11.03.2020 Views

IrisZine

TU Dublin Bilingual Online Magazine

TU Dublin Bilingual Online Magazine

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Eagrán a hAon

Issue One

2

Fáilte Welcome

FÁILTE

Tá IrisZine mar an chéad iris dhátheangach ag OT

Baile Átha Cliath. Is é an sprioc atá againn ná

ábhar spéisiúil, ábhartha agus uileghabhálach a

chruthú in the Irish language do mhic léinn. Táimid

tiomanta do mhic léinn a spreagadh lena gcuid

cúpla focal a úsáid. Bímid anseo in OT Baile Átha

Cliath ag déanamh iarrachtaí leanúnacha chun

an tionchar a bhíonn againn ar an timpeallacht

a laghdú agus ar an ábhar sin bheartaigh muid

ár n-iris a roinnt libh ar fad on line. Is scríbhneoirí

cruthaitheacha, atá ina mic léinn reatha agus

alumni, atá mar fhoireann eagarthóireachta

IrisZine agus atá i mblianta, cúrsaí agus áiteanna

éagsúla, ach a bhfuil rud amháin i bpáirt acu - a

love for the language!

Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn nó a

bheith ag scríobh do IrisZine, seol ríomhphost

chugainn ag gaeilge@tudublin.ie. Chomh maith

leis sin, tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin

le heolas a fháil faoi ranganna, scoláireachtaí

Gaeltachta agus imeachtaí sóisialta a bhíonn ag

tarlú anseo in OT Baile Átha Cliath!

WELCOME

IrisZine is the first ever TU Dublin bilingual

magazine. Our goal is to create interesting,

relevant and inclusive content as Gaeilge for

students. We are dedicated to inspiring students

to use whatever cúpla focal they have. We here

in TU Dublin are continuously making efforts to

lower our environmental impact and so we made

the decision to share our magazine with you

all ar líne. The IrisZine editorial team consists

of creative writers, who are current students

and alumni, from different years, courses and

locations, who share one thing in common – grá

don teanga!

If you’d like to get in touch with us or write for

IrisZine, please email us at gaeilge@tudublin.ie.

Also, check out our website to view information

about classes, Gaeltacht scholarships and social

events that are happening here in TU Dublin!

3

08 - 11

Ealaíona 7

Litríocht

Arts & Literature

12 - 13

Faisean

Fashion

18 - 22

Ceol

Music

24 - 27

Na Meáin

Media

28 - 31

Spórt

Sport

32 - 33

Nuacht

News

34 - 41

Cluichí

Games

42 - 44

Stíl Maireachtála

Lifestyle

46 - 49

Food

Bia

Ag Damhsa Tríd an Saol - 08

An Ceolseó atá le Teacht: Legally Blonde - 10

Treochtaí Faisin 2020 -11

Faisean Inbhuanaithe - 12

Ag Caint le Nine Arrows - 14

Treoir d’Fhéilte an tSamhraidh - 18

Ag Tacú le Ceoltóirí Óga ar Fud na Tíre - 20

Na 5 Phodchraoladh is Fearr as Gaeilge - 22

Beanantees - 23

Tírdhreach Mheáin na hÉireann - 24

Cluichí Oilimpeacha: Tóiceo 2020 - 28

Oilimpeach Dóchasach OT Baile Átha Cliath - 30

Am Spreagúil don Chumann Nuachta - 32

An tOlltoghchán - 33

Ag Dearadh Cluichí atá Inrochtana - 34

Homegrown - 37

Na 5 Chluiche Indie is Fearr - 39

Bliain Nua, Duine Nua? - 42

An Chéad Dáta - 44

Aontas na Mac Léinn 7

an Ghaeilge - 45

Bunriachtanais Bhia do Mhic Léinn - 46

Miotais Bhia - 48

4

PHOTOGRAPHY BY IAN AND ROBIN

5

Cas leis an bhFoireann

Ainm:

Post:

Cúrsa:

Bliain:

Campas:

Ainm:

Post:

Cúrsa:

Bliain:

Campas:

Ainm:

Post:

Cúrsa:

Bliain:

Campas:

Erica Carter

Eagarthóir Ealaíon 7

Litríochta

Iriseoireacht

3ú

Sráid Aungier

Róisín Cahill

Cuiditheoir ar Ealaíona 7

Litríocht

Tionscail Chruthaitheacha 7

Chultúrtha

4ú

Gráinseach Ghormáin

Ailíse de Barra

Eagarthóir Ceoil

Tionscail Chruthaitheacha 7

Chultúrtha

1ú

Gráinseach Ghormáin

Ainm:

Post:

Cúrsa:

Bliain:

Campas:

Ainm:

Post:

Cúrsa:

Bliain:

Campas:

Ainm:

Post:

Cúrsa:

Bliain:

Campas:

Cillian Ó Fearraigh

Eagarthóir Cluichí

Dearadh Cluichí

4ú

Sráid Aungier

Eibhlin O’Riordan

Cuiditheoir ar Chluichí

Dearadh Cluichí

3ú

Sráid Aungier

Sarah Hannan

Eagarthóir Bia

Cothú an Duine 7

Diaitéitic

2ú

Sráid Chaoimhín

Ainm:

Post:

Cúrsa:

Bliain:

Campas:

Shane McGoldrick

Eagarthóir Spórt

Bainistíocht Gnó

1ú

Sráid Aungier

Ainm:

Post:

Cúrsa:

Bliain:

Campas:

Aisling Ní Bhriain

Eagarthóir Stíle Maireachtála

Gnó Idirnáisúnta 7

Teangacha

1ú

Sráid Aungier

Meet the Team

Ainm:

Post:

Cúrsa:

Bliain:

Campas:

Aisling Ní Óghartaigh

Eagarthóir Faisin

Eolaíochtaí Bitheacha

1ú

Sráid Chaoimhín

Ainm:

Post:

Cúrsa:

Bliain:

Campas:

Ainm:

Post:

Cúrsa:

Bliain:

Campas:

Rebecca Daly

Eagarthóir Nuachta

Iriseoireacht

3ú

Sráid Aungier

Ian O’Ceallaigh 7

Robin

Aidan Winchester

Cruthaitheoirí Físeán 7

Grianghraf

Cumarsáid Amhairc

2ú

Gráinseach Ghormáin

Ealaíona 7

Litríocht

Ag Damhsa Tríd an Saol

Dancing Through Life

Is mac léinn ina bliain deiridh í Anu ón gcúrsa Tionscail

Chruthaitheacha 7

Chultúrtha anseo in OT Baile Átha Cliath, ach

caitheann sí a cuid tráthnónta agus a cuid deirí seachtaine ag

traenáil, ag freastal ar thrialacha agus mar mhainicín agus í ag tosú

amach lena post proifisiúnta mar dhamhsóir. Go dtí seo, d’oibrigh

Anu in éineacht le Soulé don fhíseán ceoil ‘Love Tonight’, bhí sí san

fheachtas fógraíochta don chomhlacht teileafóin GoMo le déanaí

agus chuaigh sí ar thuras le ceoltóir ón tSín, Chris Lee, go Shang

Hai, Beijing agus Macau. Rinneamar agallamh léi chun caint faoin

damhsa mar léiriú cruthaitheachta agus chun níos mó eolais a fháil

amach fúithi!

Anu is a final year student of Creative and Cultural Industries

here at TU Dublin, but her weekends are mostly spent rehearsing,

auditioning, modelling and performing as she embarks on her

professional dance career. To date, Anu has appeared alongside

Soulé in her ‘Love Tonight’ music video, in the recent GoMo

advertising campaign and toured with Chinese artist Chris Lee to

Shang Hai, Beijing and Macau. We caught up with Anu to discuss

where her creative expression through dance all began!

Róisín Cahill: Cathain a thosaigh tú ag damhsa?

Anu Walters: Nuair a bhí mé 9 mbliana d’aois. Thosaigh mé sa scoil

damhsa áitiúil i nGuaire i Loch Garman agus bhí Beyoncé

ó Destiny’s Child mar phríomh-inspioráid dom; is cuimhin

liom a bheith ag damhsa leis an amhrán ‘Lose My Breath’ ag

an am sin.

local dance school

Gorey

main inspiration

RC

AW

Ag cén pointe a bheartaigh tú “ba mhaith liom a bheith i mo

dhamhsóir mar phost proifisiúnta?”

Ag a 9! Bhí sé mar bhrionglóid agam a bheith ag damhsa

in éineacht le Beyoncé lá éigin. Ansin, nuair a bhí mé 16

bliana d’aois rinne mé triail don FLY Dance Studio le Kerri

agus Zac - bhí traenáil déanta acusan sa Nua-Shéalainn

le Parris Goebel, bhean a raibh cóiréagrafaíocht déanta

aici d’ealaíontóirí cosúil le J-Lo agus Rihanna. Tá sé fós mar

bhrionglóid agam a bheith ag damhsa le Beyoncé, ach anois

agus mé ag traenáil ag an leibhéal is airde, is brionglóid

níos réadúla é.

dream

New Zealand

highest level

more realistic dream

8

RÓISÍN CAHILL

Ealaíona 7

Litríocht

RC

AW

RC

AW

RC

AW

RC

AW

RC

AW

An raibh aon chur i gcoinne maidir le do chinneadh a

bheith mar dhamhsóir?

Tugann mo thuismitheoirí go leor tacaíochta dom. Ach

cinnte, bhí mo chuid múinteoirí agus daoine fásta eile

buartha gur gairm an-ghearr é an damhsa. Thug siad

misneach dom an chéim seo a bhaint amach agus chun mo

chloigeann a úsáid!

An bhfuil buaicphointe agat ón saol damhsa go dtí seo?

Oíche Chinn Bliana 2018-19 i Macau ar thuras le Chris Lee.

Bhíomar ar stáitse insan casino is mó sa domhan (le 15000

suíochán) agus taispeánadh ar theilifís naisiúnta na Síne é.

Chonaic cúpla milliún daoine muid ag damhsa agus toisc go

raibh mé ann le mo chuid cairde go léir bhí sé an-speisialta

ar fad.

An bhfuil tú ag obair ar aon tionscadail faoi láthair?

Táim ag traenáil do na Hip Hop Intervarsities le TU Dublin faoi

láthair. Tá an comórtas buaite againn le dhá bhliain anuas

(reigning champs!) agus beidh an comórtas ar siúl i nGaillimh

i mbliana. Táim páirteach sa seó atá ar siúl insan Smock

Alley freisin, don Scene & Heard Festival. Níl aon rud san

amharclann déanta agam go dtí seo agus táim ar bís faoi!

An bhfuil plean agat don chuid eile den bhliain 2020?

Tá Monsters Dance Convention (imeacht an-tábhachtach

don phobal damhsa) ag teacht go Baile Átha Cliath i mbliana

- an chéad uair a bheidh sé ar siúl san Eoraip. Beidh sé ar

siúl ón 22-24 Bealtaine, díreach tar éis dom mo thráchtas a

chur isteach agus táim ag tnúth go mór leis!

Faoi dheireadh, cén píosa comhairle ar mhaith leat a

thabhairt do dhaoine atá ag smaoineamh faoi pé paisean

atá acu a dhéanamh mar phost?

Déan an rud a thugann sonas duit. Cibé rud a roghnaíonn

tú, caithfidh tú a bheith ag obair go dian air, ach bheadh sé

níos éasca dá mbainfeá sult as. Ná bac le héinne eile, mar ní

hiadsan tusa!

opposition

a lot of support

other adult figures

career | encouragement

the degree

highlight

New Year’s Eve

on stage

on national Chinese TV

projects

theatre | excited

for the rest of the year

thesis

advice

Do what makes you happy

they’re not you!

RÓISÍN CAHILL

9

Ealaíona 7

Litríocht

An Ceolseó atá le Teacht: Legally Blonde

The Upcoming Musical: Legally Blonde

Tá Cumann Ceoil TU Dublin ag tabhairt beocht

nua do cheann de na scannáin is íocónaí ann an

mhí seo chugainn le Legally Blonde: an Ceolseó.

Mar thoradh ar cé chomh hiontach is a d’éirigh

lena seó Cabaret anuraidh, tá siad ar ais arís i mí

Aibreáin le seó spraíúil eile. Tá an fhoireann sa

phróiseas réitigh faoi láthair sula dtosaíonn siad

ag cleachtadh níos déanaí an mhí seo.

Deir an bainisteoir léiriúcháin Lauren Sharpe gur

spreag an spraoi a bhí aici anuraidh le Cabaret

chun páirt a ghlacadh arís i mbliana. “Bhí an léiriú

chomh spraíúil sin ach ba iad na daoine ar bhuail

mé leo agus atá anois mar chairde agam an chúis

gur shocraíomar leanúint ar aghaidh i mbliana le

seó eile,” a dúirt sí.

Dealraíonn sé go mbeidh go leor obair chrua i

gceist chun an seó a tharraingt le chéile ach tá

an fhoireann ag tnúth leis an dúshlán. “Is tasc

an-mhór é imeachtaí móra a eagrú i gcónaí,

go háirithe ag iarraidh an t-ullmhúchán a chur i

gcrích nuair a bhíonn go leor oibre le déanamh

don choláiste chomh maith le hobair eile,” a deir

Emma.

“Bíonn an-imní ort i gcónaí nach ndíolfar ticéid

ach táim chomh muiníneach sin go mbeidh an seó

iontach don lucht féachana agus go mbeidh na

haisteoirí fíorbhródúil as. Táim chomh buíoch sin

go bhfaigheann mé an seans seo leis na mianta

seo agus tá súil agam go mbeidh muid uilig beo

fós ag am an tseó!”

“Roghnaigh muid Legally Blonde mar gheall ar an gcliar mhór

agus éagsúil, is spraoi é agus tá a lán daoine eolach ar an léiriú.

Is mian linn a bheith cuimsitheach, spraíúil agus gairmiúil.”

Bhí spéis mhór sa cheolseó i mbliana, le breis

is seasca éisteacht. Bhí éisteachtaí ar siúl ní

ba luaithe an mhí seo leis an stiúrthóir Siobhan

Gallagher a d’fhreastail ar gach ceann acu.

Iarradh ar gach mac léinn amhrán a ullmhú ón

gceolseó agus trí script áirithe a léamh. An lá

dár gcionn iarradh orthu páirt a ghlacadh i dtriail

damhsa, arna comhordú ag an gcóiréagrafaí

Emma Dillon. “Bhí an-iontas orm maidir le líon

na ndaoine a tháinig chun trialach, agus bhí

dearcadh mealltach taitneamhach acu go léir,” a

dúirt Emma.

Aontaíonn Lauren. “Cé gur obair chrua a bhí ann,

ceapaim gur deis uair sa saol é léiriú a dhéanamh

mar seo agus táim chomh tógtha sin leis anois

agus as an bhfíorspraoi nuair a thosaíonn cleachtaí

agus tosaíonn sé ar fad ag dul ar aghaidh.”

Tá Legally Blonde: an Ceolseó le reáchtáil ar

an 22 agus 23 Aibreán i Halla Gleeson, Sráid

Chaoimhín.

“Tá an tallann iontach agus bhí na caighdeáin

éisteachta an-ard, rud a chiallaíonn go gcaillfidh

roinnt daoine an-éirimiúil amach nuair nach

féidir linn ach Elle agus Warner amháin a bheith

againn,” a dúirt an stiúrthóir Siobhan.

10

ERICA CARTER

Ealaíona 7

Litríocht

Treochtaí Faisin 2020

Fashion Trends 2020

Anois agus 2020 buailte linn agus an tEarrach beagnach anseo,

tá sé in am tosú ag smaoineamh ar an dóigh a n-eagróimid muid

féin do na míonna níos teo. Le seachtainí faisin ar siúl ar fud an

domhain, bhailigh mé cuid de na treochtaí is fearr a bheidh le

feiceáil againn san earrach-samhradh 2020.

Beidh cúpla rud a tháinig chun cinn le linn 2019 le feiceáil ag

leanúint ar aghaidh, ar nós neon agus muinchillí puif. Bhí neon

an-mhór le cúpla samhradh imithe thart, agus ní bheidh sé seo ag

athrú. Ar na hardáin taispeána bhí roinnt outfits neoin monacróim

iomlána ann, ach mura bhfuil tú an-gharbh, beidh ráiteas fós á

dhéanamh ag neon níos caolchúisí i do chulaith. Smaoinigh ar

léine neoin, nó fiú gabhálais neoin cosúil le fáinní cluaise nó

scrunchie - atá le fanacht thart agus a bheidh an-choitianta freisin.

Rud eile a bheidh le feiceáil againn i gcónaí is ea fáinní cluaise

ráitis - smaoinigh ar fháinní móra. Le cúpla bliain anuas tá fáinní

cluaise móra tar éis fanacht i bhfaisean agus níl sé seo le hathrú

ag am ar bith go luath. Dá mhéad an fáinne, is mó an ráiteas faisin!

Rud nua a bheidh le feiceáil againn ná stíleanna 60aidí agus 70aidí

ag teacht ar ais. Beidh priontaí sícideileacha agus bríste spréite i

ngach áit i míonna an tsamhraidh. D’fhéadfadh sé seo a bheith

ina rogha faiseanta scanrúil do roinnt daoine, ach níl sé chomh

scanrúil agus a bheifeá ag ceapadh. B’fhéidir gur áit mhaith é le

tosú le léine nó scairf le prionta spraíúil. Maidir le priontaí, tá

an chuma air go bhfeicfimid an-chuid acu le potaí polca agus

stríoca.

Cé go bhfuil mealladh ann chun dul amach agus wardrobe nua

a cheannach don earrach/samhradh, cén fáth nach ndéanann

tú iarracht a bheith níos inbhuanaithe le do chuid éadaí? Féach

trí chuid de do sheanéadaí agus tá seans ann go bhfaighidh tú

míreanna a chloíonn leis na treochtaí seo atá le teacht agus a

ndearna tú dearmad iomlán orthu! Nó más mian leat éadaí nua a

cheannach, cén fáth nach bhféachann tú ar shiopaí carthanachta,

siopaí seanré agus ar Depop.

Cé gur rud spraíúil é a bheith ag caint faoi chúrsaí faisin, ní mór

dúinn a bheith níos feasaí faoin damáiste a dhéanann faisean

tapa, agus cuimhnigh gur féidir linn a bheith ag breathnú go maith

fós gan siopadóireacht ar líne ó láithreáin ghréasáin faisin thapa!

an tEarrach

the Spring

treochtaí

trends

muinchillí puif

puff sleeves

na hardáin

taispeána

the catwalks

níos caolchúisí

more subtle

gabhálais

accessories

fáinní cluaise ráitis

statement earrings

spréite

flared

prionta spraíúil

fun print

stríoca

stripes

níos inbhuanaithe

more sustainable

míreanna

pieces

carthanacht

charity

níos feasaí

more aware

ERICA CARTER 11

Faisean

Faisean Inbhuanaithe

Sustainable Fashion

Le linn ár ré saoil, bíonn treochtaí le feiceáil arís is arís eile, na cinn mhaithe, na

droch-chinn agus fiú na cinn ghránna. Athbheoitear stíl agus athchúrsáiltear na

treochtaí mar sin cén fáth nach ndéanann muid a leithéid lenár gcuid éadaí?

Cuirtear trucail bruscair de theicstílí i líonadh talún nó déantar é a loscadh gach

uile shoicind in aghaidh an lae. Ag an ráta uafásach seo, tá sé tábhachtach go

ndéanfar athrú práinneach maidir leis na bealaí a cheannaímid agus a choinnímid

ár gcuid éadaí. Más rud é, mar áititheoirí an phláinéid seo, go dteastaíonn uainn a

thodhchaí a shábháil ní mór dúinn athruithe beaga ó thaobh stíl maireachtála de a

cheadú, ní hamháin faoin gcineál tuí a úsáidimid nó faoin méid feola a ithimid ach

caidreamh sláintiúil a bhunú le faisean agus a shaolré.

Is féidir leis an gcéad chéim a bheith ag cur moill

le faisean tapa agus ag cuimsiú earraí athláimhe

inár gcuid turais siopadóireachta. Thosaigh

mé féin ag glacadh páirte sa taobh seo den

ghníomhaíocht aeráide nuair a thosaigh mé ar mo

chúrsa i mí Mheán Fómhair i Sráid Chaoimhín.

De bharr na siopaí carthanachta iomadúla atá le

feiceáil ar Shráid Sheoirse agus ar Shráid Aungier,

tá sé éasca do mhic léinn éadaí réamhchaite

a cheannach sula mbíonn orthu cos a leagan

i siopa ardfhaisin, siopaí a chuireann go mór le

dramhaíl polaiméirí a théann isteach inár gcuid

aigéan ag ráta scanrúil.

Ceapaim gur féidir liom a rá go muiníneach go

n-admhódh tromlach na mac léinn in OT Baile

Átha Cliath go dteastaíonn uathu cuidiú leis an

bpláinéad, cén fáth nach dtosaíonn tú le outfit

funky a fháil ó cheann de na siopaí ar do bhealach

isteach.

Fuair mé roinnt seoda iontacha ó na siopaí seo go

léir lena n-áirítear díolachán cileagraim i Sráid

Aungier i mí na Samhna. Bhí mé chomh sásta

sin an méid sin daoine a fheiceáil a bhí ag tochailt

trí racaí d’éadaí barántúla ar an tseanstíl a bhí ag

fanacht le bheith caite.

12

AISLING NÍ ÓGHARTAIGH

Faisean

I have noticed lately that thrifting has become

somewhat of a trend in itself. With style becoming

more personal in today’s society in contrast with

the following of trends previously seen it is nice

to see people making their style their own while

still including sustainability as a statement. With

the resurfacing of neon colors last year and 80s

vibes this year it’s great to see that no matter

what, trends will never die.

With these trends however the planet has to suffer

the consequences each and every time they

become popular with racks of clothing in stores

such as Penneys. It’s not hard to see how, with this

mass production, it wouldn’t suffer. Fast fashion

is slowly but surely contributing to the terminal

state in which our planet has unfortunately been

diagnosed but we can change that. I am positive

about fashion and how as individuals we express

ourselves through clothing. Fashion is after all

another form of communication unlike anything

else. Being able to describe who you are by the

clothes that you put on your body without saying

words is unique and I find that fascinating.

Darja Kielthy (@darjaklothing on Instagram) is

a great example to us as she buys clothes in

charity shops and makes new pieces to wear.

This is something everybody can do in terms of

recycling. I cut my clothes to create new outfits

and I love doing it because I get new looks every

time. This reduces the rate of fast fashion and

helps with the carbon footprint.

I hope you agree with my opinions and you

will make an effort to seek sustainable fashion

alternatives when creating your own stylish looks!

AISLING NÍ ÓGHARTAIGH

13

14

Ag Caint le Nine Arrows

A Chat with Nine Arrows

Nine Arrows illustrator, Catherine Geaney, chats to us about

her illustrations and the importance of content as Gaeilge.

Aisling McElvaney: Tell us a bit about yourself. Where did you grow

up? What did you study in college?

Catherine Geaney: I grew up in Julianstown, Co. Meath, surrounded

by nature. I was really interested in photography growing up

and have hard drives filled with flowers, fields and beach

trips. I went on to study Visual Communications in NCAD.

tiomántáin chrua

Cumarsáid Amhairc

AM

CG

AM

CG

AM

CG

Have you always been passionate about Gaeilge or did living

abroad change your attitude towards the Irish language and

culture?

In a way both. I always loved Irish growing up but I felt I

wasn’t very good at it and I was very shy which doesn’t help

when learning a language. I had a fantastic Irish teacher for

the Junior Cert who was really passionate about Irish and it

helped me test better but I never really spoke Irish. I was really

interested in Japan growing up so when I went to college I

took evening classes in Japanese. Once I graduated I moved

straight to Japan and being immersed in the culture made

it so much easier to pick up the language. I still have a long

way to go with learning Japanese but I find chatting in it

still easier than Irish. Learning Japanese definitely made me

want to return to learning Irish.

What made you want to become an illustrator or artist?

Art has always been a part of my life, I have great memories

of wandering around the National Gallery with my Mam as

a child. I’ve always had notebooks filled with scribbles and

sketches. I’m definitely that person on the holiday that needs

to visit all the museums. I never imagined my life without some

form of creativity and while being a full time artist has its pros

and cons it’s definitely my favourite job so far!

Can you tell us a bit about your creative process? Do you

prefer hand drawing or digital or mixture of both?

I start everything with a sketch and ink that with fine-liner

pens or a nib and ink. Sometimes I’ll paint the image with

water colour but mostly I’ll scan the black and white image

and digitally paint it. I like to add in some texture by scanning

meon

cúthail

Teastas Sóisearach

sa tSeapáin

tumtha sa chultúr

piocadh suas

maisitheoir

ag fánaíocht thart

scrioblálacha

iarsmalanna

dúch

uiscedhath

AG CAINT LE...

15

watercolour or acrylic images and layering everything up in

Photoshop. I love working with both mediums together, but

I’d also like to take some time to make some fully traditional

images soon.

AM

CG

AM

CG

AM

CG

What inspired you to start making art as Gaeilge?

I was listening to the MotherFoclóir podcast and the presenter

Darach Ó Séaghdha was talking about content in Irish and

how important it is for people to make more content and

share it. I think his phrase was ‘so what are you gonna do

about it’ maybe he didn’t say that but that’s what I heard!

And I thought, I can draw pictures!

Do you think it is important for creative people to be making

content as Gaeilge ar líne?

When learning a language content is so important. If you

are learning English you have vast amounts of content to

choose from, film to tv to literature and audio material. Even

learning Japanese for me meant watching anime, drama

shows and music. We need more content in Irish to meet

what I see is a big demand. Most people I speak to about

this want to know more Irish, they want to either speak it or

share it. I’m doing what I’m doing because I was influenced

by a podcast that celebrates the Irish language. So we need

as many gateways as Gaeilge to reach different people with

different interests.

Do you think Instagram and influencers can play a role in

encouraging young people to use their cúpla focal?

I think Instagram has its place, but it is definitely not the

only space for Irish. Apps and social media sites all evolve

ábhar

a roinnt

na múrtha

ábhar fuaime

tionchar

geataí

tionchairí

aipeanna

suíomhanna meán sóisialta

16

AG CAINT LE...

so fast. Perhaps TikTok could be the next big influencer. No

matter what the platform is or who the influencer is I feel

an important element to it is about taking ownership of

the language. I know some purists might disagree but I love

the cinnte winnte’s and the bronsies’s of the world because

they reflect Irish culture. Hiberno-English is a playful and

expressive version of English and I think that comes from

Gaeilge. I think if young people felt a more personal, lived in

connection to Irish it would be easier to use it informally in

daily life.

úinéireacht

AM

CG

AM

CG

AM

CG

What’s the best piece of advice you’ve been given?

I didn’t realise I had done this until watching a YouTube video

from Australian artist Struthless, and honestly it is the best

advice: “Pick one thing. Keep doing that thing over and over.

Stick with it even when there’s so many newthings that you

want to do, ignore them, keep doing the one thing.” For

me that thing happened to be connecting my art to Irish.

Before that project, I’d started and stopped loads of ideas.

For nearly a full year I only drew something from a list of Irish

words and phrases, all in the same format. This helped me

learn and grow as an artist because over time I started to

push my own boundaries within that format.

What advice can you give to our readers who love Gaeilge

but struggle to find opportunities to use it regularly?

I find this one difficult and all I can say is for now I’m in the

same boat. I plan on changing that by getting offline more.

I’ve found Ciorcal Comhrá meetups which are all listed on

peig.ie and they happen all over Ireland and I’m going to

channel my chatty self in English into Gaeilge.

If you could have dinner with any three gaeilgeoirs, dead or

alive, who would they be and what would you say to them?

Gráinne Mhaol - what’s your secret to multilingualism and

can I join your crew?

Hector Ó hEochagáin - thanks for showing off the world

as Gaeilge and allowing me to imagine Irish in places

other than a classroom.

MúinteoirMeg - Grmma, as an inspioráid as Gaeilge gach

lá ar Instagram!

teorainneacha

deiseanna

sa chás céanna

IRISZINE10

Use our discount code for 10% off

prints on www.ninearrow.com

AG CAINT LE...

17

Ceol

Treoir d’Fhéilte an tSamhraidh

Summer Festival Guide

Right leaids seo é mo liosta d’fhéilte ceoil a bheidh ar siúl thar

an samhradh, áit arbh fhéidir libh réimse leathan de cheol agus

ceoltóirí ón oileán álainn seo a fheiceáil. Titfidh sibh i ngrá leo,

geallaim é sin daoibh. Sin é, feicfidh mé sibh ann!

1. FÉILE NA GEALAÍ

Seo é an 5ú bliain den fhéile seo,

agus tá sé ag feabhsú agus ag éirí

níos mó gach bliain. Bhuaigh sé an

duais d’Fhéile na Bliana 2020 ag

Gradaim NÓS i Mí Eanáir.

2. BODY & SOUL

Beidh grúpaí Éireannacha King

Kong Company, Kojaque, TPM agus

Powpig ann an samhradh seo,

chomh maith le réimse leathan de

bhannaí agus ceoltóirí eile ó gach

cúinne den domhan.

island

I promise

improving

range

3. KALEIDOSCOPE

Feicfidh sibh Basement Jaxx agus

The Divine Comedy anseo i mbliana

ag an bhféile teaghlaigh, le ceol,

spóirt, drámaíocht, bia agus spraoi

ar fáil chun na páistí a choimeád

gnóthach.

4. INDIEPENDENCE

Is iad na Stereophonics, Sigrid agus

The Streets na príomhghrúpaí a

bheidh ag seinm i mbliana. Beidh

bannaí Éireannacha ar nós Hudson

Taylor, Kneecap, Orla Gartland

agus Alex Gough le feiceáil ann.

5. BEATYARD

Níl a lán eolais ar fáil fós mar

gheall ar Beatyard ach bunaithe ar

rath an fhéile an bliain seo caite,

bheinn ag súil go mbeidh rud éigin

iontach eagraithe do mhí Lúnasa.

main acts

information

August

18

AILÍSE DE BARRA

Ceol

Más mian libh éisteacht le roinnt ceoil

ó na hainmneacha luaite thuas, molaim

daoibh an seinnliosta Nialler9 ‘Best

New Irish Music’ a leanúint ar Spotify.

Tá mo sheinnliosta féin á chur le chéile

agam, ‘IrisZine Recommends’, leis an

gceol is fearr liomsa de chuid ceoltóirí

Éireannacha.

19

Ceol

Ag Tacú le Ceoltóirí Óga ar Fud na Tíre

Supporting Young Musicians Nationwide

Táim i mo shuí anois le mo chomhpháirtí comhlachta Band Mash, Brigid Ní

Mhuireasáin, an bainisteoir bolscaireachta agus meán sóisialta, agus Naoise

Ní Mhuirí, an cúntóir riaracháin. Agallamh éagsúil a bheidh ann anseo toisc

go bhfuil mé féin i mo bhainisteoir cumarsáide i Band Mash, ach ar mhaithe

libhse na léitheoirí táim tar éis cúpla ceist a chur orthu:

AILÍSE: Cad go díreach atá i gceist le Band Mash?

BRIGID: Is gig é ina bhailíonn 6 bhanna ceoil óga

le chéile ar oíche amháin agus seinneann gach

ceann díobh seit ceoil thar an oíche. Chomh

simplí leis sin.

NAOISE: Déagóirí a bhíonn iontu, agus tallann

iontach a bhíonn á taispeáint i gcónaí.

AILÍSE: Cén fáth ar thosaigh sibh Band Mash?

BRIGID: Bhuel, tá a fhios agat féin, a Ailíse.

Chuamar amach chun ceolchoirm cairde linn a

fheiceáil, ach níor ligeadh isteach muid toisc go

rabhamar faoi bhun 18 mbliana d’aois ag an am.

sé oscailte do gach éinne.

BRIGID: Mar sin, tugaimid an chéad bhlas de

sheinm beo bannaí ceoil a bhfuil b’fhéidir seans

ann go n-éireoidh leo i saol an cheoil amach

anseo. Trí Band Mash, faigheann déagóirí an

taithí a bhíonn ag teastáil níos déanaí sa saol sin

ó aois óg.

NAOISE: Freisin, is ríléir go gcaithfimid tacú le saol

an cheoil agus chultúir i mBaile Átha Cliath agus

in Éirinn agus é a chaomhnú. Ní hí an tosaíocht is

mó atá ag an rialtas. Is streachailt é a gcaithfimid

déileáil leis muid féin.

NAOISE: Cé go raibh na daoine sa bhanna an

aois chéanna linn féin, ní raibh cead ag daoine

faoi aois teacht isteach – an toradh ná nach

raibh aon duine de chairde an bhanna ábalta an

cheolchoirm a fheiceáil. Tragóideach.

BRIGID: Dá bharr seo, bheartaigh muid ár

gceolchoirm féin a eagrú, áit ar féidir le bannaí

óga seinm ann do lucht féachana lán dá gcuid

cairde féin agus do dhaoine ar comhaois leo féin.

AILÍSE: Cén éifeacht atá ag Band Mash ar scéal

agus saol an cheoil bheo i mBaile Átha Cliath?

NAOISE: Mar a dúramar, cuirimid gigeanna ar siúl

a bhfuil fáilte roimh gach éinne freastal orthu.

Ní deirimid riamh le daoine nach bhfuil cead

isteach de bharr a n-aoise ná aon chúis eile; tá

20

AILÍSE DE BARRA

Ceol

AILÍSE: Cén saghas tacaíochta a thugann sibh do

na bannaí agus na ceoltóirí a ghlacann páirt sa

cheolchoirm?

BRIGID: Is scannal é an méid eagraíochtaí nach

n-íocann na bannaí ceoil as a gcuid oibre.

Tá sé cineál cosúil le píosa ealaíne a ghoid ó

ghailearaí. Déanann muid an méid is mó agus is

féidir chun tacú leo mar sin, mar shampla ag fáil

grianghrafadóir proifisiúnta chun na seiteanna

a thaifeadadh do na meáin shóisialta, cúiteamh

airgeadaíochta a thabhairt ar ais dóibh as ticéid

a dhíol, srl.

NAOISE: Tagann siad amach as an oíche le roinnt

airgid ina gcuid pócaí agus níos mó taithí faoi

conas a oibríonn an saol ceoil.

do Band Mash faoi láthair, ach beidh gig Backlash

ar siúl sa Workman’s Club ar an 7 lá de mhí an

Mhárta. Cloisfidh sibh The Alterior, Sunburn agus

roinnt mhaith bannaí eile ann.

NAOISE: Aimsígí muid ar na meáin shóisialta,

Facebook agus Instagram más mian libh,

coimeádaigí suas lenár gcraic!

Agus leis sin lig mé saor na mná deasa sin chun

níos mó obair a dhéanamh chun na ‘Mashers’ a

choimeád sásta. Tá siad ag déanamh obair na

gcapall faoi láthair agus le cúnamh Dé, éireoidh

leo i saol an cheoil amach anseo.

AILÍSE: Cé na deacrachtaí a mbuaileann sibh leo

agus sibh ag eagrú na ngigeanna seo?

BRIGID: Bíonn sé deacair uaireanta suíomh a

aimsiú a bheidh sásta déagóirí faoi aois a n-óstáil

toisc go mbíonn na clubanna sa chathair ag

brath ar dhíolacháin alcóil. Bheadh orainn cíos

millteanach a íoc. Bhí orainn gig iomlán eile a

thosnú le déanaí do dhaoine thar aois amháin le

go mbeidh muid in ann Band Mash a choimeád

beo.

NAOISE: Ní drochrud é sin le bheith fírinneach

faoi. Bíonn bannaí ceoil de gach aois ann i gcónaí,

agus de réir mar a éirímidne níos sine, tá siadsan

freisin. Leis an gig nua, Backlash, is féidir linn tacú

leis na bannaí ceoil atá rud beag níos sine agus

iad a thaispeáint freisin.

AILÍSE: An bhfuil aon gig ag teacht aníos anois a

d’fhéadfaimis freastal air nó páirt a ghlacadh ann

fiú?

BRIGID: Bhuel táimid ag obair ar shuíomh a aimsiú

AILÍSE DE BARRA

21

Ceol

Na 5 Phodchraoladh is Fearr as Gaeilge

Top 5 Podcasts in Irish

Is rud ollmhór iad podchraoltaí sa lá atá inniu ann, agus is féidir leat éisteacht

leo ar an mbus, sa leaba, san ionad aclaíochta… áit ar bith is mian leat! Tá

podchraoltaí ann faoi ábhar ar bith, ach inniu beidh mé ag dul trí liosta de

chúig phodchraoladh iontacha as Gaeilge.

1. MOTHERFOCLÓIR

Is podchraoladh leathuair an chloig é seo a

reáchtálann Darach Ó Séaghdha (@theirishfor

ar Twitter). Is podchraoladh beag spraíúil é seo

le haíonna áirithe, cosúil le Róisín McNally agus

Lisa Nic an Bhreithimh. Pléann sé na bríonna

atá taobh thiar d’fhocail dhifriúla, déanann sé

comparáid idir focail Bhéarla agus Ghaeilge, agus

go ginearálta bíonn beagáinín craic as Gaeilge

aige.

2. BEO AR ÉIGEAN

Tá Beo, ar Éigean á chur i láthair ag

Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ, Siún

Ní Dhuinn, agus Sinéad Ní Uallacháin agus Áine

Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá sé

leathuair an chloig freisin, ach tá an ceann seo do

chainteoirí Gaeilge níos cumasaí ná mar atá ag

Motherfoclóir. Labhraíonn na láithreoirí Gaeilge

líofa agus labhraíonn siad faoi gach cineál ábhar,

na rudaí atá ar siúl acu an tseachtain sin agus cén

saghas ceisteanna reatha atá i mbéal an phobail.

4. BITESIZE IRISH

Is podchraoladh fiche nóiméad é Bitesize Irish a

chuireann Eoin Ó Conchúir ar fáil do chainteoirí

nó d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ar fud an domhain.

Tá an podchraoladh seo spéisiúil mar ní hamháin

go gcuireann sé i láthair é trí mheán na Gaeilge,

déanann sé plé gníomhach ar an nGaeilge féin.

Labhraíonn Eoin go domhain faoi cad is brí leis an

nGaeilge, conas é a ionchorprú i do shaol laethúil,

agus an mothú sin go bhfuil tú ‘i do mhealltóir’

nuair nach mbíonn mórán Gaeilge agat.

5. RTE 2FM CEOL

Cé nach gá gur podchraoladh é seo, is sraith

amhrán coitianta é ó cheoltóirí a ghlac páirt i 2FM

Ceol agus a chlúdaigh a gcuid amhrán as Gaeilge.

Is bealach iontach é seo chun focail Ghaeilge

nua a fhoghlaim, mar má tá an leagan Béarla ar

eolas agat, beidh tú in ann na liricí a léamh sa

leagan Gaeilge. Tá sé go deas na hamhráin seo a

sheinm aon uair, fiú má tá tú díreach ag déanamh

roinnt oibre nó ag cócaireacht.

3. GAEILGE BHRISTE

Is podchraoladh teanga, ceoil agus cultúir é

Gaeilge Bhriste atá á óstáil ag Shirley Ní Riagáin.

Déantar taifead air in Iarthar Luimnigh agus mar

a thugann an t-ainm le fios, oireann sé seo do

dhaoine nach bhfuil muiníneach as a gcumas

labhartha Gaeilge agus atá éasca go leor do

gach duine a thuiscint. Tá siad idir fiche nóiméad

go díreach nó os cionn leathuair an chloig, agus

mar sin tá siad iontach foirfe do rud éigin cosúil

le turas gearr bus chun do chuid cúpla focal a

shú isteach.

GLUAIS

GLOSSARY

22

ERICA CARTER

Comórtas

Comórtas Beanantees!

Beanantees Competition!

Brain child of best friends Ciara and Lana,

Beanantees make empowering apparel for Wild

Irish Women.

Inspired by pop-culture agus an Ghaeilge,

Beanantees have created a fresh approach to Irish

language clothing through their range of t-shirts,

jumpers and bags with each garment embroidered

with a tongue-in-cheek phrase as Gaeilge.

Signature designs like ‘Yas Banríon’, ‘GRMA, next’

and ‘An Bhitseach Sin’ have gone viral on social

media with Beanantees being worn by everyone

from Saint Sister to Jonathan Van Ness.

The Beanantees have used clever word-play, popculture

references and poetic license to create

their modern yet distinctly Irish clothing range.

The Beanantees have partnered with

various LGBTQ+, pro-choice and rape-crisis

organisations and since launching in early 2019

Beanantees have donated almost €4,000.

Check out our website www.beanantees.com

for some fabulous Gaeilge goodies!

WIN:

2 x €50 Vouchers

Check out @tudublin_oifignagaeilge

on Instagram for your chance to win a

Beanantees voucher!

IRISZINE10

Use our discount code for 10% off

purchases on www.beanantees.com

WWW.BEANANTEES.COM

23

Na Meáin

Tírdhreach Mheáin na hÉireann

The Irish Media Landscape

Nuair a chuaigh OT Baile Átha Cliath i dteagmháil liom chun alt a

scríobh do IrisZine, d’fhill m’aigne díreach ar ais ar mo chuid ama

mar mhac léinn iriseoireachta in OT Baile Átha Cliath. Mar chéimí

speisialta a bhfuil post lánaimseartha i dtionscal na hiriseoireachta

agam, is eiseacht mé maidir leis an teachtaireacht a chloiseann

mic léinn iriseoireachta gach lá.

“Ní bhfaighidh tú obair lánaimseartha”, “tógfaidh sé na blianta ort

chun briseadh isteach sa tionscal”, “oibríonn an chuid is mó dínn i

PR”. Ní scéal mór misnigh é. Ach, ar an drochuair, bíonn sé fíor go

minic. Nílim ag rá nach bhfuil poist lánaimseartha thraidisiúnta ar

fáil — tá siad, agus oibríonn mé féin ina leithéid de ról. Ach tá an

tionscal ag athrú an t-am ar fad, agus do go leor daoine, beidh siad

ag lorg slite eile chun a gcuid brionglóidí a chomhlíonadh.

Is scéal grá fada é an cló neamhspleách in Éirinn, idir pobal na

hÉireann agus iadsan a bhfuil ag scríobh faoi. Mar thír lán le

scéalaithe, tá sé éasca a thuiscint go bhfuil scéalta barántúla uainn,

gan chacamas, atá ar fáil i gcló a foilsítear go neamhspleách. Tá an

bhréagnuacht agus na meáin shóisialta tar éis blas searbh a chur

inár gcuid béal — tá an stuif fíor uainn.

Nuair a bhíonn bhur gcuid fothaí nuachta lán leis na hainmneacha

móra atá i réimse na nuachtpháipéar agus irisleabhar, tá an t-ádh

linn in Éirinn go bhfuil go leor ionaid neamhspleácha againn

a bhfuil tacaíocht taobh thiar dóibh, ón Stát agus uainn féin.

An tsean-cheist atá againn (ní sean-cheist i ndáiríre é, mar níl

an táthcheangal digiteach ag tarlú ach le 15 bliana anuas) faoi

dhaoine agus an mbeidh siad sásta íoc as iriseoireacht mhaith,

bhuel tá sé freagartha arís ‘s arís eile leis an méid soláthraithe cló

neamhspleácha atá ann.

Do dhaoine a bhfuil grá acu do leabhair, tá foilsitheoirí

neamhspleácha ann cosúil le Tramp Press atá ann mar dheis do

scríbhneoirí óga. Bunaíodh iad sa bhliain 2014, foilsíonn Tramp

Press leabhair anseo in Éirinn agus thar lear, le teidil acu cosúil le

Solar Bones le Mike McCormack agus Flight le Oona Frawley. Deir

an sluán atá acu gach rud: “People who love books will always

want excellent writing. We want to help them get their hands on it.”

24

ERIN NÍ LOINSIGH

Na Meáin

When I was approached to write an article for IrisZine, my mind

immediately returned to my years as a TU Dublin Journalism

student. As one of those elusive graduates who actually work fulltime

in the journalism industry, I am the exception to the message

that many journalism students are told every day.

“You won’t find full-time work”, “it will take years to break into the

industry”, “most of us end up in PR”. Not the most encouraging

of narratives, but one that, unfortunately for many, ends up being

true. That isn’t to say that traditional full-time journalistic roles don’t

exist — they do, and they’re attainable, as I am living proof of. But

the industry is changing rapidly, and many students will look to

alternative routes to fulfill their dreams of writing for the masses.

The independent press in Ireland is a long-standing love affair

between the Irish public and those who want to write about it.

As a nation of storytellers, it’s understandable that our need for

authentic, no-bullsh*t tales have pushed us towards independent

outlets. Fake news and the social media churn has soured our taste

for mass media — we want the real stuff.

While your feeds may be dominated by the bigger names in

newspapers and magazines, we are lucky in Ireland that so many

independent outlets are supported, both by state bodies like the

Arts Council and our own grassroots donations. The age-old (well,

it feels that way, even though the digital takeover has really only

happened in the past 15 years) question of whether people will

pay for quality content is answered time and again by our litany of

independent outlets.

For book lovers, publishers such as Tramp Press provide a source

of great Irish new literature, that, as it is based here in Dublin, is

attainable for budding novelists and essayists. Founded in 2014,

Tramp publishes books both in Ireland and internationally, and

boasts titles such as Mike McCormack’s Solar Bones and Oona

Frawley’s Flight, titles that have rocked Irish literature in recent

years. Their tagline says it all :”People who love books will always

want excellent writing. We want to help them get their hands on it.”

ERIN NÍ LOINSIGH

25

Na Meáin

Le hirisleabhair, tá go leor teideal againn anseo i mBaile Átha

Cliath amháin. Is irisleabhar liteartha é The Stinging Fly, a bhfuil

ainmneacha mealltacha foilsithe acu ó 1998, agus cuireann siad

ceardlann rialta ar siúl chomh maith do scríbhneoirí. Cruthaíonn

Sonder Magazine aistí agus scéalta gearra, agus cé go bhfuil sé fós

óg, tá sé suntasach cheana féin.

Braitear go bhfuil an Dublin Inquirer mar chuid den saol i mBaile

Átha Cliath le blianta fada, cé nár bunaíodh é ach sa bhliain 2015.

Nuachtpháipéar áitiúil do dhaoine áitiúla, tugann an Inquirer

uaisleacht don iriseoireacht, agus tá dainséar ann go gcaillfear é

seo. Mar an gcéanna, is litir ghrá é Totally Dublin don chathair, ach

ar bhealach difriúil — nuair a thugann an Dublin Inquirer aird ar an

nuacht, tugann Totally Dublin aird ar an gcroí.

Ach cé go bhfuil gach saghas iriseoireacht cló iontach (agus níl sé

ag fáil bháis), caithfidh muid iriseoireacht dhigiteach a chuimsiú. Is

é Rogue Collective ceann de na bealaí nua atá ann chun na meáin

a chruthú agus a idiú. Le mná den chéad scoth, cruthaíonn an

Collective podchraoltaí, ailt agus grianghrafadóireacht.

Cibé bóthar a phiocann céimithe iriseoireachta agus na meán, tá

sé soiléir go bhfuil an todhchaí geal dóibh. Glórtha nua, glórtha

difriúla, uainn i gcónaí - caithfidh muid bealaí nua a fháil chun iad

a chloisteáil.

26

ERIN NÍ LOINSIGH

Na Meáin

If it’s magazines you’re after, Dublin alone boasts an abundance of

titles for independent writing. The Stinging Fly, a literary magazine

that has been publishing some of the most engaging voices in the

country since 1998, engages readers not only in their articles, but

in their regular workshops for budding writers. Sonder Magazine

curates essays, short stories and bursts of creativity that, even in

its infancy, is making waves among the human-condition-obsessed

among us.

The Dublin Inquirer feels as if it has been part of local Dublin life

for generations, even though it has just been up and running since

2015. A true local paper for local people, the publication gives the

nobility to journalism that we are in danger of losing along the paths

of our careers. Similarly, Totally Dublin is a love letter to the city, but

on a different vibe — where the Dublin Inquirer gives our city the

attention to the news that it deserves, Totally Dublin provides the

heart — our bubbling culture is worth shining a light on.

But while all print is wonderful (and it will not die, despite what some

lecturers tell you), the need to embrace digital is ever-present.

While Irish publications have been decidedly nostalgic until now,

the female-led Rogue Collective has wholeheartedly embodied

the new way of creating and consuming media. Made up of a cast

of stellar Irish talent, the collective creates podcasts, articles and

photography, from women who simply decided that the road less

taken was one worth investigating.

Whichever road this year’s graduates take in the world of journalism

and media, it’s clear that the future is bright on this island.

New voices, different voices, will always be needed

- finding new ways for them to be heard is what the

future will really be about.

ERIN NÍ LOINSIGH

27

Spórt

Cluichí Oilimpeacha: Tóiceo 2020

Olympic Games: Tokyo 2020

Deir an IOC go mbeidh na Cluichí Oilimpeacha ar siúl

mar is gnách in ainneoin na bhfadhbanna a bhaineann

le COVID-19.

Beidh na Cluichí Oilimpeacha ar ais gan mhoill tar

éis ceithre bliana ón uair dheireanach a bhí siad

ar siúl i Rio de Janeiro sa bhliain 2016. Tosóidh

na cluichí i dTóiceo ag deireadh mhí Iúil le breis

is 11,000 lúthchleasaí a bhfuiltear ag súil leis. In

éineacht leis na gnáth-spóirt a bhaineann leis na

Cluichí Oilimpeacha mar shampla, rith, snámh,

gleacaíocht, dornálaíocht srl., beidh cúig spórt

nua ann an bhliain seo. Feicfidh Tóiceo 2020

na chéad lúthchleasaithe atá ag lorg boinn óir

sna spóirt karate, clárscátáil, bogliathróid,

surfáil agus dreapadóireacht go cúlghabhálach.

Ní fhágfaidh ach cúig mhíle duine le boinn ag

deireadh an tsamhraidh.

Tá gach duine ar bís trasna an domhain, ach gan

dabht, níl na Cluichí Oilimpeacha gan chonspóid,

chuir W.A.D.A (World Anti-Doping Agency) cosc

ar na lúthchleasaithe ón Rúis go dtí 2022 tar éis

a lán scannail drugaí. Faraor, buíochas le Dia, tá

seans mór ag na daoine nach bhfuil ag úsáid na

ndrugaí, beidh siad ag imirt mar lúthchleasaithe

“neamhchleamhnais ón Rúis”. Dúirt an I.O.C

(coiste idirnáisiúnta Oilimpeach) go raibh an

scannal seo mar “ionsaí ar chlú agus cáil na spórt….

agus masla ar spóirt ar fud and domhain. Ar

ndóigh feictear scannal drugaí i ngach tír, mar

shampla in Éirinn, sa bhliain 1996 bhain Michelle

de Bruin úsáid as drugaí nuair a bhuaigh sí an

bonn óir, fós, is léir go bhfuil na scannail drugaí sa

Rúis níos measa toisc go mbíonn beagnach gach

duine á n-úsáid. Ach, tá fadhbh mhór eile ag na

Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo 2020, COVID – 19

(Coróinvíreas)

Faoi láthair, tá COVID-19 ag leathadh ar fud na

Síne agus go mall ar fud an domhain le roinnt

básanna sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit

Aontaithe. Deir an IOC go mbeidh na Cluichí

Oilimpeacha ar siúl mar is gnách in ainneoin na

bhfadhbanna a bhaineann le COVID-19. “Táimid

ag feachaint go mion ar an scéal chomh maith

leis an W.H.O agus beidh na Cluichí Oilimpeacha

ar siúl i mí Iúil.”

Tá na fadhbhanna seo cineáilín cosúil leis na

ceisteanna a bhí ag Rio 2016 nuair a d’fhág go

leor lúthchleasaithe de bharr víreas Zika, mar atá

a fhios ag gach duine, an galfaire cáiliúil, Rory

McIlroy, a bheartaigh gan páirt a ghlacadh ar na

cúiseanna seo sna Cluichí Oilimpeacha i 2016.

Feicfimid cad a tharlóidh go luath.

Ar an lámh eile, ní drochnuacht amháin é, is é seo

an dara huair a bheidh na Cluichí Oilimpeacha i

dTóiceo. Bhí siad acu sa bhliain 1964 agus is é

Tóiceo an chéad chathair san Áise a choinneoidh

faoi dhó iad. Beidh na cluichí ar siúl in 43 ionad,

beidh 339 imeacht éagsúla trasna 33 spórt. An

bhliain seo caite bhí foireann haca na mban mar

an chéad fhoireann ó Éirinn a bhain áit amach sna

Cluichí Oilimpeacha. Tá súil againn go n-éireoidh

le níos mó lúthchleasaithe as Éirinn na Cluichí

Oilimpeacha a bhaint amach. Gan dabht, beidh

Tóiceo 2020 an-suimiúil.

28

SHANE MCGOLDRICK

Iúil

July

gleacaíocht

gymnastics

dornálaíocht

boxing

boinn óir

gold medals

clárscátáil

skateboarding

bogliathróid

softball

dreapadóireacht

climbing

conspóid

controversy

cosc

ban

masla

insult

Coróinvíreas

Coronavirus

ag leathadh

spreading

Ríocht Aontaithe

United Kingdom

an Áise

Asia

ionad

venue

29

Spórt

Oilimpeach Dóchasach OT Baile Átha Cliath

Olympic Hopeful in TU Dublin

Shane McGoldrick: Of your achievements to

date, which one are you most proud of?

Sean O’Connor: I would have to say winning

the World Shotokan Karate Federation

World Cup and winning the best overall

competitor of the day. Something I hope to

repeat in Moscow later this year.

SM

SO

How important has TU Dublin/DIT been in

your sports career and life in general?

TU Dublin have been pivotal in opening

doors for me to achieve success in karate

that I never knew was possible before.

SM

SO

It’s incredibly exciting and has given a

huge surge of interest into Karate which

has done so much for the sport in general.

Personally, it has given me such drive and

purpose in my own competitive career.

What goals have you set for yourself in

order to get to Tokyo?

Unfortunately, due to the controversy and

split within Irish Karate last year I was unable

to compete continuously at the highest

level as I was considered a blocked athlete.

This made acquiring the needed Olympic

“It is only through the TU Dublin Sports Scholarship Programme

that I was introduced to Sports Karate as previously I had only

competed in Traditional Karate competitions.”

SM

SO

SM

This opened a whole new perspective to

me on what was possible through karate.

Between college work, socialising and

training you have a very hectic schedule -

how do you manage your time?

I find I only work well if I block in time and

stick to a set routine. This includes an early

morning gym session where I solely focus

on strength and conditioning. Followed by

my Architecture studies in college and then

to finish the day with one or two karate

classes. Blocking my time in University in

between two physical outlets helps my

mind settle and focus best when in Studio.

What are your thoughts on Karate becoming

an Olympic sport for the first time in 2020?

SM

SO

Qualification points impossible and now my

only hope is the qualification tournament

set later this year.

How has the recent split in the Irish karate

organisations, Karate Ireland ONAKAI and

ONAKAI, affected you and your training

schedule? Which organisation are you

competing with?

I sided with the Karate Ireland ONAKAI who

thankfully won their court case with ONAKAI

last year. Since then I and three others have

been appointed as Athlete Representatives

on the Athletes Commission. This is to help

give Irish Karate Athletes our voice so that

nothing like this can ever happen again.

The split as I mentioned had dire effects

on my capacity to compete and represent

30

SHANE MCGOLDRICK

Spórt

Quick Fire Q’s

SM

SO

SM

SO

SM

SO

my county abroad, however I never let it

interfere with my own training.

Has this controversy somewhat dampened

what should be a great occasion for Irish

Karate competitors and the first year of the

sport in the Olympic Games?

It has indeed and unfortunately it is due to

political agendas like this that has excluded

karate from the 2024 Paris Olympics. It is

only the Athletes who suffer from such

actions.

Is there a long road ahead in terms of

reconciling both organisations?

Thankfully this matter has been resolved

here in Ireland with both parties coming to

an understanding last year.

What is your next challenge?

The next challenge is trying to balance

the last few months of my final thesis with

the demands of continuous training and

competitions at world class level.

Favourite song

Addicted to Progress – The Coronas

If you could have dinner with

anyone, dead or alive who would

it be?

Barack Obama

Biggest Fear

Losing the people closest to me

Secret Talent

Maybe not a secret as I am an

Architect but I’m also a great artist

Biggest Pet Peeve

Noisy eaters haha

1 million euro to never practice

karate again, would you take it?

Not a chance. I find karate essential

for my own physical and mental

health. That alone is worth far more

than 1 million euro.

Follow Sean’s Olympic journey on his

Instagram (@mr_geographic)!

31

Nuacht

Am Spreagúil don Chumann Nuachta

Exciting Time for the News Society

Tar éis bliain chiúin i 2018, tá an TU Dublin News

Society (Cumann Nuachta) ar ais le bang! Sa

seimeastar deireanach, rinne an cumann a lán

rudaí suimiúla. Mar shampla, aoi-léachtaí ó iriseoirí

cáiliúla cosúil le Sally Hayden agus Dion Fanning,

rang leis an saoririseoir Paulie Doyle, turas go RTÉ

chun an clár Claire Byrne Live a fheiceáil agus

oícheanta clár faisnéise Louis Thereoux.

Dúirt Megan O’Brien, Cathaoirleach an Chumainn:

Is cineál nua imeachta é seo don News Society,

ach táimid ag ceapadh go mbeidh sé mar cheann

an-mhaith agus beidh a lán craic ann. Dúirt

Megan, “Táimid ag dul ar feadh dhá lá agus oíche

amháin, agus sílim go mbeidh sé go hiontach!”

“Chomh maith leis sin, beidh imeachtaí rialta

againn cosúil le haoichainteoirí agus tá súil againn

go mbeidh ranganna ann freisin,” a dúirt Megan.

“Bhí roinnt aoichainteoirí againn sa seimeastar deireanach.

Bhí roinnt daoine againn ón taobh amuigh de OT Baile Átha

Cliath ag iarraidh teacht i ndiaidh do Sally tweetáil fúinn!”

Don seimeastar seo, tá a lán imeachtaí eile

beartaithe. Sna seachtainí amach romhainn,

seolfaidh siad an láithreán gréasáin The Edition

chun an nuachtán sin a chuir ar fáil arís ó

cuireadh críoch leis sa bhliain 2018. Tá an cumann

ag iarraidh teacht ar chuiditheoirí don nuachtán.

Tá fáilte mhór roimh scríbhneoirí, grianghrafadóirí

agus físghrafadóirí a bheith i dteagmháil. Tá fáilte

roimh scéalta i mBéarla agus as Gaeilge!

“Is tionscadal an-spreagúil é atá á chur ar fáil le

fada an lá. Deis iontach a bheidh ann do mhic

léinn iriseoireachta cosúil liom féin níos mó

taithí a fháil ar scríobh alt chomh maith le rudaí

nua cosúil le fís-iriseoireacht agus iriseoireacht

grianghraf a thriail,” dúirt Eibhin Kavanagh, ball

den choiste.

Beidh an cumann ag taisteal go stiúideo BBC

i Manchain, Sasana i mí Aibreáin. Ar an turas,

tabharfaidh na baill cuairt ar bhaile Match of the

Day, BBC Sport, Blue Peter, BBC Breakfast, Radio

5 live, BBC, agus Ceolfhoireann Fhiolarmónach

an BBC.

Beidh ranganna éagsúla ann, cosúil le

heagarthóireacht grianghraf agus iriseoireacht

imscrúdaitheach. Tiocfaidh iriseoirí ó thíortha

eile chun léachtaí a thabhairt don chumann.

B’fheidir go bhfillfidh an cumann ar stiúideo RTÉ

i nDomhnach Broc! Dúirt Megan, “Tá imeachtaí

againn a bhaineann le hiriseoireacht agus

oideachas, ach is iontach an spraoi é freisin! Bím

an-sásta nuair a smaoiním ar cé chomh hiontach

is atá an deis seo do dhaoine aithne a chur ar

chairde nua agus ag fáil teagmhálacha as teacht

chuig ár gcuid imeachtaí.”

Má tá suim agat páirt a ghlacadh sa chumann,

seol ríomhphost chuig news@socs.dit.ie agus

lean na suíomhanna sóisialta atá acu. Tá an

cumann do gach duine, ní hamháin do mhic léinn

iriseoireachta! Má tá suim agat sna meáin ar

dhóigh ar bith, tá an cumann ann ar do shonsa.

32

REBECCA DALY

Nuacht

An tOlltoghchán

The Election

Le críoch stairiúil, bhuaigh Sinn Fein 37 suíochán

in Olltoghchán 2020. Ar an 8 Feabhra, chuaigh

an tír chun vótáil don 33ú Dáil, trí seachtaine

go leith tar éis don toghchán a bheith gairthe.

Ceapadh go mbeadh vóta cothrom ​ann idir na

páirtithe níos mó cosúil le Fianna Fáil, Fine Gael

agus Sinn Féin. Nuair a tháinig na torthaí amach

áfach, ba é páirtí Mary Lou McDonald a fuair an

lámh in uachtar mar fuair siad an céatadán is

airde de na vótaí céadrogha.

Fuair an páirtí 37 as na 160 suíochán Dála.

Toghadh an iar-Thaoiseach Leo Varadkar ar an

5ú comhaireamh i mBaile Átha Cliath Thiar agus

toghadh ceannaire Fianna Fáil Micheál Martin ar

an 6ú comhaireamh i gCorcaigh Theas-Lár. Ag an

deireadh, fuair Fianna Fáil 38 suíochán agus fuair

Fine Gael 35.

Chiallaigh an toradh seo nach bhféadfaí aon

bhuaiteoir soiléir a mheas. Chuir an cás seo

iachall ar na príomhpháirtithe chun smaoineamh

ar chomhrialtas nua. Dúirt Martin agus Varadkar

nach rachadh siad i gcomhrialtas le Sinn Féin.

Dúirt McDonald, “Ráiteas mór athraithe is ea é

nach córas dhá pháirtí é seo a thuilleadh.”

Aireachta Shane Ross, Mary Mitchell O’Connor

agus Regina Doherty a suíochán freisin.

Sa tseachtain roimh an olltoghchán, níor thug

RTÉ cuireadh go McDonald dá Prime Time

Leaders Debate le Miriam O’Callaghan agus David

McCullagh go dtí an nóiméad deireanach. Le linn

an chláir, cheistigh na láithreoirí McDonald faoin

méid a bhí ráite ag comhghleacaí léi sa pháirtí faoi

dhúnmharú Paul Quinn sa bhliain 2007. Ceapadh

gur mhill an t-ábhar sin seans Sinn Féin ach ar lá

na vótaíochta, níor chuir sé isteach ar thuairimí

an náisiúin.

Mhaígh na daoine i gcoinne Sinn Féin nár vótáil ach

daoine óga dóibh. Chuir an Irish Examiner síos ar

an toghchán seo mar nóiméad Donald Trump na

hÉireann. Nuair a tháinig na torthaí amach áfach,

vótáil gach catagóir aoise suas go 65 don pháirtí.

“Ní vóta agóide é seo, is cinnte gur toghchán

é seo atá stairiúil ina chionmhaireachtaí atá ag

athrú cruth shean-pholaitíocht na hÉireann”. Mar

sin, nílimid cinnte cé a bheidh ina Taoiseach/

Thaoiseach nua, ach is cinnte gur cineál nua Dála

a bheidh sé.

Bhuaigh an Comhaontas Glas 12 shuíochán

(ceannaire an pháirtí, Eamon Ryan, san áireamh),

i gcomparáid leis na trí shuíochán a bhí acu

faoi ​dheireadh na Dála i mí Eanáir. Fillfidh an iar-

Thánaiste Simon Coveney as Fine Gael, Richard

Boyd-Barret agus Bríd Smith as an Comhaontas

Pobal seachas Brabús agus Catherine Murphy

agus Róisín Shorthall as na Daonlathaigh

Shóisialta ar ais go Teach Laighean.

Fuair Páirtí an Lucht Oibre 6 shuíochán ach chaill

siad suíochán amháin as na seacht suíochán

a bhí acu sa 32ú Dáil. D’fhógair ceannaire an

pháirtí, Brendan Howlin, go seasfadh sé síos sna

seachtainí amach romhainn. Chaill Airí Comh-

REBECCA DALY

33

Cluichí

Ag Dearadh Cluichí atá Inrochtana

do Gach Duine

Designing Games that are Accessible

to Everyone

Ba chóir go mbeadh cluichí físeáin ann do gach

duine. Mar sin féin, fágtar daoine faoi mhíchumas

amach. Ní bhíonn gnéithe inrochainteachta ag

roinnt cluichí agus ní féidir cluichí a mheastar a

bheith inrochtana a imirt mar gheall ar mheicnic

chasta. Ar an láimh eile, cluichí a dhéantar go

sonrach do dhaoine faoi mhíchumas, ní bhíonn

an margadh príomhshrutha in ann na cluichí seo

a imirt mar gheall ar na cora deartha a chuirtear

i bhfeidhm le cinntiú go mbeidh an cluiche

inrochtana agus is minic a scriosann na gnéithe seo

an cluiche dóibh súid a raibh an cluiche beartaithe

dóibh sa chéad áit. Cé go bhfuil forbróirí cluichí

ag tosnú ar a bheith ag smaoineamh ar chúrsaí

inrochtaineachta, tá bealach fada le dul fós sula

bhféadfaí a rá gur chluichí inrochtana iad. Ba chóir

go mbeadh caighdeán inrochtaineachta tionscail

i gcluichí físeáin. Ba chóir do gach forbróir cluichí

iarracht a dhéanamh an caighdeán seo a leanúint

agus cluiche á fhorbairt aici nó aige.

Is iad na gnéithe inrochtaineachta is mó a iarrtar

ó imreoirí ná cnaipí ath-inúsáidte. Cé go bhfuil

an ghné seo ag formhór de na cluichí PC, ní

bhíonn an ghné seo ag cluichí consóil. Gné eile

den chineál céanna ba chóir a bheith ar fáil do

na himreoirí is ea an rogha chun níos lú cnaipí

agus eochracha rialúcháin a úsáid. Seachas dhá

chnaipe a choinneáil síos ag an am céanna ba

chóir go mbeadh an rogha ann an rud céanna a

dhéanamh le cnaipe amháin. Mar an gcéanna, tá

cnaipe ag a lán cluichí le teorainn ama, nó cnaipe

athchleachtach brúite nach féidir le roinnt imreoirí

faoi mhíchumas teacht orthu. Sampla de chluichí

a bhfuil gnéithe simplí curtha i bhfeidhm orthu

chun cabhrú le himreoirí ná Marvel’s Spider-Man

ar an PlayStation4.

Video games should be for everyone. However,

people with physical disabilities are often an

afterthought for game developers. Some games

have no accessibility features at all and games

that are considered to be accessible are made

unplayable due to unnecessarily complicated

game mechanics. On the other hand, games that

are made specifically for a disabled minority are

then made unplayable for the mainstream market

because of the design quirks implemented to

make the game accessible and these quirks often

ruin the game for those the game was intended

for. While game developers are beginning to

think about accessibility, there is still a long

way to go before games can be considered

accessible. There should be an industry standard

of accessibility in video games. All games should

strive to meet this standard when developing a

game.

The most requested accessibility feature from

players are remappable buttons. While most PC

games have this feature, very few console games

do. Another similar feature that should be available

to players is the ability to use less buttons and

controls. Rather than having to hold down two

buttons at once there should be the option to

do the same task with one button. Similarly, a

lot of games have timed, or repetitive buttons

pressed which are completely inaccessible to

some disabled players. An example of a game

that has implemented simple features to help

players is a game like Marvel’s Spider-Man on the

PlayStation4.

34

EIBHLIN O’RIORDAN

Cluichí

Ligeann Spider-Man d’imreoirí cnaipe a choinneáil

síos seachas é a bhrú arís agus arís eile nó gan

bacadh le cuid den chluiche a d’fhéadfadh a

bheith ródheacair a chríochnú. Tá ‘automatic

mode’ ag Bayonetta 2 a cheadaíonn do na

himreoirí ‘combos’ a dhéanamh ag úsáid cnaipe

amháin. I Mario Kart tá socrú ann a ligeann do na

carrana bogadh iad féin agus ní gá don imreoir

cnaipe a choinneáil síos chun dlús a chur leo.

Tá leibhéil deacrachta éagsúla ag formhór na

gcluichí físeán, rud atá an-tábhachtach i gcluichí

físeáin chun cur ar chumas imreoirí a bhfuil leibhéil

scileanna éagsúla acu cluichí a imirt. Mar sin féin,

d’fhéadfaí feabhas a chur ar leibhéil deacrachta.

Shadow of the Tomb Raider, mar shampla,

ligeann sé d’imreoirí na leibhéil deacrachta de

pháirteanna difriúla den ‘gameplay’ a athrú. Is

féidir le himreoirí an ‘exploration difficulty’ a athrú,

an ‘combat difficulty’ a athrú a bhíonn, de ghnáth,

mar an chuid is deacra d’imreoirí faoi mhíchumas

fisiciúil agus an ‘puzzle difficulty’ a chabhróidh le

himreoirí faoi mhíchumas foghlama.

Chuir Microsoft a ‘adaptive controller’ amach sa

bhliain 2018 a ligeann d’imreoirí a gcuid cnaipí

féin a ionchur isteach san fheiste a ligfidh dóibh

a rialtóir cluiche féin a chruthú. Is léir gur uirlis

iontach inrochtaineachta é seo le haghaidh

imreoirí faoi mhíchumas, ach mar a dúirt mé

cheana féin, uaireanta cuireann na cluichí iad féin

bac ar imreoirí mar gheall ar eochracha rialúcháin

agus ‘gameplay’ mí-inrochtana.

This allows players to hold down a button rather

than press it repeatedly or skip parts of the game

which players may find too difficult to complete.

Bayonetta 2 has an ‘automatic mode’ which

allows players to pull off combos using a single

button. In Mario Kart there is a setting that makes

the karts move by themselves without having to

hold down a button to accelerate.

Most games have different difficulty levels, which

is a necessity in video games to enable players

of different skillsets to play their games. However,

difficulty levels could be improved upon. Shadow

of the Tomb Raider, for example, allows players

to set the difficulty levels of different aspects of

gameplay. Players can change the ‘exploration

difficulty’, ‘combat difficulty’ which is usually

the most challenging part of games for players

with physical disabilities and the ‘puzzle difficulty’

which can help players with learning disabilities.

Microsoft released their adaptive controller in

2018 which allows players to input their own

buttons and switches into the device enabling

them to create their own game controller set up.

While this is obviously an amazing accessibility

tool for players with disabilities oftentimes the

games themselves block players from being able

to play them due to inaccessible controls and

gameplay.

EIBHLIN O’RIORDAN

35

Cluichí

Caithfidh go leor imreoirí faoi mhíchumas ‘third

party controllers’ a úsáid. Ach, ní cheadaíonn

an chuid is mó de na crua-earraí iad a úsáid,

go háirithe ar chonsóil. Tá Microsoft ag dul sa

treo ceart lena ‘adaptive controller’. Tá sé ráite

ag Sony nach bhfuil aon phleananna amach

anseo acu maidir le crua-earraí inrochtana ach

go bhfuil siad ag díriú níos mó ar bhogearraí

agus ar chluichí inrochtana. Cé go bhfuil an dá

rud an-tábhachtach chun cluichí a dhéanamh

níos inrochtana, tá gá le comhoibriú níos mó le

bogearraí agus crua-earraí le go mbeidh cluichí

inrochtana.

Níl iontu seo ach roinnt samplaí den chaoi ar féidir

le forbróirí cluichí a gcuid cluichí a dhéanamh

inrochtana go héasca agus dá bhrí sin a gcuid

cluichí a oscailt do lucht féachana níos mó.

Ach, ar an drochuair, níl na gnéithe seo curtha

i bhfeidhm ar go leor cluichí. Fiú amháin na

cluichí atá inrochtana, níl tic curtha sna boscaí

inrochtaineachta go léir. Caithfidh forbróirí cluichí

a bheith ag smaoineamh ar an inrochtaineacht ó

thús an phróisis agus é a chur i bhfeidhm, rud a

dhéanfaidh a gcuid cluichí níos fearr fós.

Caithfear níos mó comhoibrithe a dhéanamh

le bogearraí agus crua-earraí chun cluichí

inrochtana a chinntiú. Is cinnte gurb é Nintendo

an dream is laige maidir le cluichí inrochtana

agus cé go bhfuil roinnt gnéithe inrochtaineachta

acu ina gcuid cluichí, tá siad i bhfad taobh thiar

dá gcuid iomaitheoirí. Tá an-acmhainneacht ag

an Réaltacht Fhíorúil maidir le hinrochtaineacht

i gcluichí físeáin, ach tá an t-uafás le déanamh

acusan freisin. Tá Facebook VR/Oculus tar éis a

rá go dtuigeann siad an gá le cluichí inrochtana

agus tá siad tar éis a admháil nach leor an méid

atá ar siúl acu agus go bhfuil pleananna acu níos

mó inrochtaineachta a chur i bhfeidhm ina gcuid

crua-earraí agus bogearraí sa todhchaí.

The ability to use external and third-party

controllers is an absolute must for a lot of disabled

players. However, most hardware does not allow

for external third-party devices to be used,

especially on consoles. Microsoft are going in the

right direction with their adaptive controller. Sony

have said that they do not have any future plans

for accessible hardware but are focusing more

on accessible software and gameplay. Both are

very important in making games more accessible.

These are just a few examples of how game

developers can easily make their games accessible

and therefore open up their games to a much

larger audience of players. Unfortunately, many

games do not have these features implemented.

Even the games that are accessible do not tick all

the boxes of accessibility. Game developers must

stop thinking of accessibility as an afterthought

and design their games with accessibility in mind

which will make their games better for all players.

There needs to be more collaboration with software

and hardware to make games accessible. Nintendo

are definitely being the least vocal when it comes

to accessible gaming and while they have some

accessibility features in their games, they are

very far behind their competitors. Virtual Reality

has a lot of potential for accessibility in video

games, but they too have left much to be desired

on that front. Facebook VR/Oculus have said that

they understand the need to have accessible

games and have acknowledged that they are not

doing enough and have plans to implement more

accessibility into their hardware and software in

the future.

36

EIBHLIN O’RIORDAN

Cluichí

Homegrown

Fáilte go Homegrown. Áit ina bhfuil forbróirí indie as Éirinn ábalta aitheantas a fháil

fa choinne obair s’acu, agus don chéad eagrán, táim ag labhairt faoin tallann atá ag

teacht amach as an chúrsa Dearadh Cluichí in Ollscoil Teicneolaíocta Bhaile Átha

Cliath i mbliana agus obair s’acu a thaispeáint.

1. OUREA

Le toiseact tá Ourea againn. Imir mar Glyph,

carachtar ag carraig ársa bheo, agus a thuras

go barr sléibhe in aice láimhe agus tú ag éalú

ó fhórsa oilc. Is cinnte go mbeidh tú tumtha san

eispéireas puzail cineamatach seo. Cuireann

na seatanna ceamara dochreidte go mór leis

an timpeallacht ghalánta agus leis na puzail go

haeistéitiúil, bheadh an t-imreoir ábalta suí síos

le cupán tae agus mála grán rósta agus an-sult

a bhaint as an eispéireas. Thig leat na leaids thall

ag ReWrite Games a leanúint anseo.

2. ZEPH

I Zeph, ag úsáid na cumhachta tine, solais agus

fithise, tá ort na puzail a chríochnú le taisteal

trí níos mó den tír dhraíochta de Brudeon. Leis

na gnéithe éagsúla sa dearadh leibhéil, bíonn

an t-imreoir i gcónaí gafa agus ag coinneáil súil

foscailte fa choinne rudaí difriúla sa timpeallacht

a bhfuil an t-imreoir ábalta an chumhacht s’acu a

bhaint. Má bhíonn an chuid uilig den chluiche mar

seo beidh eispéireas iontach maith ann a bheidh i

gcónaí ag tabhairt dúshláin don imreoir. Bí cinnte

iad a sheiceáil amach ar Twitter agus Instagram

(@grannusgames).

3. BANG FOR YOUR TRUCK

Ar smaoinigh tú ariamh faoi céard a tharlaíonn

nuair a mheascann tú gnéithe ó chluiche

cosanta túir leis an chluiche ‘Rocket League’?

Bhuel, buíochas le ‘Cully Crab Games’ ní gá

duit smaoineamh air seo a thuilleadh mar go

mbeidh an cluiche seo so-imeartha dúinn uilig go

luath. Sa chluiche feithiclí lán luais, caithfidh na

himreoirí an oiread pointí agus is féidir a scóráil trí

sheilbh a ghlacadh ar zóin ar leith ar an léarscáil

agus ag an am céanna cosc a chur ar an imreoir

eile iad a ghoid ar ais. Is cinnte go mbeidh antóir

ar an chluiche comhoibritheach seo ag

aon chóisir agus d’fhéadfaí é a úsáid chun aon

choimhlint a réiteach. Bí cinnte go leanann tú @

cullycrabgames agus go dtugann tú tacaíocht

inteacht dóibh.

4. SUMMER STORY

Ag glacadh páirt ar oileán beag, lean scéal

Dolores, Charlie, Toni agus Regi ar thuras le

cineál éisc éagsúla difriúla á n-gabháil. Nuair atá

tú ag déanamh dul chun cinn sa scéal, éiríonn na

carachtair níos cóngaraí lena chéile agus cumtar

cairdeas láidir idir an ceathrar. D’fhéadfadh an rud

céanna tarlúint do na himreoirí mar gheall ar an

chomhar a thugann siad dá chéile tríd an scéal.

Cuireann an stíl ealaíne gheal picteilín go mór leis

an imirt sa chluiche scéalaíochta do cheathrar

imreoirí. Tríd is tríd cuireann an mheicnic agus an

aeistéitic go mór le gach gné eile and is cluiche é

a choinneoinn súil fóscailte fa na choinne. Tá níos

mó eolais ar fáil ar an suíomh s’acu.

5. NAMNOKH

Smaoineamh eile den scoth fa choinne cluiche

puzail é Namnokh, imríonn tú mar dhuine nach

bhfuil aithne ag éinne eile ort, a thagann ar

bhosca le hinchinn dá fhéin, agus ag obair

lena chéile, úsáidtear na cumhachtaí atá ag an

bhosca leis na puzail a chríochnú agus le taisteal

trí na huaimheanna. Tá go leor poitéinseal ann do

na leaids thall ag Gutslap Games le puzail chrua

agus shuimiúla a chumadh thart ar na cumhachtaí

difriúla atá ag an bhosca. Sílim féin go bhfuil

cúlra an chluiche dochreidte leis na rúndiamhra

uilig thart ar na carachtair. Táim féin ag tnúth le

Namnokh i mí Bealtaine. Má tá tú ag tnúth leis

freisin, thig leat níos mo eolais a fháil faoi anseo.

CILLIAN Ó FEARRAIGH 37

Cluichí

6. VALI VICTORI

What happens when the hunter becomes the

hunted, we will find out in May when Vali Victorian

from Cyber Cub Studio is released. This first

person survival horror game has the player being

hunted, while they are attempting to hunt the

monster that hunts them. Yes, a lot of hunting

going on in this game however it is an interesting

system in which it operates. The player must track

clues to hunt down the monster, however if you

take too long the monster will get to you first. The

dark style of the game matches the gameplay

well and it will be interesting to see how it turns

out. CCS post their updates on Instagram so be

sure to give them a follow @cyber_cub_studio.

7. THE REDACTED JOB

In this interactive science fiction game, follow the

trials and tribulations of a group of mercenaries.

On first glance, the 2D point and click game,

the overall style of the game, mixed in with the

sketched art style make a good combination.

I look forward to seeing the end product from

the one man dev team come May, what classified

secrets can be unfolded in the espionage styled

game. Follow @gallowglassgames on Instagram

to keep updated with the progress of the game.

8. ON THE SCENE

Experience life behind the scenes as you take on

the role of two actors starring in a hit 70s buddy

cop TV show. In On the Scene not only must you

be badass and catch the villains but you must do

it in a way that your viewers will find entertaining.

Taking great inspiration from Gunpoint, On

the Scene promises great action mixed in with

elements of stealth and all round funk. I am proud

to actually be working on this game myself under

Kid Sakura Games and any and all support would

be greatly appreciated. You can check us out at

www.kidsakuragames.com.

9. GNOSSIENNE

Finally, with a new style of game that is not often

tackled, the transition in game from a 2D world

to a 3D one. In Gnossienne you aim to get to the

bottom of a game developer’s disappearance by

unveiling clues hidden within a game he coded

called catnip. I personally find the ability to

transition from the real world (3D world) to the

game world (2D) to be interesting and I truly hope

it works out well for them in Goujon Games. The

guys are very active on Twitter (@goujongames)

with their updates so be sure to show them some

support.

38

CILLIAN Ó FEARRAIGH

Cluichí

Na 5 Chluiche Indie is Fearr

Top 5 Indie Games

Tá súil agam go mbeidh 2020 mar bhliain iontach mhaith le

tréan teideal AAA ag teacht amach, ach tá tréan cluichí indie

ag teacht amach gan mhoill.

5. DREAMSCAPER

Le toiseacht, ag uimhir a cúig tá “Dreamscaper”

againn. Sa chluiche seo, bíonn páirt agat mar

Cassidy, bean atá ag dul fríd cuid fadbhanna

le ceann s’aici. Nuair a bhíonn sí ina codladh,

tagann na rudaí sa tsaol a chuireann eagla uirthi

chun beochta mar arrachtaí sna tromluithe s’aici.

Sula n-éiríonn saol Cassidy níos éasca, tá uirthi

seasamh suas do na deamhain sna tromlaithe

s’aici chun brú a bhaint di le go mbeidh sí in ann

sult a bhaint as a saol giota ar ghiota.

Tá an aeistéitic sa chluiche ó Afterburner Studios,

iontach suaimhneach, ach ag an am céarna, gan

staonadh. Ó iniúchadh ar an bhaile ina bhfuil cónaí

uirthi i rith an lae, go heaglaí s’aici a mhaireann sna

brionglóidí s’aici. Tá cúpla de na meicnicí atá ar

fáil suimiúil sa chluiche taiscéalaíochta tiomanta

“rogue-like” seo. Tá an t-imreoir ábalta súil fríd

an bóthar fríd an lá ach tar éis taisteal trí níos

mó áiteanna, tá ort leibhéal difriúil a chríochnú

i mbrionglóidí Cassidy. Muna bhfuil tú ábalta an

leibhéal a chríochnú beidh ort toiseacht arís ag

an chéad oíche eile agus toiseacht ón tús. Tríd is

tríd tá coincheap an-suimiúil ag an chluiche agus

bheadh sé deas dá n-éireodh go maith leis. Beidh

Dreamscaper ar fáil ar Steam go luath in 2020.

4. SCOURGEBRINGER

Ag uimhir a ceathair tá giota d’athrú luais againn.

Tá Scourgebringer ina eachtraíocht ghasta

gníomhaíochta le greim bheag de mhíreanna de

chuid “Rogue-Like”. Leanann tú scéal Kyhra agus í

ag taisteal trí uaimheanna ollmhóra lán le meaisíní

ársa atá ag cosaint eolais faoin am a chuaigh

thart. Caithfidh tú comparáid a dhéanamh idir an

cluiche seo agus an cluiche Hack agus Slash le

gluaiseacht ó Celeste. Tá stíl comhraic iontach

mín ag an chluiche seo atá ag brath go mór ar an

chóras gluaiseachta. Tá an bheochan sa domhan

ealaíne picteilín de réir a chéile agus molaim an

stíl ealaíne sa chluiche tríd is tríd. Tá méid ollmhór

den obair déanta iontach maith ag an fhoireann

beirte a thugann Flying Oak Games orthu féin.

Beidh Scourgebringer ar fáil chun ceannacht ar

an 6 Feabhra 2020 ar Steam.

3. THE PEDESTRIAN

Ceann de na smaointe dearaidh is fearr do

chluiche puzail a bhfaca mé ariamh. Tá forbairt

shuntasach tagtha ar The Pedestrian ón gcéad

demo a chuir an fhoireann Skookum Arts amach

sa bhliain 2015. Imríonn tú mar charachtar

comhartha baineann nó fireann, ar thuras

deas fríd an chathair, comhartha amháin de

réir a chéile. Ón leibhéal teagaisc ag tús an

chluiche, tá an t-imreoir tarraingthe isteach.

Ón dearadh simplí de na comharthaí uilig, go

dtí an chathair ardmhionsonraithe ina bhfuil na

comharthaí, oibríonn an aeistéitic agus seasann

na puzail amach leis an mheascán de 2D agus

3D. Soláthraíonn an dearadh uathúil ilchisealach

dúshlán a choimeádfaidh an t-imreoir faoi

dhraíocht sa chluiche seo ar feadh tamall fada.

CILLIAN Ó FEARRAIGH

39

Cluichí

2. 12 MINUTES

In second place we have Twelve Minutes, a

game produced by Annapurna Interactive (What

Remains of Edith Finch). Yet another unique

video game adaptation of the Groundhog Day

time loop. In the game you play as a husband

who comes home to a romantic night in with

your wife, only to be interrupted by a policeman

at the door who forces his way in, accuses your

wife of murder and then beats you to death. Yes

that is a lot to take in! Only you don’t die, you

wake up not 12 minutes before this all happened.

Using all the information you can gather from

living that twelve minute period over and over

again. You as the husband must figure out the

story behind all the mess and attempt to prevent

the upcoming events. This top down 3D puzzle

game overall looks great with a very interesting

puzzle mechanic. There are a lot of opportunities

for the creators to make something great of this

game and I can’t wait to see the end product. No

clear release date has been given by the team at

Annapurna, only to expect it to drop in 2020.

1. THE SUICIDE OF RACHEL FOSTER

Taking the top spot on my list is The Suicide of

Rachel Foster. On first glance it reminds me so

much of one of my personal favourite games,

What Remains of Edith Finch. The art style mixed

with a similar backstory on a woman who returns

to her family home after leaving many years

beforehand. The main differentiation between

the two is that the story for this game is not as

bright and reminiscent as that of Edith Finch. In

The Suicide of Rachel Foster, you play as Nicole,

a young woman who has returned to the derelict

mountaintop hotel her family used to run. Upon

arriving there the weather takes a turn for the

worst, forcing her to stay within the hotel. You

then learn of the suicide of a girl named Rachel

Foster and with the help of Irving, you must

attempt to uncover the past the hotel had after

you left. This thriller from One-O-One games was

due for release in 2019 only to be met by time

constraints and so it is now something to look

forward to on the 19th of February 2020.

40

CILLIAN Ó FEARRAIGH

Cluichí

41

Stíl Maireachtála

Bliain Nua, Duine Nua?

New Year, New You?

conradh

contract

aclaíocht

fitness

sínte

stretched

tolg

sofa

fíorphearsantacht

true personality

spaisteoireacht

wandering

níos imníche

more worried

socrú síos

calms you

meaisín coise

treadmill

trealamh

equipment

turgnamh sóisialta

social experiment

scátháin

mirrors

teannta

flexed

cruatan

hardship

Dá mba rud é gur bhraith tú faoi bhrú ag tús na bliana nua, tuigim.

Bhraith mé féin mar an gcéanna. Nuair a shínigh mé an conradh

sin, shínigh mé m’anam uaim. Cathain riamh a bhí dhá mhí dhéag

d’aclaíocht mar bhringlóid réalaíoch? De ghnáth is féidir leat teacht

orm agus mé sínte amach ar an tolg agus mé fós ag sní i mála

criospaí. Ach tá athrú ag teacht. Bheartaigh mé dearmad a dhéanamh

ar m’fhíorphearsantacht agus aitheantas nua a chruthú mar

lúthchleasaí.

Chuir mé isteach ar ionad spórt ag ceapadh go mbeinn ar mhuin

na muice ón gcéad seachtain. Nó ar a laghad ar rothar spin. Ach an

rud a tharla ná, chaith mé leath an ama ag fanacht ar na meaisíní.

An t-aon aclaíocht a fuair mé ná nuair a bhí mé ag spaisteoireacht

timpeall na háite. Is féidir liom é sin a dhéanamh ar Shráid Uí Chonaill,

gan daoine a bheith ag iarraidh orm mo “theicníc” a fheabhsú.

D’fhág mé an spórtlann níos imníche ná nuair a thángthas. Éinne a

deir go socraíonn sé síos thú, is dócha nach raibh orthu fanacht

fiche cúig nóiméad don mheaisín coise. Bíonn daoine ar a bhfón

ina suí siar ar an trealamh ag ligint orthu gur leo an áit. Céard

fúmsa? Íocaim mo thríocha euro míosúil cosúil le gach duine eile.

An chéad lá eile, mar thurgnamh sóisialta, tiocfaidh mé isteach ag

caitheamh m’éadaí codlata agus cupán tae i mo lámh. Ansin beidh

tuiscint níos fearr acu ar an gcoincheap a bheith róchompordach.

Níor chreid mé líon na ndaoine ag glacadh selfie sna scátháin.

D’úsáid roinnt díobh a gceamara chomh minic sin gur cheap mé go

raibh siad ag taifeadadh clár faisnéise. An rud is scanrúla ná tar éis

a dhóthain ama sa bhfolús sin, thosaigh mé á nglacadh freisin. Ar

m’fhón faoi láthair tá níos mó ná scór pictiúr domsa le mo bhícéips

teannta. Níl a fhios agam céard atá ag tarlú dom.

Má bhíonn an t-ádh dearg ort, faigheann tú seans do threalamh

roghnaithe a úsáid (i mo chás féin, ciallaíonn sé sin go mbím i mo

luí ar na mataí ióga). Ach fiú ansin níl an cruatan thart. Anois,

os comhair lucht féachana, beidh ort dreapadh ar an ngléas

roghnach agus ligean ort féin go bhfuil tú compordach. Ag an

nóiméad riachtanach seo, ní bheidh éinne timpeall ort chun a

gcuid oilteachta a sholáthar.

I ndáiríre, measaim go bhfuil an spórtlann mar thalamh porúcháin

don neamhshláine. Tá sé timpeallaithe le daoine ina bhfuil a gcuid

42 AISLING NÍ BHRIAIN

Stíl Maireachtála

matán ag léim óna gcraiceann, ar nós radhairc príosúin sna seanscannáin.

Ó na scannáin sin d’fhoghlaim mé sa chás go gcuirtear

ceist orm cathain a bheidh mé críochnaithe, beidh orm iad a shá

le huirlis chun mo stádas a bhunú. Faraor, ní luaitear sin sna manaí

Flyfit.

Ar son na maireachtála bhí orm teanga nua a fhoghlaim, bunaithe

ar ghnúsacht amháin. Is í an t-aon rud a chloistear sa halla spórt.

Úsáidim í mar bheannú, comhartha measa agus ar nós diúltaithe.

Ní féidir le héinne d’fhocal a cheistiú muna ndeirtear aon rud.

Lean mé ar aghaidh ag fulaingt go dtí gur thug mé faoi deara

go bhfuilim ábalta foirm aclaíochta thaitneamhach a fhoghlaim.

Dochreidte, tá a fhios agam. Cheannaigh mé brógaí reatha nua

agus thosaigh mé ag rith. Caithfidh mé a rá, tá difríocht ollmhór idir

an meaisín coise agus a bheith ar an tsráid. Is é an príomhdhifríocht

atá i gceist ná ní chaitheann pobal na sráide aníos ort. Sin ráite,

tá leagan amach na sráide míchothrom, líonta le daoine agus

dainséarach sa dorchadas. Ach ag a cúig a chlog san iarnón is

cúis é sin le bheith ag rith níos tapúla.

talamh porúcháin

breeding groud

neamhshláine

insecurity

matáin

muscles

manaí

mantras

ag fulaingt

suffering

sin ráite

having said that

saoirse

freedom

Seachtain gan an spórtlann agus bhí mé spreagtha. Amuigh faoin

aer bhí mé ábalta mo chuid smaointí a eagrú, gan amhras faoi

thrédhearcacht mo luiteog nó strainséirí ag teacht amach ó na

scáthanna ar an gcosán. Bhí saoirse agam mo chuid ama a thógáil

agus rinne mé cinnte tairbhe a bhaint as.

AISLING NÍ BHRIAIN

43

Stíl Maireachtála

An Chéad Dáta

The First Date

B’fhéidir go bhfuil La Fhéile Vailintín thart ach

ní chiallaíonn sé sin go bhfuil tú sábhailte ó na

comhairleoirí grá. Beidh ort dátaí a eagrú sna

gnáth-laethanta den bhliain freisin agus tá muid

ann chun ár gcuid tuairimí den ábhar a thabhairt.

Ba cheart go mbeadh dátaí againn a ligeann dúinn

éalú ó na gnáth-struis laethúla. Am suaimhneach

le duine deas dathúil, ina bhfuil tú ábalta do scíth a

ligint, nach ea? Easaontaím. Tá na coinní seo ar nós

agallamh nár chuir tú isteach orthu. Beidh ort do

chuid caitheamh aimsirí a mhaisiú agus do chuid

scéaltaí grinn is deise a rothlú amach. Caithfidh

tú fuinneog isteach go dtí do phearsantacht a

thabhairt, ach le do thoil cinntigh roimh ré gur

fuinneog daite atá ann.

Tá ort léiriú go bhfuil tú mar an sórt duine a

bheadh suim ag do dháta ionat. Conas a léiríonn

tú sin? Bhuel, beidh ort breithiúnas a dhéanamh ar

do dháta agus ort féin. Má tá an t-ádh ort, beidh

siad tuisceanach agus oscailte, le croí aingil. Ach

caithfimid ullmhú do dhuine fíorach. Téigh sa chith

roimh ré. Ná hith le do bhéal ar oscailt. Ná luaigh

polaitíocht reatha - tá gach seans ann go dtosóidh

siad ag caoineadh.

An dúshlán bunúsach ina dteipeann ar gach éinne

ná ag piocadh shuíomh an dháta. Níos measa

fós, gan ceann a eagrú roimh ré. Níl aon duine ag

iarraidh siúl timpeall san fhuacht ag féachaint le

haghaidh deoch neamhchostasach. Déanaimid

sin gach Déardaoin cheana féin.

Níl ort an suíomh foirfe a phiocadh. In ionad béim a

chur ar an áit, déan gníomhaíocht le chéile. Téigh

go dtí an phictiúrlann. Dáta clasaiceach é seo.

Níl aon bhrú cainte ann - iontach ar son daoine

cúthaile agus luchtanna leiscúla mar aon. Agus ar

fhaitíos na bhfaitíos nach bhfuil an chuma chéanna

ar do dháta is mar atá sa phictiúr, ná bí buartha

faoi. Sa dorchadas, ní bheidh ort féachaint orthu.

Ag an am seo den bhliain tá scannáin den scoth

amuigh mar thoradh gur séasúr na ngradam

é. D’fhéadfaí dul ar sheacht ndáta go dtí an

phictiúrlann amháin. Is cúis mhaith iad na scannáin

iad féin le dul, ba chuma faoin rómánsaíocht. Faoi

láthair tá Parasite, JoJo Rabbit, agus Dolittle á

dtaispeáint. Tá scannán ann do gach éinne, fiú

daoine ardnósacha. Díreach tóg iad go dtí an

Lighthouse. Murar mhaith leo Bad Boys for Life,

ní raibh siad riamh oiriúnach duit sa chéad áit.

Ag leanúint leis an téama gníomhaíochta, is féidir

libh dul ag fánaíocht. Ach molaim duit a chinntiú

roimh ré nach Catfish é do dháta don cheann

seo. Measaim nach bhfuil aon rud níos fearr ná

siúlóid románsúil suas sna cnoic, le haithne a

chur ar a chéile. Faigh amach as an gcathair

agus ionanálaigh an t-aer úr. Sa tearmann seo ní

fhéadfadh tost míchompordach a bheith ann. I

ndáiríre, cuimhnigh é sin. In ionad ciúnas amscaí,

glaoimid “suaimhneas” air.

Ná bac le dinnéir speisialta, tá an iomarca

riachtanais chothaithe le cur san áireamh.

D’fhéadfadh an duine a bheith ar aiste bia atá

saor ó ghlútan, iasc, feoil nó ag maireachtáil ar

aiste bia a d’íosfá ó chúisíní toilg amháin.

Téigh bealach traidisiúnta agus ceannaigh deoch

dóibh. Faigh deoch leo i dteach tábhairne deas.

Measaim go bhfuil deoch fhuar i dtimpeallacht

socair i ndóthain d’éinne. Sa lá atá inniu ann,

bíonn daoine róghnóthach i rith na seachtaine le

haghaidh aon rud eile. Déan rudaí éasca duit féin

agus cuir d’fhuinneamh isteach go hábhar níos

oiriúnaí. Ar nós ag scuabadh do chuid fiacla.

44

AISLING NÍ BHRIAIN

Aontas na Mac Léinn 7 an Ghaeilge

The Students’ Union & Irish

Your Students’ Union is taking a proactive approach to the Irish

Language and we have started to cover the campus in easy ways

to learn Irish and will increase this over time with our events and

campaign promotion and information we provide. We have even

started to brush up on our Irish ourselves with some officers and

staff in the Union taking Irish classes provided by TU Dublin Oifig

na Gaeilge.

This year, the Students’ Union have planned lots of fun activities for

Seachtain na Gaeilge, and on the Tallaght Campus, the Union of

Students in Ireland (USI) will be bringing their roadshow on campus,

it’s set to be a day filled with lots of Gaeilge, Craic agus Ceol. Find

out what’s planned by following us on Facebook and Instagram!

The Deputy President for Tallaght Campus; Amy Keatinge and Vice

President for Welfare & Equality for Tallaght Campus; Megan O’Neill

took part in a show called Uachtarán Óg with TG4. The show

focuses on topical issues such as politics, climate change and the

role of Students’ Union officers in Ireland.

On a national level, we have been working with the Vice President

for Irish Language/Leas-Uachtarán don Ghaeilge in USI to come

up with new ways to promote the Irish language. And lobby for Irish

to be revamped in our education system.

USI have an Annual Congress where the USI officers get elected

and debate and decide on issues that affect students which they

should campaign and work on. Your Union brings the largest

delegation to Congress and we will be supporting motions that

will seek to enhance the Irish language in our college, society and

everyday life.

We want Irish to be more accessible and enjoyable

for students to engage with and learn by working

with TU Dublin Oifig na Gaeilge. If you have any

ideas and want to get involved in promoting the

Irish language throughout our University, please

get in touch with Pierre: president@tudublinsu.ie

45

Bia

Bunriachtanais Bhia do Mhic Léinn

Basic Food Essentials for Students

‘Múineann gá seift’ mar a deir an seanfhocal agus is fíor é seo

nuair atá tú ag cúbláil shaol na hollscoile agus tú féin a chothú ag

an am céanna!

Mar mhac léinn ollscoile mé féin, déanaim cinnte go mbíonn na

bianna thíos i gcónaí i mo chófra ionas go mbím in ann béile tapúil

agus sláintiúil a chur le chéile i rith na seachtaine nuair a bhím

chomh saothrach le beach.

Sa Reoiteoir

ARÁN

Is smaoineamh maith é arán a choimeád i do reoiteoir an t-am ar

fad ionas go bhfuil bonnchloch bhéile i gcónaí agat. Ceannaigh na

cinn slisnithe chun am a shábháil duit féin.

TORTHAÍ 7

GLASRAÍ REOITE

Tuigim go mbíonn sé dúshlánach ó am go ham chun a chinntiú go

bhfuil tú ag ithe a dhóthain torthaí agus glasraí. Uaireanta, bíonn na

cinn úra an-chostasach agus tógann siad am le hullmhú. Chun an

fhadhb seo a réiteach, molaim cinn reoite a cheannach. Ní bhíonn

costas ró-ard ag baint leo agus bíonn siad gearrtha duit chomh

maith. Cuir torthaí ar do ghránaigh bhricfeasta ar maidin agus úsáid

na glasraí chun suaithfhriochadh a chruthú. Bí cruthaitheach leo!

Sa Chuisneoir

Iógart

Anuas ar bhainne a choimeád i do chófra, bí cinnte go bhfuil

iógart agat freisin. Cabhraíonn sé leat do riachtanais chailciam a

shroichint agus is sneaic iontach é ach go háirithe má chuirtear

torthaí nó cnónna leis.

Cáis

Roghnaigh aon cháis ar mhaith leat anseo, tá na mílte saghasanna

ar fáil sa lá atá inniu ann. Má tá cáis i do chuisneoir agus arán i do

reoiteoir, ní bheidh tú riamh i bponc don lón. Cruthaigh ceapaire leo

nó ullmhaigh tósta agus cáis! Muna dtaitníonn cáis leat, d’fheadfá

triail a bhaint as na roghanna veigeánacha a bhíonn go forleathan

sna siopaí nó humas chun ceapairí a líonadh.

46

SARAH HANNAN

Bia

Sa Chófra

PÓNAIRÍ, PISEÁNAIGH 7

LINTILÍ STÁNAITHE

Is foinse shaor de phróitéin iad seo, chomh

maith le snáithín agus iarann. Cuir anlann tráta

bunúsach leo agus riar le pasta nó mar mhias

siiad. D’fhéadfá do burritos féin a dhéanamh leo

chomh maith in ionad na cinn níos costasaí a

cheannach.

PASTA, RÍS 7

NÚDAIL

Ní gá iad seo a mhíniú, is bunús de go leor béilí

éagsúla iad. Roghnaigh cinn slánghráin má tá tú

ag iarraidh d’iontógáil snáithín a mhéadú.

TRÁTAÍ STÁNAITHE

Úsáid iad seo chun anlainn a chruthú m.sh do

spaigití bolognaise. Má ta píotsa tapa ag teastáil

uait, leathnaigh trátaí stánaithe ar fhillteog,

cuir do rogha de bharrán air agus cócaráil san

oigheann go dtí go bhfuil dath donn-órga air.

SPÍOSRAÍ 7

LUIBHEANNA

Is leathan an rogha de spíosraí agus luibheanna

atá ar fáil na linne seo. Roghnaigh aon chinn ar

mhaith leat ach is iad púdar sillí, cuimín agus

luibheanna triomaithe cinn ilúsáide a úsáidtear go

forleathan i gcócaireacht na hÁise, Mheicsiceo

agus na hIodáile.

OLA

Cuireann ola olóige blas séimh le do bhéile agus

tá sí lán le saillte neamhsháithithe sláintiúla.

Coimeád í i do chófra i gcónaí ionas go bhfuil tú

in ann glasraí, srl. a fhriochadh agus a róstadh.

D’fhéadfá blastán sailéid a chruthú léi chomh

maith má tá tú ag iarraidh a bheith galánta!

ANLAINN

Ceannaigh anlainn éagsúla ionas go bhfuil tú in

ann blas agus suim a chur le béilí simplí. Samplaí

úsáideacha ná maonáis, citseap, anlann sillí ar

nós anlann Sriracha, fínéagar agus anlann soighe.

SARAH HANNAN

47

Bia

Miotais Bhia

Food Myths

Níl lá dá ngealann nach gcloistear ar nó nach léitear faoi staidéar

úrnua atá déanta ag eolaí agus na ‘torthaí dochreidte’ atá faighte

acu, sin dar leis na meáin ar aon nós. “Gheofá bás dá n-íosfá tósta

dóite!” “Shroichfeá céad bliain d’aois dá n-ólfá gloine fíona gach

uile lá!” “Bheifeá an duine ba láidre, ba dhathúla, ab fhearr dá

n-íosfaí uachtar reoite mar bhricfeasta gach maidin!” Seo samplaí

de cheannlínte a bhíonn curtha le chéile chun ár n-aird a tharraingt

na linne seo.

Ní féidir a shéanadh go bhfuil sé deacair an fhírinne a scaradh ó

na bréaga ó am go ham, ach go háirithe nuair a thógann na meáin

scéal amháin agus casann siad é go dtí go bhfuil píosa nuachta

scannalach, tarraingteach acu. Déan iarracht anois leis an gceacht

beag thíos chun tú féin a scrúdú ar chuid de na miotais is comónta

a bhíonn i mbéal an phobail agus lean ar aghaidh ag léamh chun

míniú eolaíoch a fháil orthu!

1.

2.

3.

4.

5.

6.

7.

8.

Is cúis le méadú meáchain iad carbaihiodráití

Tá torthaí agus glasraí úra agus cinn reoite cothrom ó

thaobh na gcothaitheach atá iontu

Déanann gach saghas saille dochar duit

Ba chóir go dtógfadh gach duine fíorlíonadh vitimín D gach lá

Tá síoróip mhailpe níos fearr duit ná gnáthshiúcra

Is cúis d’aicne é bainne

Ní féidir uibheacha a ithe toisc go bhfuil an iomarca

colaistéaróil iontu

Tá díthocsainiú ag teastáil ó do chorp ó am go ham

Fíor

Fíor

Fíor

Fíor

Fíor

Fíor

Fíor

Fíor

Bréagach

Bréagach

Bréagach

Bréagach

Bréagach

Bréagach

Bréagach

Bréagach

Na Freagraí

1. IS CÚIS LE MÉADÚ MEÁCHAIN IAD CARBAIHIODRÁITÍ

Bréagach: Is féidir le barraíocht d’aon bhia do mheáchan a mhéadú

ach má leantar na treoracha atá leagtha amach i bpirimid an bhia

maidir le sciartha agus aclaíocht, is féidir meáchan sláintiúil a

choinneáil. Níor chóir carbaihiodráití a sheachaint má tá tú sláintiúil

agus muna bhfuil aon aiste bia speisialta agat ó ghairmí sláinte mar

is foinse iontach fhuinnimh iad agus tá an snáithín, ach go háirithe,

ag teastáil chun putóg shláintiúil a choimeád.

48

SARAH HANNAN

2. TÁ TORTHAÍ 7 GLASRAÍ ÚRA 7 CINN REOITE COTHROM Ó

THAOBH NA GCOTHAITHEACH ATÁ IONTU

Fíor: De ghnáth, bíonn torthaí agus glasraí reoite chomh luaithe is

a chuirtear iad in áit fhuar cosúil le cuisneoir. Ciallaíonn sé seo go

mbíonn an caighdeán cothaitheach leasaithe agus nach mbíonn go

leor difríochtaí idir cinn úra agus cinn reoite.

Bia

3. DÉANANN GACH SAGHAS SAILLE DOCHAR DUIT

Bréagach: Tá go leor feidhmeanna ag saill sa chorp, m.sh. is foinse

agus stór fuinnimh í agus tá róil struchtúrtha agus hormónacha aici

freisin. Ba chóir laghdú a dhéanamh ar an méid saillte a fhaightear ó

fhoinsí sáithithe ar nós bianna friochta, ach tá foinsí neamhsháithithe,

ar nós ola olóige, iasc olúil agus cnónna, tairbheach mar chuid d’aiste

bia shláintiúil.

4. BA CHÓIR GO DTÓGFADH GACH DUINE FÍORLÍONADH

VITIMÍN D GACH LÁ

Fíor: Dúirt Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann sa bhliain 2011, go

bhfuil fíorlíonadh vitimín D de 5mg ag teastáil ó dhaoine idir 5 bliana

agus 50 bliain d’aois agus ceann 10mg ag teastáil ó dhaoine níos sine

ná 50 bliain d’aois. An fáth leis seo ná nach bhfaightear a dhóthain

gréine in Éirinn chun é a tháirgeadh agus na moltaí a shroichint.

5. TÁ SÍORÓIP MHAILPE NÍOS FEARR DUIT NÁ GNÁTHSHIÚCRA

Bréagach: Is foirm eile de shiúcra í síoróip mhailpe agus bíonn na

héifeachtaí céanna aici nuair a ionsaítear í. Úsáid torthaí mar mhilseoir

ina ionad sin.

6. IS CÚIS D’AICNE É BAINNE

Bréagach: Níl a dhóthain fianaise ann chun d’iontógáil déiríochta a

nascadh le haicne. Is fadhb chasta í aicne le go leor fachtóirí éagsúla

ag baint léi. Ba chóir cuairt a thabhairt ar do dhochtúir agus labhairt

leo má tá fadhbanna agat le haicne.

7. NÍ FÉIDIR UIBHEACHA A ITHE TOISC GO BHFUIL AN IOMARCA

COLAISTÉARÓIL IONTU

Bréagach: Ní bhíonn éifeacht shuntasach ag an gcolaistéaról in

uibheacha ar do cholaistéaról fola. Is foinse iontach iad de phróitéin

agus aigéid shailleacha óimige 3 agus is féidir iad a ithe mar chuid

d’aiste bia shláintiúil.

8. TÁ DÍTHOCSAINIÚ AG TEASTÁIL Ó DO CHORP Ó AM GO HAM

Bréagach: Déanann d’ae agus do dhuáin díthocsainiú ar do chorp

go nádúrtha agus ní bhíonn aistí bia díthocsainiúcháin ag teastáil. De

ghnáth, bíonn easpa cothaithe ag baint leis na haistí bia seo a fheictear

ar na meáin agus ní bhíonn mórán buntáistí acu.

Chun eolas iontaofa a fháil maidir le cothú, féach ar shuíomhanna ar

nós indi.ie, safefood.eu agus nhs.uk.

SARAH HANNAN

49

50

Cóipcheart/Copyright ©TU Dublin

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!