Roinn 1 - Data Protection Commissioner
Roinn 1 - Data Protection Commissioner
Roinn 1 - Data Protection Commissioner
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Roinn 1.1 Múinteoirí

Príobháideachas

Scrúdaigh na gnéithe seo a leanas do phríobháideachas le do mic léinn.

Is ceart é an príobháideachas. Ba chóir do

dhaoine ligean duit. Le teacht na hoíche,

dúnann tú na cuirtíní sa bhaile. Tá sé

dorcha taobh amuigh agus lasann tú na

soilsí. Tá an cuirtíní dúnta agus ní féidir le

daoine taobh amuigh a fheiceáil na rudaí

atá tú a dhéanamh taobh istigh. Dá bharr

sin, ceapann tú go mbaineann an spás seo

le do theaghlach agus le do chairde. Is é do

spás príobháideach é.

Is mian linn cuid dár ndoiciméid phearsanta

a choimeád príobháideach freisin – bíonn

bosca nó comhad ann i bhformhór tithe

ina bhfuil doiciméid bhaill éagsúla

an teaghlaigh, mar shampla, teastais

bhreithe, torthaí scrúdaithe, gníomhas tí,

clárú cairr srl. Is dócha nach mian linn go

bhfeicfidh daoine eile agus gur mian linn

iad a choimeád sábháilte.

Tá rudaí eile againn agus tá luach

maoithneach ag baint leo. Uaireanta is

maith linn iad a thaispeáint sa bhaile, mar

shampla, grianghraif an teaghlaigh, cártaí

breithlae, an chéad fhiacla a bhí ag babaí,

nó folt gruaige, teastais céime i bhfrámaí.

Cuirimid iad ar taispeáint chun sinn féin

a shásamh agus chun iad a thaispeáint

dár teaghlach, dár ngaolta agus do

chuairteoirí.

Lig dom! An

ceart chun

PRíobháideachais

doiciméid

pHearsanta

giuirléidí

pearsanta

“Lig dom agus ná cuir isteach orm,

ach amháin más gá.” Sin an ceart chun

príobháideachais.

4