24.04.2026 Views

Gaeilge agus Fáilte_Newsletter Aibreán 2026

  • No tags were found...

Transform your PDFs into Flipbooks and boost your revenue!

Leverage SEO-optimized Flipbooks, powerful backlinks, and multimedia content to professionally showcase your products and significantly increase your reach.

Comhairle Chathair Dhoire agus

Cheantar an tSratha Báin

Gaeilge

& Fáilte

An 9ú Eagrán

Aibreán 2026

www.derrystrabane.com


Gaeilge & Fáilte

Fáilte

Tá fáilte romhat chuig Gaeilge & Fáilte - nuachtlitir Ghaeilge

Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin.

Sa nuachtlitir seo gheobhaidh tú eolas maidir le Seirbhísí Gaeilge

na Comhairle mar aon le heolas faoi imeachtaí atá ag tarlú i saol

na Gaeilge fud fad an cheantair Chomhairle.

San eagrán seo den nuachtlitir, caithfidh muid súil siar ar na himeachtaí

agus na tograí iontacha a bhí idir lámha againn agus ag an phobal le míonna

beaga anuas. Caithfidh muid súil siar ar bhliain eile iontach de Sheachtain na

Gaeilge. Roinnfidh muid eolas ar na himeachtaí Gaeilge atá beartaithe do

na míonna atá romhainn ní amháin ag an Chomhairle í féin ach ag pobal na

Gaeilge fud fad an cheantair Chomhairle chomh maith. Bainigí sult!

Déan Teagmháil Linn

Ríomhphost: gaeilge@derrystrabane.com

Guthán: 028 71 376579 (Líne Ghaeilge)

Facebook: facebook.com/foramphobalnagaeilge

Twitter: twitter.com/foramphobal

Suíomh Gréasáin: www.derrystrabane.com/gaeilge

2

Gaeilge & Fáilte An 9ú Eagrán - Aibreán 2026


An 9ú Eagrán - Aibreán 2026

Seirbhísí Gaeilge

na Comhairle

Cuireann Comhairle Chathair Dhoire

agus Cheantar an tSratha Báin

réimse seirbhísí ar fáil do phobal na

Gaeilge. Mar chuid de na seirbhísí

seo, is féidir teagmháil a dhéanamh

linn as Gaeilge trí ríomhphost a

chur chugainn i nGaeilge, Gaeilge

a labhairt linn nuair a chuireann tú

scairt orainn, iarratas a dhéanamh

le do shráidainm nó ainm do

bhóthair a fháil i nGaeilge,

foirmeacha agus iarratais a

chomhlánú i nGaeilge, mar aon le

réimse leathan seirbhísí Gaeilge

eile. Tabhair cuairt ar

www.derrystrabane.com/gaeilge

le teacht ar eolas breise maidir lenár seirbhísí.

Má tá seirbhís uait i nGaeilge déan teagmháil leis an Oifigeach Gaeilge,

Erin Hamilton, ar an líne Ghaeilge: (028) 71376 579 nó seol ríomhphost

chuig gaeilge@derrystrabane.com

Nó is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar an fhoirm theagmhála atá ar fáil

ar ár suíomh gréasáin anseo: https://www.derrystrabane.com/gaeilge

Chomh maith leis sin, má tá seirbhís uait nach bhfuil ar fáil faoi láthair, déan

teagmháil linn.

3


Gaeilge & Fáilte

Fóram

Phobal na

Gaeilge

Tagann Fóram Phobal na Gaeilge

le chéile gach ráithe le cúrsaí

forbartha teanga a phlé. Tugtar

cuireadh d’eagraíochtaí, ghrúpaí

agus dhaoine aonair a bhfuil

suim acu dul i mbun plé faoin Ghaeilge,

dheiseanna comhoibre agus faoi cheisteanna straitéiseacha

agus forbartha teanga bheith i láthair.

Tharla an cruinniú is déanaí i Halla na Cathrach i nDoire ar an 4ú Feabhra

agus bhí cruinniú fiúntach agus spreagúil ann le heolas roinnte idir na

rannpháirtithe ar fad. Pléadh na himeachtaí a bhí beartaithe ag na grúpaí ar

fad do Sheachtain na Gaeilge chomh maith ag an chruinniú seo.

Más mian leat bheith páirteach sa chéad chruinniú eile a bheas ar siúl i mí

an Mheithimh 2026; ní mór duit clárú leis an Oifigeach

Gaeilge ar gaeilge@derrystrabane.com nó cuir scairt ar an líne

Ghaeilge ar: 028 71 376579.

4

Gaeilge & Fáilte An 9ú Eagrán - Aibreán 2026


An 9ú Eagrán - Aibreán 2026

Torthaí an tSuirbhé ar

Sheirbhísí Gaeilge

na Comhairle

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach uile duine

a chomhlánaigh an suirbhé ar Sheirbhísí Gaeilge na

Comhairle. Bhí idir aiseolas fiúntach agus moltaí

feabhais iontacha sna freagraí a fuarthas agus

cuideoidh an t-eolas seo go mór linn agus muid

ag forbairt agus ag feabhsú na seirbhísí Gaeilge a

chuireann muid ar fáil don phobail. Chomh maith

leis sin, cuidíonn an t-aiseolas linn aon bhearnaí

sna seirbhísí Gaeilge a aithint. Is féidir torthaí an

tsuirbhé a fheiceáil thíos:

Dúirt 81% de na daoine a d’úsáid na seirbhísí Gaeilge roimhe go raibh siad

iontach sásta nó sásta leis an tseirbhís.

Dúirt 100% de na daoine a ceistíodh go mbainfeadh siad úsáid as na seirbhísí

arís agus dúirt 94% de na daoine a ceistíodh go molfadh siad na seirbhísí le

daoine eile chomh maith.

Chomh maith leis sin, d’fhiafraigh muid ó dhaoine cén ardán is fearr leo eolas

a fháil uainn agus dúirt 88% de na daoine a ceistíodh gur fearr leo eolas a

fháil ón Chomhairle trí ríomhphost. Dúirt 38% gur fearr leo eolas a fháil ón

Chomhairle tríd an Nuachtlitir agus dúirt 31% gur fearr leo eolas a fháil ar na

meáin shóisialta.

Má tá tuilleadh eolais de dhíth nó muna raibh deis agat an suirbhé a

chomhlánú agus ba mhian leat aiseolas a roinnt linn go fóill, is féidir teagmháil

a dhéanamh leis an Oifigeach Gaeilge ar: gaeilge@derrystrabane.com

5


Gaeilge & Fáilte

Seachtain na

Gaeilge 2026

Cuireadh tús le ceiliúradh iontach eile do Sheachtain na Gaeilge i

mbliana le seoladh clár Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an

tSratha Báin leis an Mhéara an Comhairleoir Ruairí McHugh i Halla na

Cathrach ag tús mhí an Mhárta.

6

Gaeilge & Fáilte An 9ú Eagrán - Aibreán 2026


An 9ú Eagrán - Aibreán 2026

Scéim an Fháinne

Mar chuid den chlár do Sheachtain na Gaeilge, rinne baill

foirne Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha

Báin scrúduithe Cúpla Focal, Fáinne Airgid agus Fáinne Óir.

Tá áthas orainn a fhógairt gur bhain ochtar acu an gradam

Cúpla Focal amach, bhain beirt an gradam Fáinne Airgid

amach agus d’éirigh le duine amháin an gradam Fáinne Óir a

bhaint amach. Bíonn na fostaithe seo ag freastal ar ranganna

Gaeilge a chuireann an tOifigeach Gaeilge ar fáil d’fhoireann na

Comhairle gach seachtain agus tá muid iontach go deo bródúil

astu as an éacht iontach seo a bhaint amach. Mo cheol sibh!

7


Gaeilge & Fáilte

Mo Cheol

Thú

Lúcháir

Leabhar

Bhí ceol binn na Gaeilge le cluinstin

fud fad Halla na Cathrach ar an 4ú

Márta agus Róise Ní Mhurchú ag cur

ceardlann amhránaíochta iontach ar

fáil don lucht éisteachta mar chuid de

Sheachtain na Gaeilge 2026.

Chuir Róise ceardlann thar a bheith

spraíúil agus suimiúil i láthair agus

tugadh léargás den chéad scoth don

lucht éisteachta ar réimse amhráin

thraidisiúnta agus foinn shimplí trí

mheán na Gaeilge.

Bhí lúcháir orainn fáilte a chur roimh

na daltaí iontacha ó Bhunscoil

Cholmcille agus Ghaelscoil na Daróige

go Halla na Cathrach ar Lá Domhanda

na Leabhar.

Thug an Méara an Comhairleoir Ruairí

McHugh cuireadh chuig na Gaelscoileanna

teacht agus bualadh leis i bParlús an Mhéara

le ceiliúradh a dhéanamh ar thábhacht agus

luach na léitheoireachta sa Ghaeilge. Mar

chuid den ócáid, bhronn an Méara beart

leabhar Gaeilge ar gach scoil le cur lena

leabharlanna scoile agus tá súil againn gur

bhain siad idir shuim agus shult as an

imeacht seo.

8

Gaeilge & Fáilte An 9ú Eagrán - Aibreán 2026


An 9ú Eagrán - Aibreán 2026

Logainmneacha

an tSratha Báin

Bhí Leabharlann an tSratha Báin lán go doras i rith

Sheachtain na Gaeilge don chaint suimiúil a thug Tarlach Mac

Giolla Bhríde ar logainmneacha an tSratha Báin.

Thug Tarlach léargas thar a bheith cuimsitheach agus sonrach ar na scéalta, na

bríonna agus an oidhreacht atá faoi bhun na logainmneacha áitiúla ar an Srath

Bán agus mhínigh sé an dóigh a bhfuil an Ghaeilge fite fuaite le tírdhreach agus

stair an cheantair.

9


Gaeilge & Fáilte

Maidin Chaife

Charthanachta

Cuireadh fáilte roimh bhaill foirne Chomhairle Chathair Dhoire agus

Cheantar an tSratha Báin go maidin chaife charthanachta in Oifigí na

Comhairle i nDoire i rith Sheachtain na Gaeilge. Tugadh deis don fhoireann

cúpla focal agus frásaí Gaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh leis an

Oifigeach Gaeilge agus a gcomhghleacaithe eile chomh maith, agus bhailigh

na rannpháirtithe airgead do charthanachtaí an Mhéara; PIPS Suicide

Prevention Ireland agus Castlederg Patient Comfort & Terminally Ill Fund.

PLEASE SCAN THE QR CODE

to donate to the Mayor’s Charities

10

Gaeilge & Fáilte An 9ú Eagrán - Aibreán 2026


An 9ú Eagrán - Aibreán 2026

Lá Gairmeacha

na Gaeilge

I mBéal

an Phobail

Ba mhór an onóir dúinn freastal ar Lá

Gairmeacha na Gaeilge in Ollscoil Uladh,

Coláiste Mhig Aoidh arna eagrú ag Cultúrlann

Uí Chanáin ar na mallaibh. Bhuail muid le

mic léinn Ghaeilge ó na meánscoileanna

áitiúla sa cheantar agus bhí deis againn agus

ionadaithe ó eagraíochtaí eile in earnáil na

Gaeilge na deiseanna atá ar fáil in earnáil

agus i saol na Gaeilge a phlé leis na mic

léinn. Tá súil againn gur tugadh spreagadh

do na daoine óga leanstan lena dturais leis an

Ghaeilge.

Más mian leat ábhar scéil a mholadh don

chéad nuachtlitir eile, nó má tá scéal agat féin

a ba mhaith leat a fhógairt bíodh fáilte romhat

an t-eolas a chur chuig

gaeilge@derrystrabane.com

nó déan teagmháil leis an Oifigeach Gaeilge

ar an Líne Ghaeilge

T: 028 71 376 579.

Tá an tOifigeach Gaeilge ar fáil le cuairt a

thabhairt ar scoileanna le labhairt le daltaí

faoi na deiseanna agus na buntáistí a

bhaineann leis an Ghaeilge. Tuilleadh eolais

ar fáil ar: gaeilge@derrystrabane.com

11


Comhairle Chathair Dhoire agus

Cheantar an tSratha Báin

Gaeilge

& Fáilte

An 9ú Eagrán

Aibreán 2026

Tá an Nuachtlitir seo ar fáil i bhformáidí éagsúla lena

n-áirítear cló mór, braille, formáidí fuaime

(CD, MP3, DAISY) agus mionteangacha.

Tuilleadh eolais faoi fhormáidí eile:

guthán: 028 71 253253

ríomhphost: equality@derrystrabane.com

www.derrystrabane.com

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!