Roinn 1 - Data Protection Commissioner
Roinn 1 - Data Protection Commissioner
Roinn 1 - Data Protection Commissioner
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Roinn 1. Múinteoirí

Ábhar breise gur féidir leas a bhaint as nó a phlé sa rang.

Caighdeáin

Príobháideachais

i roinn na meán cumarsáide

in Éirinn.

I go leor de thíortha na hEorpa, tháinig tionscal

na nuachtán agus na hiriseoirí le chéile le daoine

eile agus d’aontaigh siad ar Chóid Iompair.

Cuireann na cóid seo caighdeáin ar bun maidir

le réimse iompair, ina measc, grianghraif de

phaistí. Ní chloítear leis na caighdeáin seo i

gcónaí ach is treoirlínte iad.

Chuir The Press Council of Ireland Cód Iompair

le chéile (féach ar na sleachta sa cholún thall).

Sa Chód Iompair baineann Prionsabal 5 le

príobháideachas agus baineann Prionsabal 9

le paistí.

Smaoineamh i

gcomhair Aicsin

≠ Aimsigh an “Cód Iompair” ar shuíomh

idirlíne The Press Council of Ireland (féach ar

www.presscouncil.ie). Scrúdaigh an t-eolas

atá ann maidir le páistí. Téigh i dteagmháil

leis The Press Council of Ireland agus

fiafraigh an bhfuair an tOmbudsman aon

ghearáin maidir le príobháideachas agus le

páistí, agus má fuair, cad iad na cinntí a rinne

an tOmbudsman. Bunaigh tuairisc scríofa ar

an eolas a fhaigheann tú.

≠ Aimsigh agus scrúdaigh Cás-Staidéar 6

“News of the World: Teorainneacha ar

Dhíolúine na Meán” i dTuarascáil Bhliantúil

2006 ó Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

(ar fáil ar www.cosantasonrai.ie). Baineann

an cás seo le gearán ó Éireannach cáiliúil

maidir le grianghraif a foilsíodh gan chead.

Sleachta

Prionsabal 5.5

Níl sé inghlactha grianghraif de dhaoine

aonair a ghlacadh gan chead in áiteanna

príobháideacha, ach amháin más ar mhaithe le

leas an phobail é.

Prionsabal 9 – Páistí

9.1 Féachfaidh nuachtáin agus tréimhseacháin

chuige go mbeidh siad an-chúramach agus iad

ag lorg eolais ar pháiste faoi 16 bliana d’aois nó

á chur i láthair

9.2 Ba chóir go dtabharfadh iriseoirí agus

eagarthóirí aird ar shoghontacht na bpáistí agus

go gcoimeádfaidís i gcuimhne i gcónaí aois an

pháiste, cé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas

cead tuistí nó duine fásta eile don teagmháil

seo, íogaireacht an ábhair, agus cad iad na

cúinsí, dá mbeidís ann, ina mbeadh suim ag

an bpobal sa scéal. Ba chóir go mbeadh daoine

óga in ann a gcuid scolaíochta a chríochnú gan

cur isteach orthu gan chúis. Níor chóir do cháil,

do dhroch-chlú nó do stádas na dtuistí a úsáid

mar an t-aon chosaint chun sonraí ar shaol

príobháideach an pháiste a chur i gcló.

Gníomhaíocht

Bhreise

≠ Léirigh dráma i seomra cúirte ag

díriú ar lánúin cáiliúla a thug cás dlí

ar na nuachtáin mar gur fhoilsigh

siad grianghraif díobh ar shaoire lena

bpáistí.

16