail agus castaí, a

d’fhéadfadh bheith i bhfolach rud beag. Bí ag súil le coisithe,

le marcaigh le rothaithe, le feithiclí feirme mallghluaiseachta

nó le clábar ar dhromhchla an bhóthair. Cinntigh go dtig leat

stopadh laistigh den fhad is léir duit bheith glan. Ba chóir duit

moilliú fosta áit a dtéann bóithre tuaithe isteach i sráidbhailte.

Bóithre aon-lána. Níl siad leathan go leor ach d’fheithicil

amháin. B’fhéidir go mbeadh áiteanna spéisialta pasála

Cá huair a thig leat

fón póca a úsáid

i do charr?

Féach riail 149

(leathanach 49)

51 �
156

157

158

acu. Má fheiceann tú feithicil ag teacht i do threo, nó tá

an tiománaí ar do chúl ag iarraidh scoitheadh, stop in áit

phasála ar thaobh na láimhe clé, nó fan os comhair áit scoite

ar thaobh na láimhe deise. Géill slí d’úsáideoirí bóithre atá

ag teacht aníos mala nuair a thig leat. Más gá, cúlaigh go dtí

go mbaineann tú áit phasála amach le ligean don úsáideoir

bóithre eile scoitheadh. Moilligh agus tú ag scoitheadh

coisithe, rothaithe agus marcaigh.

Ná páirceáil in áiteanna scoite.

Feithiclí nach bhfuil cead acu

bóithre agus cosáin a úsáid

Ní shásaíonn feithiclí cumhacht-thiomáinte áirithe na

riachtanais déantúis agus theicniúla d’fheithiclí bóthair agus

de ghnáth, níl sé beartaithe, fóirsteanach ná dleathach iad

a úsáid ar bhóithre, ar chosáin ná ar raonta rothar. Áirítear

orthu beagnach gach cineál mion-ghluaisrothair, ar a dtugtar

mion-mhótair fosta, agus scúitéirí leictreacha ar a dtugtar

gopeds fosta, atá faoi thiomáint ag innill leictreacha nó innill

dócháin inmheánaigh. NÍ MÓR GAN na cineálacha feithiclí

sin a úsáid ar bhóithre, ná ar chosáin.

Dlí RTO 1995 Airteagail 48, 56, 58, 63 & 72

Tá múnlaí áirithe gluaisrothar, trírothach mótair agus

cuadrothair fóirsteanach d’úsáid easbhóthair agus ní

shásaíonn siad na caighdeáin dhlíthiúla maidir le húsáid ar

bhóithre. NÍ MÓR GAN feithiclí nach sásaíonn na caighdeáin

seo a úsáid ar bhóithre. NÍ MÓR GAN iad a úsáid ar chosáin

ná ar raonta rothair ach oiread. NÍ MÓR duit a chinnitiú go

sásaíonn aon ghluaisrothar, trírothach mótair, cuadrothar

nó aon mhótarfheithicil eile na caighdeáin dhlíthiúla agus go

bhfuil sé cláraithe mar is ceart, faoi cháin agus árachas sula

n-úsáideann tú ar na bóithre é. Fiú nuair a bhíonn sí cláraithe,

faoi cháin agus árachas don bhóthar, NÍ MÓR GAN feithiclí

a úsáid ar chosáin.

Dlíthe RTO 1995 Airteagail 48, 56, 63 & 72 & VERA ailt 1, 29, 31A & 43A

52 �
159

160

Ag úsáid an bhóthair

Rialacha ginearálta

Sula mbogann tú ar aghaidh ba chóir duit

Ag úsáidanbhóthair

• gach scáthán a úsáid lena chinntiú go bhfuil an bóthar glan

• amharc thart leis na caochspotaí (na limistéir nach dtig leat

a fheiceáil sna scátháin) a sheiceáil

• comhartha a dhéanamh más gá sula mbogann tú amach

• amharc thart le haghaidh seiceáil deiridh amháin.

Ná bog go dtí go mbíonn sé sábháilte a dhéanamh

Agus tú ag bogadh ba chóir duit

Riail 159

Seiceáil an

caochspóta

sula

mbogann

tú ar

aghaidh

• fanacht ar thaobh na láimhe clé, ach amháin i gcás go

léiríonn comharthaí bóithre nó marcanna a mhalairt. Is

féidir eisceacht a dhéanamh nuair is mian leat scoitheadh,

casadh ar dheis nó i gcás gur mhaith leat feithiclí

páirceáilte nó coisithe ar an bhóthar a scoitheadh

• fanacht giota maith ar chlé ar chorthaí ar dheis. Tig leat

radharc níos fearr ar an bhóthar a bheith agat agus

laghdaíonn sé an baol go mbuailfidh tú trácht atá ag teacht

i malairt treo

• tiomáint leis an dá lámh ar an roth stiúrtha, i ngach cás

inár féidir é. Cuideoidh sé sin leat smacht iomlán bheith

agat ar an fheithicil an t-am ar fad.

53 �
• feithiclí eile a choimhéad go háirithe rothair agus

gluaisrothair ag déanamh a mbealaigh tríd an trácht. Tá

siad níos deacra a fheiceáil ná feithiclí atá níos mó agus

bíonn a gcuid rothaithe an-soghortaithe ar fad. Tabhair

neart spáis dóibh go háirithe má tá tú ag tiomáint feithicil

fhada nó ag tarraingt leantóra

• giar níos ísle a roghnú sula mbaineann tú fána fhada

amach. Cuideoidh sé sin leat do luas a choinneáil faoi

smacht

• agus tú ag tarraingt, cuimhnigh go mbeidh tionchar ag an

fhad bhreise ar scoitheadh agus ar ionramháil. Rachaidh

an meáchan breise i bhfeidhm ar an choscánú agus ar an

luasghéarú fosta.

Scátháin. Ba chóir gach scáthán a úsáid go héifeachtach le

161 linn do thurais. Ba chóir duit

• do scátháin a úsáid go minic ionas go mbíonn a fhios agat

i gcónaí cad é atá ar do chúl agus ar gach taobh díot

• na scátháin a úsáid in am sula ndéanann tú comhartha nó

sula n-athraíonn tú treo nó luas

• fios a bheith agat nach gclúdaíonn scátháin gach limistéar

agus go mbeidh caochspotaí ann. Bíonn ort amharc thart

agus seiceáil.

Cuimhnigh: Scátháin–Comharthaigh–Ionramháil

Scoitheadh

Sula scoitheann tú ba chóir duit a chinntiú

162 • go bhfuil an bóthar romhat glan go leor

• nach bhfuil úsáideoirí bóithre ar tí tú a scoitheadh

• go bhfuil bearna fhóirsteanach os comhair an úsáideora

bóithre a bhfuil tú réidh lena scoitheadh.

Ná scoith mura bhfuil sé sábháilte agus dleathach a

163 dhéanamh �

Ba chóir duit: �

• gan dul róghar don fheithicil atá tú ag dul a scoitheadh

• do scátháin a úsáid, comhartha a dhéanamh nuair a

bhíonn sé sábháilte a dhéanamh, spléachadh gasta thar

54 �
Ag úsáidanbhóthair

do ghualainn a thabhairt, isteach sa chaochspota más gá,

agus ansin tosú ag bogadh amach

• gan glacadh leis go dtig leat feithicil romhat, atá ag

scoitheadh, a leanúint; b’fhéidir nach mbeadh go leor spáis

ann ach d’fheithicil amháin

• bogadh go gasta thar an fheithicil atá tú a scoitheadh, a

luaithe agus a thosaíonn tú á scoitheadh. Tabhair neart

spáis don fheithicil. Bog ar ais go dtí an taobh clé a luaithe

agus a thig leat ach ná gearr isteach

• bheith thar a bheith cúramach san oíche agus nuair nach

mbíonn mórán de sholas an lae ann nuair a bhíonn sé níos

deacra luas agus fad a mheas

• slí a ghéilleadh d’fheithiclí i d'aghaidh sula bpasálann tú

feithiclí atá páirceáilte nó bacanna eile ar do thaobhsa den

bhóthar

• gan scoitheadh ar thaobh na láimhe clé ach amháin i

gcás go bhfuil an fheithicil os do chomhair ag déanamh

comhartha le casadh ar dheis, agus i gcás go bhfuil spás

lena dhéanamh

Riail 163

Tabhair an

méid céanna

spáis ar a

laghad

d ’ úsáideoirí

leochail -

eacha

bóithre is a

thabharfá

do charr

• fanacht i do lána má bhíonn an trácht ag bogadh go mall i

scuainí. I gcás go mbíonn an scuaine ar dheis ag bogadh

níos moille ná tú, tig leat scoitheadh ar thaobh na láimhe clé

• an méid céanna spáis ar a laghad a thabhairt do

ghluaisrothaithe, do rothaithe agus do mharcaigh is a

thabharfá agus tú ag scoitheadh cairr (féach Rialacha

211–215).

Cuimhnigh: Scátháin–Comharthaigh–Ionramháil

55 �
164

Riail 164

Ná gearr

isteach

róghasta

165

Feithiclí móra. Tá sé níos deacra iad a scoitheadh.

Ba chóir duit

• titim chun deiridh. Cuideoidh sé sin go mór leat amharc

romhat agus a chur ar chumas tiománaithe feithiclí móra

tú a fheiceáil ina gcuid scáthán. Má théann tú róghar

d’fheithiclí móra, lena n-áirítear feithiclí talmhaíochta ar nós

tarracóra le leantóir nó trealamh seasta eile, cuirfidh sé

isteach ar an radharc atá agat ar an bhóthar romhat agus

b’fhéidir go mbeadh feithicil mhallghluaisteach eile chun

tosaigh

• a chinntiú go mbíonn go leor spáis agat le d’ionramháil

scoite a dhéanamh sula dtugann tú fúithi. Glacann sé

tréimhse níos faide le feithicil mhór a scoitheadh. Má tá tú

in amhras, ná scoith.

• ná glac leis go dtig leat feithicil romhat, atá ag scoitheadh

feithicil fhada, a leanúint. I gcás go mbíonn fadhb ann,

b’fhéidir go stopfadh siad den scoitheadh agus go

dtarraingeodh siad isteach arís.

NÍ MÓR duit GAN scoitheadh

• más gá duit trasnú nó cos-scaradh a dhéanamh ar línte

bána dúbailte agus is lána iomlán é an lána is gaire duit

(ach féach Riail 129)

• i gcás go mbeadh ort dul isteach i limistéar atá ann le

trácht a scoilteadh, má tá sé timpeallaithe le líne bhán gan

bhearnaí

• an fheithicil is gaire do thrasrian faoi rialú soilse tráchta go

háirithe nuair a bhíonn sé stoptha le ligean do choisithe, do

thrácht eachaíochta nó do rothaithe a thrasnú

56 �
166

167

Ag úsáidanbhóthair

• I gcás go mbeadh ort dul isteach i lána atá in áirithe do

bhusanna, do thramanna nó do rothair le linn a uaireanta

oibriúcháin

• i ndiaidh comhartha ‘Ná scoitear’ agus go dtí go

bhfeiceann tú comhartha a chuireann an cosc ar ceal.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50, TSR rialachán 8, 25 & 25B, RTRO

Airteagail 59(4) & PCR rialachán 20

NÁ scoith má tá aon amhras ann, nó i gcás nach dtig leat

amharc fada go leor chun tosaigh le bheith cinnte go bhfuil

sé sábháilte. Mar shampla nuair a bhíonn tú ag teacht chuig

• cúinne nó chuig cortha

• droichead dronnach

• mullach cnoic.

NÁ scoith áit a dtiocfadh leat cur isteach ar úsáideoirí

bóithre eile. Mar shampla

• ag teacht chuig acomhal bóithre nó ag acomhal bóithre ar

cheachtar taobh den bhóthar

• áit a n-éiríonn an bóthar níos cúinge

• agus tú ag teacht chuig patról trasnaithe scoile

• idir colbha agus bus nó tram nuair a bhíonn sé ag stad bus

• áit a mbíonn trácht ag fanacht i scuainí nó ag oibreacha

bóthair

• nuair a chuirfí iallach ar úsáideoir bóithre eile fiaradh nó

moilliú

• ag crosaire comhréidh

• nuair a bhíonn úsáideoir bóithre ag tabhairt le fios go bhfuil

sé/sí ag casadh ar dheis, fiú má chreideann tú gur chóir go

mbeadh an comhartha curtha ar ceal. Ná gabh sa seans;

fan go dtí go gcuirfear an comhartha as.

• fan ar a gcúl má bhíonn tú ag leanúint rothaí atá ag teacht

chuig timpeallán nó chuig acomhal, agus bíonn sé ar intinn

agat casadh ar chlé.

• nuair a bhíonn tram ina sheasamh ag stad tram ag colbha

an chosáin agus níl aon lána scoite marcáilte go soiléir do

thrácht eile.

57 �
168

169

170

Riail 170

Géill slí do

choisithe a

thosaigh ag

trasnú an

bhóthair

Feithiclí eile do do scoitheadh. Má bhíonn tiománaí

ag iarraidh tú a scoitheadh, coinnigh ort ag tiomáint ar

luas socair, agus moilligh más gá le ligean don fheithicil

scoitheadh. Ná cuir bac ar thiománaithe choíche atá

ag iarraidh scoitheadh. Tá sé contúirteach tiomáint níos

gasta nó go dothuartha nuair a bhíonn duine éigin do

do scoitheadh. Tit chun deiridh le bearna dhá shoicind a

choinneáil má scoitheann duine éigin thú agus tarraingíonn

sé/sí isteach sa bhearna romhat.

Ná cuir moill ar scuaine fhada tráchta, go háirithe má tá tú ag

tiomáint feithicil mhór nó feithicil mhallghluaisteach. Seiceáil

do scátháin go minic, agus más cuí, tarraing isteach áit a

bhfuil sé sábháilte agus lig don trácht dul tharat.

Acomhail bóithre

Bí thar a bheith cúramach ag acomhail bóithre. Ba chóir duit

• rothaithe, gluaisrothaithe, cathaoireacha rothaí/ scútair

shoghluaisteachta chumhacht-thiomáinte a choimhéad

mar nach furasta iad a fheiceáil i gcónaí. Bíodh a fhios

agat go mb’fhéidir nach bhfaca siad nó b’fhéidir nár chuala

siad thú má tá tú ag tiomáint ar a gcúl

• coisithe a choimhéad atá ag trasnú bóithre a bhfuil tusa

ag casadh isteach ann. I gcás gur thosaigh sé/sí/siad ag

trasnú tá tosaíocht acu, mar sin, géill slí.

• feithiclí fada a choimhéad a d’fhéadfadh bheith ag casadh

ag acomhal romhat; b’fhéidir go mbeadh orthu leithead

iomlán an bhóthair a úsáid leis an chasadh a dhéanamh

(féach Riail 221)

58 �
171

172

173

Ag úsáidanbhóthair

• marcaigh a choimhéad. D’fhéadfadh siad líne dhifriúil a

ghlacadh ar an bhóthar, rud nach mbeifeá ag súil leis

• gan talamh slán a dhéanamh de, agus tú ag fanacht ag

acomhal, go gcasfaidh feithicil atá ag teacht ó thaobh na

láimhe deise agus ag tabhairt le fios go gcasfaidh sí ar

chlé. Fan agus déan cinnte

• amharc mórthimpeall ort sula dtagann tú amach. Ná

trasnaigh nó ná téigh ar bhóthar go dtí go mbíonn bearna

ann atá mór go leor le ligean duit a dhéanamh go sábháilte.

NÍ MÓR duit stopadh ar chúl líne ag acomhal ag a bhfuil

comhartha ‘Stad’ agus líne bhán gan bhearnaí trasna an

bhóthair. Fan go dtí go mbíonn bearna shábháilte sa trácht

sula mbogann tú ar aghaidh.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50 & TSR rialacháin 8 & 14

B’fhéidir go mbeadh comhartha ‘Géill Slí’ le fáil ar an bhóthar

roimh acomhal nó ar thriantán atá marcáilte ar an bhóthar. NÍ

MÓR duit slí a ghéilleadh do thrácht ar an phríomhbhóthar

agus tú ag teacht amach as acomhal ag a bhfuil línte bána

briste trasna an bhóthair.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50 & TSR rialacháin 8, 14 & 24

Débhealaí. Agus tú ag trasnú, no ag casadh ar dheis,

ar dtús meas cé acu atá nó nach bhfuil an lárthearman

domhain go leor le fad iomlán na feithicle a chosaint.

Riail 173

Meas fad

d ’ fheithicle

agus ná

cuir bac

ar thrácht

• Má tá, ba chóir duit glacadh le gach leath den

charrbhealach mar a bheadh bóthar ar leith ann. Fan sa

lárthearmann go dtí go mbíonn bearna shábháilte sa trácht

ar an leath eile den bhóthar.

59 �
Riail 174

Ná téigh

isteach in

acomhal

bosca

mura bhfuil

do bhóthar

amach glan

174

175

• Má tá an lárthearmann ró-éadomhain d’fhad d’fheithicle,

fan go dtí go dtig leat an dá charrbhealach a thrasnú ag

aon am amháin.

Acomhal bosca. Bíonn línte buí trasna ar a chéile acu,

péinteáilte ar an bhóthar (féach leathanach 116). NÍ MÓR

duit GAN dul isteach sa bhosca go dtí go mbíonn do

bhóthar amach nó do lána amach glan. Mar sin féin, tig leat

dul isteach sa bhosca agus fanacht nuair is mian leat casadh

ar dheis, is é an t-aon rud a chuirfeadh bac ort, an trácht i

d'aghaidh nó feithiclí eile atá ag fanacht le casadh ar dheis.

Ag timpealláin faoi rialú soilse tráchta NÍ MÓR duit GAN dul

isteach sa bhosca ach amháin i gcás go dtig leat é a thrasnú

go hiomlán gan stopadh.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50 & TSR rialacháin 8 & 26

Acomhail faoi rialú soilse tráchta

NÍ MÓR duit stopadh ar chúl na líne báine ‘Stop’ atá trasna

do thaoibh féin den bhóthar ach amháin i gcás go bhfuil an

solas glas. Má bhíonn an solas ómra le feiceáil ní thig leat dul

ar aghaidh ach amháin i gcás gur thrasnaigh tú an líne stop

cheana nó tá tú chomh gar sin dó go mb’fhéidir go mbeadh

imbhualadh ann dá stopfá.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50 & TSR rialacháin 8 & 33

60 �
176

177

178

Ag úsáidanbhóthair

NÍ MÓR duit GAN bogadh chun tosaigh thar an líne bhán

nuair a bhíonn an solas dearg le feiceáil. Ná gabh ar aghaidh

ach amháin nuair a bhíonn na soilse tráchta glas agus tá go

leor spáis agat le dul tríd an acomhal go sábháilte nó ar tí le

casadh ar dheis. Mura bhfuil na soilse tráchta ag feidhmiú,

glac leis an acomhal mar a bheadh acomhal gan mharcáil

ann agus téigh ar aghaidh go han-chúramach.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50 & TSR rialacháin 8 & 33

Saighead scagtha ghlas. Léiríonn sé seo nach bhfuil ann

ach lána scagtha. Ná téigh isteach sa lána sin ach amháin i

gcás go bhfuil tú ag iarraidh dul i dtreo na saighde. Tig leat

dul ar aghaidh i dtreo na saighde glaise nuair a bhíonn sí, nó

an solas iomlán glas, le feiceáil. Tabhair am agus spás do

thrácht eile, go háirithe rothaithe, le bogadh isteach sa lána

ceart.

Riail 178

Ná téigh

isteach i

láthair

feithimh na

rothaithe

mura bhfuil

gá leis

Línte stop ag céim chun cinn. Bíonn línte stop ag céim

chun cinn le fáil ag roinnt acomhal faoi rialú soilse tráchta

le ligean do rothair fanacht chun tosaigh ar thrácht eile.

NÍ MÓR do thiománaithe, gluaisrothaithe san áireamh,

stopadh ag an chéad líne bhán a shroicheann siad, agus

ba chóir dóibh gan bac a chur ar an bhealach nó dul

isteach sa limistéar atá marcáilte ag amanna eile m.sh. má

tá an t–acomhal romhat faoi bhac. I gcás go ndeachaigh

d’fheithicil thar an chéad líne bhán ag an am a n-athraíonn

an comhartha go dtí dearg, NÍ MÓR duit stopadh ag an

dara líne bhán, fiú má tá d’fheithicil sa limistéar atá marcáilte.

Tabhair am agus spás do rothaithe bogadh ar aghaidh nuair

a bhíonn an comhartha glas le feiceáil.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50(1) & TSR rialachán 33(6)

61 �
180

Riail 180

Cuir

d ’ fheithicil i

suíomh a

sheach -

naíonn bac

ar thrácht

181

Ag casadh ar dheis

I bhfad sula dtiontaíonn tú ar dheis ba chóir duit

• do chuid scáthán a úsáid lena chinntiú go bhfuil suíomh

agus gluaiseacht an tráchta ar do chúl ar eolas agat

• comhartha casadh ar dheis a dhéanamh

• tú féin a chur in áit díreach ar chlé ó lár an bhóthair nó sa

spás do thrácht atá ag tiontú ar dheis

• spás a fhágáil d’fheithiclí eile le scoitheadh ar thaobh na

láimhe clé, más féidir.

Fan go dtí go mbíonn bearna shábháilte idir thú féin agus aon

fheithicil i d'aghaidh. Coimhéad rothaithe, gluaisrothaithe,

coisithe agus úsáideoirí bóithre eile. Seiceáil do scátháin

agus do chaochspotaí arís lena chinntiú nach bhfuil duine ar

bith do do scoitheadh, ansin déan an casadh.

Ná cas an coirnéal go géar. Bí an-chúramach agus tú ag

casadh isteach i bpríomhbhóthar; beidh ort súil in airde

bheith agat do thrácht ag teacht sa dá threo agus fanacht go

dtí go mbíonn bearna shábháilte ann.

Cuimhnigh: Scátháin–Comharthaigh–Ionramháil

Agus tú ag casadh ar dheis ag crosbhóthar áit a bhfuil

feithicil i d'aghaidh ag casadh ar dheis fosta, tá rogha dhá

mhodh ann

• cas taobh deas le taobh deas; coinnigh an fheithicil eile ar

thaobh do láimhe deise agus cas ar a cúl. Seo an modh is

sábháilte de ghnáth mar go mbíonn radharc glan agat ar

an trácht atá ag teacht chugat agus tú ag casadh

62 �
182

183

Ag úsáidanbhóthair

• taobh clé le taobh clé, ag casadh os comhair ar a chéile.

Tig leis sin bac a chur ar an radharc atá agat ar fheithiclí

i d'aghaidh, mar sin bí an-chúramach ar fad. B’fhéidir

go mbeadh rothaithe agus gluaisrothaithe go háirithe i

bhfolach ort.

Tig le leagan amach an bhóthair, marcanna nó an dóigh a

bhfuil an fheithicil eile ina suí tionchar a imirt ar cén modh ba

chóir a úsáid.

Riail 181

Ar Chlé

- Ag casadh

taobh deas le

taobh deas.

Ar Dheis

- Ag casadh

taobh clé le

taobh clé

Ag casadh ar chlé

Úsáid do scátháin agus tabhair comhartha go bhfuil tú ag

tiontú ar chlé i bhfad sula dtiontaíonn tú ar chlé. Ná scoith

díreach nuair atá tú ag casadh ar chlé agus bíodh súil in

airde agat do thrácht atá ag teacht suas ar thaobh do láimhe

clé sula gcasann tú, go háirithe má tá tú ag tiomáint feithicil

mhór. D’fhéadfadh go mbeadh rothaithe agus gluaisrothaithe

go háirithe i bhfolach ort.

Agus tú ag casadh

• coinnigh chomh gar do thaobh na láimhe clé agus atá

chomh sábháilte agus indéanta is is féidir

Riail 182

Ná gearr

isteach ar

rothaithe

• géill slí d’aon fheithicil atá ag úsáid lána bus, lána rothar nó

trambhealach ó cheachtar treo.

63 �
184

185

Riail 185

Cuir

d ’ fheithicil i

suíomh a

sheach -

naíonn bac

ar thrácht

Timpealláin

Agus tú ag dul i dtreo timpealláin tabhair aird ar

an eolas ar fad atá ar fáil duit agus déan na bearta cuí.

Gheobhaidh tú eolas ó chomharthaí tráchta, ó shoilse

tráchta agus ó mharcanna lána a stiúrann isteach sa lána

ceart thú. Ba chóir duit

• �Scátháin– Comharthaigh – Ionramháil a úsaid ag gach

céim

• � a chinneadh a luaithe agus is féidir cén bealach amach is

gá duit a ghlacadh

• comhartha cuí a dhéanamh (féach Riail 186). Úsáid do

chomharthaí ag an am cuí ionas nach gcuirfear mearbhall

ar úsáideoirí bóithre eile

• dul isteach sa lána ceart

• do luas agus suíomh na feithicle a athrú le dul in oiriúint do

choinníollacha tráchta

• aird a thabhairt ar luas agus ar shuíomh na n-úsáideoirí

bóithre ar fad thart ort.

Agus tú ag teacht chuig an timpeallán ba chóir duit

• tosaíocht a thabhairt do thrácht atá ag teacht ó thaobh do

láimhe deise ach amháin i gcás go dtugann comharthaí,

marcanna bóithre nó soilse tráchta treoir eile ar fad

• � seiceáil cé acu a ligeann nó nach ligeann marcanna bóithre

duit dul isteach sa timpeallán gan slí a ghéilleadh. Más

amhlaidh atá, téigh ar aghaidh, ach amharc ar dheis fós

sula dtéann tú ar aghaidh

• gach úsáideoir bóithre eile a choimhéad atá ar an

timpeallán cheana; bíodh a fhios agat go mb’fhéidir nach

bhfuil siad ag comharthú i gceart nó ar chor ar bith

• amharc chun tosaigh sula mbogann tú ar aghaidh lena

chinntiú gur bhog an trácht romhat ar aghaidh.

64 �
186

187

Ag úsáidanbhóthair

Comharthaí agus suíomh.

Agus tú ag glacadh an chéad bhealach amach ar chlé, mura

léiríonn comharthaí nó marcanna a mhalairt

• déan comhartha clé agus druid leis an bhealach sa lána

clé

• � fan ar thaobh na láimhe clé ar an timpeallán agus coinnigh

ag déanamh comhartha clé go bhfuil tú ag imeacht.

Agus tú ag glacadh bealach amach ar dheis nó ag dul thart

an timpeallán ar fad, mura léiríonn comharthaí nó marcanna

a mhalairt

• comharthaigh ar dheis agus druid leis sa lána deis

• fan ar thaobh na láimhe deise ar an timpeallán go dtí go

gcaithfidh tú lánaí a athrú leis an timpeallán a fhágáil

• comharthaigh ar chlé i ndiaidh duit dul thar an bhealach

amach roimh an cheann atá tú ag iarraidh a úsáid.

Agus tú ag glacadh aon bhealach amach idirmheánach,

mura léiríonn comharthaí nó marcanna a mhalairt

• roghnaigh an lána cuí agus tú ag druidim leis an timpeallán

• ní gá duit comharthú de ghnáth agus tú ag druidim leis an

timpeallán

• fan sa lána sin go dtí go gcaithfidh tú an bealach a athrú

leis an timpeallán a fhágáil

• comharthaigh ar chlé i ndiaidh duit dul thar an bhealach

amach roimh an cheann atá tú ag iarraidh a úsáid.

I gcás go bhfuil níos mó ná trí lána ag an bhealach isteach

chuig timpeallán, úsáid an lána is fóirsteanaí agus tú ag

druidim leis agus ag tiomáint tríd.

Le comhairle níos sainiúla a fháil ar ghnáthaimh timpealláin,

féach Aguisín ar leathanaigh 135-139.

I ngach cás coimhéad na nithe seo a leanas agus

tabhair neart spáis dóibh

• coisithe a d’fhéadfadh bheith ag trasnú na mbealaí isteach

agus na mbealaí amach

• trácht ag trasnú romhat ar an timpeallán, go háirithe

feithiclí a bhfuil sé ar intinn acu imeacht ag an chéad

bhealach amach eile

• trácht a d’fhéadfadh bheith ag tiomáint sa dá lána nó atá i

suíomh contrailte

• gluaisrothaithe

65 �
188

189

190

Riail 190

Glac le gach

timpeallán

mar a

bheadh

timpeallán

ar leith

ann

191

• rothaithe agus marcaigh a d’fhéadfadh fanacht sa lána clé

agus comharthú ar dheis má tá sé ar intinn acu dul thart

an timpeallán. Lig dóibh déanamh amhlaidh.

• feithiclí fada (lena n-áirítear iad siúd atá ag tarraingt

leantóirí). D’fhéadfadh go mbeadh orthu bealach difriúil

a ghlacadh nó tiomáint i lánaí éagsúla ag druidim leis an

timpeallán nó ar an timpeallán de bharr go bhfuil siad

chomh fada sin. Coimhéad a gcuid comharthaí.

Miontimpealláin. Druid leo siúd sa dóigh chéanna agus

a ndruideann tú le gnáth-thimpealláin. NÍ MÓR do gach

feithicil dul thar na marcanna lárnacha ach amháin feithiclí

móra nach féidir sin a dhéanamh ar chor ar bith. Cuimhnigh,

tá níos lú spáis ann le feithicil a ionramháil agus níos lú

ama le comhartha a dhéanamh. Seachain U-chastaí ag

miontimpealláin. Coimhéad daoine eile ag déanamh sin.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50 & TSR rialacháin 8 & 14

I gcás go bhfuil dhá mhiontimpeallán ann glac leis gur

timpeallán ar leith iad agus géill slí do thrácht atá ag teacht ó

thaobh na láimhe deise.

Níos mó ná timpeallán amháin. Ag roinnt acomhal casta

b’fhéidir go mbeadh sraith miontimpeallán ann ag gach

crosbhealach. Glac le gach miontimpeallán mar a bheadh

timpeallán ar leith ann agus lean na gnáthrialacha.

Trasrianta coisithe

NÍ MÓR duit GAN páirceáil ar thrasrian ná sa limistéar atá

clúdaithe ag na línte fiarláin. NÍ MÓR duit GAN an fheithicil

ghluaiste is deise don trasrian a scoitheadh ná an fheithicil is

deise don trasrian a stop le slí a ghéilleadh do choisithe.

Dlíthe RTRO Airteagal 59(4) & PCR rialacháin 16, 18 & 20

66 �
192

193

194

195

Ag úsáidanbhóthair

I scuaine tráchta, ba chóir duit an trasrian a choinneáil glan.

Ba chóir duit bheith thar a bheith cúramach faoin áit a bhfuil

radharc an dá thaobh den trasrian faoi bhac ag trácht atá

sa scuaine nó ag feithiclí nach bhfuil páirceáilte i gceart.

D’fhéadfadh coisithe bheith ag trasnú idir feithiclí atá ina

stad.

Tabhair neart ama do choisithe trasnú agus ná cuir isteach

orthu trí d’inneall a reibheáil nó trí bhogadh chun tosaigh.

Riail 192

Coinnigh

an trasrian

glan

Trasrianta síogacha. Agus tú ag druidim le trasrian

síogach

• coimhéad daoine atá ag fanacht le trasnú agus bí réidh le

• moilliú nó le stopadh le ligean dóibh trasnú

• �NÍ MÓR duit slí a ghéilleadh i gcás gur bhog coisí amach

ar thrasrian

• tabhair níos mó ama duit féin le stopadh ar bhóithre fliucha

nó ar bhóithe oighreata

• ná croith lámh le coisí agus ná húsáid d'adharc le cuireadh

a thabhairt dóibh trasnú; d’fhéadfadh sé sin bheith

contúirteach má tá feithicil eile ag teacht

• coimhéad coisithe a d'fhéadfadh bheith ag teacht ó

thaobh an trasriain.

Tá dhá thrasrian ar leith i gceist le trasrian síogach a bhfuil

oileán lárnach aige (féach an pictiúr ar leathanach 10).

Dlíthe RTRO Airteagal 59(4) & PCR rialachán 21

67 �
196

Riail 196

Lig do

choisithe

trasnú nuair

a bhíonn an

solas ómra

ag

splancadh

197

198

199

200

Trasrianta faoi rialú soilse tráchta

Trasrianta peileacánacha. Tá na trasrianta seo faoi rialú

soilse tráchta agus bíonn solas gealánach ómrach le feiceáil

i ndiaidh an stopsholais dheirg. NÍ MÓR duit stopadh nuair

a bhíonn an solas dearg le feiceáil. Nuair a bhíonn an solas

ómrach ag splancadh NÍ MÓR duit slí a ghéilleadh d’aon

choisí ar an trasrian. Má bhíonn an líne ómrach ag splancadh

agus níl aon choisí ar an trasrian, tig leat dul ar aghaidh go

cúramach.

Dlíthe RTRO Airteagal 59(4) & PCR rialacháin 10, 19 & 22

Is trasrian amháin iad na trasrianta peileacánacha a théann

díreach trasna an bhóthair, fiú nuair a bhíonn oileán lárnach

ann. NÍ MÓR duit fanacht le coisithe atá ag trasnú ón taobh

eile den oileán.

Dlíthe RTRO Airteagal 59(4) & PCR rialachán 22

Géill slí d’aon duine atá fós ag trasnú i ndiaidh don

chomhartha d’fheithiclí athrú go glas. Baineann an chomhairle

sin le gach trasrian.

Trasrianta túcánacha, puifíneacha agus eachaíochta.

Tá na trasrianta sin cosúil le traisrianta peileacánacha, ach ní

bhíonn aon solas gealánach ómrach le feiceáil; bíonn ord na

soilse do thrácht ag na trí thrasrian seo mar an gcéanna leis

an ord ag soilse tráchta. Mura bhfuil an trasrian faoi rialú soilse

tráchta ag obair i gceart, téigh ar aghaidh go han-chúramach.

Ag cúlú

Roghnaigh áit chuí le hionramháil. Más gá duit d’fheithicil a

chasadh thart, fan go bhfaigheann tú áit shábháilte. Déan

iarracht gan cúlú nó casadh thart ar bhóthar gnóthach;

faigh taobh-bhóthar ciúin nó tiomáin timpeall bloc

taobhshráideanna.

68 �
201

202

203

Ag úsáidanbhóthair

Ná cúlaigh ó thaobh-bhóthar isteach i bpríomhbhóthar. Agus

tú ag úsáid cabhsáin, cúlaigh isteach agus tiomáin amach

má thig leat.

Breathnaigh thart go cúramach sula dtosaíonn tú a chúlú.

Ba chóir duit

• do scátháin uile a úsáid

• aon chaochspóta ar do chúl a sheiceáil (an chuid den

bhóthar nach dtig leat a fheiceáil go furasta sna scátháin)

• seiceáil nach bhfuil coisithe ar bith (go háirithe páistí),

rothaithe, úsáideoirí eile bóithre nó bacainní/baic ar an

bhóthar ar do chúl

Cúlaigh go mall agus

• tú ag seiceáil mórthimpeall ort

• tú ag breathnú tríd an chúlfhuinneog den chuid is mó

• fios agat go luascfaidh d’fheithicil amach de réir mar a

thiontaíonn tú.

Faigh duine éigin le tú a threorú mura dtig leat nithe a

fheiceáil go soiléir.

Riail 202

Seiceáil

mór -

thimpeall

ort agus tú

ag cúlú

NÍ MÓR duit GAN d’fheithicil a chúlú níos faide ná mar is gá.

Dlí CUR rialachán 122

69 �
204

205

206

Úsáideoirí bóithre a bhfuil

cúram breise de dhíth orthu

Is iad na coisithe, rothaithe, gluaisrothaithe agus marcaigh

na húsáideoirí bóithre is soghortaithe. Tá sé thar a bheith

tábhachtach páistí, daoine scothaosta agus daoine faoi

mhíchumas a choimhéad, mar aon le tiománaithe faoi oiliúint

agus tiománaithe ar bheagán taithí.

Coisithe

Tá baol ann go siúlfaidh coisithe, go háirithe páistí, amach

ar an bhóthar gan choinne. Ba chóir duit smaoineamh ar

shábháilteacht leanaí i gcónaí agus tú ag tiomáint agus ar

luas atá fóirsteanach do na coinníollacha tiomána.

Tiomáin go cúramach agus go mall sna cásanna seo

a leanas

• i sráideanna plódaithe siopadóireachta, Sráideanna

Cónaithe agus Lánaí Ciúine (féach Riail 218) nó ceantair

chónaithe

• ag tiomáint thar stopanna bus agus tram; d’fhéadfadh

coisithe teacht amach ar an bhóthar go tobann

• ag dul thar fheithiclí atá páirceáilte, go háirithe veaineanna

uachtair reoite; bíonn níos mó suime ag páistí in uachtar

reoite ná sa trácht agus d’fhéadfadh siad rith amach ar an

bhóthar gan choinne

• nuair a bhíonn ort cosán, lána rothar nó raon rothar a

thrasnú; mar shampla le cabhsán a bhaint amach. Géill

slí do choisithe ar an chosán agus do rothaithe ar an lána

rothar nó raon rothar

• nuair a bhíonn tú ag cúlú isteach i dtaobh-bhóthar; amharc

mórthimpeall na feithicle agus géill slí d’aon choisí atá ag

trasnú an bhóthair a bhfuil tusa ag casadh isteach ann

agus é/í ar an bhóthar cheana féin

• nuair a bhíonn an cosán druidte de bharr deisiú bóthair

agus treoraítear coisithe leis an bhóthar a úsáid

• nuair a bhíonn tú ag druidim le coisithe ar bhóithre cúnga

tuaithe gan chosán. Moilligh i gcónaí agus bí réidh le

stopadh más gá, ag tabhairt neart spáis dóibh agus tú ag

tiomáint thart leo.

70 �
207

208

Úsáideoirí bóithreabhfuilcúrambreisededhíthorthu

Riail 206

Coimhéad

páistí i

limistéir

ghnóthacha

Coisithe atá thar a bheith soghortaithe. Áirítear orthu

• páistí agus coisithe breacaosta a d’fhéadfadh gan bheith

ábalta do luas a mheas agus a d’fhéadfadh siúl isteach

sa bhóthar romhat. Ar 40 mph (64 km/h) is dócha go

maródh d’fheithicil aon choisí a bhuailfeadh sí. Ar 20 mph

(32 km/h) níl ach 1 seans i 20 go marófaí an coisí. Mar sin

moilligh

• coisithe breacaosta a mbíonn níos mó ama de dhíth orthu

leis an an bhóthar a thrasnú. Bí foighneach agus lig dóibh

trasnú ina n-am féin. Ná cuir deifir orthu trí d’inneall a

reibheáil nó trí bhogadh chun tosaigh

• daoine faoi mhíchumas. B’fhéidir nach mbeadh a fhios

ag daoine a bhfuil míchumas éisteachta acu go bhfuil

d’fheithicil ag teacht. Bíonn níos mó ama de dhíth orthu

siúd a bhfuil deacrachtaí acu siúl

• daoine dalla nó caocha a d’fhéadfadh bheith ag iompar

slat bhán nó ag úsáid madra treorach. B’fhéidir nach

mbeadh siad ábalta tú a fheiceáil agus tú ag druidim leo

• daoine atá bodhar agus dall a d’fhéadfadh bheith ag

iompar slat bhán agus banda dearg thart uirthi nó ag úsáid

madra agus úim dhearg agus bhán thart air. B’fhéidir nach

bhfeicfeadh siad ná nach gcluinfeadh siad treoreacha nó

comharthaí.

In aice le scoileanna. Tiomáin go mall agus coimhéad

rothaithe agus coisithe go háirithe. I roinnt áiteanna, b’fhéidir

go mbeadh comhartha gealánach ómrach in éineacht leis an

chomhartha rabhaidh ‘Scoil’ nó ‘Patról’ a insíonn duit go

mb’fhéidir go mbeadh páistí ag trasnú an bhóthair romhat.

Tiomáin go han-chúramach go dtí go mbíonn tú ar shiúl ón

cheantar.

71 �
209

210

211

Riail 211

Coimhéad

gluais -

rothaithe

agus

rothaithe ag

acomhail

212

Tiomáin go cúramach agus tú ag dul thar bhus atá stoptha

agus atá ag iompar páistí scoile nó ag taispeáint marcanna

nó comharthaí ‘Bus Scoile’ (féach leathanach 117) mar go

bhfhéadfadh páistí bheith ag dul ar an bhus agus ag teacht

amach as an bhus.

NÍ MÓR duit stopadh nuair a thaispeánann patról trasnaithe

scoile comhartha ‘Stop do pháistí’ (féach leathanaigh 105

agus 106).

Dlí RTRO Airteagal 60

Gluaisrothaithe agus rothaithe

Is minic a bhíonn sé deacair gluaisrothaithe agus rothaithe

a fheiceáil, go háirithe nuair a bhíonn siad ag teacht suas ar

do chúl, ag teacht amach as acomhail, ag timpealláin, do

do scoitheadh nó ag gluaiseacht tríd an trácht. Coinnigh

súil in airde dóibh i gcónaí sula dtagann tú amach as

acomhal; d’fhéadfadh siad bheith ag teacht níos gasta ná

mar a shíleann tú. Agus tú ag casadh ar dheis trasna líne

tráchta atá ag bogadh go mall nó atá stoptha, coimhéad

rothaithe nó gluaisrothaithe ar an taobh istigh den trácht atá

tú ag trasnú. Bí thar a bheith cúramach agus tú ag casadh

agus nuair a bhíonn tú ag athrú treo nó lána. Bí cinnte go

seiceálann tú scátháin agus caochspotaí go cúramach.

Agus tú ag tiomáint thar ghluaisrothaithe agus rothaithe,

tabhair neart spáis dóibh (féach rialacha 162-167). Má

amharcann siad thar a ngualainn b’fhéidir go gciallódh sé

go bhfuil sé ar intinn acu tarraingt amach, casadh ar dheis

nó treo a athrú. Tabhair am agus spás dóibh a leithéid a

dhéanamh.

72 �
213

214

215

216

217

Úsáideoirí bóithreabhfuilcúrambreisededhíthorthu

B’fhéidir go mbeadh ar ghluaisrothaithe agus ar rothaithe

na nithe seo a leanas a sheachaint go tobann: dromchlaí

neamhchothroma agus bacainní ar nós clúdaigh draenacha

nó paistí olacha, fliucha nó oighreata ar an bhóthar. Tabhair

neart spáis dóibh agus bí thar a bheith faichilleach i gcás go

gcaithfidh siad treo a athrú go gasta.

Úsáideoirí bóithre eile

Ainmhithe. Agus tú ag dul thart le hainmhithe, tiomáin go

mall. Tabhair neart spáis dóibh agus bí réidh le stopadh. Ná

scanraigh ainmhithe trí do bhonnán a shéideadh, d’inneall a

reibheáil, nó luasghearú go gasta a luaithe agus a théann tú

thart leo. Coimhéad ainmhithe atá á dtreorú, á dtiomáint nó

á marcaíocht ar an bhóthar agus bí an-chúramach ar fad.

Coinnigh do luas íseal ag corthaí agus ar bhóithre cúnga

tuaithe. Má tá bóthar blocáilte ag tréad ainmhithe, stop agus

cuir as d'inneall go dtí go bhfuil siad ar shiúl ón bhóthar.

Coimhéad ainmhithe ar bhóithre gan fhál.

Marcaigh agus feithiclí capalltarraingthe. Bí thar

a bheith cúramach agus tú ag scoitheadh capall agus

feithiclí capalltarraingthe. Coinnigh amach ó na feithiclí

agus tú ag scoitheadh agus déan go mall é i gcónaí. Is

minic a bhíonn páistí ag marcaíocht capall, mar sin bí thar a

bheith cúramach agus cuimhnigh go bhféadfadh marcaigh

marcaíocht taobh le taobh i mbeirteanna agus iad ag dul

in éineacht le capall nó le marcach nach bhfuil mórán taithí

aige/aici. Coimhéad comharthaí marcach agus comharthaí

lucht tiomána capall agus tabhair aird ar iarratas le moilliú

nó le stopadh. Bí an-chúramach agus glac le gach capall

mar a bheadh guais ann; ní féidir dul ina muinín in ainneoinn

iarrachtaí an mharcaigh/tiománaí.

Tiománaithe breacaosta. D’fhéadfadh a gcuid freagairtí

bheith níos moille ná tiománaithe eile. Cuir sin san áireamh.

Tiománaithe faoi oiliúint agus tiománaithe gan mórán

taithí. B’fhéidir nach mbeadh siad chomh sciliúil sin ó

thaobh eachtraí a réamh-mheas agus freagairt dóibh. Bí thar

a bheith foighneach le tiománaithe faoi oiliúint, le tiománaithe

srianta agus le tiománaithe óga. Tá ceanglas ar thiománaithe

R-phlátaí a thaispeáint ar feadh bliana i ndiaidh dóibh a triail

a phasáil, gan aon tréimhse dícháilithe nó cúlghairme a chur

san áireamh (féach Iarscríbhinn 8 - Cód Sábháilteachta do

Thiománaithe Nua).

73 �
218

219

220

Sráideanna Cónaithe agus Lánaí Ciúine (An Bhreatain

Mhór amháin) D’fhéadfadh daoine bheith ag úsáid iomlán an

bhóthair sna háiteanna sin le réimse gníomhaíochtaí ar nós

páistí ag súgradh nó ócáid phobail. Ba chóir duit tiomáint go

mall agus go cúramach agus bheith réidh le stopadh nó níos

mó ama a thabhairt do dhaoine le spás a dhéanamh duit le go

mbeidh tú ábalta dul thart leo go sábháilte.

Feithiclí eile

Fiethiclí Éigeandála agus Feithiclí Tacaíochta Teagmhas

Tráchta. Ba chóir duit amharc agus cluas le héisteacht a

chur ort le haghaidh otharcharr, inneall dóiteáin, feithiclí póilíní,

dochtúirí nó feithiclí éigeandála eile atá ag úsáid soilse gorma,

dearga nó glasa agus bonnáin nó ceannsoilse gealánacha

nó feithiclí Oifigigh Forfheidhmiúcháin Ghníomhaireacht na

dTiománaithe agus na bhFeithiclí agus soilse gealánacha

ómracha in úsáid acu. I gcás go ndruideann feithicil mar sin

leat, ná téigh i scaoll. Smaoinigh ar an bhealach a rachaidh

a leithéid d’fheithicil agus déan na bearta cuí le ligean di dul

tharat, fad is go gcloíonn tú le gach comhartha tráchta. Más

gá, stop ag taobh an bhóthair ach déan iarracht gan stopadh

roimh mhullach cnoic, roimh chortha nó roimh chuid chúng

de bhóthar. Ná cuir thú féin nó úsáideoirí eile bóithre i mbaol

agus seachain dul suas ar an cholbha. Ná coisc go géar agus

tú ag druidim le hacomhal nó le timpeallán, mar b'fhéidir nach

mbeadh feithicil ar do chúl ábalta gach rud a fheiceáil.

Feithiclí cumhacht-thiomáinte a bhíonn in úsáid ag

daoine faoi mhíchumas. Taistealaíonn na feithiclí beaga seo

ag uasluas de 8 mph (12 km/h). Ar dhébhealach, áit a mbíonn

an teorainn luais níos mó ná 50 mph (80 km/h) NÍ MÓR

rabhchán gealánach ómrach a bheith orthu, ach ar bhóithre

eile b’fhéidir nach bhfaighfeá an réamhrabhadh sin (féach

Rialacha 36 – 46, go huile)

Dlí RVLR rialacháin 20(1) & 29

74 �
221

222

223

224

225

Úsáideoirí bóithreabhfuilcúrambreisededhíthorthu

Feithiclí móra. B’fhéidir gur mhó spáis a bheadh de dhíth

ar na feithiclí sin le tiontú nó le déileáil le guais nach bhfuil

tusa ábalta a fheiceáil. Má bhíonn tú ag leanúint feithicil

mhór, ar nós bus nó leoraí altach, bíodh a fhios agat go

mb’fhéidir nach mbeadh an tiománaí ábalta tú a fheiceáil sna

scátháin. Bí réidh le stopadh agus fanacht má bhíonn níos

mó spáis agus ama de dhíth air le casadh.

Riail 221

Tá spás

breise de

dhíth ar

fheithiclí

móra

Tig le feithiclí móra teacht idir thú agus an rud a bhfuil tú ag

amharc air. Bíonn tú ábalta i bhfad níos mó a fheiceáil agus

réamhphleanáil a dhéanamh má tharraingíonn tú siar le cur

leis an achar scartha. Bí foighneach, mar go mbíonn feithiclí

atá níos mó faoi réir teorainneacha luais ata níos ísle ná iad

siúd atá i bhfeidhm do charranna agus do ghluaisrothaithe.

B’fhéidir go mbeadh gléas teorannaithe luais feistithe i roinnt

mhaith feithiclí móra, rud a shrianfaidh luas go dtí 56 mph (90

km/h) fiú amháin ar mhótarbhealach.

Busanna, cóistí agus tramanna. Tabhair tosaíocht do

na feithiclí sin nuair a thig leat a dhéanamh go sábháilte, go

háirithe nuair a dhéanann said comhartha go bhfuil siad réidh

le himeacht ó stadanna. Coimhéad daoine atá ag teacht

amach as bus nó tram agus atá ag trasnú an bhóthair.

Feithiclí leictreacha. Coimhéad feithiclí leictreacha ar nós

flótaí bainne agus tramanna. Bogann tramanna go gasta ach

go ciúin agus ní féidir iad a stiúradh le tú a sheachaint.

Feithiclí a bhfuil rabhcháin gealánacha ómracha

orthu. Tugann siad le fios go bhfuil feithicil mhallghluaisteach

nó feithicil stoptha (ar nós feithicil de chuid Ghníomhaireacht

na dTiománaithe agus na bhFeithiclí, leatóir salainn, céachta

sneachta nó feithicil tarrthála) nó ualaí neamhghnácha, mar

sin druid leo go han-aireach. Ar dhébhealaí srianta, NÍ MÓR

do mhótarfheithiclí a úsáideadh den chéad uair ar 1 Eanáir

75 �
1947 nó ina dhiaidh le huaslas de 25 mph (40 km/h) nó níos

lú (ar nós tarracóirí) rabhchán ómrach gealánach a úsáid.

(Féach Riail 220 fosta.)

Dlí RVLR rialachán 20

Ag tiomáint le linn

drochaimsire �

NÍ MÓR duit ceannsoilse a úsáid nuair nach mbíonn mórán

226 de sholas lae ann, de ghnáth nuair nach dtig leat níos mó

ná 100 méadar (328 troigh) a fheiceáil romhat. Tig leat soilse

ceo tosaigh nó cúil a úsaid fosta ach NÍ MÓR duit iad a chur

as nuair a bhíonn níos mó solais ann (féach Riail 236).

Dlí RVLR rialacháin 28 & 30

Aimsir fhliuch. Nuair a bhíonn aimsir fhliuch ann, beidh faid

227 stoptha méadaithe faoi dhó ar a laghad i gcomparáid leo

siúd atá de dhíth ar bhóithre tirime (féach leathanaigh 42-43).

Tá sé sin amhlaidh mar is lú an greim a bhíonn ag do bhoinn

ar an bhóthar. Nuair a bhíonn aimsir fhliuch ann

• ba chóir duit fanacht i bhfad ar shiúl ón fheithicil romhat.

Cuideoidh sé sin go mór leat amharc romhat agus

réamhphleanáil a dhéanamh

• mura n-oibríonn an roth stiúrtha i gceart, is dócha go

gciallaíonn sé go bhfuil uisce ag cur bac ar bhoinn greim

a fháil ar an bhóthar. Cuir níos lú brú ar an luasaire agus

moilligh de réir a chéile

• d’fhéadfadh go bhfágfadh an fhearthainn agus cáitheadh

ó fheithiclí gur doiligh nithe, d’fheithicil fein san áireamh, a

fheiceáil

• bí eolach ar na contúirtí a bhaineann le díosal doirte agus

an dóigh a ndéanfaidh sé an dromchla an-sleamhain

(féach Iarscríbhinn 6)

• bí thar a bheith cúramach thart ar choisithe, ar rothaithe,

ar ghluaisrothaithe agus ar mharcaigh.

Sioc, oighear agus sneachta

Sa gheimhreadh seiceáil tuar na haimsire áitiúla maidir le

228 rabhaidh faoi oighear nó faoi shneachta. NÁ tiomáin sna

dálaí sin ach amháin i gcás go bhfuil do thuras riachtanach.

Más rud go bhfuil, bí an-chúramach agus tabhair níos mó

ama duit féin leis an turas a dhéanamh. Tabhair trealamh

éigeandála leat: dí-oighreoir, scríobán oighir, tóirse, éadaí

76 �
229

230

Ag tiomáintlelinndrochaimsire

teo agus buataisí, fearas garchabhrach, preabsheoláin agus

sluasaid mar aon le deoch the agus bia éigeandála ar eagla

go mbeifeá sáinnithe nó ar eagla go gclisfeadh d’fheithicil.

Sula dtosaíonn tú ar an turas

• �NÍ MÓR duit bheith ábalta gach rud a fheiceáil, mar sin

glan an sneachta agus oighear ar fad ó d’fhuinneoga

• �NÍ MÓR duit a chinntiú go bhfuil na soilse glan agus go

bhfuil na huimhirchláir le feiceáil go soiléir agus go bhfuil

siad inléite

• cinntigh go bhfuil na scátháin agus na fuinneoga

dínéalaithe go hiomlán

• bain an sneachta ar fad a d’fhéadfadh titim isteach i

mbealach úsáideoirí eile bóithre ó d’fheithicil

• seiceáil go bhfuil do bhealach pleanáilte saor ó

mhoilleanna agus nach bhfuiltear ag tuar aon titim

sneachta nó aon drochaimsir eile

Dlíthe CUR rialachán 35, RVLR rialachán 26 & VERA alt 43 & RV(DRM)

rialachán 11

Riail 229

Cinntigh go

bhfuil do

ghaothscáth

go hiomlán

glan

Agus tú ag tiomáint nuair a bhíonn oighear nó sneachta

ann

• tiomáin go cúramach, fiú amháin má cuireadh grean ar na

bóithre

• coinnigh i bhfad ar chúl ón úsáideoir bóithre romhat óir

d’fhéadfadh faid stoptha bheith deich n-uaire níos mó ná

mar a bhíonn siad ar bhóithre tirime

77 �
231

232

233

• bí cúramach agus tú ag scoitheadh feithiclí atá ag leathadh

salainn nó dí-oighreora eile, go háirithe má tá tú ar

ghluaisrothar nó ar rothar

• coimhéad céachtaí sneachta a d’fhéadfadh sneachta a

chaitheamh amach ar cheachtar taobh. Ná scoith iad

murar glanadh an lána atá tú ag iarraidh a úsáid

• bí réidh le haghaidh athruithe i ndálaí an bhóthair thar

achair measartha gairid

• éist le míreanna nuachta taistil agus tabhair d’aird ar

chomharthaí inathraithe a d’fhéadfadh eolas a thabhairt

faoi chúrsaí aimsire, bail an bhóthair agus cúrsaí tráchta

romhat.

Tiomáin go han-chúramach nuair a bhíonn na bóithre

oighreata. Seachain aon rud a d'fhéadfadh cur isteach ort

féin agus do smacht ar an fheithicil a chailleadh. Ba chóir duit

• tiomáint ar luas íseal i ngiar chomh hard agus is féidir;

luasghéaraigh agus coisc go bog

• tiomáin go han-chúramach ar chorthaí, áit arbh fhusa

smacht a chailleadh. Coisc de réir a chéile ar an bhóthar

dhíreach sula mbaineann tú cortha amach. Agus tú ag

taisteal níos moille, stiúir go socair thar an chortha, ag

seachaint gluaiseachtaí tobanna

• seiceáil do ghreim ar dhromchla an bhóthair nuair a bhíonn

sneachta nó oighear ann trí áit shábháilte a roghnú le cosc

go bog. I gcás go mothaíonn tú nach bhfuil an gaireas

stiúrtha ag oibriú mar is ceart b’fhéidir go mbeadh oighear

ann agus b’fhéidir go mbeadh d’fheithicil ag cailleadh a

greama ar an bhóthar. Nuair a bhíonn feithicil ag taisteal ar

leac oighir, is beag torann a dhéanann na boinn.

Aimsir ghaofar

Cuireann aimsir ghaofar isteach ar fheithiclí taobharda níos

mó ná mar a chuireann ar fheithiclí eile, ach tig le séideáin

láidre carr, rothaí, gluaisrothaí nó marcach a shéideadh as a

chúrsa. Tig leis sin tarlú ar phíosaí oscailte den bhóthar atá

nochta ag trasghaotha láidre, nó nuair a bhíonn tú ag dul thar

dhroichid nó thar bhearnaí sna fálta.

Má bhíonn sé an-ghaofar d’fhéadfadh an tsuaiteacht a

chruthaíonn feithiclí eile cur isteach ar d’fheithicil féin.

Baineann an fhadhb sin le gluaisrothaithe go háirithe, mar sin

coinnigh giota maith ar shiúl uathu agus iad ag scoitheadh

feithicil thaobhard.

78 �
Ag tiomáintlelinndrochaimsire

Ceo

Sula dtéann tú ag taisteal sa cheo seiceáil do scátháin

234 agus ansin moilligh. Má bhíonn an focal ‘Ceo’ le feiceáil ar

chomhartha bóthair nó ar dhroichead iompair lastuas ach

tá an bóthar glan, bí réidh le scailp cheo nó ceo sceadach

gan treo romhat. Fiú má bhíonn an chuma air go bhfuil sé ag

glanadh, tig leat dul isteach i gceo tiubh go tobann.

Agus tú ag tiomáint sa cheo ba chóir duit

235

• do shoilse a úsáid de réir mar is cuí (féach Riail 226)

• fanacht achar sábháilte ar chúl na feithicle romhat. Tig

le soilse cúil dallamullóg a chur ar dhaoine ó thaobh na

sábháilteachta de

• bheith ábalta stopadh giota maith laistigh den fhad a thig

leat a fheiceáil go glan. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach

ar mhótarbhealaí agus ar dhébhealaí, mar go mbíonn

feithiclí ag taisteal níos gasta

• do chuimilteoirí gaothscátha agus dínéaltóirí a úsáid

• tiománaithe eile nach bhfuil ag úsáid ceannsoilse a

choimhéad

• gan luasghéarú le himeacht ó fheithicil atá róghar ar do

chúl.

• do scátháin a sheiceáil sula moillíonn tú. Ansin úsáid na

coscáin ionas go dtugann do shoilse coscáin rabhadh do

thiománaithe ar do chúl go bhfuil tú ag moilliú

• stopadh sa suíomh ceart ag acomhal mura bhfuil tú ábalta

mórán a fheiceáil uaidh agus éisteacht go gcluinfidh tú

an trácht. Nuair a bhíonn tú cinnte go bhfuil sé sábháilte

teacht amach, déan go dearfach é agus ná stop i suíomh

a chuireann tusa go díreach os comhair feithiclí atá ag

teacht chugat.

NÍ MÓR duit GAN soilse ceo tosaigh nó cúil a úsáid ach

236 amháin sa chás nach dtig leat mórán a fheiceáil (féach Riail

226), mar go ndallraíonn siad úsáideoirí eile bóithre agus tig

leo scáth a chur ar do shoilse coscáin. NÍ MÓR duit iad a

chur as nuair a thig leat rudaí a fheiceáil níos fearr.

Dlí RVLR rialacháin 28 & 30

Aimsir the. Coinnigh d’fheithicil aeráilte go maith sa dóigh

237 nach dtagann codladh ort. Bíodh a fhios agat go bhféadfadh

dromchla an bhóthair éirí bog nó má bhíonn sé ag cur i

ndiaidh tréimhse d’aimsir the d’fhéadfadh sé éirí sleamhain.

D’fhéadfadh na dálaí sin cur isteach ort ó thaobh stiúradh

agus cosc na feithicle. Má bhíonn solas geal na gréine do do

dhallrú, moilligh agus stop más gá.

79 �
238

239

Riail 239

Seiceáil sula

n -osclaíonn

tú do

dhoras

Ag fanacht agus ag páirceáil

NÍ MÓR duit GAN fanacht nó páirceáil ar línte buí, le linn na

n-uaireanta feidhmiúcháin a thaispeántar ar amphlátaí in aice

láimhe (nó comhartha ag bealach isteach chuig ceantar i gcás

Ceantar Páirceála Rialaithe féach leathanaigh 112 agus 115).

Léiríonn línte buí dúbailte go bhfuil cosc ar fhanacht ag am

ar bith fiú mura bhfuil aon chomhartha seasta le feiceáil. NÍ

MÓR duit GAN fanacht nó páirceáil, nó stopadh le paisinéirí a

ligean amach agus a phiocadh suas, ar mharcanna a léiríonn

bealach isteach scoile (féach leathanach 116) nuair a léiríonn

comharthaí seasta go bhfuil cosc ar stopadh.

Dlíthe RTRO Airteagal 4(5) & R(RW)O

Páirceáil

Úsáid ceantair pháirceála eas-sráide, nó cuasa atá marcáilte

le línte bána ar an bhóthar mar áiteanna páirceála, i ngach

cás inar féidir é. I gcás go gcaithfidh tú stopadh ar thaobh an

bhóthair

• ná páirceáil os comhair shruth an tráchta

• stop chomh gar agus a thig leat don taobh

• ná stop róghar d’fheithicil atá ag taispeáint Suaitheantas

Gorm, cuimhnigh go mb’fhéidir go mbeadh ní ba mhó

spáis de dhíth ar an taistealaí feithicle dul isteach nó teacht

amach

• NÍ MÓR duit an t-inneall, na ceannsoilse agus na scoilse

ceo a chur as

• NÍ MÓR duit an coscán láimhe a chur air sula bhfágann tú

an fheithicil

80 �
240

241

Ag fanachtagusagpáirceáil

• �NÍ MÓR duit a chinntiú nach mbuaileann tú duine ar

bith nuair a osclaíonn tú do dhoras. Seiceáil le haghaidh

rothaithe nó le haghaidh tráchta eile

• tá sé níos sábháilte do do phaisinéirí (go háirithe páistí)

teacht amach as an fheithicil ar an taobh in aice an

cholbha

• cuir d’fheithicil faoi ghlas.

Dlíthe CUR rialacháin 113, 121 & 123, RVLR rialachán 30, RTO 1995

Airteagal 58 &R(RW)O

NÍ MÓR duit GAN stopadh ná páirceáil ar

• an charrbhealach ar ghualainn chrua mhótarbhealaigh ach

amháin i gcás éigeandála (féach Riail 270)

• thrasrian coisithe, lena n-áirítear an limistéar atá marcáilte

ag na línte fiarláin (féach Riail 191)

• laistigh de 15 mhéadar (50 troigh) d’aon acomhal, ach

amháin i leataobh i sainchúinsí nó i limistéar sainithe

páirceála (féach leathanach 107)

• ghlanbhealach (féach leathanach 107)

• stadanna tacsaí mar atá léirithe ag comharthaí seasta

agus marcanna

• ghlanbhealach uirbeach le linn a uaireanta feidhmiúcháin,

ach amháin le paisinéirí a thógáil nó a ligean amach

• bhóthar atá marcáilte ag línte bána dúbailte, fiú nuair a

bhíonn líne bhán bhriste ar do thaobhsa den bhóthar,

ach amháin le paisinéirí a thógáil nó a ligean amach nó le

feithicil a lódáil nó a dhílódáil áit nach bhfuil cosc air sin

• stad bus marcáilte ar an charrbhealach nó leataobhanna

stadanna bus ach amháin má léiríonn comharthaí a

mhalairt

• lána bus, tram nó rothar le linn a thréimhse oibriúcháin

• raon rothar.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 32, RTRO Airteagal 4(5), TSO Airteagal 25,

CUR rialachán 119 & R(RW)O

NÍ MÓR duit GAN páirceáil in áiteanna páirceála atá in

áirithe d’úsáideoirí ar leith, ar nós lucht Suaitheantas Gorm,

cónaitheoirí nó gluaisrothair, ach amháin má bhíonn siad i

dteideal a dhéanamh.

Dlíthe RTRO Airteagail 14(1) & 19(1) & CSDPA alt 14B

81 �
NÍ MÓR duit GAN d’fheithicil nó do leantóir a fhágáil i

242 suíomh contúirteach nó áit a gcuireann sí bac gan chúis ar

an bhóthar.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 32, RO Airteagal 88 & CUR rialachán 119

NÁ stop ná páirceáil

243 • in aice le bealach isteach scoile

• áit ar bith a gcuirfeá isteach ar Sheirbhísí Éigeandála dul

isteach

• ag stadanna bus nó stadanna tacsaí nó in aice leo

• ar an bhealach chuig crosaire comhréidh / crosaire

trambhealaigh

• in aice le grua cnoic nó le droichead dronnach

• os comhair oileán tráchta nó (i gcás go gcuirfeadh sé sin

bac) feithicil eile atá páirceáilte

• áit a gcaithfeadh trácht eile dul isteach ar lána tram mar

gheall ar an áit a pháirceáil tú

• áit ar íslíodh an colbha le cuidiú le lucht úsáidte

cathaoireacha rothaí agus feithiclí soghluaiseachta

cumhacht-thiomáinte

• os comhair bealach isteach áitribh

• ar chortha

• áit a gcuirfeá bac ar an úsáid a bhaineann rothaithe as

áiseanna rothaíochta ach amháin i gcás go gcuireann

trácht ina stad iallach ort a dhéanamh.

NÁ páirceáil cuid den fheithicil nó an fheithicil iomlán ar an

244 chosán ach amháin i gcás go dtugann comharthaí le fios go

bhfuil a leithéid ceadaithe. Tig le páirceáil ar an chosán bac

a chur ar na grúpaí seo a leanas agus cur isteach go mór

orthu: coisithe, daoine i gcathaoireacha rothaí nó daoine

lagamhairc agus daoine atá ag brú pramanna nó naíchóistí.

Ceantair Pháirceála Rialaithe. Léiríonn na comharthaí

245 ag bealaí isteach chuig na ceantair seo na hamanna a

mbíonn na srianta feithimh laistigh den cheantar i bhfeidhm.

D'fhéadfadh páirceáil bheith ceadaithe i roinnt áiteanna

ag amanna eile. Ina áit sin beidh an pháirceáil le déanamh

laistigh de chuasa páirceála ar leith atá comharthaithe agus

marcáilte.

82 �
246

247

248

249

250

Ag fanachtagusagpáirceáil

Feithiclí earraí. NÍ MÓR d'fheithiclí a bhfuil meáchan

ualaithe uasta thar 7.5 tona acu (an leantóir san áireamh)

GAN bheith páirceáilte ar chiumhais, ar chosán nó ar aon

talamh atá suite idir carrbhealaí, gan cead ó na póilíní. Is é

an t-aon eisceacht air sin nuair atá sé riachtanach páirceáil

le lódáil agus dílódáil a dhéanamh, agus NÍ MÓR GAN an

fheithicil a fhágáil gan duine ina bun.

Dlí RTO 1995 Airteagal 30(1)

Lódáil agus dílódáil. Ná lódáil áit a bhfuil marcanna buí

ar an cholbha agus áit a dtugann comharthaí seasta le fios

go bhfuil srianta i bhfeidhm (féach leathanaigh 115-116).

D’fhéadfadh sé sin bheith ceadaithe áit a bhfuil cosc ar

pháirceáil i ngach cás eile.

Dlí RTRO Airteagal 4(5)

Páirceáil san oíche

NÍ MÓR duit GAN feithicil a pháirceáil ar bhóthar san oíche

agus í dírithe in éadan shruth an tráchta ach amháin i gcás

gur spás páirceála aitheanta atá ann.

Dlíthe CUR rialachán 117 & RVLR rialachán 27

NÍ MÓR do gach feithicil soilse páirceála a thaispeáint agus

iad páirceáilte ar bhóthar nó ar leataobh ar bhóthar ar a bhfuil

teorainn luais níos mó ná 30 mph (48 km/h) i bhfeidhm.

Dlí RVLR rialachán 27

D’fhéadfadh carranna, feithiclí earraí nach dtéann

thar 1525kg de mheáchan gan ualach, cóistí easlán,

gluaisrothaithe agus rothair a pháirceáil gan soilse ar bhóthar

(nó leataobh) ar a bhfuil luasteorainn de 30 mph (48 km/h) nó

níos lú i bhfeidhm má tá siad

• ar a laghad 15 méadar (50 troigh) ar shiúl ó aon acomhal,

gar don cholbha agus dírithe i dtreo shruth an tráchta

• in áit páirceála nó leataobh aitheanta.

NÍ MÓR GAN feithiclí agus leantóirí eile, agus gach feithicil a

bhfuil ualach ag gobadh amach aisti, a fhágáil ar bhóthar san

oíche gan soilse.

Dlíthe RVLR rialachán 27, R(RW)O & CUR rialachán 94(9)

83 �
251

252

Riail 252

Tiontaigh do

rothaí ar shiúl

ón cholbha

agus tú ag

páirceáil agus

ag amharc

suas an cnoc.

Tiontaigh i

dtreo an

cholbha iad

agus tú ag

páirceáil agus

ag amharc

síos an cnoc

Páirceáil sa cheo. Tá sé thar a bheith contúirteach páirceáil

ar an bhóthar nuair a bhíonn ceo ann. Mura bhfuil neart air,

fág do shoilse páirceála nó do thaobhshoilse air.

Páirceáil ar chnoic. Má pháirceálann tú ar chnoc ba chóir

duit

• páirceáil gar don cholbha agus an coscán láimhe a úsáid

i gceart

• giar tosaigh a roghnú agus do roth stiúrtha a thiontú ar

shiúl ón cholbha agus tú ag amharc suas an cnoc

• giar cúlaithe a roghnú agus do roth stiúrtha a chasadh i

dtreo an cholbha agus tú ag amharc síos an cnoc.

• úsáid ‘park’ i gcás go bhfuil giarbhosca uathoibríoch ag

do charr.

Ag amharc suas an cnoc Ag amharc síos an cnoc

Forfheidhmiú Díchoirithe Páirceála

(FDP/DPE)

Tá FDP/DPE i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann cheana féin,

agus tá sé ag éirí níos coitianta ar fud na Ríochta Aontaithe

de réir mar a ghlacann níos mó údarás an ról seo orthu féin.

Tá Seirbhís Bóithre na Roinne Forbartha Réigiúnda nó na

húdaráis áitiúla tráchta sa Bhreatain Mhór freagrach as roinnt

mhaith saruithe a fhorfheidhmiú in áit na bpóilíní. Tá sonraí

breise ar FDP/DPE le fáil ar na láithreáin ghréasáin seo a

leanas:

• www.roadsni.gov.uk/parking/index.htm

• www.parking-appeals.gov.uk (taobh amuigh de Londain)

• www.parkingandtrafficappeals.gov.uk (taobh istigh de

Londain)

84 �
253

254

255

256

257

Mótarbhealaí

Mótarbhealaí

Is iomái riail eile a bhaineann le tiomáint ar an

mhótarbhealach, ina n-iomláine nó codanna díobh: Rialacha

45, 57, 83-126, 130-134, 139, 144, 146-151, 160, 161, 219,

221-222, 225, 226-237, 274-278, 280 agus 281-290.

Eolas ginearálta

Feithiclí a bhfuil cosc orthu. NÍ MÓR do na grúpaí seo

a leanas GAN mótarbhealaí a úsáid: coisithe, sealbhóirí

ceadúnas sealadach tiomána (gluaisrothar nó carr) iad siúd

a úsáideann gluaisrothair faoi 50cc, rothaithe, marcaigh,

feithiclí mallghluaisteacha agus iad siúd atá ag iompar

ualach ollmhór (ach amháin má bhíonn cead speisialta acu),

feithiclí talmhaíochta, agus cathaoireacha rothaí/ scútair

shoghluaisteachta chumhacht-thiomáinte (féach Rialacha

34-46 go huile).

Dlíthe RO Airteagal 16 & sceideal 1 & MTR rialachán 2

De ghnáth bogann an trácht ar mhótarbhealaí níos gasta

ná an trácht ar bhóithre eile, mar sin bíonn níos lú ama agat

freagairt dó. Tá sé thar a bheith tábhachtach do scátháin

a úsáid níos luaithe agus amharc i bhfad níos faide chun

tosaigh ná mar a dhéanfá ar bhóithre eile.

Comharthaí mótarbhealaigh

Úsáidtear comharthaí mótarbhealaigh (féach leathanach 102)

le rabhadh a thabhairt duit faoi chontúirt romhat. Mar shampla,

d’fhéadfadh teagmhas tráchta bheith ann nó d’fhéadfadh ceo,

doirteadh, nó oibrithe bóthair bheith ar an charrbhealach nach

mbeifeá ábalta a fheiceáil láithreach bonn.

Baineann na comharthaí atá suite ar an lárthearmann le gach

lána. Ar chodanna a bhíonn an-ghnóthach, d’fhéadfadh

comharthaí bheith lastuas agus comhartha ar leith ann do

gach lána.

Soilse gealánacha ómracha. Tugann siad rabhadh faoi

ghuais atá romhat. D’fhéadfadh an comhartha uasteorainn

shealadach luais a thaispeáint, lánaí atá druidte nó

teachtaireacht ar nós ‘Ceo’. Moilligh agus coinnigh súil in airde

le haghaidh na contúirte go dtí go dtéann tú thar chomhartha

nach bhfuil ag splancadh nó a deir ‘Contúirt thart’ agus tá tú

cinnte go bhfuil sé sábháilte do luas a mhéadú.

85 �
258

259

260

Soilse gealánacha dearga. Má bhíonn soilse dearga

ar na comharthaí lastuas ag splancadh os cionn do lána

agus tá ‘X’ dearg á thaispeaint, NÍ MÓR duit GAN dul thar

an chomhartha sa lána sin. Má bhíonn soilse dearga ag

splancadh ar chomhartha sa lárthearmann nó ag taobh an

bhóthair, NÍ MÓR duit GAN dul thar an chomhartha in aon

lána.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50 & TSR rialacháin 8 & 33(3)

Ag tiomáint ar an mhótarbhealach

Ag dul ar an mhótarbhealach. Nuair a théann tú ar an

mhótarbhealach de ghnáth, druidfidh tú leis ó bhóthar ar

thaobh na láimhe clé (sliosbhóthar) nó ó mhótarbhealach eile

atá ceangailte leis. Ba chóir duit

• tosaíocht a thabhairt do thrácht atá ar an mhótarbhealach

cheana

• an trácht ar an mhótarbhealach a sheiceáil agus do luas a

chur in oiriúint le dul isteach i sruth na tráchta go sábháilte

sa lána clé.

• gan línte bána gan bhriseadh a thrasnú, línte a scarann

lánaí agus gan an ghualainn chrua a úsáid

• fanacht ar an sliosbhóthar má leanann sé ar aghaidh mar

lána breise ar an mhótarbhealach

• fanacht sa lána clé fada go leor le dul in oiriúint do luas na

tráchta sula smaoiníonn tú ar scoitheadh.

Ar an mhótarbhealach

Nuair a thig leat a fheiceáil go maith romhat agus tá staid an

bhóthair go maith, ba chóir duit

• tiomáint ag luas cúrsóireachta seasta atá tusa agus

d’fheithicil ábalta a láimhseáil go sábháilte agus atá laistigh

den luasteorainn (féach tábla ar leathanach 40)

• fanacht achar sábháilte ar chúl na feithicle romhat.

Méadaigh an bhearna ar bhóithre fliucha nó oighreata, nó

má bhíonn ceo ann (féach Rialacha 126 agus 235).

86 �
261

262

263

264

265

Mótarbhealaí

NÍ MÓR duit GAN dul thar 70 mph (112 km/h), nó an

uasteorainn luais atá ceadaithe do d'fheithicil (féach

leathanach 40). Má tá luasteorainn níos ísle i bhfeidhm, go

buan nó go sealadach, ag oibreacha bóthair mar shampla,

NÍ MÓR duit GAN dul thar an teorainn íochtair. Ar roinnt

mótarbhealaí, úsáidtear comharthaí sainordaitheacha

mótarbhealaigh (a thaispeánann an luas laistigh d'fháinne

dearg leis an luasteorainn a athrú le sruth an tráchta a

fheabhsú. NÍ MÓR duit GAN dul thar an luasteorainn sin.

Dlíthe RO Airteagal 20, RTRO Airteagal 39 & MV(SL)R

Tig leis an leadrán a bhaineann le bheith ag tiomáint ar

mhótarbhealach codladh a chur ort. Leis an riosca a laghdú,

lean an chomhairle i Riail 91.

NÍ MÓR duit GAN cúlú, an lárthearmann a thrasnú, nó

tiomáint in éadan shruth an tráchta. Má théann tú thar do

bhealach amach, nó i gcás go ndeachaigh tú an bealach

mícheart, lean ort go dtí an chéad bhealach amach eile.

Dlí MTR rialacháin 4, 7 & 10

Smacht i lána

Ba chóir duit tiomáint sa lána clé i gcónaí nuair a bhíonn an

bóthar romhat glan. Má tá tú ag scoitheadh roinnt feithiclí

atá ag taisteal níos moille ná tú féin, ba chóir duit filleadh go

dtí an lána clé a luaithe agus atá tú tharstu go sábháilte. Ba

chóir d’fheithiclí mallghluaisteacha nó d’fheithiclí atá srianta

ó thaobh luas de fanacht sa lána clé den charrbhealach

i gcónaí ach amháin má tá siad ag scoitheadh. NÍ MÓR

duit GAN tiomáint ar an ghualainn chrua ach amháin i

gcás éigeandála nó má ordaíonn na póilíní nó comharthaí a

déanamh.

Dlí MTR rialacháin 3 & 8

Níor chóir an lána deas de mhotarbhealach ag a bhfuil trí

lána nó níos mó a úsáid má tá tú ag tiomáint:

• aon fheithicil atá ag tarraingt leantóra

• feithiclí earraí a bhfuil meáchan ualaithe uasta acu thar 3.5

tona ach nach dtéann thar 7.5 tona, ar gá luasteorantóir a

fheistiú inti

• feithicil earraí a bhfuil meáchan ualaithe uasta aici thar 7.5

tona

87 �
266

267

• feithicil do phaisinéirí a bhfuil meáchan ualaithe uasta aici a

théann thar 7.5 tona atá déanta nó curtha in oiriúint le níos

mó ná ochtar paisinéirí ina suí a iompar in éineacht leis an

tiománaí

• feithicil do phaisinéirí a bhfuil meáchan ualaithe uasta aici

nach dtéann thar 7.5 tona atá déanta nó curtha in oiriúint

le níos mó ná ochtar paisinéirí ina suí a iompar in éineacht

leis an an tiománaí, ar gá luasteorantóir bheith feistithe inti.

Ag druidim le hacomhal. Amharc giota maith romhat le

haghaidh comharthaí. D’fhéadfadh treochomharthaí bheith

suite os cionn an bhóthair. I gcás go gcaithfidh tú lánaí

a athrú, déan amhlaidh luath go leor. Ag roinnt acomhal

d’fhéadfadh lána dul go díreach ar shiúl ón mhótarbhealach.

Ná gabh sa lána sin ach amháin más mian leat dul sa treo

atá léirithe ar na comharthaí lastuas.

Scoitheadh

Ná scoith ach amháin má tá tú cinnte go bhfuil sé slán agus

dleathach a dhéanamh. Ná scoith ach ar thaobh na láimhe

deise. Ba chóir duit

• do scátháin a sheiceáil

• am a ghlacadh leis na luasanna a mheas i gceart

• a chinntiú go bhfuil an lána ar a mbeidh tú ag taisteal glan

go leor romhat agus ar do chul

• tabhair spléachadh gasta thar do ghualainn i limistéar

an chaochspota más gá le suíomh feithicle a chinntiú a

d’fhéadfadh bheith imithe ó do radharc sa scáthán

• cuimhnigh go bhféadfadh trácht bheith ag teacht

suas ar do chúl go han-ghasta. Seiceáil gach scáthán

go cúramach. Coinnigh súil in airde le haghaidh

gluaisrothaithe. Nuair atá sé sábháilte, tabhair neart ama

duit féin le comhartha a dhéanamh, ansin bog amach

• cinntigh nach ngearrann tú isteach ar an fheithicil atá tú i

ndiaidh a scoitheadh

• bí thar a bheith cúramach san oíche agus nuair nach

mbíonn mórán de sholas an lae ann nuair a bhíonn sé níos

deacra luas agus fad a mheas.

88 �
268

269

Mótarbhealaí

Ná scoith ar thaobh na láimhe clé agus ná bog go dtí lána ar

chlé le scoitheadh. I gcás go bhfuil brú tráchta ann, áit a

bhfuil lánaí cóngaracha tráchta ag bogadh ar chomhluas,

d’fhéadfadh an trácht i lánaí ar thaobh na láimhe deise bheith

ag bogadh níos gasta ná trácht ar thaobh na láimhe deise.

Sna cásanna sin tig leat coinneáil suas leis an trácht i do lána

fiú má chiallaíonn sé go dtéann tú thar thrácht sa lána ar

dheis. Ná bog isteach agus amach as lánaí le scoitheadh.

Gualainn chrua. NÍ MÓR duit GAN an ghualainn chrua

a úsáid le scoitheadh. I limistéir a bhfuil scéim Bainistíocht

Ghníomhach Tráchta (ATM) i bhfeidhm, d’fhéadfaí an

ghualainn chrua a úsáid mar lána reatha. Bíonn a fhios

agat cén uair a thig leat seo a úsáid mar go dtaispeánfar

comhartha luasteorann os cionn gach lána oscailte, lena

n-áirítear an ghualainn chrua. Ciallaíonn cros dhearg nó

comhartha bán os cionn na gualainne crua NACH MÓR

duit GAN tiomáint ar an ghualainn chrua ach amháin i

gcás éigeandála nó cliseadh. Cuireadh limistéir éigeandála

thearmainn sna limistéir sin fosta le húsáid i gcás éigeandála

nó cliseadh.

Lánaí bus sa ghualainn chrua. Ar phíosaí áirithe de

mhótarbhealach, úsáidtear guaillí crua mar lánaí bus le linn

amanna sonraithe le linn an lae. Tá úsáid na lánaí bus sin faoi

smacht trí úsáid a bhaint as comharthaíocht teachtaireachtaí

dinimiciúla. I gcás éigeandála nó teagmhais feidhmíonn an

lána bus mar ghualainn chrua arís. NÍ MÓR duit GAN an

lána bus a úsáid chun críocha ar bith seachas éigeandáil nó

cliseadh.

Dlí MTR rialacháin 3 & 8

89 �

Riail 269

Droichead

iompair

lastuas ag

taispeáint

cros dhearg

thar

ghualainn

chrua
270

271

272

273

Ag stopadh

NÍ MÓR duit GAN stopadh ar an charrbhealach, an

ghualainn chrua, an sliosbhóthar, an lárthearmann nó

an chiumhais ach amháin i gcás éigeandála, nó nuair a

insíonn na póilíní, comhartha éigeandála nó soilse dearga

gealánacha duit. Ná stop ar an ghualainn chrua le guthán

póca a úsáid ar chor ar bith.

Dlí MTR rialacháin 5, 8 & 10

NÍ MÓR duit GAN duine ar bith a thógáil nó a ligean amach,

ná gan siúl ar mhótarbhealach, ach amháin i gcás éigeandála.

Dlíthe RO Airteagal 20 & MTR rialachán 13

Ag fágáil an mhótarbhealaigh

Mura léiríonn comharthaí go dtéann lána go díreach ar shiúl

ón mhótarbhealach, fágann tú an mótarbhealach de ghnáth

trí shliosbhóthar ar chlé. Ba chóir duit

• súil in airde a choinneáil do na comharthaí a thugann le

fios duit go bhfuil tú ag druidim le do bhealach amach

• bogadh isteach sa lána clé i bhfad sula sroicheann tú do

bhealach amach

• comhartha clé a dhéanamh in am agus moilliú ar an

sliosbhóthar de réir mar is gá.

Nuair a fhágann tú an mótarbhealach nó nuair a úsáideann

tú bóthar idir mótarbhealaí, d’fhéadfadh do luas bheith níos

airde ná mar a thugann tú faoi deara - d’fhéadfadh 50 mph

(80 km/h) bheith cosúil le 30 mph (48 km/h). Seiceáil do

luasmhéadar agus athraigh do luas de réir mar is cuí. Bíonn

corthaí geara le fáil ar roinnt sliosbhóithre, mar sin beidh ort

moilliú.

Cé na comharthaí

a mbeifeá ag súil leo

ón duine seo?

Féach riail 105

agus féach leathanach 105

90 �
274

275

Cliseadh feithiclíagusteagmhaistráchta

Cliseadh feithiclí agus

teagmhais tráchta

Clistí

Má chliseann d’fheithicil, smaoinigh ar na húsáideoirí eile

bóithre uile ar dtús agus

• bog d’fheithicil ón bhóthar más féidir

• tabhair rabhadh do thrácht eile trí úsáid a bhaint as soilse

guaise má tá d’fheithicil ag cur baic ar thrácht

• cuidigh le húsáideoirí eile bóithre tú a fheiceáil trí éadaí

éadromdaite fluaraiseacha a chaitheamh i rith an lae agus

éadaí frithchaiteacha san oíche nó nuair nach mbíonn

mórán sólais ann.

• cuir triantán guaise ar an bhóthar ar a laghad 45 méadar

(147 troigh) ar chúl d’fheithicile a chlis ar an taobh chéanna

den bhóthar, nó úsáid gléasanna eile rabhaidh atá

ceadaithe má tá siad agat. Bí thar a bheith cúramach i

gcónaí agus tú á gcur ar an talamh nó á dtógáil, ach ná

húsáid ar mhótarbhealaí iad riamh

• coinnigh do thaobhshoilse air má tá sé dorcha nó mura

bhfuil mórán de sholas an lae ann

• ná seas (nó ná lig do dhuine ar bith eile seasamh) idir

d’fheithicil agus trácht i d’aghaidh

Rialacha breise don mhótarbhealach

Má bhíonn fadhb ag d’fheithicil, fág an mótarbhealach ag an

chéad bhealach amach eile nó stop ag limistéar seirbhíse.

Mura dtig leat sin a dhéanamh, ba chóir duit

• stopadh ar an ghualainn chrua agus páirceáil chomh fada

ar chlé agus a thig leat agus do rothaí tiontaithe ar chlé

• �iarracht a dhéanamh stopadh in aice le guthán éigeandála

(suite ar eatraimh de mhíle amháin feadh na gualainne

crua)

• �imeacht ón fheithicil ar an doras ar thaobh na láimhe clé

agus a chinntiú go ndéanann do chuid paisinéirí an rud

céanna. NÍ MÓR duit aon ainmhí a fhágáil san fheithicil

nó, i gcás éigeandála, iad a choinneáil faoi smacht ar an

chiumhais. Ná déan iarracht choíche triantán guaise a

chur ar mhótarbhealach

91 �
Riail 275

Fan i bhfad

ar shiúl ón

ghualainn

chrua

276

• gan tú féin a chur i mbaol trí thriail a bhaint as an deisiú is

simplí féin

• a chinntiú go gcoinnítear paisinéirí ar shiúl ón

charrbhealach agus ón ghualainn chrua, agus go

gcoinnítear páistí faoi smacht

• siúl chuig guthán éigeandála ar do thaobhsa den

charrbhealach (lean na saighde ar na cuaillí ag cúl

na gualainne crua) – tá an guthán saor ó tháille agus

ceanglaíonn sé go díreach leis na póilíní. Úsáid na gutháin

seo seachas guthán póca (féach Riail 283. Amharc i dtreo

an tráchta i gcónaí agus tú ag caint ar an ghuthán

• tabhair sonraí iomlána do na póilíní; lena chois sin inis

dóibh más gluaisteánaí leochaileach thú ar nós duine faoi

mhíchumas, duine breacaosta nó duine atá ag taisteal leis/

léi féin

• téigh ar ais go dtí d’fheithicil agus fan in aice d’fheithicle (i

bhfad ón charrbhealach agus ón ghualainn chrua)

• má mhothaíonn tú bhfuil tú i mbaol ó dhuine eile, fill ar

d’fheithicil ar dhoras ar thaobh na láimhe clé agus cuir

gach doras faoi ghlas. Fág d’fheithicil arís a luaithe agus a

mhothaíonn tú go bhfuil an chontúirt sin ar shiúl.

Dlí MTR rialacháin 12 & 13

Sula dtéann tú ar an charrbhealach arís i ndiaidh an chliste,

méadaigh do luas ar an ghualainn chrua agus coinnigh súil

in airde le haghaidh bearna shábháilte sa trácht. Bíodh a

fhios agat go bhféadfadh feithiclí eile bheith ina stad ar an

ghualainn chrua.

92 �
277

278

279

280

281

Cliseadh feithiclíagusteagmhaistráchta

Mura dtig leat d’fheithicil a bhogadh go dtí an ghualainn

chrua

• ná déan iarracht aon ghléas rabhaidh a chur ar an

charrbhealach

• cuir air na solise guaise

• ná fág d’fheithicil go dtí go bhfuil tú ábalta bheith ar shiúl

ón charrbhealach.

Tiománaithe faoi mhíchumas. Má tá tú faoi mhíchumas a

chuireann bac ort cloí leis an chomhairle thuas ba chóir duit

• fanacht i d’fheithicil

• na solise guaise a chur air

• bratainn ‘Cuidigh’ a thaispeáint nó má tá guthán cairr

nó póca agat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí

éigeandála agus bheith réidh le hiad a chur ar an eolas

maidir le cá háit go díreach a bhfuil tú.

Baic

Má thiteann rud ar bith ó d’fheithicil (nó ó aon fheithicil eile)

ar an bhóthar, ná stop lena fháil ar ais ach amháin má bhíonn

sé sábháilte.

Mótarbhealaí. Ar mhótarbhealach ná déan iarracht an bac

a bhogadh tú féin. Stop ag an chéad ghuthán éigeandála eile

agus cuir scairt ar na póilíní.

Teagmhais tráchta

Comharthaí rabhaidh nó soilse gealánacha. Má

fheiceann tú nó má chluineann tú éigeandáil nó feithiclí

tacaíochta teagmhais i bhfad uait bíodh a fhios agat go

bhféadfadh teagmhas tráchta bheith ann romhat (féach Riail

219). D'fhéadfadh póilíní agus oifigigh na Serbhíse Bóithre

bheith de dhíth le hoibriú ar an charrbhealach, mar shampla

ag déileáil le smionagar, imbhuailtí nó ag blocáil an bhóthair

anseo is ansiúd. Úsáidfidh póilíní soilse gealánacha dearga

agus gorma, aghaidh ar chúl, sna cásanna sin. Coinnigh

súil in airde le haghaidh comharthaí mar sin, moilligh agus

bí réidh le stopadh. NÍ MÓR duit cloí le treoracha ar bith a

thugann póilíní maidir le cé acu a thig nó nach dtig leat dul

thar an teagmhas nó an bac go sábháilte.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 49 & RTO 1981 Airteagal 180

93 �
282

283

284

Agus tú ag dul thar láthair teagmhais nó timpiste ná

baineadh sé d’aird ón tiomáint nó ná moilligh mura bhfuil gá

leis (mar shampla má tá an teagmhas ar an taobh eile de

dhébhealach). D’fhéadfadh imbhualadh nó brú tráchta bheith

mar thoradh air sin, ach féach Riail 283.

Má bhaineann imbhualadh duit féin nó do do charr nó má

stopann tú le cúnamh a thabhairt

• úsaid do shoilse guaise le rabhadh a thabhairt do thrácht

eile

• �iarr ar thiománaithe eile a n-inneall a chur as agus gan

tobac a chaitheamh

• �iarr ar dhuine éigin glao a chur ar na seirbhísí éigeandála

láithreach bonn agus tabhair sonraí iomlána maidir le cá

háit ar tharla an teagmhas agus cé acu tá taismigh ar bith

ann (ar mhótarbhealach, úsáid an guthán éigeandála, rud

a chuireann ar chumas na seirbhísí éigeandála a oibriú

amach gan stró cá háit a bhfuil tú. Má úsáideann tú guthán

póca, ar dtús cinntigh gur shainaithin tú cá háit a bhfuil tú ó

na cuaillí marcála ar thaobh na gualainne crua)

• treoraigh daoine nach bhfuil gortaithe ar shiúl ó na feithiclí

go háit shábháilte; ar mhótarbhealach ba chóir go mbeadh

an áit sin, más féidir, i bhfad ar shiúl ón trácht, ón ghualainn

chrua agus ón lárthearmann

• ná bog daoine gortaithe óna bhfeithiclí ach amháin i gcás

go bhfuil siad i mbaol láithreach bonn ó dhóiteán nó ó

phléascadh

• ná bain an clogad de ghluaisrothaí ach amháin más

riachtanach

• bí réidh le garchabhair a thabhairt de réir mar a léirítear ar

leathanaigh 130–132

• fan ar an láthair go dtí go dtagann na seirbhísí éigeandála.

Má tá tú bainteach le haon éigeandáil leighis eile ar an

mhótarbhealach ba chóir duit dul i dteagmháil leis na seirbhísí

éigeandála sa dóigh chéanna.

Teagmhais a bhaineann le hearraí

contúirteacha

Bíonn feithiclí atá ag iompar earraí contúirteacha marcáilte

le gnáthphlátaí frithchaiteacha oráiste. Beidh plátaí guaise

le feiceáil ar thancaeir bhóthair agus ar fheithiclí atá ag

iompar umair nó coimeádáin d'earraí contúirteacha (féach

leathanach 117).

94 �
285

286

287

Cliseadh feithiclíagusteagmhaistráchta

Má tá feithicil atá ag iompar earraí contúirteacha i dteagmhas

tráchta, lean an chomhairle i Riail 283 agus déan na bearta

seo a leanas go háirithe

• cuir as innill agus NÁ CAITH TOBAC

• coinnigh i bhfad ar shiúl ón fheithicil agus ná smaoinigh ar

thaismigh a tharrtháil, mar go bhféadfá tú féin bheith ina

measc

• cuir glao ar na seirbhísí éigeandála agus tabhair a oiread

eolais agus is féidir faoi na lipéid agus na marcanna ar an

fheithicil. Ná húsáid guthan póca gar d’fheithicil atá ag

iompar ualaí inlasta.

Doiciméadú

Má tá tú bainteach in imbhualadh a dhéanann damáiste nó

a ghortaíonn aon duine, aon fheithicil, aon ainmhí nó aon

réadmhaoin eile, NÍ MÓR duit

• stopadh

• d’ainm féin agus ainm agus seoladh úinéir na feithicle,

agus cláruimhir na feithicle a thabhairt do dhuine ar bith a

bhfuil cúis mhaith aige/aici iad a fháil

• mura dtugann tú d’ainm agus do sheoladh ag am an

imbhuailte, na póilíní a chur ar an eolas faoin imbhualadh

láithreach bonn.

Dlí RTO 1981 Airteagail 175 & 176

Má tá duine éigin eile gortaithe agus ní chuireann tú do

theastas árachais ar fáil do phóilín ag am an imbhuailte nó

do dhuine ar bith a bhfuil cúis mhaith aige/aici é a iarraidh NÍ

MÓR duit

• na póilíní a chur ar an eolas faoin imbhualadh láithreach

bonn

• do theastas árachais a chur ar fáil do na póilíní a luaithe

agus is féidir.

Dlí RTO 1981 Airteagal 175

95 �
288

289

Oibreacha bóthair �

Nuair a bhíonn an comhartha ‘Oibreacha Bóthair Romhat’ ar

taispeáint, bíonn ort bheith níos faichillí agus súil a choinneáil

in airde le haghaidh comharthaí breise a thugann treoracha

níos sainiúla. Breathnaigh ar gach comhartha — tá siad

ann ar mhaithe le do shábháilteacht agus ar mhaithe le

sábháilteacht na n-oibrithe bóthair.

• NÍ MÓR duit GAN dul thar aon uasteorainn shealadach

luais.

• Úsáid do scátháin agus téigh isteach sa lána ceart

do d’fheithicil go luath agus de réir mar a ordaíonn

comharthaí.

• Ná hathraigh lánaí le scuaine tráchta a scoitheadh.

• Bí thar a bheith cúramach gar do rothaithe agus do

ghluaisrothaithe mar go bhfuil siad i mbaol sciorrtha ar

ghrean, ar lábán agus ar smionagar eile ag oibreacha

bóthair.

• I gcás go bhfuil lánaí srianta de bharr oibreacha bóthair,

coinbhéirsítear feithicil ar fheithicil (féach Riail 134)

• Ná tiomáin trí limistéar atá timpeallaithe le cóin tráchta.

• Coinnigh súil in airde le haghaidh tráchta ag teacht isteach

nó ag fágáil limistéar na n-oibreacha ach ná lig dá bhfuil ag

dul ar aghaidh ansin d’aird a bhaint den tiomáint. Dírigh ar

an bhóthar romhat, ní ar na hoibreacha bóthair.

• Cuimhnigh go bhféadfadh bac bheith ar an bhóthar

romhat de bharr na n-oibreacha nó de bharr trácht

mhallghluaisteach nó tracht atá ina stad.

• Coinnigh achar sábháilte idir tú féin agus feithiclí eile—

d’fhéadfadh scuainí bheith romhat. Le níos mó eolais a

fháil faoi oibreacha bóthair féach leathanach 134.

Dlí RTRO Airteagal 43

Rialacha breise do bhóithre ardluais

Bí thar a bheith cúramach ar mhótarbhealaí agus ar

dhébhealaí ardluais eile.

• D’fhéadfadh lána amháin nó níos mó bheith druidte don

trácht agus d’fhéadfadh luasteorainn níos ísle bheith i

bhfeidhm.

• In amanna úsáidtear feithiclí oibreacha atá

mallghluaisteach nó ina stad le comhartha mór ‘Fan

ar Chlé’ nó 'Fan ar Dheis' ar a gcúl le lánaí a dhruidim

96 �
290

291

292

293

Crosairí comhréidhe

le haghaidh deisiú bóthair, agus d’fhéadfadh saighead

ghealánach bheith in úsáid fosta leis an fheithicil oibre

a dhéanamh níos feiceálaí do dhaoine i bhfad ar shiúl

agus rabhadh níos luaithe a thabhairt do thiománaithe go

gcaithfidh siad bogadh go dtí an chéad lána eile.

• Seiceáil scátháin, moilligh agus athraigh lánaí más gá.

• Fan achar sábháilte ar chúl na feithicle romhat (féach

Riail 126).

Ciallaíonn córais in aghaidh an tsrutha go bhfeádfá bheith

ag taisteal i lána atá níos cúinge ná gnáthlána agus gan

aon bhacainn bhuan idir tú féin agus an trácht i d’aghaidh.

D’fhéadfaí an ghualainn chrua a úsáid le haghaidh tráchta,

ach bíodh a fhios agat go bhféadfadh go mbeadh feithiclí

a chlis romhat. Fan achar maith ar shiúl ón fheithicil romhat

agus cloígh le haon teorainneacha sealadacha luais.

Crosairí comhréidhe

Is é is crosaire comhréidh ann áit a dtrasnaíonn bóthar

iarnród nó tramlíne. Druid leis go cúramach agus trasnaigh

go cúramach é. Ná tiomáin ar chrosaire go dtí go mbíonn an

bóthar glan ar an taobh eile agus ná gabh róghar don charr

romhat. Ná stop ná páirceáil ar chrosaire nó gar do cheann.

Línte leictreachais lastuas. Tá sé contúirteach baint

do línte leictreachais lastuas. NÍ MÓR duit cloí leis na

comharthaí rabhaidh i dtaca le hairde shábháilte agus ba

chóir duit gan dul ar aghaidh ar an iarnród má bhaineann

d’fheithicil d’aon bhacainn airde nó do chloigíní. Bíonn achar

glanta 5 mhéadar (16 throigh 6 orlach) i gceist de ghnáth,

ach d’fhéadfadh sé bheith ní b’ísle.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50(1) & TSR rialachán 15(2)

Trasrianta faoi rialú soilse tráchta. Bíonn soilse tráchta

ag formhór na dtrasrianta agus bíonn na nithe seo a leanas

acu: solas socair ómra, péire stopsholas gealánach (féach

leathanach 102 agus 109) agus aláram inchloiste do

choisithe. D’fhéadfadh bacainní iomlána, leathbhacainní nó

gan bacainní ar bith bheith acu.

• �NÍ MÓR duit géilleadh do na stopshoilse gealánacha i

gcónaí.

• �NÍ MÓR duit stopadh ar chúl na líne báine atá trasna an

bhóthair.

97 �
Riail 293

Stop nuair

a bhíonn

na soilse

tráchta le

feiceáil

294

295

• Coinnigh ag dul más rud é gur thrasnaigh tú an líne bhán

nuair a bhíonn an solas ómra le feiceáil.

• Ná cúlaigh ar nó thar thrasrian faoi rialú soilse tráchta.

• NÍ MÓR duit fanacht má théann traein thart agus leanann

na soilse dearga dá splancadh. Ciallaíonn sé sin go

mbeidh traein eile ag dul tríd an chrosaire roimh i bhfad.

• Ná trasnaigh ach amháin nuair a chuirtear na soilse as,

agus osclaítear na bacainní.

• Ná déan fiarlán thar leathbhacainní; íslítear go

huathoibríoch iad mar go bhfuil traein ag teacht.

• Ag trasrianta gan bhacainní, bíonn traein ag teacht nuair a

bhíonn na soilse ar taispeáint.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50 & TSR rialacháin 8 & 33

Gutháin iarnróid. Má tá tú ag tiomáint feithicil mhór nó

feithicil mhallghluaisteach, feithicil fhada, íseal atá i mbaol

talmhaithe, nó ainmhithe a thréadaíocht, d’fhéadfadh traein

teacht sula mbíonn tú ar shiúl ón chrosaire. NÍ MÓR duit

géilleadh do chomhartha ar bith a threoraíonn duit an

guthán iarnróid a úsáid le cead trasnaithe a fháil. NÍ MÓR

duit glao a chur fosta agus tú ar shiúl ón chrosaire má iarrtar

a leithéid ort.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50 & TSR rialacháin 8 & 14

Crosairí gan soilse tráchta. Ba chóir d’fheithiclí

stopadh agus fanacht ag an bhacainn nó ag an gheata

nuair a thosaíonn sé a dhruidim agus gan trasnú go dtí go

n-osclaíonn an bhacainn nó an geata.

98 �
Crosairí comhréidhe

Geataí nó bacainní faoi smacht an úsáideora. Bíonn

296 comharthaí ‘Stop’ agus soilse beaga dearga agus glasa ag

roinnt crosairí. NÍ MÓR duit GAN trasnú nuair a bhíonn an

solas dearg ar taispeáint; ná trasnaigh ach amháin i gcás go

bhfuil an solas glas air. I gcás go bhfuil tú ag trasnú le feithicil

ba chóir duit

• na geataí nó bacainní ar an dá thaobh den chrosaire a

oscailt

• seiceáil go bhfuil an solas glas fós air agus trasnaigh go

gasta

• na geataí nó bacainní a dhruidim nuair atá tú ar shiúl ón

chrosaire.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50 & TSR rialachán 8

Mura bhfuil aon soilse ann, lean an gnáthamh i Riail 296.

297 Stop, amharc sa dá threo agus éist sula dtosaíonn tú ag

trasnú. Má tá guthán iarnróid ar fáil, bain úsaid as i gcónaí le

dul i dteagmháil le hoibreoir na gcomharthaí lena chinntiú go

bhfuil sé sábháilte trasnú. Cuir oibreoir na gcomharthaí ar an

eolas arís nuair atá tú glan ar an chrosaire.

Crosairí oscailte. Níl geataí, bacainní, freastalaí ná soilse

298 tráchta acu siúd ach tá comhartha ‘Géill Slí’ acu. Ba chóir

duit amharc sa dá threo, éisteacht agus a chinntiú nach

bhfuil traein ag teacht sula dtrasnaíonn tú.

Teagmhais tráchta agus cliseadh feithiclí. I gcas go

299 gcliseann d’fheithicil nó má bhíonn tú in imbhualadh ar

chrosaire ba chóir duit

• gach duine a fháil amach as an fheithicil agus ar shiúl ón

chrosaire láithreach bonn

• guthán iarnróid a úsáid má tá sé ar fáil le hoibreoir na

gcomharthaí a chur ar an eolas. Lean na treoracha a

thugtar duit

• an fheithicil a bhogadh ón chrosaire go hiomlán má tá am

ann sula dtagann traein. Má bhíonn aláram le cloisteáil nó

má chuirtear an solas ómra air, imigh ón fheithicil agus

imigh ón chrosaire láithreach bonn.

99 �
300

301

302

303

Trambhealaí

Ní bhaineann sé seo ach leis an Bhreatain Mhór i láthair na

huaire. Baineann tagairtí reachtaíochta le reachtaíocht na

Breataine Móire.

NÍ MÓR duit GAN dul isteach ar bhóthar, ar lána nó ar

bhealach eile atá in áirithe do thramanna. Bí thar a bheith

cúramach áit a mbíonn tramanna ag reáchtáil feadh an

bhóthair. Ba chóir duit gan tiomáint díreach ar bharr na ráillí

agus ba chóir bheith an-chúramach nuair a fhágann na

tramanna na príomh-charrbhealaí le dul isteach sa bhealach

in áirithe, lena chinntiú nach leanann tú iad. Is minic a bhíonn

leithead na dtramanna á thaispeáint ag tramlínte, marcáilte

ag línte bána, poncanna buí, nó ag cineál difriúil dromhchla

bóthair. Tugann comharthaí muileata agus soilse bána

treoracha do thiománaithe tramanna amháin.

Dlí RTRA ailt 5 & 8

Bí thar a bheith cúramach áit a dtrasnaíonn an ráillrian

ó thaobh amháin den bhóthar go dtí an taobh eile agus

áit a gcúngaíonn an bóthar agus tagann na ráillrianta gar

don cholbha. Bíonn a gcuid comharthaí tráchta féin ag

tiománaithe tramanna de ghnáth agus d’fhéadfadh cead

bheith acu bogadh nuair nach bhfuil cead agatsa. Géill slí do

thramanna i gcónaí. Ná déan iarracht rás a dhéanamh leo nó

a scoitheadh, nó dul tharstu ar an taobh istigh, ach amháin

má bhíonn siad ag stadanna tram nó stoptha ag comharthaí

tram agus tá lána tram ainmnithe ann duit le scoitheadh.

NÍ MÓR duit GAN d’fheithicil a pháirceáil áit a gcuirfeadh

sé isteach ar thramanna nó áit a gcuirfeadh sé iallach

ar thiománaithe eile a leithéid a dhéanamh. Ná stop ar

aon chuid de ráillrian ach amháin i mbá ainmnithe áit ar

cuireadh ar fáil é feadh an ráillriain agus ar shiúl ón ráillrian.

Agus tú ag déanamh na nithe sin, cinntigh go bhfuil gach

cuid de d’fheithicil taobh amuigh de shainchonair an tram.

Cuimhnigh nach dtig le traein stiúradh thar bhac.

Dlí RTRA ailt 5 & 8

Stadanna tram. Áit a stopann an tram ag ardán, i lár nó

ag taobh an bhóthair, NÍ MÓR duit an bealach a leanúint

a léiríonn na comharthaí agus na marcanna bóthair. Ag

stadanna gan ardáin NÍ MÓR duit GAN tiomáint idir tram

agus an colbha ar thaobh na láimhe clé nuair atá tram

100 �
304

305

306

307

Trambhealaí

stoptha le páisinéirí a thógáil. Mura bhfuil bealach malartach

le feiceáil ar chomhartha ná scoith an tram – fan go dtí go

mbogann sé ar shiúl.

Dlí RTRA ailt 5 & 8

Coimhéad coisithe, go háirithe páistí, atá ag rith le dul ar

bord tram agus tú ag druidim le stad.

Tabhair tosaíocht do thramanna i gcónaí, go háirithe nuair

a dhéanann siad comhartha go bhfuil siad ar tí tarraingt

ar shiúl ó stadanna, ach amháin i gcás nach mbeadh sé

sábháilte. Cuimhnigh go bhféadfadh siad bheith ag iompar

líon ard paisinéirí atá ina seasamh a d’fhéadfaí a ghortú dá

mbeadh ar an tram stop éigeandála a dhéanamh. Coimhéad

daoine atá ag teacht amach as bus nó as tram agus atá ag

trasnú an bhóthair.

Ba chóir do gach úsáideoir bóithre, rothaithe agus

gluaisrothaithe go háirithe, bheith thar a bheith cúramach

agus iad ag tiomáint nó ag rothaíocht/gluaisrothaíocht gar

do ráillrianta nó ag trasnú ráillrianta, go háirithe má tá na

ráillrianta fliuch. Ba chóir duit bheith thar a bheith cúramach

agus tú ag trasnú na ráillrianta ag uillinneacha géara. Is é an

cleachtadh is sábháilte an ráillrian a thrasnú go díreach ag

dronuillinneacha. Ba chóir go mbeadh a fhios ag úsáideoirí

eile bóithre go bhfuil níos mó spáis de dhíth ar rothaithe agus

ar ghluaisrothaithe leis na ráillrianta a thrasnú go sábháilte.

Línte leictreachais lastuas. Bíonn sreanga trambhealaigh

lastuas 5.8 méadar os cionn aon charrbhealaigh de ghnáth,

ach tig leo bheith níos ísle. Ba chóir duit a chinntiú go bhfuil

go leor spáis idir an sreang agus d’fheithicil (lena n-áirítear

aon ualach atá tú ag iompar) sula dtiomáineann tú faoi

shreang lastuas. Ba chóir do thiománaithe feithiclí a bhfuil

craenacha insínte, búm, gaireas dumpála nó cineálacha

eile trealaimh airde inathraithe acu a chinntiú go bhfuil an

trealamh íslithe go hiomlán. I gcás go bhfuil sreanga lastuas

socraithe níos íslithe ná 5.8 méadar, léiríonn marcanna

glanta airde iad - cosúil le comharthaí ‘droichead íseal’. Ba

chóir na glantaí airde ar na plátaí sin a thabhairt do d’aire go

cúramach agus ba chóir cloí leo. Má tá amhras ar bith ort

faoi cé acu a rachadh nó nach rachadh d'fheithicil faoi na

sreanga go sábháilte ba chóir duit teagmháil a dhéanamh i

gcónaí leis na póilíní áitiúla nó oibreoir an trambhealaigh. Ná

gabh sa seans choíche mar go dtig leis sin bheith iontach

guaiseach ar fad.

101 �
Solaschomharthaí ag rialú tráchta �

Comharthaí Soilse Tráchta �

Ciallaíonn

DEARG ‘Stop’.

Fan ar chúl na

líne stop ar an

charrbhealach

Ciallaíonn

DEARG AGUS

ÓMRA ‘STOP’

fosta. Ná téigh

tríd is ná

tosaigh go dtí

go mbíonn

GLAS le

feiceáil

Ciallaíonn

GLAS go dtig

leat dul ar

aghaidh má tá

an bealach

glan.

Bí thar a bheith

cúramach má

tá sé ar intinn

agat casadh ar

chlé nó ar

dheis agus géill

slí do choisithe

atá ag trasnú.

Ciallaíonn ÓMRA

‘Stop' ag an líne

stop.

Ní thig leat dul ar

aghaidh ach

amháin má

bhíonn ÓMRA le

feiceáil i ndiaidh

duit an líne stop

a thrasnú nó tá

tú chomh gar sin

di go bhféadfadh

imbhualadh

bheith ann dá

stopfá.

Soilse dearga gealánacha

Ciallaíonn soilse dearga gealánacha (soilse

dearga a splancann gach re seach) NACH

MÓR duit STOPADH

Ag crosairí comhréidhe, droichid tógála, aerpháirceanna, stáisiúin

dóiteáin, srl.

Comharthaí mótarbhealaigh

NÍ MÓR duit GAN dul ar

aghaidh níos faide sa lána seo

COLLISION

AHEAD

Uasteorainn shealadach luais

mholta agus teachtaireacht

eolais

Athraigh lána

Fág an mótarbhealach ag an

chéad bhealach amach eile

Comharthaí smachtaithe lána �

D'fhéadfadh SAIGHEAD

GHLAS bheith ann fosta de

bhreis ar an chomhartha

iomlán glas má cheadaítear

bogadh i dtreo áirithe nó i

ndiaidh an phas iomlán glais.

Má tá an bealach romhat

glan, ní thig leat dul ar

aghaidh ach amháin sa treo

a thaispeánann an tsaighead.

Tig leat sin a dhéanamh gan

aird ar shoilse eile a

d’fhéadfadh bheith le feiceáil.

D’fhéadfadh comharthaí

soilse bána a bheith ann le

haghaidh tramanna.

Infheictheacht Lána druidte

laghdaithe romhat

romhat

Uasteorainn Deireadh an

shealadach tsriain

luais mholta

Saighead ghlas – lána ar fáil do thrácht atá os comhair an chomhartha �

Crosa dearga – lána druidte do thrácht atá os comhair an chomhartha �

Saighead bhán thrasnánach – athraigh lánaí sa treo a thaispeántar �

102 �
Comharthaí d’úsáideoirí eile

bóithre

Comharthaí treotháscaire

Tá rún agam bogadh amach

ar dheis nó casadh ar dheis

Tá rún agam bogadh isteach ar chlé nó casadh

ar chlé nó stopadh ar thaobh na láimhe clé

Comharthaí soilse Comharthaí solais

coscáin chúlaithe

Tá na coscáin in úsáid agam Tá rún agam cúlú

Níor chóir na comharthaí seo a úsáid ach amháin chun críocha na mbeart a gcuirtear

síos orthu thuas.

Comharthaí láimhe

Le húsáid nuair nach n-úsáidtear comharthaí treotháscaire, nó nuair is gá chun béim a chur ar

chomharthaí treotháscaire agus soilse stopshoilse. Lena chois sin, úsáideann rothaithe agus iad

siúd atá i bhfeighil capall na comharthaí seo.

Tá rún agam bogadh isteach

ar chlé nó casadh ar chlé

Tá rún agam bogadh amach

ar dheis nó casadh ar dheis

103 �

Tá rún agam moilliú nó

stopadh
Comharthaí ó dhaoine

údaraithe

Póilíní

Stop

Trácht ag teacht ón Trácht ag teacht ón taobh tosaigh

taobh tosaigh agus ón taobh chúil

Le trácht a sméideadh anall

Trácht ag teacht ó

chúl an phóilín

Ón taobh Ón taobh tosaigh Ó chúl

Comharthaí láimhe do dhaoine atá ag

rialú tráchta

Tá mé ag iarraidh dul

díreach ar aghaidh

Tá mé ag iarraidh casadh ar chlé;

úsáid ceachtar lámh

104 �

Tá mé ag iarraidh

casadh ar dheis
Gníomhaireacht na dTiománaithe agus

na bhFeithiclí

Oifigeach Forfheidhmiúcháin Ghníomhaireacht na dTiománaithe agus na bhFeithiclí

Tá cumhachtaí ag na hoifigigh seo feithiclí a stopadh/threorú agus bíonn siad ag úsáid comharthaí

láimhe agus comharthaí soilse cosúil leo siúd a úsáideann póilíní. NÍ MÓR duit géilleadh d’aon

chomhartha a dhéantar (féach Riail 107).

Patróil Trasnaithe Scoile

Níl mé réidh le páistí a thabhairt

trasna an bhóthair

Tá mé réidh le páistí a thabhairt trasna an

bhóthair, ní mór d’fheithiclí bheith réidh le

stopadh

105 �

Bacainn le stop a chur le páistí an bóthar a

thrasnú

Ní mór do gach feithicil stopadh
Comharthaí tráchta

Comharthaí a thugann orduithe

Cuireann comharthaí a bhfuil ciorcail dhearga acu cosc ar rud

éigin de ghnáth. �

Míníonn plátaí faoi chomharthaí a dteachtaireacht. �

Deireadh

cheantar

Bealach isteach 20 mph

chuig ceantar

20 mph

Uasteorainn Luasteorainn Patról trasnaithe

luais náisiúnta i scoile

bhfeidhm

Stop agus Géill slí do Comharthaí sealadacha Cosc ar iontráil

géill slí thrácht ar láimhe ar gach saghas

mhórbhóthar STOP agus GO feithicle

Cosc ar fheithiclí

seachas rothair

atá á mbrú

Cosc ar

rothaíocht

Cosc ar

mhótarfheithiclí

Cosc ar bhusanna

(thar 8 suíochán

páisinéirí)

Ná scoitear

Cosc ar Cosc ar fheithiclí Cosc ar fheithicil Cosc ar Cosc ar

charbháin ar ag iompar nó ar fheithiclí fheithiclí thar an fheithiclí thar an

tarraingt pléascáin thar an fhad a airde a leithead a

thaispeántar thaispeántar thaispeántar

Tabhair

tosaíocht

d’fheithiclí ag

teacht malairt

treo

Cosc ar

chasadh ar

dheis

Cosc ar

chasadh ar chlé

Cosc ar

U-chastaí

Cosc ar fheithiclí

earraí thar

ollmheáchan uasta

a thaispeántar (ina

thonaí) seachas le

haghaidh lódála

agus dílódála

Nóta: Cé go dtaispeánann Córas na Slánródaíochta cuid mhaith de na comharthaí atá i

ngnáthúsáid, tá míniú cuimsitheach ar ár gcóras comharthaíochta le fáil sa leabhrán Bí ar an eolas

faoi Chomharthaí Tráchta, atá ar fáil ó dhíoltóirí leabhar. Lena chois sin, léiríonn agus míníonn an

leabhrán an chuid is mó de na comharthaí ar dócha go bhfeicfidh úsáideoir bóithre iad. Níl na

comharthaí a thaispeántar in Córas na Slánródáíochta tarraingthe de réir an scála chéanna.

106 �
Cosc ar fheithiclí

thar

ollmheáchan

uasta a

thaispeántar (ina

thonaí)

Páirceáil srianta do

shealbhóirí Cosc ar stopadh le linn na

ceadúnais amháin tréimhse a thaispeántar

seachas busanna

Cosc ar Cosc ar stopadh

fhanacht (Glanbhealach)

Treoir dhearfach de ghnáth a thugann comharthaí le

ciorcail ghorma ach gan imeall dearg

Cosc ar stopadh le

linn amanna a

thaispeántar

seachas fad a

ghlacann sé

paisinéirí a ligean

amach nó a thógáil

Romhat Casadh ar chlé Cas ar chlé (ar Fan ar chlé (ar Tig le feithiclí

amháin romhat (ar dheis má tá an dheis má tá an scoitheadh ar

dheis má tá an siombal siombal cheachtar

siombal aisiompaithe) aisiompaithe) taobh leis an

aisiompaithe) cheann scríbe

a bhaint amach

Miontimpeallán Bealach le Bealach Íosluas Deireadh

(cúrsaíocht húsáid ag leithscartha íosluais

timpealláin – géill rothaithe rothar agus

slí d’fheithiclí atá amháin coisithe

ag teacht díreach

ó thaobh na

láimhe déise)

Busanna agus Tramanna

rothair amháin amháin

Pointe

Trácht aontreo

trasnaithe (tabhair do d’aire:

coisithe thar cuir i gcomparáid

thrambhealach leis an chomhartha

chiorclach ‘Romhat

amháin’)

Lána bus agus Lána bus in aghaidh Lána rothar leis an sruth

rothar leis an sruth an tsrutha

107 �
Comharthaí rabhaidh

Triantánach den chuid is mó

Deireadh leis Bóthar ag cúngú Bóthar ag

an débhealach ón taobh dheas cúngú ar an

(clé má tá an dá thaobh

Fad chuig an

líne ‘STOP’

siombal

aisiompaithe)

Fad chuig

líne ‘Géill Slí’

romhat romhat

Crosbhóthar

Cortha dúbailte ar

clé ar dtús

(d’fhéadfadh an

siombal bheith

aisiompaithe)

Trácht dhá threo

ag trasnú bóthar

aontreo

Comharthaí

tráchta nach

bhfuil in úsáid

Acomhal ar T-acomhal le Acomhal Trácht ag teacht

chortha tosaíocht thar fiartha ó thaobh na

romhat fheithiclí ó thaobh láimhe clé

na láimhe deise romhat

An líne is leithne a léiríonn an trébhealach tosaíochta.

Cortha ar dheis Timpeallán Dromchla Pláta faoi

(nó ar chlé má tá corrach roinnt

an siombal comharthaí

aisiompaithe)

Trácht dhá threo Oscailt nó Aerárthach ag Carraigeacha

go díreach droichead eitilt go híseal nó ag titim nó

romhat lúdrach trup tobann ó tite

romhat aerárthach

Comharthaí Bóthar Fana géar Mala géar

tráchta sleamhain

D’fhéadfaí grádáin a thaispeáint mar

chóimheas .i. 20% = 1:5

Tollán romhat Tramanna ag Crosaire Crosaire Crosaire

trasnú romhat comhréidh le comhréidh gan comhréidh gan

bacainn nó geata bacainn ná geata bhacainn

romhat romhat

108 �
Comharthaí rabhaidh – ar lean

Patról trasnaithe

scoile romhat

(bíonn soilse

ómra ag roinnt

comharthaí a

splancann nuair

a bhíonn

trasrianta in

úsáid)

Cortha géar ar chlé (ar

dheis má tá na rachtáin

aisiompaithe)

Seans go mbeadh

coisithe laga (nó dalla

nó faoi mhíchumas

má thaispeántar sin)

ag trasnú an bhóthair

romhat

Coisithe sa

bhealach

romhat

Léirítear leithead an spáis

chloiginn atá ar fáil

Comharthaí soilse

romhat ag crosaire

comhréidh, ag aerpháirc

nó ag droichead

Eallach Ainmhithe Capaill nó Capaill nó

fiáine capaillíní capaillíní faoi

fiáine thionlacan

Baol ó Seans go Fad a mbíonn

oighear mbeadh scuainí na huchtóga

tráchta romhat moillithe le fáil

Trasrian

síogach

Contúirt eile;

léiríonn an

pláta an cineál

contúirte

Cábla leictreach

lastuas; léiríonn

pláta uasairde na

bhfeithiclí a dtig

leo dul faoi go

sábháilte

Mionsoilse rabhaidh ag

crosaire comhréidh

Bealach rothar

romhat

Ciumhaiseanna

boga

Gaotha Droichead Comhartha Taobh cé nó Baol ó

taoibh dronnach rabhaidh ina bruach thalmhú

bhfocail abhann

109 �
Treochomharthaí

Dronuilleogach den chuid is mó

Comharthaí ar mhótarbhealaí – cúlraí gorma

Ag acomhal a théann go díreach

isteach go mótarbhealach

(d’fhéadfadh uimhir an acomhail

bheith le feiceáil ar chúlra dubh) Ar an bhealach go hacomhail Comhartha deimhnithe

(uimhir an acomhail ar chúlra bealaigh i ndiaidh

dubh) acomhail

Ciallaíonn saighead atá ag pointeáil síos ‘Gabh sa lána’ �

Téann an lána clé go ceann scríbe difriúil ó na lánaí eile. �

Léiríonn an painéal leis an tsaighead chlaonta na cinn scríbe a thig a bhaint amach ach an

mótarbhealach a fhágáil ag an chéad acomhal eile. �

Comharthaí ar phríomhbhealaí - cúlraí glasa

Ar bhealaí go hacomhail Ar bhealaí go hacomhail

Ag an acomhal

Comhartha deimhnithe bealaigh i

ndiaidh acomhail

Ar an bhealach go hacomhal

Léiríonn painéil ghorma go dtosaíonn an mótarbhealach ag an acomhal romhat. �

Tig leat na mótarbhealaí a thaispeántar idir lúibíní a bhaint amach fosta feadh an bhealaigh a

léirítear. �

Léiríonn painéil bhána bealaí áitiúla nó neamh-phríomhbhealaí a théann ón acomhal romhat. �

Léiríonn painéil dhonna an bealach go nithe is díol spéise do thurasóirí. �

D'fhéadfadh ainm an acomhail a bheith le feiceáil ag barr an chomhartha. �

Léiríonn siombal an aerárthaigh an bealach go haerfort. �

D’fhéadfadh siombal bheith san áireamh le rabhadh a thabhairt faoi ghuais nó faoi bhac ar an

bhealach sin.

110 �

R emove
Comharthaí le cúlraí glasa – ar lean

Príomhbhealach atá mar

chuid de chuarbhóthar

Comharthaí ar neamh-phríomhbhealaí agus ar bhealaí áitiúla –

imill dhubha

Ar bhealaí go hacomhail

Ag an acomhal

An bealach go leithris

atá oiriúnach do

dhaoine faoi

mhíchumas

Léiríonn painéil ghlasa go dtosaíonn an príomhbhealach ag an acomhal romhat. �

Léiríonn uimhreacha bealaigh ar chúlra gorm an bealach go mótarbhealach. �

Léiríonn uimhreacha bealaigh ar chúlra glas an bealach go príomhbhealach. �

Treochomharthaí eile

Láthair phicnicí Maoin National Trust An bealach go carrchlós

Díol spéise do thurasóirí

Bealach rothaíochta

atá mar chuid de

líonra

Siombailí ag taispeáint malairt slí éigeandála do thrácht ar

mhótarbhealach agus ar phríomhbhóthar eile

An bealach go láithreán Bealach a mholtar do

campála agus carbhán leoraithe

Bealach molta do rothair go Bealach coisithe

dtí an áit a thaispeántar

111 �

Malairt slí
Comharthaí eolais

Iad uile dronuilleogach

Bealach isteach

go ceantar

páirceála rialaithe

Áit páirceála do

ghluaisrothair aonair

Deireadh

mótarbhealaigh

Tá tosaíocht ag an trácht

ar an phríomhcharrbhealach,

ag teacht

ó dheis, ar thrácht atá ag

dul sa charrbhealach

Bealach isteach go

ceantar táillí brú tráchta

Lána bus leis an

sruth romhat a

dtig le rothair,

gluaisrothair agus

tacsaithe é a úsáid

fosta �

Deireadh le

ceantar páirceála

rialaithe

Sainlána le

haghaidh feithiclí

ina mbíonn beirt

ar a laghad ag

taisteal (HOV).

Tús mótarbhealaigh agus an

pointe óna mbíonn rialacháin

mótarbhealaigh i bhfeidhm

Breis tráchta ag teacht ar an bhóthar ó

thaobh na láimhe clé romhat. Tá

tosaíocht ag trácht ar an phríomhcharrbhealach

ar thrácht atá ag dul sa

charrbhealach ó lána deas de

shiosbhóthar

Marcanna a ‘chomhaireann síos’ ag bealach amach ó

mhótarbhealach (is ionann gach barra agus 100 slat go dtí

an bealach amach). D’fhéadfaí marcanna droimghlasa a

úsáid ar phríomhbhealaí agus marcanna droimbhána le

barraí dubha ar bhealaí eile. Ag bealaí go crosairí

comhréidhe ceilte d’fhéadfaí marcanna droimbhána le barraí

dearga a úsáid. Cé go gcuirfear in airde iad ag faid

chothroma ní sheasann na barraí d’eatraimh 100 slat.

112 �

Réamhrabhadh

faoi shrian nó faoi

chosc romhat

Cead ag feithiclí

an lána HOV

romhat a úsáid

Lánaí tráchta cuí ag acomhal

romhat

Tá tosaíocht ag trácht

sa lána deas de

shliosbhóthar, atá ag

dul sa phríomhcharrbhealach,

ar an

lána clé

Comhartha ionad seirbhíse

mótarbhealaigh
Comharthaí eolais – ar lean

Tá tosaíocht ag

an trácht ar

fheithiclí atá ag

teacht ina dtreo �

Ospidéal romhat le Aonad eolais

háiseanna do thurasóirí

Timpistí agus Éigeandála

Bealach molta Bealach isteach

do rothair go Ceantar

Cónaithe

Ceantar ina

n-úsáidtear

ceamaraí le

rialacháin tráchta

a chur i bhfeidhm

Comhartha oibreacha bóthair

Ní trébhóthar é

seo d’fheithiclí

Lána bus ar bhóthar

ag acomhal romhat

Oibreacha

bóthair

Cloichíní

scaoilte

Guais shealadach

ag oibreacha

bóthair

Druidim shealadach lána

(d’fhéadfaí líon agus suíomh

na saighead agus na mbarraí

dearga a athrú de réir lánaí

atá oscailte agus druidte)

Feithicil oibre Luasteorainn

mallghluaistí nó éigeantach

stoptha ag cur bac ar romhat

lána tráchta. Téigh

thart sa treo a léiríonn

an tsaighead.

Comharthaí a úsáidtear ar chúl feithiclí

mallghluaisteacha nó stoptha a thugann

rabhadh go bhfuil lána druidte romhat de

bharr feithicil oibre. Níl cón ar bith ar an

bhóthar.

Oibreacha bóthair

1 mhíle romhat

113 �

Srianta lána ag

oibreacha bóthair

romhat

Deireadh le hoibreacha

bóthair agus le haon

srianta sealadacha,

luasteorainneacha san

áireamh

Aistriú aon lána ag

oibreacha bóthair

in aghaidh an

tsrutha
Marcanna bóthair

Trasna an charrbhealaigh

Líne stop ag comharthaí nó Líne stop ag Líne stop do choisithe ag

seicphointe póilíní comhartha ‘Stop’ crosaire comhréidh

Géill slí do thrácht ar Géill slí do thrácht atá ag

phríomhbhóthar (is féidir é a teacht ó dheis ag timpeallán

úsáid ag miontimpealláin fosta)

Feadh an charrbhealaigh

Imeall-líne Lárlíne, féach

Riail 127

Géill slí do thrácht ó thaobh na

láimhe deise ag miontimpeallán

Líne rabhaidh

guaise, féach

Riail 127

Línte bána dúbailte, féach Féach Riail 130

Líne lána,

Rialacha 128 agus 129 Féach Riail

131

114 �
Feadh imeall an charrbhealaigh

Srianta feithimh

Baineann na srianta feithimh atá léirithe ag línte buí leis an charrbhealach agus leis an chosán. Tig

leat stopadh le lódáil nó le dílódáil (mura bhfuil srianta lódála i bhfeidhm fosta; tá cur síos orthu

thíos) nó fad is go bhfuil paisinéirí ag dul ar bord nó ag teacht amach. Ciallaíonn línte buí dúbailte

go bhfuil cosc ar fheitheamh am ar bith, mura bhfuil comharthaí ann a léiríonn srianta séasúracha

go sonrach. Taispeántar na hamanna a mbíonn na srianta i bhfeidhm do mharcanna bóthair eile ar

phlátaí in aice láimhe nó ar chomharthaí ag bealaí isteach go ceantair páirceála rialaithe. Mura

dtaispeántar lá ar bith ar na comharthaí, bíonn na srianta i bhfeidhm gach lá, Domhnach agus

laethanta saoire bainc san áireamh. Léiríonn marcanna bána bá agus comharthaí ar chuaillí (féach

thíos) áit a gceadaítear páirceáil.

Cosc ar Cosc ar fheitheamh le linn Tá an tréimhse feithimh teoranta

fheitheamh am na n-amanna a thaispeántar don fhad atá ainmnithe le linn na

ar bith ar an chomhartha laethanta agus na n-amanna a

thaispeántar

Rialuithe stopála Bealaí Dearga

Úsáidtear línte dearga ar roinnt bóithre seachas línte buí. I Londain léiríonn na línte dearga dúbailte

agus singile a úsáidtear ar Bhealaí Dearga go bhfuil cosc ar stopadh le páirceáil, lódáil/dílódáil nó le

dul ar bord agus teacht amach as feithicil (seachas tacsaí ceadúnaithe nó má tá Suaitheantas

Gorm i seilbh agat). Baineann na línte dearga leis an charrbhealach, leis an chosán agus leis an

chiumhais. Taispeántar na hamanna a mbíonn srianta na línte dearga i bhfeidhm ar chomharthaí in

aice láimhe, ach ciallaíonn an líne dhearg dhúbailte go bhfuil cosc ar stopadh I GCÓNAÍ. Ar Bhealaí

Dearga tig leat stopadh le páirceáil, lódáil/dílódáil i mboscaí sainmharcáilte agus sonraíonn

comharthaí in aice láimhe na hamanna, na feidhmeanna agus an fad a cheadaítear. Léiríonn bosca

MARCÁILTE I NDEARG go bhféadfadh sé bheith ar fáil chun na críocha atá sainithe amháin do

chuid den lá (m.sh. idir amanna ardbhrú tráchta). Ciallaíonn bosca MARCÁILTE I MBÁN go bhfuil sé

ar fáil i rith an lae.

NÍ THIG LE LÍNTE DEARGA AGUS BUÍ ACH TREOIR A THABHAIRT FAOI NA SRIANTA AGUS NA

RIALUITHE ATÁ I BHFEIDHM AGUS NÍ MÓR AMHARC AR CHOMHARTHAÍ, ATÁ IN AICE LÁIMHE

NÓ AG BEALACH ISTEACH GO SAINCHEANTAR.

Cosc ar Cosc ar stopadh Tá an tréimhse páirceála Ní féidir ach lódáil a

stopadh am le linn na teoranta don fhad atá dhéanamh ag na hamanna

ar bith n-amanna a ainmnithe le linn na a thaispeántar ar feadh

thaispeántar ar an laethanta agus na tréimhse uasta de 20

chomhartha n-amanna a thaispeántar bomaite

115 �
Ar an cholbha nó ag imeall an charrbhealaigh

Srianta lódála ar bhóithre nach Bealaí Dearga iad

Léiríonn marcanna buí ar an cholbha nó ag imeall an charrbhealaigh go bhfuil cosc ar lódáil nó ar

dhílódáil ag na hamanna a thaispeántar ar na plátaí dubha agus bána in aice láimhe. Tig leat

stopadh fad is go bhfuil paisinéirí ag dul ar bord nó ag teacht amach as d’fheithicil. Mura

dtaispeántar lá ar bith ar na comharthaí bíonn na srianta i bhfeidhm gach lá, Domhnach agus

laethanta saoire bainc san áireamh.

SEICEÁIL NA HAMANNA A THAISPEÁNTAR AR NA PLÁTAÍ I GCÓNAÍ

Tá an chuid den bhóthar atá in áirithe d'fheithiclí ag lódáil agus ag dílódáil léirithe ag marc bán ‘bá’ leis

na focail ‘Lódáil Amháin’ agus comhartha leis an tsiombail bhán ar ghorm de ‘thralaí’. Lena chois sin,

taispeánann an comhartha seo cé acu atá nó nach bhfuil lódáil agus dílódáil teoranta d’fheithiclí earraí

agus na hamanna ar féidir an bá a úsáid. Mura dtaispeántar aon am ná lá is féidir é a úsáid ag am ar

bith. Ni thig le feithiclí páirceáil ansin mura bhfuil siad ag lódáil nó ag dílódáil.

Cosc ar lódáil nó ar

dhílódáil am ar bith

Cosc ar lódáil nó ar

dhílódáil ag na

hamanna a thaispeántar

Marcanna bóthair eile

Bá lódála

Coinnigh bealach isteach glan ó fheithiclí stoptha, fiú má tá siad ag tógáil nó ag ligean

amach páistí

Rabhadh 'Géill Slí’ go Spás páirceála in áirithe Féach Rialacha Féach Riail 141

díreach romhat d'fheithiclí ainmnithe 240&243

Acomhal bosca, féach

Riail 174

Ná cuir bac ar an chuid sin

den charrbhealach a léirítear

116 �

Léiriú lánaí tráchta
Marcanna feithicle

Cúlmharcanna feithicle earraí troma

Mótarfheithiclí thar ollmheáchan 7500 cileagram uasta agus leantóirí thar ollmheáchan 3500

cileagram uasta

Clé Deas

Lárnach

Ní mór na marcanna ingearacha a chur ar scipeanna tógálaithe a fhágtar ar an bhóthar, ar fheithiclí

tráchtála nó ar chónascadh feithiclí atá níos faide ná 13 mhéadar

(roghnach ar chónascadh feithiclí idir 11 agus 13 mhéadar) �

Plátaí guaise

Ní mór d'fheithiclí áirithe umair atá ag iompar earraí contúirteacha painéil eolais guaise a chur ar

taispeáint

Le haghaidh leacht inlasta atá an painéal a léirítear. �

I measc na siombal muileata a léiríonn rioscaí eile tá: �

Substaint

thocsaineach

Substaint

ocsaídeach

Gás

comhbhrúite

neamh-inlasta

Substaint

radaighníomhach

Beidh an painéal thuas ar

taispeáint ag feithiclí atá

ag iompar earraí

contúirteacha áirithe i

bpacáistí

Substaint

indóite go

spontáineach

Marcanna teilgin Eile �

Taobhmharc Críochmharc

Bíonn an dá mharc de dhíth nuair a bhíonn ualach nó

trealamh (m.sh. géag craenach) ag gobadh amach chun

tosaigh nó ar gcúl níos mó ná dhá mhéadar

117 �

Substaint

chreimneach

Bus scoile (ar taispeáint san

fhuinneog thosaigh nó san

fhuinneog chúil de bhus nó

de chóiste)
Iarscríbhinní

1. Tusa agus do rothar

Cinntigh go bhfuil muinín agat as do chumas dul ag rothaíocht go

sábháilte ar an bhóthar. Cinntigh

• go roghnaíonn tú an mhéid cheart agus an cineál ceart rothair le

haghaidh compoird agus sábháilteachta

• go gcoinnítear soilse agus frithchaiteoirí glan agus in ord ceart

oibre

• go bhfuil bail mhaith ar na boinn agus go bhfuil siad teannta ag an

bhrú a thaispeántar ar an bhonn

• go bhfuil na giaranna ag oibriú i gceart

• go bhfuil an slabhra curtha in oiriúint agus smeartha le hola mar is

ceart

• go bhfuil an diallait agus na hanlaí curtha in oiriúint go dtí an aird

cheart.

NÍ MÓR duit

• a chinntiú go bhfuil do choscáin ag feidhmiú

• a chinntiú go bhfuil cloigín nó bonnán feistithe agus ag oibriú i

gceart

• san oíche, soilse tosaigh agus cúil a úsáid agus frithchaiteoir cúil

dearg a bheith agat.

Dlíthe RV(T)R rialachán 7 & RVLR rialachán 21

Tig le hoiliúint rothaíochta cuidiú le páistí agus le daoine fásta

araon, go háirithe leis na daoine fásta sin atá ag filleadh ar an

rothaíocht leis na scileanna cuí a fhorbairt, scileanna atá de dhíth le

rothaíocht go sábháilte ar bhóithre an lae inniu.

Ba chóir do gach rothaí smaoineamh ar na buntáistí a bhaineann le

hoiliúint rothaíochta a dhéanamh. Le heolas a fháil, téigh i dteagmháil

le d’Oifig áitiúil Oideachais maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre de

chuid na Roinne Comhshaoil

2. Riachtanais maidir le ceadúnas

tiomána gluaisrothair

Má tá ceadúnas sealadach gluaisrothair agat nó ceadúnas

iomlán cairr agat tig leat gluaisrothair le haschur cumhachta suas go

dtí 125cc agus 11 kW a úsáid ar bhóithre poiblí. Le do cheadúnas

iomlán gluaisrothair a fháil NÍ MÓR duit pas a fháil i scrúdú

teoirice gluaisrothaíochta agus ansin pas a fháil i dtriail phraiticiúil

ghluaisrothaíochta.

118 �
Má tá ceadúnas iomlán móipéide agat agus is mian leat

lánteidlíocht ghluaisrothair a bhaint amach beidh ort scrúdú teoirice

gluaisrothaíochta a dhéanamh mura ndearna tú scrúdú teoirice ar

leith nuair a fuair tú do cheadúnas móipéide. Ina dhiaidh sin NÍ MÓR

duit pas a fháil i dtriail phraiticiúil ghluaisrothaíochta.

Dlí MV(DL)R rialachán 31(1)

Ceadúnas gluaisrothair éadroim (A1): tig leat triail a dhéanamh

ar ghluaisrothar idir 75 agus 120cc. Má éiríonn leat pas a fháil tig leat

gluaisrothar a úsáid suas le 125cc le haschur cumhachta suas le

11Kw.

Ceadúnas caighdeánach gluaisrothair (A): má tá d’fheithicil

trialach idir 120 agus 125cc agus ábalta níos mó ná 62mph (100

km/h) a dhéanamh tabharfar ceadúnas caighdeánach (A) duit. Bíonn

tú srianta ansin do ghluaisrothair suas le 25kW go ceann dhá bhliain,

gan aon tréimhsí dícháiliúcháin nó cúlghairme a chur san áireamh. I

ndiaidh dhá bhliain tig leat meaisín d’aon mhéid a úsáid.

NÍ MÓR duit GAN paisinéir cúlóige a iompar ná leantóir a tharraingt

go dtí go n-éiríonn leat i do thriail.

Dlí MV(DL)R rialachán 12

Riachtanais maidir le ceadúnas móipéide

NÍ MÓR do mhóipéid toilleadh sorcóra níos lú ná 50cc bheith aici,

gan bheith níos troime ná 250kg agus bheith deartha le gan dul

níos gasta ná 31 mph (50km/h). Ó Mheitheamh 2003 tá gach Cineál

móipéide Faofa ag an CE srianta go dtí 28mph (45km/h).

Dlí RTO 1981 (arna leasú) Airteagal 19D

Le móipéid a úsáid, NÍ MÓR d’fhoghlaimeoirí

• bheith 16 bliana nó níos sine

• ceadúnas sealadach móipéide a bheith acu.

NÍ MÓR duit pas a fháil sa triail teoirice do ghluaisrothaithe ar dtús

agus ansin pas a fháil sa triail phraiticiúl móipéide le do cheadúnas

iomlán móipéide a fháil.

Má tá ceadúnas iomlán cairr nó gluaisrothair agat tá tú cáilithe le

móipéid a úsáid gan L-phlátaí.

Tabhair do d’aire: Do lucht úsáidte gluaisrothar agus móipéidí ar

mian leo uasghrádú, ní bhíonn scrúdú teoirice gluaisrothaíochta le

déanamh má tá na nithe seo a leanas agat

• ceadúnas iomlán gluaisrothaíochta A1 a fuarthas ar 1/1/97 nó ina

dhiaidh sin

• ceadúnas iomlán móipéide a fuarthas ar 1/7/96 nó ina dhiaidh sin.

Dlí MV(DL)R rialacháin 27(3), 31 & 32

119 �
3. Doiciméadú mótarfheithicle,

riachtanais maidir le tiománaí faoi

oiliúint agus tiománaí srianta

Doiciméid

Ceadúnas tiomána. NÍ MÓR ceadúnas tiomána bailí sínithe a

bheith agat do chatagóir na feithicle atá tú a thiomáint. NÍ MÓR duit

Gníomhaireacht na dTiománaithe agus na bhFeithiclí (DVA) a chur ar

an eolas má athraíonn tú d’ainm agus do sheoladh.

Dlí RTO 1981 Airteagal 3

Ní thig le sealbhóirí ceadúnas nach ceadúnais de chuid an

Chomhphobail Eorpaigh iad atá ina gcónaí sa RA anois tiomáint ar

an cheadúnas sin ach ar feadh tréimhse uasta de 12 mhí ón dáta a

gcuireann siad fúthu sa tír seo.

Le teidlíocht leanúnach tiomána a chinntiú

• ba chóir ceadúnas sealadach de chuid na RA a fháil agus pas

a fháil i dtriail/trialacha tiomána sula mbíonn an tréimhse 12 mhí

thart, nó

• i gcás tiománaí a bhfuil ceadúnas aige/aici ó thír a ainmníodh i

ndlí chun críocha malartaithe ceadúnas, ba chóir don tiománaí an

ceadúnas a mhalartú ar cheann de chuid na RA.

MOT. NÍ MÓR do charranna agus do ghluaisrothair pas a

fháil i scrúdú MOT (teist feithicle) ceithre bliana ó dháta an

chéad chlárúcháin agus gach bliain ina dhiaidh sin. NÍ MÓR

duit GAN feithicil a thiomáint gan teastas scrúdaithe feithicle

a chur ar taispeáint, nuair ba chóir ceann a bheith aici. I

gcásanna eisceachtúla, tig leat tiomáint go dtí coinne scrúdaithe

réamhshocraithe nó go dtí garáiste le haghaidh deisiú atá

de dhíth don scrúdú. Má thiomáineann tú feithicil nach bhfuil

ródacmhainneach d’fhéadfaí d’árachas a chur ar ceal.

Dlí RTO 1995 Airteagail 61, 63, 63A, 65 & 69

Árachas. Le mótarfheithicil a úsáid ar an bhóthar, NÍ MÓR

polasaí bailí árachais a bheith agat. NÍ MÓR go gclúdódh sé thú

maidir le gortú nó le damáiste tríú páirtí ar a laghad fad agus a

bhíonn tú ag úsáid na mótarfheithicle sin. Sula dtiomáineann tú

aon mhótarfheiticil, cinntigh go bhfuil an clúdach seo aici maidir le

húsáid, nó go dtugann d'árachas féin clúdach leordhothaineach.

NÍ MÓR duit GAN mótarfheithicil a thiomáint gan árachas. Lena

chois sin, bíodh a fhios agat, fiú murab ortsa an locht as imbhualadh

tráchta, d’fhéadfadh comhlachtaí árachais tú a choinneáil faoi

dhliteanas.

Dlí RTO 1981 Airteagal 90Tig le ceamaraí bóthair tiománaithe nach bhfuil

árachas acu a aimsiú go huathoibríoch anois.

Tá na cineálacha clúdaigh árachais léirithe mar seo a leanas.

120 �
Árachas tríú páirtí – seo an cineál árachais is saoire de ghnáth,

agus is é an clúdach is lú atá de dhíth de réir an dlí. Clúdaíonn sé

duine ar bith a d’fhéadfá a ghortú nó a m(h)aoin a bhféadfá damáiste

a dhéanamh dó. Ní chlúdaíonn sé damáiste do do mhótarfheithicil

féin nó gortú a bhainfeadh duit féin.

Árachas Tríú páirtí, Dóiteáin agus Gadaíochta – cosúil le tríú

páirtí, ach clúdaíonn sé thú i gcás go ngoidtear do mhótarfheithicil,

nó i gcás go ndéanann dóiteán damáiste dó.

Árachas cuimsitheach – seo an t-árachas is costasaí de ghnáth

ach an t-árachas is fearr. Seachas daoine eile agus maoin a

chlúdach i gcás gortaithe nó damáiste, clúdaíonn sé damáiste do do

mhótarfheithicil féin fosta, suas go dtí luach margaidh na feithicle sin,

agus gortú pearsanta ort féin.

Teastas clárúcháin. Eisítear teastais chlárúcháin (ar a dtugtar

teastais chlárúcháin chomhchuibhithe) do gach mótarfheithicil a

úsáidtear ar an bhóthar, ag cur síos orthu (déantús, múnla srl.) agus

ag tabhairt sonraí den úinéir cláraithe. NÍ MÓR duit an DVA i gCúil

Raithin a chur ar an eolas a luaithe agus is féidir nuair a cheannaíonn

tú nó nuair a dhíolann tú feithicil, nó má athraíonn tú d’ainm agus

do sheoladh. Tá an ceannaitheoir agus an díoltóir freagrach as na

teastais chlárúcháin a chomhlánú. Tá an díoltóir freagrach as iad

a chur ar aghaidh chuig an DVA. Mínítear na gnáthaimh ar chúl na

dteastas clárúcháin.

Dlí RV(R&L)R Cuid IV

Dleacht Mháil Feithicle (VED). NÍ MÓR do gach mótarfheithicil

a úsáidtear nó a choinnítear ar bhóithre poiblí diosca bailí Dleachta

Máil Feithicle (diosca cánach) a chur ar taispeáint an t-am ar fad. Fiú

mótarfheithiclí atá saor ó dhleacht NÍ MÓR dóibh diosca cánach a

chur ar taispeáint an t-am ar fad.

Dlí VERA ailt 29 & 33

Fógra Reachtúil Easbhóthair (SORN). Seo fógra don DVA nach

bhfuil feithicil á húsáid ar an bhóthar. Má tá tú ag iarraidh feithicil

a choinneáil neamhchánaithe agus ar shiúl ón bhóthar phoiblí NÍ

MÓR duit SORN a fhógairt – is cion atá ann gan sin a dhéanamh.

Ní bheidh ort aon cháinbhóthar a dhíol don fheithicil sin go ceann 12

mhí. Caithfidh tú fógairt bhreise a sheoladh i ndiaidh na tréimhse sin

má tá an fheithicil ar shiúl ón bhóthar phoiblí go fóill. Beidh deireadh

leis an SORN má dhíolann tú an fheithicil agus beidh an t-úinéir nua

freagrach as láithreach bonn.

Dlí RV(R&L)R rialachán 26 sceideal 4

Doiciméid a chur ar fáil. NÍ MÓR duit bheith ábalta do

cheadúnas tiomána agus contrapháirt, teastas bailí árachais agus

(más cuí) teastas bailí MOT a chur ar fáil, nuair a iarrann póilín ort sin

121 �
a dhéanamh. Mura dtig leat sin a dhéanamh d’fhéadfaí a iarraidh ort

iad a thabhairt go staisiún póilíní laistigh de sheacht lá.

Dlí RTO 1981 Airteagail 180 & 180A

Tiománaithe faoi oiliúint

NÍ MÓR ceadúnas sealadach bailí a bheith ag tiománaithe faoi

oiliúint atá ag tiomáint cairr. NÍ MÓR do dhuine atá 21 bliain d'aois

ar a laghad agus a bhfuil ceadúnas iomlán CE/LEE aige/aici don

chineál sin cairr (carr uathghiarála nó carr lámhghiarála) le trí bliana ar

a laghad, maoirseacht a dhéanamh orthu.

Dlíthe MV(DL)R rialachán 12 & RTO 1981 Airteagal 3

Feithicilí. NÍ MÓR L-phlátaí dearga a bheith ar taispeáint ar aon

fheithicil atá á tiomaint ag tiománaí faoi oiliúint. NÍ MÓR do phlátaí

cloí le sonraíochtaí dlíthiúla agus NÍ MÓR dóibh bheith le feiceáil ag

daoine eile atá os comhair agus ar chúl na feithicle. Ba chóir na plátaí

a bhaint den fheithicil nó iad a chlúdach nuair nach bhfuil an fheithicil

á tiomaint ag tiománaí faoi oiliúint (seachas ar fheithiclí scoileanna

tiomána.)

45 mph (72km/h) is ea an luasteorainn d’fheithiclí atá ag

taispeáint L-phlátaí, seachas feithiclí earraí, busanna agus cóistí ar

mhótarbhealach.

Dlíthe MV(DL)R rialachán 12, RTO 1981 Airteagal 19 & MV(SLRE)R rialachán 2

NÍ MÓR duit pas a fháil sa scrúdú teoirice (má tá a leithéid de dhíth)

agus ansin sa triail phraiticiúil tiomána do chatagóir na feithicle atá tú

ag iarraidh a thiomáint sula dtiomáineann tú i d’aonar.

Dlí MV(DL)R rialachán 30

Tiománaithe srianta

I ndiaidh duit pas a fháil sa triail tiomána do charr nó do

mhótarfheithicil, ní mór duit R-phlátaí ómracha a chur ar taispeáint

ar feadh bliana ón dáta a n-éiríonn leat sa triail. NÍ MÓR do na plátaí

cloí le sonraíochtaí dlíthiúla agus NÍ MÓR dóibh bheith le feiceáil

ag daoine eile atá os comhair agus ar chúl na feithicle. Ba chóir na

plátaí a bhaint den fheithicil nó iad a chlúdach nuair nach bhfuil an

fheithicil á tiomaint ag tiománaí srianta. 45 mph (72km/h) an t-uasluas

ceadaithe d’aon fheithicil atá ag taispeáint R-phlátaí, is cuma cé acu

atá an fheithicil á tiomáint ag tiománaí srianta nó nach bhfuil.

Dlíthe RTO 1981 Airteagal 19A & MV(PR)R

4. An t-úsáideoir bóithre agus an dlí

Dlí tráchta ar bhóithre

Tá an liosta seo a leanas ar fáil i bhfoirm giorraithe ar fud an Chóid.

Níl sé in ainm a bheith ina threoir chuimsitheach, ach treoir faoi chuid

de na pointí tábhachtacha dlí. Le foclaíocht bheacht an dlí a fháil,

amharc na hOird agus na Rialacháin éagsúla (leasaithe) atá léirithe sa

Chód. Tá na giorrúcháin liostaithe mar seo a leanas.

122 �
Baineann formhór na bhforálacha le gach bóthar ar fud Thuaisceart

Éireann. Áirítear ar bhóithre, bóthar poiblí, aon chuid de bhóthar

poiblí agus aon droichead nó tollán a dtéann bóthar poiblí thairis nó

tríd agus aon sráid, aon charrbhealach, aon mhórbhealach nó aon

bhóthar a bhfuil rochtain ag an phobal uirthi (RTO 1995 Airteagal 2).

Is den tábhacht a thabhairt faoi deara go n-áirítear ar thagairtí do

‘bhóthar’ cosáin agus raonta rothar agus neart bóithre agus cabhsán

ar thalamh príobháideach (lena n-áirítear neart carrchlós). I bhformhór

na gcásanna, baineann an dlí leo agus d’fhéadfadh rialacha breise

do chosáin nó do bhealaí áirithe bheith i bhfeidhm. Baineann roinnt

cionta tiomána tromchúiseacha, lena n-áirítear tiomáint faoi thionchar

dí, le gach áit phoiblí, mar shampla carrchlóis phoiblí.

An tAcht um Dhaoine Ainsealacha & Daoine Faoi Mhíchumas CSPDA

(TÉ) 1978

An tOrdú um Cheartas Coiriúil (TÉ) 1994 CJO

Na Rialacháin um Mótarfheithiclí (Tógáil & Úsáid) (TÉ) 1999 CUR

Na Rialacháin um Mótarfheithiclí (Tógáil & Úsáid) (Leasú Uimh. 5)

(TÉ) 2003 CU(A)R

Na Rialacháin um Mótarfheithiclí (Tógáil & Úsáid) (Leasú)

(TÉ) 2005 CU(A)R

An tOrdú um Chapaill (Clogaid Sábháilteachta do Mharcaigh

Óga) (TÉ) 1990 H(PHYR)O

Na Rialacháin um Chapaill (Clogaid Sábháilteachta do

Mharcaigh Óga) (TÉ) 1992 H(PHYR)R

Na Rialacháin um Ghluaisrothair (Cosaintí Súl) (TÉ) 2004 MC(EP)R

Na Rialacháin um Ghluaisrothair (Clogaid Sábháilteachta)

(TÉ) 1999 MC(PH)R

Na Rialacháin um Mótarfheithiclí (Ceadúnais Tiomána) (TÉ) 1996 MV(DL)R

Na Rialacháin um Cheadúnais Tiomána Mótarfheithiclí (Leasú)

(TÉ) 2003 (4 thacar Rialacháin) MVDL(A)R

Na Rialacháin um Mótarfheithiclí (Cóistí Easlán) (TÉ) 1999 MV(IC)R

Na Rialacháin um Mótarfheithiclí (Srianta atá Leagtha Síos)

(TÉ) 1996 MV(PR)R

Na Rialacháin um Mótarfheithiclí (Luasteorainneacha) (TÉ) 1989 MV(SL)R

Na Rialacháin um Mótarfheithiclí (Srian Luasteorann) (Díolúine)

(TÉ) 1998 MV(SLRE)R

Na Rialacháin um Mótarfheithiclí (Caitheamh Criosanna Sábhála)

(TÉ) 1993 MV(WSB)R

Na Rialacháin um Mótarfheithiclí (Páistí ag Caitheamh Criosanna

Sábhála) (TÉ) 1993 agus 2007 MV(WSBCFS)R

Na Rialacháin um Mótarfheithiclí (Caitheamh Criosanna Sábhála)

(Leasú) 2007 agus 2008 MV(WSB)(A)R

Na Rialacháin um Thrácht ar Mhótarbhealaí (TÉ) 2008 MTR

An tOrdú um Thrácht ar Bhóithre 1981, 1995 nó 2007

(mar atá léirithe) RTO

An tOrdú um Chiontóirí Tráchta ar Bhóithre 1996 RTOO

An tOrdú um Rialú Tráchta ar Bhóithre 1997 (TÉ) RTRO

Na Rialacháin um Shoilsiú Feithiclí (TÉ) 2007 RVL(A)R

Na Rialacháin um Shoilsiú Feithiclí (TÉ)2000 RVLR

Na Rialacháin um Fheithiclí (Clárú & Ceadúnú) 2002 RV(R&L)R

An tOrdú um Thrácht ar Bhóithre (TÉ) 1998 RT(ND)O

Na Rialacháin um Fheithiclí (Trácht) 1933 RV(T)R

An tOrdú um Bóithre 1993 RO

An tOrdú um Bóithre (Srian ar Fheitheamh) (TÉ) 1982 R(RW)O

Na Rialacháin um Fheithiclí (Taispeáint Marcanna Clárúcháin) 2001 RV(DRM)R

An tOrdú um Chaitheamh Tobac 2006 SO

Saor ó dheatach tobac (Díolúiní, Feithiclí, Pionóis & Méideanna

Lascainithe) (TÉ) 2007 SF(EVPDA)R

Na Rialacháin um Chomharthaí Tráchta (TÉ) 1997 TSR

An tAcht um Mál agus Chlárú Feithicle 1994 VERA

Na Rialacháin um Thrasrianta Síogacha, Peileacánacha &

Puifíneacha (TÉ) 2006 PCR

123 �
Tig le daoine orduithe agus rialacháin ón bhliain 1988 a fheiceáil

ar láithreán Gréasáin na hOifige Eolais Earnála Poiblí (www.opsi.

gov.uk). Níl orduithe agus rialacháin roimh 1988 ar fáil ach ina

mbunfhormáid phriontála atá ar fáil ón Oifig Stáiseanóireachta de réir

mar atá mionsonraithe taobh istigh den chlúdach cúil.

5. Pionóis

Leagann parlaimint na pionóis uasta do chionta tráchta. Bíonn

tromchúiseacht an chiona le feiceáil sa phionós uasta. Faoi na

cúirteanna atá sé cinneadh a dhéanamh cé acu breith atá le tabhairt

de réir na gcúinsí.

Léiríonn tábla na bpíonós ar leathanach 125 cuid de na

príomhchionta agus na pionóis a bhaineann leo. Tá réimse leathan

de chionta níos sonraí ann nach dtaispeántar anseo, ar mhaithe le

simplíocht. Déantar cur síos ar chóras na bpointí pionóis agus ar an

chóras dícháiliúcháin thíos.

Pointí pionóis agus dícháiliúcháin

Tá sé mar aidhm ag córas na bpointí pionóis tiománaithe agus

gluaisrothaithe a dhíspreagadh ó thaobh nósanna contúirteacha

gluaisteánaíochta a leanúint. Tig le daoine pointí pionóis a fháil

fosta de bharr cionta áirithe nach mbaineann le gluaisteánaíocht,

m.sh. má theipeann ar dhuine lochtanna feithicle a chóiriú. NÍ MÓR

don chúirt a ordú pointí bheith droimscríofa ar an cheadúnas de

réir an líon seasta nó an réimse atá leagtha síos ag an Pharlaimint.

Feidhmíonn bailiú pointí pionóis mar a bheadh rabhadh ann do

thiománaithe go bhfuil siad i mbaol dícháiliúcháin má dhéanann siad

cionta eile.

Dlí RTOO Airteagail 49 & 50

Dícháileofar tiománaí nó gluaisrothaí a bhailíonn 12 nó níos mó

pointe pionóis laistigh de thréimhse trí bliana. Beidh íostréimhse de

shé mhí i gceist, nó níos faide má bhí an tiománaí nó gluaisrothaí

dícháilithe roimhe sin.

Dlí RTOO Airteagal 40

Do gach cion a iompraíonn pointí pionóis tá cumhacht lánroghnach

ag an chúirt a ordú go ndícháileofar sealbhóir an cheadúnais.

D’fhéadfadh aon tréimhse a bheith i gceist a measann an chúirt

bheith iomchuí, ach de ghnáth is tréimhse idir seachtain agus roinnt

míonna a bhíonn ann.

I gcás cionta tromchúiseacha, ar nós tiomáint chontúirteach agus

tiomáint faoi thionchar dí, NÍ MÓR don chúirt dícháiliú a ordú. 12

mhí an íostréimhse, ach i gcás athchiontaitheoirí nó i gcás go bhfuil

ardleibhéal alcóil i gceist, d’fheadfadh sé bheith ní b'airde. Mar

124 �
Tábla na bPionós

Cion

Pionóis Uasta

Príosúnacht Fíneáil Dícháiliúchán

Pointí

Pionóis

* Bheith i do chúis le

bás nó mórdhíobháil

choirp de bharr

tiomáint chontúirteach

14 bliana

Neamhtheoranta

Éigeantach- 2

bhliain ar a

laghad

3-11 (i gcásanna

eisceachtúla

mura

ndícháilítear an

tiománaí)

3-11 (i gcásanna

* Tiomáint

chontúirteach

5 bliana

Neamhtheoranta

Éigeantach

eisceachtúla

mura

ndícháilítear an

tiománaí)

* Bheith i do chúis le

bás nó mórdhíobháil

choirp trí thiomáint

mhíchúramach agus

14 bliana

Neamhtheoranta

Éigeantach- 2

bhliain ar a

laghad

3-11 (i

gcásanna

eisceachtúla

mura

tú faoi thionchar dí nó ndícháilítear an

drugaí tiománaí)

Tromghoid feithicle

agus tú i do chúis le

bás nó le mórdhíobháil

choirp

Tiomáint

14 bliana

Neamhtheoranta

Éigeantach 3-11

mhíchúramach beag

beann ar thiománaithe

eile

- £5,000 Lánroghnach 3-9

** Tiomáint nuair nach

rabhthar in ann de

bharr dí nó drugaí nó

le barraíocht alcóil; nó

gan bheith in ann

sampla a thabhairt le

haghaidh anailíse

Gan stopadh i ndiaidh

timpiste (imbhualadh)

6 mhí £5,000 Éigeantach

3-11 (i

gcásanna

eisceachtúla

mura

ndícháilítear an

tiománaí)

nó gan timpiste

(imbhualadh) a

thuairisciú

6 mhí £5,000 Lánroghnach 5-10

Ag tiomáint agus tú

dícháilithe

Bheith i do chúis le

2 bhliain

Neamhtheoranta

Lánroghnach 6

bás nó le mórdhíobháil Neamhchoirp

trí thiomáint

mhíchúramach nó

neamhaireach

5 bliana theoranta Éigeantach 3-11

Ag tiomáint gan

árachas

Bheith i do chúis le

6 mhí £5,000 Lánroghnach 6-8

bás nó le mórdhíobháil

choirp trí thiomáint

gan cheadúnas, gan

árachas nó le linn duit

bheith dícháilithe

2 bhliain

Neamhtheoranta

Éigeantach 3-11

£1,000

(£2,500 do 3-6 nó 3

Tiomáint róghasta - - chionta ar an Lánroghnach (pionós

mhótar- socraithe)

bhealach)

Cionta soilse tráchta - £1,000 Lánroghnach 3

Gan teastas MOT - £1,000 - -

Cionta criosanna

sábhála

- £500 - 3

Rothaíocht

chontúirteach

- £2,500 - -

Rothaíocht

mhíchúramach

- £1,000 - -

Gan tiománaí feithicle

a ainmniú

- £1,000 Lánroghnach 6

* I gcás go ndícháilíonn cúirt duine agus é/í ciontach as ceann de na cionta seo, ní mór

di atriail shínte a ordú agus i dtaca leis na cionta sin atá marcáilte

** ní mór di gnáth-atriail a ordú. Tá discréid ag na cúirteanna fosta atriail a ordú d’aon

chion eile a iompraíonn droimscríobh éigeantach, atriail shínte i gcás go bhfuil dícháiliú

ann as cionta athdhéanta agus gnáth-atriail in aon chás eile.

125 �
shampla, má chiontaítear thú as tiomáint faoi thionchar dí le linn

tréimhse deich mbliana dícháileofar thú ar feadh trí bliana ar a laghad.

Dlí RTOO Airteagal 35

Lena chois sin, i roinnt cásanna tromchúiseacha, NÍ MÓR don chúirt

(mar aon le tréimhse ainmnithe dícháiliúcháin a fhorchur) an ciontóir

a ordú bheith dícháilithe go dtí go n-éireoidh leis/léi i dtriail tiomána.

I gcásanna eile tá cumhacht lánroghnach ag an chúirt a leithéid de

dhícháiliú a ordú. D’fhéadfadh gnáthfhad a bheith i gceist leis an triail nó

d’fhéadfadh sé bheith níos faide ag brath ar an chineál ciona atá ann.

Dlí RTOO Airteagal 41

Tiománaithe nua. Bíonn na rialacha speisialta atá leagtha amach

thíos i bhfeidhm ar feadh tréimhse dhá bhliain ón dáta a n-éiríonn leo

ina gcéad triail tiomána; baineann na rialacha le tiománaithe agus le

gluaisrothaithe as na háiteanna seo a leanas:

• an RA, AE/LEE, Manainn, Oileáin Mhuir nIocht nó Giobráltar ar

éirigh leo ina gcéad thriail tiomána in aon cheann de na tíortha sin;

• tíortha iasachta eile ar gá go n-éiríonn leo i dtriail tiomána de chuid

na RA le ceadúnas RA a fháil, sna cásanna sin glactar leis an

cheadúnas RA mar a gcéad triail tiomána; agus

• tíortha iasachta eile a (gan triail de dhíth orthu) a mhalartaigh a

gceadúnas do cheadúnas de chuid na RA agus ar éirigh leo i

dtriail tiomána de chuid na RA ina dhiaidh sin le cineál eile feithicle

a thiomáint, sna cásanna sin glactar leis an triail tiomána de chuid

na RA mar a gcéad triail tiomána. Mar shampla, beidh tiománaí

a mhalartaíonn ceadúnas iasachta (carr) do cheadúnas de chuid

na RA (carr) agus a n-éiríonn leis/léi i dtriail tiomána ina dhiaidh sin

le cineál eile feithicle a thiomáint (m.sh. LGV) faoi réir na rialacha

speisialta.

Má charnann duine atá faoi réir na rialacha speisialta sé phointe

pionóis nó níos mó roimh dheireadh na tréimhse dhá bhliain (lena

n-áirítear aon phointí a fuarthas sular éirigh leis/léi sa triail tiomána)

cúlghairfear a c(h)eadúnas sa ghnáthchúrsa. Leis an cheadúnas a fháil

arís ní mór dóibh iarratas a chur isteach ar cheadúnas sealadach arís

agus ní bheidh siad ábalta tiomáint ach mar thiománaí faoi oiliúint go

dtí go n-éireoidh leo i dtriail tiomána bhreise (féach fosta Iarscríbhinn

8 – Cód Sábháilteachta do thiománaithe nua).

Dlí RT(ND)O

Tabhair do d’aire. Beidh na coinníollacha sin i bhfeidhm fiú má

dhíolann siad as cionta le pionós socraithe. Ní bhaineann na rialacha

speisialta le tiománaithe sa chéad ghrúpa (RA, AE/LEE srl.), a bhfuil

ceadúnas iomlán acu cheana do chineál amháin feithicle, má éiríonn

leo i dtriail tiomána le cineál eile feithicle a thiomáint.

126 �
Iarmhairtí eile a bhaineann le cion a dhéanamh

I gcás gur féidir duine a phríosúnú de bharr ciona, d'fhéadfaí an

fheithicil a úsáideadh leis an chion a dhéanamh a choigistiú.

Dlí CJO Airteagal 11

De bhreis ar na pionóis a d'fhéadfadh cúirt a fhorchur, is dócha

go méadóidh costas an árachais go mór má bhí duine ciontach

as cion tromchúiseach tiomána. Tá sé sin amhlaidh de bharr go

gcreideann comhlachtaí árachais gur mó an seans ann go mbainfidh

imbhualadh do thiománaithe mar sin.

Caithfidh tiománaithe a dícháilíodh de bharr cionta tiomána a

bhaineann le halcól dhá uair taobh istigh de 10 mbliana, nó uair

amháin má tá siad thar dhá oiread go leith na teorann dlíthiúla,

nó iad siúd a dhiúltaigh sampla a thabhairt, Brainse Leighis

Ghníomhaireacht na dTiománaithe agus na bhFeithiclí a shásamh

nach bhfuil fadhb alcóil acu agus go bhfuil siad in ann tiomáint sula

n-eiseofar ceadúnas tiomána i ndiaidh na tréimhse dícháiliúcháin.

D’fhéadfaí ceadúnas tiomána a bhaint do dhuine éigin má bhaineann

sé/sí mí-úsáid as drugaí nó alcól ar bhonn seasmhach.

6. Cothabháil feithicle, sábháilteacht

agus slándáil

Cothabháil feithicle

Déan cinnte go bhfuil soilse, coscáin, an gaireas stiúrtha, an

trealamh sceite, na criosanna sábhála, dínéaltóirí, cuimleoirí agus na

niteoirí gaothscátha uile ag obair. Lena chois sin

• NÍ MÓR soilse, treotháscairí agus uimhirphlátaí a choinneáil glan

• NÍ MÓR an gaothscáth agus na fuinneoga a choinneáil glan agus

saor ó aon rud a d’fhéadfadh cur isteach ar do radharc

• NÍ MÓR do shoilse bheith feistithe i gceart le gan úsáideoirí eile

bóithre a dhallrú. Caithfear aird bhreise a thabhairt air sin má tá

ualach trom ar an fheithicil

• NÍ MÓR d'astúcháin sceite GAN dul thar leibhéil atá leagtha síos

• Cinntigh go bhfuil do shuíochán, do chrios sábhála, do

cheannbhac agus do scátháin curtha in oiriúint i gceart sula

dtiomáineann tú

• Cinntigh go bhfuil gach mála taistil stóráilte go daingean.

Dlíthe RVLR 26 & 30 & CUR rialacháin 35 & 74

Taispeáintí rabhaidh. Cinntigh go dtuigeann tú ciall na dtaispeáintí

rabhaidh ar fad ar phainéal ionstraimí na feithicle. Ná déan

neamhaird de chomharthaí rabhaidh; d’fhéadfadh siad a thabhairt le

fios go bhfuil locht contúirteach ann.

127 �
• � Nuair a thiontaíonn tú an eochair adhainte, soilseofar soilse ach

múchfar iad nuair a thosaíonn an t-inneall (seachas solas rabhaidh

an choscáin láimhe). Mura múchtar iad, nó má shoilsíonn siad le

linn duit bheith ag tiomáint, stop agus fiosraigh an fhadhb, mar go

mb’fhéidir go mbeadh fadhb thromchúiseach ann.

• Má shoilsítear an solas rabhaidh luchtaithe le linn duit bheith ag

tiomáint, d’fhéadfadh sé a thabhairt le fios nach bhfuil an cadhnra

ag luchtú. Ní mór é sin a sheiceáil fosta a luaithe agus is féidir le

caillteanas cumhachta go soilse agus go córais eile leictreacha a

sheachaint.

Imreacha fuinneoige. NÍ MÓR duit GAN feithicil a úsáid a bhfuil

imriú ródhorcha aici ar an ghaothscáth, nó ar an ghloine ar aon

fhuinneog tosaigh ar cheachtar taobh den tiománaí. Cloíonn an

t-imriú a chuirtear ar fhuinneoga na feithicle agus í á déanamh

sa mhonarcha le caighdeáin tarchurais solais (VLT). Níl aon

teorainneacha VLT ann do ghaothscáthanna cúil nó d’fhuinneoga

paisinéirí cúil.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 58, CUR rialachán 37 & CUR(A)R 2005

Boinn. NÍ MÓR do bhoinn bheith teannta go dtí sonraíocht

dhéantóirí na feithicle don ualach atá á iompar. Ceadaigh

lámhleabhar nó sonraí na feithicle i gcónaí. �

Lena chois sin, ba chóir go mbeadh boinn saor ó chineálacha áirithe

gearrtha nó ó lochtanna eile. �

NÍ MÓR do charranna, do veaineanna éadroma agus do

leantóirí éadroma doimhneacht tráchta boinn de 1.6mm ar a

laghad a bheith acu trasna na dtrí cheathrú lárnach de leithead an

tráchta agus timpeall na himlíne iomláine. �

NÍ MÓR do ghluaisrothaithe, d’fheithiclí móra agus d’fheithiclí

a iompraíonn paisinéirí doimhneacht tráchta de 1mm ar a laghad

bheith acu trasna trí cheathrú de leithead an tráchta agus i mbanda

leanúnach timpeall na himlíne iomláine. �

Ba chóir go mbeadh trácht infheicthe ag móipéidí. �

Bíodh a fhios agat go ngearrtar pointí pionóis ar dhaoine de bharr

lochtanna áirithe feithicle. �

Dlí CUR rialachán 32

Má phléascann bonn le linn duit bheith ag tiomáint, déan iarracht

smacht a choinneáil ar d’fheithicil. Beir greim daingean ar an roth

stiúrtha agus lig don fheithicil rolladh go dtí go stopann sí ag taobh an

bhóthair.

Má tá bonn ligthe ar d’fheithicil, stop a luaithe agus atá sé sábháilte.

Ná hathraigh an bonn mura bhfuil tú ábalta sin a dhéanamh gan

tú féin nó daoine eile a chur i mbaol – ina áit sin cuir glao ar lucht

tarrthála feithiclí.

Brú na mbonn. Seiceáil ar bhonn seachtainiúil iad. Déan sin roimh

do thuras, nuair a bhíonn na boinn fuar. D’fhéadfadh boinn theo

léamh míthreorach a thabhairt.

128 �
Bíonn tionchar diúltach ag boinn nach bhfuil teannta i gceart, nó atá

rótheannta, ar do choscáin agus ar an ghaireas stiúrtha. D’fhéadfadh

lochtanna sa chóras coscánaithe nó sa chóras crochta, nó rotha atá

as ailíniú bheith mar chúis róchaithimh nó caithimh mhíchothroim

bonn. Ceartaigh na lochtanna sin a luaithe agus is féidir.

Tá na boinn a shábhálann spás, ar a dtugtar ‘boinn a thabharfaidh

abhaile thú’ go minic, rátaithe de réir luais nó faid. Is féidir comhairle

a fháil ar an bhonn nó i lámhleabhar na feithicle maidir leis an dóigh le

hiad a úsáid.

Níor chóir ‘boinn a mhaireann agus iad pollta’ a úsáid ach amháin

in éineacht le córas monatóireachta brú boinn, rud a ligeann d’fheithiclí

leanúint ar aghaidh ar luasanna laghdaithe d’fhad teoranta i ndiaidh

roth bheith pollta. Is féidir comhairle a fháil maidir leis an dóigh le hiad a

úsáid i lámhleabhar na feithicle.

Leibhéil sreabhán. Seiceáil leibhéil na leachtanna i d'fheithicil uair sa

tseachtain ar a laghad. D’fhéadfadh teip choscáin agus imbhualadh

tarlú de bharr leibhéal íseal leachta coscán. Cinntigh go n-aithníonn

tú na soilse rabhaidh a bhaineann le leibhéal íseal leachta má tá siad

feistithe i d’fheithicil.

Roimh an gheimhreadh. Cinntigh go bhfuil an cadhnra deachothabháilte

agus go bhfuil na hábhair chuí frithreo i do radaitheoir

agus i mbuidéal an ghaothscátha.

Fadhbanna eile. Má

• tharraingíonn d’fheithicil go taobh amháin agus tú ag coscánú, is

dócha gur locht coscánaithe atá ann nó b’fhéidir nach bhfuil na

boinn teannta i gceart. Téigh i gcomhairle le garáiste nó le meicneoir

láithreach bonn

• �leanann d’fheithicil ag preabadh i ndiaidh di bheith brúite síos chun

tosaigh nó ar gcúl, tá a maolairí turrainge caite. Tig le maolairí

turrainge caite dul i bhfeidhm go diúltach ar an dóigh a n-oibríonn

feithicil agus ba chóir iad a athrú

• tá boladh ann de rud ar bith neamhghnách ar nós rubair, peitril nó

locht leictreach; fiosraigh láithreach bonn. Ná gabh sa seans má tá

baol dóiteáin ann.

Innill róthéite nó dóiteán. Is innill uiscefhuaraithe iad formhór

na n-inneall. Má róthéann d’inneall ba chóir duit fanacht go dtí go

bhfuaraíonn sé go nádúrtha. Ná bain claibín choimeádán an fhuartháin

agus ná cuir uisce nó fuarthán eile isteach go dtí go mbíonn an

t-inneall fuar.

Má théann d’fheithicil trí thine, faigh na taistealaithe amach as an

fheithicil go gasta agus téigí go háit shábháilte. Ná déan iarracht an

dóiteán a mhúchadh san áit a bhfuil an t-inneall, mar go spréifidh an

dóiteán má osclaítear an boinéad. Cuir glao ar an tSeirbhís Dóiteáin

agus Tarrthála.

Stáisiúin pheitril/umar breosla/ sceití breosla. Agus tú ag líonadh

suas umar d’fheithicle nó aon channaí breosla atá tú a iompar, cinntigh

nach ndoirteann tú aon bhreosla ar an réamhchúirt. Má dhoirtear aon

bhreosla ba chóir duit an freastalaí sa stáisiún peitril a chur ar an eolas

faoi láithreach bonn.

129 �
Tá doirteadh díosail contúirteach d'úsáideoirí eile bóithre, go háirithe

gluaisrothaithe, mar go laghdaíonn sé go mór an leibhéal greama idir

na boinn agus dromchla an bhóthair. Seiceáil faoi dhó le haghaidh

sceití breosla agus cinntigh

• nach gcuireann tú barraíocht breosla i d’umar

• go bhfuil an claibín breosla feistithe go daingean

• nach bhfuil an séala sa chlaibín stróicthe, damáistithe nó caillte

• nach bhfuil aon damáiste le feiceáil don chlaibín nó don umar

breosla.

Má tá umair bhreosla éigeandála feistithe, ba chóir go mbeadh séala

maith ann.

Ná caith tobac agus ná húsáid fón póca choíche ar réamhchúirt

stáisiún peitril mar gur rioscaí móra dóiteáin iad agus d’fhéadfadh

siad bheith freagrach as pléascadh.

Slándáil feithicle

Nuair a fhágann tú d’fheithicil ba chóir duit

• an eochair adhainte a bhaint amach agus an glas stiúrtha a chur i

bhfeidhm

• an carr a chur faoi ghlas, fiú mura bhfágann tú ar feadh cúpla

nóiméad é

• na fuinneoga a dhruidim go hiomlán

• gan páistí ná peataí a fhágáil i gcarr nach bhfuil aeráilte

• gach rud atá sa charr a thabhairt leat, nó iad a chur faoi ghlas

sa bhúit. Cuimhnigh go bhféadfadh gadaí smaoineamh go bhfuil

nithe luachmhara istigh i mála siopadóireachta

• gan doiciméid na feithicle a fhágáil sa charr.

Le cur le slándáil na feithicle feistigh gaireas frithghadaíochta

ar nós aláraim nó bac dúisithe. Má tá tú ag ceannach carr úr, is

smaoineamh maith atá ann leibhéal na ngnéithe slándála ionsuite a

sheiceáil. Smaoinigh ar do chláruimhir a fháil eitseáilte ar fhuinneoga

uile do chairr. Is bac saor agus éifeachtach é sin ar ghadaithe

gairmiúla.

7. Garchabhair ar an bhóthar

I gcás teagmhais nó imbhuailte tig leat roinnt rudaí a dhéanamh le

cuidiú, fiú mura bhfuair tú aon oiliúint riamh.

1. Déileáil leis an chontúirt.

Imbhuailtí breise agus dóiteán na príomhchontúirtí i ndiaidh

imbhuailte. Bí cúramach agus tú ag druidim le feithicil ar bith a bhfuil

baint aici le himbhualadh. Cuir as gach inneall agus, más féidir,

tabhair rabhadh do thrácht eile. Ná lig do dhuine ar bith tobac a

chaitheamh.

2. Faigh cuidiú

Déan iarracht cuidiú a fháil ó dhaoine atá ina seasamh thart. Faigh

duine éigin le scairt a chur ar na seirbhísí éigeandála cuí a luaithe

130 �
agus is féidir. Beidh orthu fios a bheith acu cá háit go díreach ar

tharla an t-imbhualadh agus líon na bhfeithiclí atá i gceist.

3. Cuidigh leis na daoine a bhfuil baint acu leis an

imbhualadh

NÁ bog taismigh atá fós i bhfeithiclí mura bhfuil aon chontúirt

bhreise ann, NÁ bain clogad de ghluaisrothaí mura bhfuil sé

riachtanach. Cuimhigh go bhféadfadh suaitheadh a bheith ag cur as

don taismeach. NÁ tabhair aon rud le hól ná le hithe dóibh. DÉAN

iarracht iad a dhéanamh te agus chomh compordach agus a thig

leat, ach ná bog iad mura bhfuil gá leis. CUIR ar a gcompord iad

go muiníneach agus déan iarracht gan iad a fhágáil leo féin ná siúl

isteach os coinne tráchta eile.

4. Cuir cúram éigeandála ar fáil

Cumhnigh na litreacha C F A A C.

C – Contúirt – seiceáil nach bhfuil tusa i gcontúirt.

F- Freagairt – déan iarracht freagairt a fháil trí cheisteanna a chur

agus a nguaillí a chroitheadh

A – Aerbhealach – ba chóir an t-aerbhealach a choinneáil glan

agus oscailte. Cuir lámh amháin ar an chlár éadain, dhá mhéar faoin

smig agus claon an ceann siar go bog.

A – Análú – ba chóir a chinntiú go bhfuil an taismeach ag análú go

normálta. A luaithe agus atá an t-aerbhealach oscailte, seiceáil análú

ar feadh 10 soicind nó mar sin.

C – Comhbhrúnna – mura bhfuil siad ag análú go normálta, ba

chóir comhbhrúnna a úsáid le himshruthú na fola a choinneáil; cuir

dhá lámh i lár an chliabhraigh agus brúigh síos 4-5 cm ag ráta 100/

nóiméad. B’fhéidir nach mbeadh ach lámh amháin de dhíth ort i

dtaca le páiste de. Tabhair 30 comhbhrú cliabhraigh. Ansin claon

an ceann siar go bog, fáisc polláirí an taismigh le chéile agus cuir

do bhéal thar a b(h)éalsa. Tabhair dhá anáil, gach ceann acu ag

maireachtáil soicind amháin (úsáid análacha boga le haghaidh páiste

beag).

131 �

Má tá an

taismeach

gan aithne

agus ag

análú, cuir

sa luí

téarnaimh

é/í go dtí go

dtagann

lucht leighis

ar an láthair.
Fuiliú. Ar dtús, seiceáil le haghaidh rud ar bith a d’fhéadfadh bheith

sa chneá, ar nós gloine. Mura bhfuil aon rud leabaithe inti cuir brú

daingean ar an chneá. Bí cúramach gan brú air– cuir leis an phillín

ar cheachtar taobh de. Daingnigh pillín leis an chneá le bindealán no

le píosa éadaigh. Úsáid an t-ábhar is glaine atá ar fáil. Má tá géag

ag cur fola, ach níl sí briste, ardaigh os cionn leibhéal an chroí í leis

an sreabhadh fola a laghdú. D’fhéadfadh gortuithe fadtéarmacha

tarlú má mhaireann aon srianadh ar imshruthú na fola níos mó ná

tréimhse ghairid.

Dó. Déan iarracht an dó a fhuarú trína chlúdach le huisce glan, fuar

nó le leacht neamhthocsaineach chomhchosúil ar feadh 10 nóiméad

ar a laghad. Ná déan iarracht aon rud atá ag greamú den chneá a

bhaint de.

5. Bí ullmhaithe

Bíodh fearas garchabhrach sa charr i gcónaí. D’fhéadfá beatha a

shábháil trí chabhair éigeandála agus trí gharbhabhair a fhoghlaim

ó eagraíocht cháilithe, ar nós na seirbhísí áitiúla otharcharranna,

Cumann agus Briogáid Otharcharranna Naomh Eoin, Cór

Otharcharranna Ord Mhálta, Cros Dhearg na Breataine nó

comhlacht ar bith atá cáilithe mar is ceart (féach leathanach 134 le

haghaidh sonraí teagmhála).

8. Cód sábháilteachta do thiománaithe

nua

A luaithe agus a éiríonn leat sa triail tiomána beidh cead agat

tiomáint leat féin. Tabharfaidh sé sin neart deiseanna duit ach

caithfidh tú bheith cúramach i gcónaí. Cé gur léirigh tú go bhfuil na

scileanna cuí agat le tiomáint go sábháilte, níl mórán taithí ag roinnt

mhaith tiománaithe nua-cháilithe. Caithfidh tú leanúint ar aghaidh

ag forbairt do chuid scileanna, go háirithe an dóigh le hiompar

úsáideoirí eile boithre a réamh-mheas le himbhualadh a sheachaint.

Baineann imbhualadh de chineál éigin do suas le tiománaí amháin

as gach cúigear le linn na chéad bhliana tiomána. Tugann an cód

seo comhairle duit le cuidiú leat fáil tríd an chéad 12 mhí i ndiaidh

duit an triail tiomána a phasáil, nuair a bhíonn tú i mbaol, chomh

sábháilte agus is féidir.

• Tarlaíonn roinnt mhaith de na himbhuailtí is measa san oíche. Tá

ardriosca ag baint leis an am idir meán oíche agus 6.00am do

thiománaithe nua. Seachain tiomáint ansin mura bhfuil fíorghá leis.

• Má bhíonn tú ag tiomáint le paisinéirí, bíonn tú freagrach as

a sábháilteacht. Ná lig dóibh tú a chur ar seachrán nó tú a

spreagadh le rioscaí a ghlacadh. Inis do do phaisinéirí go

gcaithfidh tú díriú ar an tiomáint má tá tú le do cheann scribe a

bhaint amach go sábháilte.

• Ná cuir gothaí ort féin agus ná déan iarracht dul san iomaíocht le

tiománaithe eile, go háirithe má tá siad ag tiomaint go holc.

132 �
• Ná tiomáin má bhíonn alcól ar bith ólta agat nó má tá drugaí

glactha agat. Tig le leighis thar an chuntar fiú cur isteach ar do

chumas tiomáint go sábháilte – léigh an lipéad lena fheiceáil an

bhféadfadh siad cur isteach ort agus tú ag tiomáint.

• Cinntigh go bhfuil gach duine sa charr ag caitheamh crios sábhála

le linn an turais ar fad.

• Coinnigh an luas íseal – tarlaíonn roinnt mhaith imbhuailtí

tromchúiseacha de bharr go gcailleann an tiománaí smacht, go

háirithe ar chorthaí.

• Níl taithí ar bith ag formhór na dtiománaithe nua ar charranna

ardchumhachta nó carranna spóirt a thiomáint. Murar fhoghlaim tú

an dóigh lena leithéid d’fheithicil a thiomáint caithfidh tú neart taithí

tiomána a fháil tú féin sula dtiomáineann tú carr níos cumhachtaí.

• � Is cion atá ann tiomáint gan árachas. Féach Iarscríbhinn 3 le

haghaidh eolais ar chineálacha cumhdaigh árachais.

CUIMHNIGH go gcúlghairfear do cheadúnas faoin Ordú um

Thiománaithe Nua má fhaigheann tú sé phointe pionóis ar do

cheadúnas laistigh de dhá bhliain ó do chéad trialacha tiomána

a phasáil. Beidh ort an scrúdú teoirice agus an triail phraiticiúil a

dhéanamh arís le do cheadúnas iomlán a fháil ar ais.

D’fhéadfá smaoineamh ar oiliúint bhreise a fháil nó ardcháilíocht

tiomána a bhaint amach, rud a d’fhéadfadh airgead a shábháil duit

ar d’árachas mar aon le cuidiú leat an riosca a laghdú go mbainfidh

imbhualadh duit. Tá trí dhóigh ann le níos mó eolais a fháil:

• idirlíon www.roadsafetyni.gov.uk

• guthán Brainse Sábháilteachta ar Bhóithre na Roinne Comhshaoil

028 9054 0040

• ríomhphost roadsafety@doeni.gov.uk

Eolas eile

Tiontuithe méadracha

Tá na tiontuithe a thugtar in Córas na Slánródaíochta slánaithe

suas, ach tá cairt mhionsonraithe tiontaithe le feiceáil thíos.

Mílte Ciliméadair Mílte Ciliméadair

1.00 1.61 40.00 64.37

5.00 8.05 45.00 72.42

10.00 16.09 50.00 80.47

15.00 24.14 55.00 88.51

20.00 32.19 60.00 96.56

133 �
Mílte Ciliméadair Mílte Ciliméadair

25.00 40.23 65.00 104.60

30.00 48.28 70.00 112.65

35.00 56.33

Láithreáin Ghréasáin úsáideacha

Briogáid Otharsheirbhíse Naomh Eoin

(www.sja.org.uk)

Cór Otharcharranna Ord Mhálta (www.orderofmalta.ie)

Cros Dhearg na Breataine (www.redcross.co.uk)

www.roadsafetyni.gov.uk

www.roadsni.gov.uk

www.trafficwatchni.com

www.psni.police.uk

www.dvani.gov.uk

www.roadsafetycouncil.com

www.dft.gov.uk

www.rsa.ie

www.nra.ie

Dea-chleachtas

Is féidir eolas breise faoi dhea-chleachtas tiomána agus

gluaisrothaíochta a fháil i leabhair de chuid Ghníomhaireacht

na gCaighdeán Tiomána, Treoir Oifigiúil DSA do Thiomáint – na

bunscileanna agus Treoir Oifigiúil DSA do Ghluaisrothaíocht – na

bunscileanna. Is féidir eolas ar leith do thiománaithe feithiclí móra a

fháil in Treoir Oifigiúil DSA do Thiomáint Feithiclí Earraí agus Treoir

Oifigiúil DSA do Thiomáint Busanna agus Cóistí.

Scéim an tSuaitheantais Ghoirm

Is féidir eolas ar an scéim seo a fháil ar láithreán Gréasáin Sheirbhís

Bóithre na Roinne Forbartha Réigiúnaí www.roadsni.gov.uk

Cód Cleachtais maidir le Feithiclí Capalltarraingthe

Tá an Cód Cleachtais ar fáil ón Roinn Iompair, Rannóg 6 na

Teicneolaíochta Iompair agus na gCaighdéan, 2ú hUrlár, Great

Minster House, 76 Marsham Street, Londain SW1 P4DR.

Guthán: 0207 944 2078

Oibreacha bóthair

Tá níos mó eolais ar thiomáint trí oibreacha bóthair ar fáil i mbileog

ó Fhoilseacháin Ghníomhaireacht na Mórbhealaí. Cuir scairt ar

0870 1226 236 agus úsáid an uimhir thagartha HA113/04. Le heolas

ginearálta a fháil ó Ghníomhaireacht na Mórbhealaí, cuir scairt ar

08457 504030 nó seol ríomhphost chuig info@highways.gsi.gov.uk.

134 �
Aguisín

Tá timpealláin sábháilte agus simplí má tá na

rialacha seo ar eolas agat agus má úsáideann tú iad.

Tá roinnt mhaith tiománaithe sásta leis an dóigh a n-úsáideann siad

féin timpealláin, ach creideann siad nach n-úsáideann tiománaithe

eile i gceart iad! Sula gcáineann tú iompraíocht tiománaithe eile

ag timpealláin, seiceáil cé chomh heolach agus atá tú féin ar na

rialacha.

Cad chuige a bhfuil timpealláin de dhíth?

Nuair a úsáidtear i gceart iad, tig le timpealláin sruth tráchta a

choinneáil ag dul go réidh ag acomhail ghnóthacha. Tig le feithiclí

dul isteach go timpealláin agus iad a fhágáil trí bhóithre éagsúla, rud

atá sásta agus nach bhfuil contúirteach. Is córais tráchta aontreo

ciorclacha, deiseal iad na timpealláin a ligeann do roinnt sruthanna

tráchta meascadh le chéile.

Na rialacha maidir le timpealláin a úsáid

Géill slí: an riail is tábhachtaí – agus tú ag dul isteach go timpeallán,

géill slí do thrácht ar an timpeallán, mura dtugann marcanna bóthair

nó comharthaí a mhalairt le fios. Má tá an bealach glan coinnigh

ag bogadh. Má stopann tú ag timpeallán glan cuireann sé moill ar

an trácht agus tig le moilleanna móra bheith mar thoradh air. Bíonn

bealach isteach go timpeallán marcáilte ag líne shingil bhriste trasna

an bhóthair de ghnáth. In amanna, d’fhéadfaí marcanna eile bheith

ann. Ag roinnt timpeallán b’fhéidir go mbeadh cead ag lána tráchta

amháin bogadh go saor; beidh marcanna nó comharthaí ann le sin

a chur in iúl.

Luas: druid leis an timpeallán ionas go dtig leat stopadh agus slí a

ghéilleadh más gá. Má dhruideann tú leis an timpeallán róghasta

d’fhéadfadh tiománaithe eile ar an timpeallán smaoineamh go bhfuil

tú ag dul a thiomáint os a gcomhair. D’fhéadfadh siad coscánú nó

claonadh agus d’fhéadfadh imbhualadh bheith mar thoradh air. Má

dhruideann tú leis an timpeallán róghasta agus má choisceann tú

go crua ag bealach isteach go timpeallán d’fhéadfadh imbhualadh

bheith mar thoradh air trí scaoll a chur i dtiománaí atá ag teacht i do

dhiaidh; d’fhéadfadh sé/sí sciorradh isteach i gcúl d’fheithicle.

Agus tú ag tiomáint ar an timpeallán, ba chóir duit na nithe seo a

leanas a chur san áireamh: staid an bhóthair, staid na haimsire, staid

an tráchta agus an dóigh a gcoinníonn d’fheithicil greim ar bhóthar.

Suíomh agus comharthaí: Má tú san áit cheart agus má

dhéanann tú comharthaí soiléire in am, cuidíonn sé le húsáideoirí

eile bóithre. Má tá na rialacha ar eolas agat agus má chloíonn

tú leo cuidíonn sé go mór leis an sruth tráchta agus le cúrsaí

sábháilteachta ag timpealláin.

Cé go gcuireann an iarscríbhinn seo comhairle ghinearálta ar fáil, tig

le tosca eile ar nós comharthaí, marcanna bóthair agus suíomh agus

cineál feithiclí eile tionchar a imirt ar do rogha lána. Áit ar bith a bhfuil

135 �
comharthaí nó marcanna bóthair a léiríonn cá háit a bhfuil na lánaí

cuí, ba chóir duit cloí leo seachas leis na gnáthaimh seo a leanas.

Gnáthamh ceart ag timpealláin

Samhlaigh go bhfuil tú ag teacht go timpeallán gnóthach a bhfuil

6 bhóthar ag teacht isteach chuige. Lean an chomhairle ar na

léaráidí. Glac leis an timpeallán mar a bheadh aghaidh chloig

ann. Tá gach gluaiseacht ar thimpealláin ar deiseal.

Glac leis i gcónaí go bhfuil tusa ag druidim leis an timpeallán ón

suíomh 6 a chlog. Druid leis an timpeallán ag an luas ceart agus

sa ghiar cheart.

Tabhair le fios go soiléir cad é atá ar intinn agat a dhéanamh

i gcónaí. Mura bhfuil aon trácht ag an timpeallán nó ar an

timpeallán tig leat an bealach is gairide agus is áisiúla a ghlacadh

tríd. Cuir as do chomhartha i ndiaidh duit an timpeallán a fhágáil.

Anois agus na rialacha ar eolas agat, tabhair sampla maith do

thiománaithe eile trí bheith ag cloí leo gach uair. B’fhéidir go

ndéanfadh siad aithris ar do stíl tiomána agus é a dhéanamh mar

is ceart fosta!

1. Ag glacadh an chéad bhealach amach (b) ag 8 a chlog

Bealach isteach Lána clé

Comhartha Breathnaigh mórthimpeall ort agus úsáid

treotháscaire clé agus tú ag druidim leis

Ar an timpeallán Fan sa lána clé

Bealach amach Seiceáil scátháin sula bhfágann tú an

timpeallán agus coinnigh an treotháscaire

clé air go dtí go bhfuil tú díreach i ndiaidh an

timpeallán a fhágáil

136 �
2. Ag glacadh an dara bealach amach (c) ag 10 a chlog

Bealach isteach Lána clé

Comhartha Breathnaigh mórthimpeall ort; ná déan

comhartha ar bith

Ar an timpeallán Fan sa lána clé

Bealach amach Seiceáil scátháin agus cuir in iúl go bhfuil tú

ag casadh ar chlé nuair atá tú i ndiaidh dul

thar bhealach amach (b) roimh an cheann is

mian leat a ghlacadh (c)

3. Ag glacadh an tríú bealach amach (d) ag 12 a chlog

Bealach isteach Lána clé

Comhartha Ná déan comhartha ar bith

Ar an timpeallán Fan sa lána clé (úsáid lána deas má dhruid

tú leis sa lána deas)

Bealach amach Seiceáil scátháin agus cuir in iúl go bhfuil tú

ag casadh ar chlé nuair atá tú i ndiaidh dul

thar bhealach amach (c) roimh an cheann is

mian leat a ghlacadh (d)

137 �
4. Ag glacadh an ceathrú bealach amach (e) ag 2 a chlog

Bealach isteach Lána deas

Comhartha Breathnaigh mórthimpeall ort agus cuir in iúl

go bhfuil tú ag casadh ar dheis agus tú ag

druidim leis an timpeallán

Ar an timpeallán Coinnigh sa lána deis in aice le lár an

timpealláin; coinnigh an treotháscaire deas

air

Bealach amach Seiceáil scátháin agus athraigh go

treotháscaire clé nuair atá tú i ndiaidh dul

thar bhealach amach (d) roimh an cheann

is mian leat a ghlacadh. Seiceáil scátháin,

amharc thar do ghualainn chlé agus bog

isteach sa lána clé le haghaidh bealach

amach (e)

5. Ag glacadh an cúigiú bealach amach (f) ag 4 a chlog

Bealach isteach Lána deas

Comhartha Breathnaigh mórthimpeall ort agus cuir in iúl

go bhfuil tú ag casadh ar dheis agus tú ag

druidim leis an timpeallán

138 �
Ar an timpeallán Coinnigh sa lána deas in aice le lár an

timpealláin; coinnigh an treotháscaire deas

ag dul

Bealach amach Seiceáil scátháin agus athraigh go

treotháscaire clé nuair atá tú i ndiaidh dul

thar bhealach amach (e) roimh an cheann

is mian leat a ghlacadh (f). Seiceáil do

scátháin, thabhair spléachadh thar do

ghualainn agus bog isteach sa lána clé le

haghaidh bealach amach (f)

139 �
140 �
solise tráchta 176-177 �

Innéacs Ag cúlú 200-203, 206, 263 �

Baineann na tagairtí le

huimhreacha rialacha,

seachas na huimhreacha

sin i gcló iodálach gorm, ar

uimhreacha leathanach iad.

A

Ábhair seachráin 148-150 �

ABS féach Cóscánú/coscáin �

Achar scartha �

rothaithe 160, 163, 212 �

ceo 235 �

feithiclí móra 222 �

mótarbhealaí 260 �

fad stoptha foriomlán 126, 151,

227, 230, 235, 260, 289 �

ag scoitheadh 163-164, 222 �

Acomhail féach Acomhail Bhóithre �

Acomhail bhóithre 88, 146, 167,

170-183, 211 �

rothaithe 72-75, 170, 177-180,

182-183 �

lánaí 177 �

páirceáil 243 �

coisithe 8, 170, 180, 206 �

Acomhail bhosca 174, 116 �

Ag athrú lánaí 133, 134, 151 �

Ag bogadh ar aghaidh 159

Ag caitheamh tobac 148 �

Ag casadh ar chlé �

lánaí bus/tramanna/rothar 183 �

acomhail 182-183 �

sráideanna aontreo 143 �

timpealláin 186 �

Ag casadh ar dheis �

acomhail bhosca 174 �

rothaithe 74, 212 �

débhealaí 137, 173 �

stríoca/rachtáin trasnánacha 130 �

acomhail 179-181 �

sráideanna aontreo 143 �

timpealláin 186 �

141 �

Ag cur d’fheithicil san áit cheart

ag acomhail 175-179, 186, 235 �

ar an bhóthar 160 �

Ag feitheamh, 238 �

Ag iompar ainmhithe 98 �

Ag ionramháil 159-190, 200-203 �

feithiclí móra 221 �

gluaisrothair 88 �

Ag ól agus ag tiomáint 68, 95,

124-127 �

Ag Rothaíocht/Marcaíocht/ �

Gluaisrothaíocht �

rothar 61-82 �

capall 52-55 �

gluaisrothar 83-88 �

Ag sciorradh 119 �

Ag scoitheadh 135, 160,

162-169, 230 �

ainmhithe 163, 214-215 �

roimh scoitheadh 162 �

lánaí bus 165 �

feithiclí eile do do scoitheadh

168-169 �

trasrianta 165, 191 �

rothaithe 65, 67, 129, 160, 163,

211-212, 232 �

débhealaí 137-138 �

marcaigh 215 �

feithiclí fada 160, 164, 169 �

gluaisrothaithe 88, 163,

211-212, 230 �

mótarbhealaí 267-268 �

scuainí 163, 288 �

bóithre aon-raon 155 �

tramanna 167, 301, 303

Ag splancadh ceannsoilse

110-111

Ag stopadh/páirceáil 238-252 �

lánaí bus 240 �

lánaí rothar 140 �

crosairí comhréidhe 291, 294

fóin phóca 149

mótarbhealaí 91, 240, 270-271 �

ar chosáin 244, 246 �
taobh amuigh de scoileanna 238 �

áiteanna scoite 155-156 �

trasrianta coisithe 191-192,

196-197, 240 �

bóithre aon-raon 155-156 �

Ag tarraingt 98, 160 �

Ag tiomáint, comhairle ghinearálta

44-156 �

Ag tiomáint sa gheimhreadh

129 �

féach fosta �

Sneachta, Bóithre fliucha/ �

oighreata/sleamhna �

Ag trasnú an bhóthair 7-35 �

rothaithe 79-82 �

Aguisín 135–139 �

Aimsir ghaofar 232-233 �

Aimsir mharbhánta 115

Aimsir oighreata 126, 195, 213,

228-231, 260 �

Aimsir the 237 �

Ainmhithe 47-58, 214-215, 286 �

capaill 47-56, 163, 187, 214-

215, 286 �

crosairí comhréidhe 294 �

mótarbhealaí 253, 275 �

Áiteanna Scoite 155-156 �

Alcól 68, 95, 124-125 �

An Cód Sábhála 7, 30 �

ar mhótarbhealaí 275 �

capaill 215 �

coisithe 7, 202, 204-210, 306 �

daoine óga 4 �

feithiclí earraí eile 99-100, 102 �

páirceáil 239 �

trasrianta coisithe 18, 29 �

veaineanna 98-100, 102 �

Árachas 287, 120-121 �

B

Bacainní Sábháilteachta, do

choisithe 9 �

Baic 279-280 �

rothaithe 67, 70 �

línte/lánaí 288-289 �

mótarbhealaí 280 �

feithiclí 146, 163, 242 �

Bealaí dearga 240, 247, 115 �

Boinn 227, 118, 128–129 �

Bóithre aon-raon 155-156 �

Bóithre cúnga/casta féach

Bóithre tuaithe �

Bóithre fliucha/oighreata/sleamhna �

213, 227-231, 237, 306 �

trasrianta coisithe 195 �

teorainneacha luais 125 �

faid stoptha 126, 227, 230, 260 �

Bóithre sleamhna féach Bóithre

fliucha

Bóithre tuaithe 154 �

Bonnán 112, 214 �

Bruscar a chaitheamh ó fheithiclí

147 �

Busanna 223, 265 �

ag dul ar bord/ag teacht amach �

as 32 �

ag scoitheadh 65,167 �

scoile 209 �

C

142 �

Cadhnra 129 �

Caochspotaí 159, 161, 202, 267 �

Carabháin 98, 160, 250, 265 �

Carrbhealaí single 135-136 �

Cathaoireacha rothaí agus scútair

ghluaiseachta chumhachtthiomáinte

36-46, 220, 253 �

Ceadúnas feithicle 118-121 �

Ceadúnas gluaisrothair 118-119 �

Ceadúnas tiomána 118-122 �

Ceannbhaic 97, 127 �

Ceannlampaí agus ceannsoilse

113-115, 226, 235, 239 �

gluaisrothair 87 �

Ceannsoilse gealánacha 60,

110-111 �

Ceantar cónaithe �

soilse 115 �

coisithe 152, 206 �

luas 152 �
Ceantair Pháirceála Rialaithe 238,

245 �

Ceo 234-236 �

soilse 114, 226, 236 �

mótarbhealaí 235, 255, 260 �

páirceáil 251 �

Clistí 274 �

crosairí comhréidhe 299 �

mótarbhealaí 274, 277 �

Clogaid �

rothaithe 59 �

marcaigh 49 �

teagmhais 283, 131 �

gluaisrothaithe 83, 86, 283, 131 �

Clogaid sábháilteachta �

rothaithe 59 �

marcaigh 49 �

gluaisrothaithe 83, 86, 283, 131 �

Cloigín 118 �

Coisithe 1-35, 125, 146, 152,

154, 202, 204-210, 223, 244 �

dalla/bodhra/breacaosta 26, 62,

66, 204, 207, 244 �

rothaithe 13, 62, 66 �

acomhail 8, 170, 180, 206 �

mótarbhealaí 6, 253, 271 �

sábháilteacht 1, 204-210, 239 �

bacainní sábháilteachta 9 �

trambhealaí 33, 206, 223, 304 �

Comharthaí 103-112 �

láimhe 53, 55, 67, 74, 103,

103-105 �

busanna 223 �

rothaithe 67, 74 �

gealánacha 31, 110-111, 281,

293 �

marcaigh 53, 55, 215 �

acomhail 103, 179, 182, 186 �

athruithe lánaí 133 �

feithiclí earraí móra 187 �

gluaisrothaithe 88, 103 �

mótarbhealaí 255-258, 266,

269-270 �

ag bogadh ar aghaidh 159 �

úsáideoirí eile bóithre 103-104 �

ag scoitheadh 163, 267 �

143 �

trasrianta coisithe 22-27, 196,

198-199 �

póilíní/maoir/scoileanna/eile

105-108, 104-105 �

Comharthaí bóthair féach �

Comharthaí tráchta �

Comhbhealaí rothar 13, 62 �

Córais loingseoireachta 150 �

Corthaí 2, 125, 146, 160, 166,

231, 243 �

Coscánú ABS 120 �

ag seachaint 231 �

Cnoic �

rialú 160 �

páirceáil 243, 252 �

Coinbhéirsiú 134, 288 �

Coisithe breacaosta 62, 204, 207 �

Coisithe i mbaol 207 �

Comharthaí Bainistíochta

Gníomhaí Tráchta (BGT/ATM)

269 �

Comharthaí tráchta/marcanna

bóthair 109, 127-131, 134, 142, �

143, 184-185, 234, 238, 288,

298, 106-116 féach fosta �

Línte & lánaí �

rothaithe 63, 69, 71, 140, 178 �

acomhail 171-172, 174-176,

178, 181, 184 �

soilse tráchta 109, 175-178, 102 �

Comharthaí gealánacha �

éigeandála 31, 219, 281 �

ceannsoilse 110, 111 �

crosairí comhréidhe 293 �

mótarbhealaí 257-258, 270 �

póilíní 31, 106, 219, 281 �

scoil 208 �

feithiclí mallghluaisteacha 220,

225 �

trambhealaí 33 �

Comharthaí láimhe 53, 55, 67, 74, �

103, 103-105 �

Córais in aghaidh an tsrutha 290 �

Córais sceite 127 �

Cosáin �

capaill 54 �
coisithe 1-2, 4, 13 �

deisiú 35 �

feithiclí a bhfuil cosc orthu

157-158 �

páirceáil 244 �

rothaíocht 64, 70 �

rothaithe 13, 62, 64, 70 �

tiomáint 145 �

tiománaithe 145 �

feithiclí a bhfuil cosc orthu 157-

158 �

Coscánú/coscáin 117-122, 231,

237, 127 �

Coscánú ABS 120 �

staid 128, 129-130 �

Cothabháil feithiclí 127-130 �

Cothabháil/rogha rothair 118 �

Criosanna sábhála 99-100, 102,

127 �

Crosairí comhréidhe 34, 54,

82,167, 243, 291-299 �

Crosairí comhréidhe iarnróid 34,

167, 243, 291-294 �

dromchlaí tadhlacha 34 �

Crosbhóithre (gan mharcáil) 146 �

Crosghaotha 232 �

Cuadrothair féach feithiclí a bhfuil

cosc orthu

Cúirtéis 147 �

Cúl-lampaí ceo 114, 226, 236

D

Dallrú 93, 115, 236-237 �

Dearcadh 147 �

Débhealaí �

Ag trasnú/casadh 137, 173 �

rothaithe 75 �

trí-lána 138 �

dhá lána 137 �

Deimhniú ar Thástáil Feithicle

(MOT) 120 �

Deimhniú Clárúcháin Feithicle 121 �

Deisiú sráide/cosáin 35 �

Dínéaltóirí 229, 235, 127 �

Díriú 148-150, 288 �

Dleacht Mháil Feithicle 121

Dlí maidir le trácht ar bhóithre

122-124 �

Doiciméid 286-287, 120-122 �

Dóiteán 129 �

Dromchlaí ag crosairí comhréidhe

34 �

Drugaí/leigheas 68,96 �

Dul le fána i bhfeithicil 122 �

E

Éadaí �

rothaithe 59 �

tiománaithe 97, 228 �

marcaigh 49 �

gluaisrothaithe 83-84, 86-87 �

coisithe 3, 5, 17, 58 �

Éadaí cosanta 48, 50, 59, 83 �

Éadaí frithchaiteacha �

rothaithe 59 �

marcaigh 50 �

gluaisrothaithe 87 �

coisithe 3, 5, 17, 58 �

feithiclí soghluaisteachta �

cumhacht-thiomáinte 43

Éadaí fluaraiseacha/ �

frithchaiteacha

clistí 274 �

rothaithe 59 �

marcaigh 50 �

gluaisrothaithe 86-87 �

coisithe 3, 5, 17 �

Earraí contúirteacha 284-285 �

F

144 �

Fad stoptha 126, 151, 227, 230,

235, 260, 289 �

Féach fosta Achar scartha �

Faoi mhíchumas 204, 207 �

rothaithe 62 �

tiománaithe ar mhótarbhealach

253, 278 �

trasrianta coisithe 26 �

feithiclí do dhaoine faoi
mhíchumas 36-46, 220, 239,

241,250 �

Feiceálacht

rothaithe 59-60 �

feithiclí capalltarraingthe 48 �

marcaigh 49-50 �

gluaisrothaithe 86-87 �

coisithe 3, 5, 17, 58 �

Feithiclí a bhfuil cosc orthu 157-

158 �

Feithiclí capalltarraingthe 47-48,

215, 134 �

Feithiclí éigeandála 31, 219, 81 �

Feithiclí fada/móra féach fosta �

Feithiclí móra �

rothaithe 73, 78 �

acomhail 170, 173 �

oibreacha bóthair 288 �

timpealláin 78, 187-188 �

tramanna 300-307 �

Feithiclí mallghluaisteacha 169,

220, 224-225, 253, 264, 288 �

lánaí malla 139 �

rabhcháin ghealánacha ómracha

225 �

crosairí comhréidhe 294 �

scuainí 169 �

Feithiclí móra 126, 160, 164,

221-222, 233, 294 Féach fosta

feithiclí fada/móra �

Feithiclí tacaíochta teagmhas 219 �

Feithiclí leictreacha 224 �

Feithiclí páirceáilte �

An Cód Sábhála 7 �

coisithe 7, 14, 193, 206 �

Fóin �

fóin phóca 149, 278, 283, 285,

130 �

iarnróId 294, 297, 299 �

mótarbhealaigh 275, 283 �

Fóin chairr féach Fóin Phóca �

Fóin éigeandála 275, 80, 283 �

Fóin phóca 97, 149, 270, 275,

278, 283, 285, 130 �

Frithchaiteoirí 48, 60, 118, 127 �

G �

Gaothscáthanna/niteoirí/cuimleoirí

229, 235, 127 �

Garchabhair 283, 130-132 �

soilse gealánacha 281 �

crosaire comhréidh 299 �

mótarbhealach 283 �

comharthaí rabhaidh 281 �

Géill slí �

acomhail 172, 183, 185, 189,

206 �

mótarbhealaí 259 �

Gnáthaimh eile stoptha 107-108 �

Glanbhealaí 240, 107 �

Glais páistí 102 �

Gluaisrothaithe 83-98, 160, 211-

213, 232-233, 250, 253, 306 �

feiceálacht 86-87 �

acomhail 88, 170, 180, 182,

211-213 �

gluaisrothaithe faoi oiliúint 204,

217, 253, 118-119 �

ag gluaisrothaíocht san oíche 87

fad stoptha foriomlán 126, 227,

230, 235, 260 �

ag scoitheadh 88, 163, 230 �

breathnóireacht siar 88, 212 �

timpealláin 187 �

ag casadh 88 �

geimhreadh 230, 129 �

Gluais-trírothaigh féach feithiclí a

bhfuil cosc orthu �

Gnáthaimh stoptha na bpóilíní 106 �

Go-peds féach feithiclí a bhfuil

cosc orthu �

Gualainn chrua féach

Mótarbhealaí �

H

145 �

HOVanna féach Lánaí d’Fheithiclí

a bhfuil níos mó ná Beirt iontu
I

Iarscríbhinní 118–134 �

In ann tiomáint 90-91 �

Infheictheacht/radharc 94, 159-

160, 162-164, 229, 274 �

ceo 226, 236 �

acomhail 88, 170, 211, �

soilse 114-115, 226, 236 �

mótarbhealaí 235, 267 �

ag scoitheadh 162-163, 166,

267 �

coisithe/rothaithe 3, 7, 146, 160,

170 �

ag cúlú 202, 206 �

sneachta 228-229 �

Imriú, fuinneoga 128 �

L

L-phlátaí 118-119, 122 �

Lampaí agus soilse féach fosta

Ceannlampaí agus ceannsoilse �

coinníollacha/cothabháil 113,

229, 118, 127 �

rothaithe 60 �

capaill 51 �

coisithe 5, 58 �

feithiclí 113-116, 249-251, 274 �

Lána mall 139 �

Lánaí bus 141, 240 �

ag trasnú 12, 183 �

rothaithe 65 �

sráideanna aontreo 11, 143 �

ag scoitheadh 165 �

ag páirceáil 240 �

ag casadh 183 �

Lánaí ciúine 206, 218 �

Lánaí agus raonta rothar

Lánaí d’Fheithiclí a bhfuil beirt nó

níos mó iontu (HOVanna) 142,

112 �

cumhachtaí stoptha 108 �

Leataobhanna 249-250 �

Línte agus lánaí 127-132, 136-

143, 184-185, 114 Féach fosta

comharthaí tráchta/marcanna

bóthair �

Línte bána 127-132, 114 �

Línte bána dúbailte 128-129, 165,

240, 114 �

rothaithe 61-63, 65 �

madraí 56

tiománaithe 140 �

marcaigh 54 �

páirceáil 140, 240 �

coisithe 11-13, 62, 66 �

ag casadh 183 �

Línte buí 238, 247, 115-116 �

Línte leictreachais lastuas 292,

307 �

Leantóirí 98, 160, 246, 265 �

Leighis 68,96 �

Línte stop ag céim chun cinn 61,

71, 178 �

Lódáil agus dílódáil 246-247 �

Luasrialú 150 �

Luasteorantóirí 222, 265 �

M

146 �

Madraí (madraí treorach san

áireamh) 56-57, 207 �

Málaí aeir 101 �

Maoir thráchta 7, 105 �

Marcaigh 49-55, 163, 187, 214,

215, 253 �

Marcanna feithicle 284-285, 117 �

Mion-ghluaisrothair (mionmhótair)

féach feithiclí a bhfuil cosc orthu �

Miontimpealláin 188-190 �

Moilliú tráchta 153 �

MOT 120 �

Mótarbhealaí 253-273 �

clistí 274-277 �

córais in aghaidh an tsrutha 290 �

fóin éigeandála 275, 283 �

ceo 234 �

gualainn chrua 275, 290 �

baic 279-280 �

coisithe 6 �

oibreacha bóthair 288 �
comharthaí/soilse gealánacha

255-258, 272, 281 �

stopadh agus páirceáil 91, 240 �

stodaí 132 �

O

Oibreacha bóthair 35, 132, 167,

288-290 �

córais in aghaidh an tsrutha 290 �

mótarbhealaí 289 �

Oifigeach Forfheidhmiúcháin

Ghníomhaireacht na

dTiománaithe agus na

bhFeithiclí �

comharthaí agus libhré 105 �

cumhachtaí stoptha 107 �

Oifigigh tráchta �

gnáthaimh stoptha 107-108 �

comharthaí agus libhré 105 �

Oileáin 7, 20, 28, 30, 197, 243 �

P

Pábháil thadhlach 10 �

Páirceáil 238-252, 302 �

rothair 70 �

feithiclí earraí 246-247 �

soilse guaise 116 �

crosairí comhréidhe 291 �

mótarbhealaí 91, 240 �

san oíche 248-250 �

trasrianta coisithe 191 �

bóithre aon-raon 156 �

Páirceáil dhíchoiriúlaithe 84 �

Paisinéirí á n-iompar 99, 275 �

ag rothaithe 68 �

ag tiománaithe faoi oiliúint 119 �

ag marcaigh 53 �

ag gluaisrothaithe 85, 119 �

Paisinéirí cúlóige 83, 85, 119 �

Páistí �

carranna 99-100,102, 131 �

Páistí óga 4, 7 �

Patróil Trasnaithe Scoile 7, 29,

105, 208, 210 �

ag scoitheadh 167, 209 �

suíomhanna cuaillí 105 �

Pionóis 124-127, 133 �

Plátaí guaise 284, 117 �

R

Rabhcháin ghealánacha ómracha

220, 225 �

Radharc 92 �

Radharc na súl/radharc 92-94 �

Riachtanais soilsithe 5, 43, 48,

60, 113-115, 226, 229, 235-236 �

Riail dhá shoicind 126 féach fosta

Achar scartha �

Rialuithe 97 �

Roinnteoirí lánaí 131, 114 �

Rothaithe agus rothaíocht 59-82,

211-213, 253 �

acomhail 72-75, 170, 177-178,

180, 182-183, 211 �

ag scoitheadh 65, 129, 160,

163, 212, 232 �

coisithe 13, 62, 66 �

breathnóireacht siar 67, 212 �

timpealláin 76-78, 187 �

bealaí 61-63, 65 �

soilse tráchta 69, 71, 79-82,

177-178 �

tramanna 306 �

ag casadh 183 �

S

147 �

Saincheisteanna timpeallachta

123 �

San oíche �

ainmhithe 51, 58 �

rothaithe 60 �

ag tiomáint 94 �

soilse féach Lampaí agus soilse �

mótarbhealaí 267 �

ag scoitheadh 163 �

páirceáil 248-251 �

coisithe 3, 5, 17 �

luas 125 �
Scátháin 97, 161, 184, 202, 229,

288-289, 127 �

ag athrú lánaí 133 �

ceo 234-235 �

mótarbhealaí 254, 267 �

ag bogadh ar aghaidh 97, 159 �

ag scoitheadh 163, 267 �

ag casadh 179-180, 182

Scátháin siar

staid 229 �

tiomáint 161, 184, 202 �

sa cheo 234-235 �

Scéim an tSuaitheantais Ghoirm

45, 134 �

Scrúdú teoirice 118-119 �

Scuainí 169 �

feithiclí fada 169 �

ag scoitheadh 163, 288 �

trasrianta coisithe 192-193 �

Siceáin 153

Siúlóidí eagraithe 5 �

Slándáil feithiclí 239, 130 �

Sliosbhóithre 259, 270, 272-273 �

Smacht i lána 133-143, 288 �

débhealaí 137-138 �

mótarbhealaí 263-265 �

carrbhealaí il-lána 133 �

sráideanna aontreo 143 �

timpealláin 184-187 �

carrbhealaí single 135 �

Sneachta 228-231 �

Soilse féach Ceannlampaí agus

Ceannsoilse, Lampaí agus soilse �

Soilse guaise 116, 274, 277-278,

283 �

Soilse rabhaidh 127-128 �

Soilse rabhaidh coscáin 103, 235,

103 �

Soilse scagtha 177 �

Soilse tráchta 109, 184-185, 102, �

rothaithe 69, 71, 80-82, 177-178 �

soilse glasa scagtha 177 �

acomhail 175-178 �

crosairí comhréidhe 293, 296

coisithe 21 �

tramanna 300-301 �

Solas geal an lae féach Dallrú

Spéaclaí imire 94 �

Sráideanna aontreo 143 �

ag trasnú 11 �

capaill 53 �

Sráideanna Cónaithe 206,218 �

Srianta sábháilteachta páistí

99-100, 102 �

Stadanna bus 243 �

géill slí 223 �

ag scoitheadh 167 �

coisithe 206, 223, 243 �

scoil 209 �

Staid an ghairis stiúrtha 127-128 �

ag tiomáint sa gheimhreadh 231 �

Staid na feithicle 89, 97, 127-130 �

Stodaí bóthair 132 �

Stodaí frithchaiteacha féach

Stodaí bóthair

Stríoca/rachtáin trasnánacha 130,

114 �

Suíocháin linbh féach aghaidh

suíocháin linbh ar chúl �

Suíocháin linbh aghaidh ar chúl

101 �

T

148 �

Tábla tiontaithe méadraigh 133– �

134 �

Tarmac bog 237 �

Teagmhais 281-287, 130-132 �

earraí contúirteacha 284-285 �

doiciméadú 286-287 �

Teorainneacha luais 124-125,

146, 152, 257, 261, 288 �

Timpealláin 184-190 �

rothaithe 76-78, 187 �

marcaigh 55, 187 �

feithiclí fada 78, 187-188 �

miontimpealláin 186, 88-189 �

iltimpealláin 190 �

marcanna bóthair 184-185 �

sainchomhairle 135-139 �

Tiománaithe breacaosta 216 �

Teicneolaíocht san fheithicil 149-
150 Trasrianta túcánacha 7, 18, 25,

Tiománaithe ar bheagán taithí 199, 240 �

204, 217 132-133 �

rothaithe 61, 80 �

Tiománaithe faoi oiliúint 204, 217, coisithe 7, 25, 80 �

253, 122 �

Treoir ar bhealach agus córais

Tiománaithe Nua 126, 132-133 � loingseoireachta 150 �

Tiománaithe srianta 122 �

Triantáin 172, 274 �

Tolláin 126 �

Tuirse/tinneas 90-91, 237, 262 �

Trácht mhallghluaisteach 151,

Tuiscint 144, 147 �

163, 288 �

Treotháscairí féach Comharthaí �

Trambhealaí 223, 300-307 �

Tuirse 91, 237, 262 �

rothaithe 82 �

ag scoitheadh 167, 301 �

U

ag páirceáil 240, 243, 302 �

coisithe 33, 206, 223, 303 � U-chasadh 188 �

ag casadh ar clé 183 �

Ualaí 98, 250 �

Trasrian do rothair amháin 81 � Uisce (ar choscáin) 121 �

Trasrianta féach trasrianta coisithe �

Úsáideoirí bóithre a bhfuil cúram

Trasrianta coisithe 18-30, 191breise

de dhíth orthu 204-218 �

199, 240 �

Uchtóga moillithe 153 �

faoi rialú soilse tráchta 7, 21-28,

80, 196-199 �

V �

crosaire comhréidh 34 �

eachaíochta 27, 29 �

Veaineanna uachtair reoite 206 �

peileacánacha 7, 22, 24, 79,

196-198 �

puifíneacha 7, 23-24, 79, 199 �

fiartha 28 �

túcánacha 7, 25-26, 80, 199 �

soilse tráchta 21 �

síogacha 7, 19-20, 79, 195 �

Trasrianta eachaíochta 27, 79 199 �

Trasrianta faoi rialú soilse tráchta

7, 22-30, 79-82, 196-199 �

Trasrianta peileacánacha 22, 28,

191-194, 196-198, 240 �

rothaithe 79 �

coisithe 7, 18, 22, 24, 28 �

Trasrianta puifíneacha 23-24, 28,

191-194, 199, 240 �

coisithe 7, 18, 23-24 �

rothaithe 79 �

Trasrianta síogacha 191-195, 240 �

coisithe 7, 18-20 �

rothaithe 79 �

a bhfuil lároileán acu 20 �

149 �
1959 1969 1978 1987 1993 1999

Cá huair go deireanach a léigh tú do

chóip féin?

Le níos mó ná 75 bliain, tá Córas na Slánródaíochta ag feidhmiú

mar an treoir oifigiúil i dtaca leis an dóigh ar chóir na bóithre

a úsáid go sábháilte agus go dleathach. Chuir sé go mór le

sábháilteacht ar bhóithre agus le hiompar iontaofa ar bóthar.

Mar sin féin, maraítear tuairim is deichniúr daoine ar an mheán

gach mí agus gortaítear tuairim is 100 go dona i dtimpistí

bóthair. Mar sin, tá sé chomh tábhachtach agus a bhí sé

riamh do gach úsáideoir bóithre, lena n - áirítear tiománaithe,

gluaisrothaithe, marcaigh agus coisithe a gcuid eolais ar Chóras

na Slánródaíochta a thabhairt cothrom le dáta.

• � Rialacha úra agus leasaithe

• � Má theipeann ar dhuine cloí le forálacha ar bith de chuid

Chóras na Slánródaíochta d ’ fhéadfaí sin a úsáid mar

fhianaise in imeachtaí dlí.

Córas na Slánródaíochta – ar feadh

an tsaoil, ní d’fhoghlaimeoirí amháin

£2.50