You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
Gníomhaireacht Soláthairtí an Rialtais

ATHBHREITHNIÚ AR AN OBAIR

Seirbhís Soláthair

Seirbhís Soláthair

Cuireann Gníomhaireacht Soláthairtí an Rialtais seirbhís láraithe soláthair ar fáil do Ranna

agus d'Oifigí Rialtais sna margaí a n-oireann an comhbhailiúchán dóibh. Ábhar de chineál

tráchtearraí a bhíonn sna hearraí agus sna seirbhísí seo go hiondúil agus iad ar fáil ó mhargaí

soláthair rialta. Is iondúil gur nithe iad a úsáidtear go coitianta ar fud an Stáit agus go mbíonn

lón mór díoh i gceist.

Bhí luach iomlán de 54,928,053 leis na hearraí agus na seirbhísí ar bhain na cliaint Ranna

úsáid astu de réir chonarthaí de chuid Gníomhaireacht Soláthairtí an Rialtais astu i rith na

bliana 2005. Tugtar briseadh síos de réir na margaí éagsúla sa tábla a leanas:

Margadh

Luach (E)

Breosla (Leacht, Gás agus Dlúthbhreosla) 13,252,317.00

Feithiclí agus Iompar 11,493,504.38

Priontáil agus Leabharcheangal 9,782,880.58

Éide agus Éadach 6,288,207.00

Stáisiúnóireacht agus Soláthairtí Oifige 5,011,264.07

Seirbhísí Fógraíochta 4,933,466.00

Soláthairtí Airíochta 1,776,376.00

Trealamh Cosanta Phearsanta 1,362,136.00

Coisbheart 976,078.00

Trealamh Oird Phoiblí 51,824.00

Iomlán 54,928,053.03

Lean an GSR ag cur barr feabhais ar an saineolas maidir leis an Margadh Fuinnimh i rith na

bliana 2005. D'ainmnigh an Roinn Airgeadais GSR ar an bpríomhghníomhaireacht a

d'fheidhmeodh thar ceann earnáil an Rialtais Láir i margadh an Leictreachais. Bhí laghdú

praghsanna níos mó ná 25% i gcomparáid le gnáthrátaí an mhargaidh de thoradh ar

chomórtais Gáis Nádúrtha de chuid an GSR sa bhliain 2005.

Fágann tabhairt chun cinn an chomhbhailiúcháin go bhfuiltear níos tréine anois sna margaí

maidir le hÉide agus Coisbheart Mhíleatach. De thoradh air sin baineadh amach praghas ar

éide a bhí 8% níos saoire ná an praghas a baineadh amach trí bliana ó shin agus laghdú de

30% ar chostas na gcoisbheart i gcomparáid le praghsanna láithreach an mhargaidh

Foilseacháin

Lean Seirbhís Fhoilseachán Rialtais na Gníomhaireachta ag cur seirbhíse miondíolacháin agus

ordaithe tríd an bpost ar fáil maidir le díol agus dáileadh ar Fhoilseacháin an Rialtais. Bhí

luach E979,000le díolachán na bliana 2005.

Iris Oifigiúil

Crannlann JFK,

Ros Mhic Thriúin,

Co. Loch Garman

Foilsíonn Gníomhaireacht Soláthairtí an Rialtais Iris Oifigiúil faoi dhó sa tseachtain. Tá

leagan Idirlín den Iris Oifigiúil ar fáil chomh maith agus teacht air ag www.irisoifigiuil.ie.

67