Ráiteas Straitéis 2005
Ráiteas Straitéis 2005
Ráiteas Straitéis 2005
- No tags were found...
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
Ráiteas Straitéise 2005 - 2007

• Reachtaíocht nua fostaíochta agus comhshaoil ar nós na hAchtanna um Chomhionnanas, an

tAcht um Shabháilteacht agus Sláinte agus reachtaíocht bhainteach eile bunaithe ar chearta a

fheidhmiú go hiomlán.

• Earcú agus coimeád pearsanra as linn earcaíochta atá ag laghdú i dtimpeallacht

eacnamaíochta láidir, a bhfuil beagnach lánfhostaíocht, gluaiseacht gairme agus solúbthacht

mar ghnéithe de.

• Coinneáil suas le náisiúin eile ó thaobh teicneolaíocht agus crua-earraí míleata agus

idiroibritheacht de agus na costais ghaolmhara a bhaineann leo ó bhonn caiteachais cosanta

réasúnta beag.

Anailís Eagraíochtúil

Tá scrúdú déanta ar laidreachtaí agus laigí reatha Óglaigh na hÉireann i gcomhthéacs misin,

sainordaithe agus timpeallachta oibre. Tá achoimre déanta ar na príomh-shaincheisteanna thíos.

Tá láidreachtaí go leor ag Óglaigh na hÉireann mar eagraíocht, iad seo san áireamh :

• Tá teist chruthaithe acu maidir le tiomantais an rialtais a bhaineann le slándáil náisiúnta agus

idirnáisiúnta a chomhlíonadh (ó 1958 i leith fuair comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann taithí

forleathan agus luachmhar ar oibríochtaí tacaíochta síochána trí chomhaltas na hÉireann sna

Náisiúin Aontaithe, san Aontas Eorpach agus san Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san

Eoraip, ar an tslí sin ag cur lena gcáil ard idirnáisiúnta sa réimse seo).

• Acmhainneacht chruthaithe ó thaobh athraithe agus solúbthachta de mar atá léirithe ó

chomh maith agus a d’éirigh leis an bpróiseas athchóirithe eagraíochtúil agus an éagsúlacht

seirbhísí a cuirtear ar fáil.

• Caidreamh dearfach lenár gcustaiméirí idirnáisiúnta agus náisiúnta ar nós na NA, an AE, an

OSCE, An Garda Síochána agus Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí éagsúla.

• Próifíl ard oibríochta ar gach eagar.

• Leibhéil arda gairmiúlachta agus caighdeáin oideachais sna céimeanna go léir; an teacht aniar

i meanmna aonair agus comhchoiteann agus dílseacht agus seirbhís aitheanta don Stáit.

• Cur chuige forghníomhach agus oscailte maidir le saincheisteanna casta acmhainní daonna ar

nós caidreamh idirphearsanta agus sláinte agus sábháilteacht

• Feabhsúcháin le gairid i dtrealaimh, i dteicneolaíocht an eolais agus in infrastruchtúr, rud a

chuir le hacmhainneachtaí oibríochta Óglaigh na hÉireann.

Tá roinnt laigí a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu, iad seo ina measc:

• Táthar ag brath go mór ar an gcur chuige deonach maidir le seirbhís thar lear – is iad na

daoine a hearcaíodh ó 1993 i leith amháin atá faoi réir ag roghnú éigeantach d’oibríochtaí

forghníomhú síochána.

• Scaipeadh leathan aonad agus fo-aonad oibríochta.

• An éagumas, de réir rialacháin, pearsanra a aistriú de réir mar is gá chun freastal ar riachtanais

eagraíochtúla.

8