You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
ach an chéad chéim i bpróiseas pleanála ar bith. Is gá leanúint tríd le pleananna

réadúla i dtaobh chur i gcrích an phlean, le hacmhainní a chur ar fáil le cinntiú go

gcuirfear an soláthar riachtanach i bhfeidhm. Is gá ansin monatóireacht a dhéanamh ar

an bplean le cinntiú go bhfaightear luach saothair ar an infheistíocht ama agus

airgeadais atá déanta, mar atá leagtha amach ag tús na tuarascála seo i dtaobh

phríomhról an Fhorais i leith chur i bhfeidhm straitéis úr i gcás na meán Gaeilge:

In order for any language to survive it must first be used in the general public

domain. Policies and language planning are only the first step in any process;

decisions on how to implement the plan, the resources which will be available

for it and how it will be monitored are the next steps. (Ó Coileáin 2009: 14). To

elaborate on this however, even if the best laid plans are implemented and

monitored, if there are not enough users and as a result, if the perceived demand

for the language in the public domain is not as great as the services provided as a

result of legislation, the Official Languages Act 2003 or the status of Irish as an

official working language of the European Union in 2007, could well signal a

'false dawn or maybe, a last hurrah'. (Ó Riagáin 2008: 65).

(Uí Chollatáin 2009).

De réir reachtaíocht na tíre seo, Bunreacht na hÉireann, Acht na dTeangacha Oifigiúla

2003, An tAcht Oideachais 1998, An tAcht um Phleanáil agus Forbairt 2000, An

tAcht Craolacháin 2001, Stádas na Gaeilge mar Theanga oibre san Aontas Eorpach

2007, bheadh sé intuigthe go mbeadh an Ghaeilge feiceálach sa sféar poiblí - ní

hamháin sa chóras oideachais mar ábhar ach mar fhóram plé don phobal ar fad. Faoi

láthair níl an fóram sin á sholáthar i gceart.

Is páirtíocht atá i gceist i gcur chun cinn na Gaeilge agus chuideodh na meáin le cur i

bhfeidhm na páirtíochta, trí úsáid a bhaint as ardán agus as fóraim ar leith a bhfuil fáil

ag an bpobal uile orthu. Is gá áfach an pháirtíocht seo a chur in iúl ag an leibhéal is

bunúsaí ionas go nglacfaidh an ghlúin óg seilbh ar an teanga i ngan fhios dóibh féin

agus iad ag foghlaim na Gaeilge sa bhunscoil agus sa mheánscoil. (féach na moltaí i

gcuid a Trí). Bheadh ar a gcumas an Ghaeilge a úsáid agus iad ag fágáil na scoile -

gan aon stró nó brú breise - díreach an teanga ar a dtoil acu agus á cur chun tairbhe na

sochaí a bhfuil siad ag maireachtáil inti ar aon dul le teanga oifigiúil eile an oileáin

seo, an Béarla.

36