Roinn 1 - Data Protection Commissioner
Roinn 1 - Data Protection Commissioner
Roinn 1 - Data Protection Commissioner
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Cláraigh,

Logáil Isteach

Rogha an

Diúltaithe

Ag cosaint do phríobháideacht agus ag smachtú do shonraí

Acmhainn do mhúinteoirí.

Curtha in eagar ag Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí.
ii

Scríofa agus curtha in eagar ag:

Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí, Teach na Canálach,

Bóthar an Stáisiúin, Cúil an tSúdaire, Co. Laoise.

Íosghlao: 1890 252 231

Teil: +353 57 868 4800

Facs: +353 57 868 4757

Ríomhphost: eolas@cosantasonrai.ie

idirlíon: www.cosantasonrai.ie

Dearadh & Clóchur:

Penhouse Design

www.penhouse.ie

Curtha in eagar ag:

Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

ISBN: 978-0-9557 187-1-7

Is ceadmhach an foilseachán seo a chóipéail d’imeachtaí

oideachasúla.

© Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí 2007.

Cé go ndearnadh gach iarracht a chinntiú go bhfuil an teolas

san fhoilseachán seo cruinn ceart, ní ghlacann Oifig an

Choimisinéara Cosanta Sonraí aon fhreagracht dlithiúil as

botúin nó easnaimh.
Buíochas

Is mian le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí buíochas a

ghabháil leis na daoine seo a leanas as cead a thabhairt a gcuid

ábhair a atáirgeadh agus as aon chomhairle breise a tugadh:

Amnesty International Roinn na nÉireann, Anne Frank

Foundation Basel, An Phríomh-Oifig Staidrimh na hÉireann,

An Chomhairle um Chearta Daonna, Ionad Naisiúnta

don Teicneolaíocht san Oideachas, Oifig an Choimisinéara

Fáisnéise, The Irish Press Council, The Scotsman.

Ba mhaith le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí buíochas

a chur in iúl do Dheirdre Phelan, múinteoir ó Choláiste Chiaráin,

Cill Chainnigh as ucht cuid den ábhar agus na cleachtaí a

ullmhú, do Pól Ó Cainin, d’An Chomhairle um Oideachas

Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus Annette Ní Thuathail,

Coláiste Oiriall a rinne an t-aistriú Gaeilge agus do Chonor

Harrison chomh maith, Comhordaitheoir Náisiúnta don OSSP

ó Shéirbhís Chabhrach an Dara Léibhéal, An Roinn Oideachas

agus Eolaíochta.

Tá buíochas ag dul do na scoileanna seo a leanas freisin a ghlac

páirt i ngéithe trialacha de chlár cumarsáide na hoifige do

dhéagóirí 12-18 le linn 2007:

Coláiste Íosagáin, Cúil an tSudaire, Co. Laoise.

Coláiste Naomh Cormac, Cill Chormaic, Co. Uibh Fháile.

Patrician College, Baile Finn, Co. Laoise.

St Mary’s Secondary School, Éadan Doire, Co. Uibh Fháile.

Mountmellick Community School, Co. Laoise.

Ard Scoil Chiaráin Naofa, Clóirtheach, Co. Uibh Fháile.

Ardscoil Rath Iomgháin, Rath Iomgháin, Co. Chill Dara.

iii
Faoin Acmhainn

Tá an acmhainn deartha le húsáid go príomha

sna ceachtanna Oideachas Saoránach,

Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP).

Níl sé mar aidhm go n-oibreodh múinteoirí tríd

an acmhainn seo ina hiomláine lena scoláirí

ó thús go deireadh. Pléifidh an acmhainn seo

le gnéithe do na coincheapa, “Cearta agus

Dualgais” agus “An Dlí.” Táthar ag súil go

roghnódh múinteoirí giotaí den acmhainn in

éineacht le hábhar eile múinteoireachta agus

foghlama atá ar fáil le linn an chláir OSSP thar

trí bliana.

Gríostar úsáid traschuraclar den acmhainn

seo. Is féidir an acmhainn a mhúnlú agus a

chur in oiriúnt d’ábhair eile ag leibheál

sóisearaigh nó sinsearach. Tá sé oiriúnach

d’úsáid i Stair, OSPS, Béarla nó Staidéar Gnó

don Teastas Sóisearaigh.

Tá seans ann go n-úsáidfí an acmhainn seo

mar ghné de chlár na hidirbhliana chomh

maith. D’fhéadfadh Roinn 3 bheith feiliúnach

do Staidéir Gnó ag léibheál sinsearach.

v
vi

Réamhrá

Tá Oideachas Saoránach, Sóisialta agus

Polaitiúil (OSSP) leagtha amach chun

saoránaigh ghníomhacha, fhreagracha,

eolacha a dhéanamh de scoláirí.

Tá dhá choincheap ann: forbairt na tuisceana

faoi phríobháideachas agus an gá chun sonraí

pearsanta a chosaint mar chuid de shaol

an tsaoránaigh. Tá an dá choincheap seo

nasctha le cothú barúlacha dearfacha eile

agus le cothú luachanna eile, mar ata, imní

faoi chearta daonna, imní faoin maitheas

poiblí, agus meas ar riail an dlí. Is aidhm

lárnach í freisin an tuiscint atá ann ar conas is

féidir leis an teicneolaíocht dul i bhfeidhm ar

phríobháideachas an duine aonair.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, nasc

an coincheap de chosaint sonraí leis an

gcoincheap de cheart chun príobháideachais.

Bhí aire á díriú ar chearta daonna bunúsacha

agus ar shaoirsí bunúsacha freisin, agus

dá bhrí sin, scríobhadh sraith cairteacha

idirnáisiúnta agus dearbhuithe, m.sh. Dearbhú

Uilechoiteann Chearta an Duine (DUCD).

Tá an teicneolaíocht ag dul chun cinn go

gasta ó shin, agus dá bhrí sin, is mó an aire

atá ar phróiseáil sonraí pearsanta ar scála

mór. Díríonn cosaint sonraí aire ar na cosaintí

riachtanacha ar chóir dóibh bheith ann nuair

atá sonraí pearsanta á bpróiseáil i meáin

éagsúla (mar shampla, comhaid pháipéir,

bunachair shonraí, teilifís ciorcaid iata, bainc

d’íomhánna, teileachumarsáid mhóibíleach).

Inniu, maidir le cosaint sonraí, is é atá ann ná

creatlach buan de dhlíthe ag leibhéal náisiúnta

domhanda a léiríonn prionsabail lárnach a

bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

Tá údaráis fhaire rialaitheacha ann anois ina

lán tíortha ar fud an domhain chun súil ghéar

a choinneáil ar fhorbairtí sa chaoi is gur féidir

sonraí pearsanta a chosaint ó theicneolaíocht

nua. Déanann Oifig an Choimisinéara Cosanta

Sonraí in Éirinn maoirseacht ar oibriú na

nAchtanna um Chosaint Sonraí in Éirinn.

Soláthraíonn an Oifig treoracha, agus déanann

sí iniúchadh ar sháruithe féideartha de na

hAchtanna agus tugann sí seans do dhaoine

aonair gearán a dhéanamh maidir le húsáid

sonraí pearsanta i gcásanna áirithe.

Tá Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

páirteach i réimse leathan fóram, grúpaí oibre

agus seimineáir ag leibhéal Eorpach domhanda.

Is fiú a lua go mbíonn Oifig an Choimisinéara

Cosanta Sonraí páirteach i nGrúpa

Oibre an Aontais Eorpaigh ina mbíonn Coimisinéirí

Cosanta Sonraí an Aontais Eorpaigh ar

fad páirteach ann, in éineacht le hionadaithe ó

Choimisiún an Aontais Eorpaigh. Is é Airteagal

29 Grúpa Oibre an t-ainm atá ar an nGrúpa seo.

Tá sé neamhspleách agus tá ról comhairleoireachta

aige sa Choimisiún Eorpach.

Mar ghné faoi léith de chlár oibre iomlán an

phríobháideachais, forbraítear teacht chun cinn

na cosanta sonraí san acmhainn seo, ach chun

suim a mhúscailt timpeall bhunchoincheap

an phríobháideachais, díríonn cuid mhaith

de na gníomhaíochtaí agus de na cleachtaí

san acmhainn seo ar ghnéithe bunúsacha an

phríobháideachais.
Príomhcheapa

Tá an acmhainn seo múnlaithe ar an gcur

chuige coincheapúil a bhaineann le OSSP. ‘Is

í an tsaoránacht an coincheap lárnach don

chlár OSSP agus tá ábhair na hacmhainne

seo dírithe ach go háirithe ar dhá choincheap

sa chlár OSSP, ‘mar ata, “Cearta agus

Dualgais” agus “An Dlí.” Táimid ag súil

go mbeidh léargas úr ag na mic léinn ar

choincheap an tsaoránaigh ghníomhaíoch

agus iad ag féachaint ar “Chearta agus

Dhualgais” agus ar “An Dlí” ó pheirspictíocht

an phríobháideachais agus cosanta sonraí.

Ag úsáid na

hacmhainne

Tá ceithre phríomhroinn san acmhainn seo.

Cuireann gach roinn síos ar na haidhmeanna,

ar na coincheapa, ar na barúlacha, ar an eolas

agus ar na scileanna a bhaineann le roinn

áirithe agus tá gníomhaíochtaí roghnacha

iontu freisin. Tá “Gníomhaíochtaí Breise” agus

“Smaointe i gComhair Aicsin” ann mar rogha

breise in éineacht leis na gníomhaíochtaí is

féidir a dhéanamh sa rang.

≠ Roinn 1: is mian linn an smaoineamh

ginearálta a chur i láthair go dtosaíonn an

príobháideachas i dtimpeallacht an bhaile.

Ansin bogaimid ar aghaidh chuig suímh

neamhchoinbhinsiúnacha, mar shampla,

‘Deathair Mór’ agus an gaol atá idir daoine

cáiliúla agus príobháideachas.

≠ Roinn 2: Tá faisnéis chúlra anseo ar an

gcaoi ar glacadh leis an bpríobháideachas

mar chearta daonna.

≠ Roinn 3: Díríonn an roinn seo ar

reachtaíocht um chosaint sonraí i

gcomhthéacs náisiúnta domhanda.

≠ Roinn 4: Athraíonn an bhéim anseo

go cúrsaí teicneolaíochta, agus na

himpleachtaí atá ag nuálaíocht theicniúil ar

an bpríobháideachas..

Gníomhaíochtaí

Baintear úsáid as modhanna éagsúla

múinteoireachta d’fhoghlaim ghníomhaíoch,

ina measc:

≠ plé struchtúrtha

≠ cásanna staidéir

≠ cairteanna ráta

≠ díospóireachtaí

≠ léiriú

≠ scríbhneoireacht chruthaitheach

≠ spreagadh amhairc.

Leathanaigh

do Mhic Léinn

Tá siombail fhótachóipeála (féach thíos) in

úsáid chun a chur in iúl cad iad na leathanaigh

ba chóir a fhótachóipeáil agus a thabhairt do

na mic léinn

FóTAChóIP

vii
Clár

Buíochas . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . iii

Faoin acmhainn . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . v

Réamhrá . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . vi

Roinn 1

Príobháideachas . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 4

Príobháideachas sa teach . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 5

Deartháir Mór . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 7

Daoine Cáiliúla & Príobháideachas . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 11

Roinn 2

Príobháideachas mar cheart daonna . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 20

Daonáireamh in Éirinn . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 26

Cosanta Sonraí . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 31

Roinn 3

Cearta & Dualgais . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 42

Próiseáil . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 43

Sonrai Íogaire . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 49

Aois Toilithe . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 52

Iarratais Rochtana . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 55

Cásanna Stáidéir . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 60

Roinn 4

Sonraí Déagóra . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 70

Lá i saol Annie Wun . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 72

Faireachas . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 76

Teilifís Dhigiteach Idirghníomhach . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 79

Siopadóireacht Neamh nó Ifreann . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 81

An Líonra Sóisialta . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 83

RFID Ag Cruthú Tonnta . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 85

Bithmhéadracht . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 87
Roinn 1

2
3

Aidhmeanna

1 Chun teacht ar thusicint ar choincheap

an phríobháideachais.

2 Chun cás an ‘Dearthár Mhóir” a scrúdú.

3 Chun smaoineamh an phríobháideachais

agus daoine óga a iniúchadh i suíomh

neamhchoinbhinsiúnach.

4 Chun teacht ar thuiscint de chaighdéain

nó treoir maidir le príobháideachas agus

na meáin chumarsáide in Éirinn.

Coincheapa

≠ Cearta agus Dualgais.

≠ An Dlí.

Barúlacha &

Luachanna

≠ Tuiscint a fhorbairt ar cén fáth a bhfuil

príobháideachas tábhachtach agus cén

fáth ar chóir dúinn meas a bheith againn

air.

≠ Tuiscint ar chearta.

Eolas

≠ Conas príobháideachas a shainmhíniú.

≠ Na contúirtí a bhaineann le cur isteach ar

chearta an duine chun príobháideachais

nó le sárú na gceart sin.

≠ Conas a théann cailliúint

príobháideachais i bhfeidhm ar dhaoine

saibhre cáiliúla

≠ Is ceart daonna é an príobháideachas.

Scileanna

≠ Cumarsáid – plé, díospóireacht, obair

ghrúpa, rólghlacadh, éisteacht.

≠ Anailís – na meáin chumarsáide, cartúin,

íomhánna agus scéalta.

≠ Scríbhneoireacht Chruthaitheach.
Roinn 1.1 Múinteoirí

Príobháideachas

Scrúdaigh na gnéithe seo a leanas do phríobháideachas le do mic léinn.

Is ceart é an príobháideachas. Ba chóir do

dhaoine ligean duit. Le teacht na hoíche,

dúnann tú na cuirtíní sa bhaile. Tá sé

dorcha taobh amuigh agus lasann tú na

soilsí. Tá an cuirtíní dúnta agus ní féidir le

daoine taobh amuigh a fheiceáil na rudaí

atá tú a dhéanamh taobh istigh. Dá bharr

sin, ceapann tú go mbaineann an spás seo

le do theaghlach agus le do chairde. Is é do

spás príobháideach é.

Is mian linn cuid dár ndoiciméid phearsanta

a choimeád príobháideach freisin – bíonn

bosca nó comhad ann i bhformhór tithe

ina bhfuil doiciméid bhaill éagsúla

an teaghlaigh, mar shampla, teastais

bhreithe, torthaí scrúdaithe, gníomhas tí,

clárú cairr srl. Is dócha nach mian linn go

bhfeicfidh daoine eile agus gur mian linn

iad a choimeád sábháilte.

Tá rudaí eile againn agus tá luach

maoithneach ag baint leo. Uaireanta is

maith linn iad a thaispeáint sa bhaile, mar

shampla, grianghraif an teaghlaigh, cártaí

breithlae, an chéad fhiacla a bhí ag babaí,

nó folt gruaige, teastais céime i bhfrámaí.

Cuirimid iad ar taispeáint chun sinn féin

a shásamh agus chun iad a thaispeáint

dár teaghlach, dár ngaolta agus do

chuairteoirí.

Lig dom! An

ceart chun

PRíobháideachais

doiciméid

pHearsanta

giuirléidí

pearsanta

“Lig dom agus ná cuir isteach orm,

ach amháin más gá.” Sin an ceart chun

príobháideachais.

4
Roinn 1.2 Múinteoirí

Príobháideachas

sa bhaile

Déan fótachóipeanna den leathanach thall agus tabhair do na mic léinn iad. Bain úsáid

as na pictiúir san fhótachóip chun tús a chur le plé struchtúrtha faoin bpríobháideachas.

Aidhmeanna

≠ Labhair leis na mic léinn faoi cheist an

phríobháideachais agus sibh ag scrúdú

dhá phictiúr chontrártha. Úsáid meafar

tharraingt na gcuirtíní agus fiafraigh de na

mic léinn cén chaoi a mbeadh sé dá mbeadh

daoine ag féachaint orthu go buan agus

mura mbeidís in ann stop a chur leo?

Iarr ar na mic léinn an dá phictiúr chontrártha

den teach (lasmuigh/laistigh) a iniúchadh

san fhótachóip a tugadh dóibh.

Fiafraigh de na mic léinn conas a mhothóidís

dá mba é seo a dteach féin agus dá mbeadh

a fhios ag strainséir faoi gach rud a bhí ag

tarlú istigh ann? Dá mbeadh an strainséir

sin ...

Cuir seo in iúl do do mhic léinn: téann

gadaithe isteach i dtithe agus tógann

siad earraí nó briseann siad rudaí. Ach

san fhadtéarma tá seans ann gur mó an

dochar a dhéanfadh daoine dá gcuirfidís

isteach ar phríobháideachas daoine eile,

dá dtiocfaidís ar eolas faoina nósanna,

dá ndéanfaidís monatóireacht ar a gcuid

gluaiseachtaí agus dá n-éistfidís lena

gcomhráite.

≠ Ag éisteacht le glaoch gutháin idir Brian

agus a chailín.

≠ Ag déanamh liosta de na cláir theilifíse agus

de na físeáin ar fad ar fhéach an teaghlach

orthu.

≠ Ag féachaint trí albaim leictreonacha an

teaghlaigh agus á gcóipeáil.

≠ Ag cóipeáil pasfhocail agus ainmneacha

úsáideoirí chun teacht ar chuntas bainc an

teaghlaigh.

≠ Ag teacht ar rún Shorcha.

≠ In ann a rá cé mhéad airgead atá ina luí thart

in airgead tirim go hoscailte sa chistin.

Cad é an rud is mó a chuireann imní ar na

mic léinn faoin scéal seo?

Iarr ar na mic léinn an scéal seo a chur i

gcomparáid le briseadh isteach ar theach.

Conclúidí

C. Cad is brí le príobháideachas?

F. An ceart a bheith fágtha leat féin.

C. Cé na daoine ar chóir dóibh bheith

buartha faoina bpríobháideachas?

F. Gach duine.
Tá Maim ag uaslódáil grianghraif theaghlaigh ar

an idirlíon, agus ina dhiaidh sin, déanfaidh sí roinnt

baincéireachta ar líne.

Tá Sorcha (13) ag

rá rúin i gcogar

lena deirfiúr mhór

Lúsaí (17). Dúirt

duine éigin go raibh

Sorcha ag gadaíocht

i siopa ach sa

deireadh níor tharla

aon rud. Tá imní ar

Shorcha go fóill go

labhróidh an siopa

lena tuismitheoirí.

FóTAChóIP

Roinn 1.2 Mic léinn

Is cisteoir an chumainn pheile áitiúil é Daid.

Bhailigh an cumann airgead le déanaí. Tá Daid á

chomhaireamh.

Tá Brian, aois 16, ag caint ar an nguthán lena chailín

agus ag breathnú ar chluiche peile ar an teilifís ag an

am céanna.
Roinn1.3 Múinteoirí

BIG BROTHER

(Deartháir Mór)

Tá sé tábhachtach an téarma “Dearthár Mór” agus a bhunús a mhíniú le do scoláirí. B’fhéidir go

gcuideodh an learáid ar an leathanach thall. Is féidir é seo a fotochópáil, a úsáid mar thrédhearcán

nó mar shleamhnán powerpoint.

Ina úrscéal cáiliúil ‘1984’, léirigh George

Orwell domhan a bhí faoi smacht ag Big

Brother (Deartháir Mór). Foilsíodh é i 1949

tar éis dheireadh chogadh cathartha na

Spáinne agus an Dara Cogadh Domhanda.

Rinne Orwell iarracht fís sochaí a léiriú

nach mbeadh saoirse indibhidiúil ann do

“bhaill an pháirtí” agus go raibh faire bhuan

á déanamh ag an stát ar na saoránaigh trí

mheán teicneolaíochta sofaisticiúla.

Eascraíonn an téarma Big Brother

(Deartháir Mór) ón úrscéal seo.

Samhlaigh gurbh ionann Éire agus

Deartháir Mór. Bíonn faire bhuan á

déanamh ort agus is mian leis an rialtas

gach rud a fháil amach fút.

Scaipeann “Aireacht na Fírinne” (Roinn

Rialtais) bolscaireacht chun dul i

bhfeidhm ar an gcaoi ar mian leis an

Rialtas go smaoineofá. Tá póstaeir i

ngach áit agus tá an rabhadh orthu “TÁ

DEARTHÁIR MÓR AG FAIRE ORT”. Dá

scríobhfá d’fhíormhothúcháin i ndialann,

d’fhéadfadh an stát tú a chur chun báis...

Tá tú i do chónaí i dtír mar a bhfuil seans

ann go gcuirfidh na “póilíní smaointe”

“coir smaointe” i do leith. Agus tá sé

mídhleathach titim i ngrá...
FóTAChóIP

Roinn 1.3 Mic Léinn
Roinn 1.3 Múinteoirí

Aidhm

Chun mic léinn a chur ag smaoineamh ar

bhealaí go bhféadfadh Rialtas i sochaí nó

stát de shaghas eile srian a chur le saoirsí

an indibhidiúil ag cur san áireamh an ceart

chun príobháideachais.

Déan fótachóipeanna den leathanach

gníomhaíochta thall agus tabhair do na

mic léinn iad.

Gníomhaíocht

Eile

≠ Iarr ar na mic léinn a bhreacadh síos an

imní is mó a bheadh orthu dá mbeadh

“Deartháir Mór” i gcónaí ag faire orthu.

≠ Iarr ar na mic léinn machnamh a

dhéanamh aon bhuntáistí a bhainfeadh

le “Dearthair Mór”.

Bris an rang i ngrúpaí agus lig dóibh a

dtuairimí a nochtadh agus a mhalartú

eatarthu féin.

Gníomhaíocht

Eile /Obair

Bhaile

≠ Iarr ar na mic léinn póstaer a dhearadh

nó dán a chumadh a léiríonn “Deartháir

Mór”. Is féidir an póstaer a bheith ina

dhearadh, sceitse, pictiúr, siombail,

grianghraf, pictiúr irise nó cartún...

≠ Aimsigh giotaí ón úrscéal “1984” (ar

fáil go forleathan ar an idirlíon) agus

roghnaigh roinnt caibidlí do na mic léinn

le léamh. Fiafraigh de na mic léinn an

bhfuil aon cheann de na rudaí a luann

Orwell ina scéal le feiceáil inár sochaí

féin? Cén ról nó cén fheidhm atá ag an

teicneolaíocht i “1984”?
Gníomhaíocht 1 Mic Léinn

Samhlaigh dá mbeadh ort bheith i do chónaí

faoi na coinníollacha thíos. Ar scála 1-10

tabhair rátáil do gach cás thíos ar cé chomh

géar agus atá sé, m.sh., ní dóigh leat go bhfuil

Deartháir Mór: Cásanna Éagsúla Ráta (1-10)

Bíonn héileacaptar ag dul timpeall do chomharsanachta agus bíonn

na daoine ar bord ag féachaint trí fhuinneoga daoine agus isteach ina

ngairdíní.

Tá cosc ort dialann a scríobh.

Tá ceamara i ngach seomra i do theach a thaifeadann gach gluaiseacht a

dhéanann do theaghlach an t-am ar fad.

Tá seacláid ar ciondáil. Is féidir leat 15 ghram (is ionann sin agus leath

barra) a cheannach in aghaidh na míosa nuair a úsáideann tú do chárta

aitheantais oifigiúil.

Má deir tú aon rud diúltach faoin rialtas is féidir leis na “póilíní smaointe”

tú a ghabháil agus tú a dhaoradh gan triail.

Tá teilifís scáileán-righin i do sheomra suite a chraolann bolscaireacht

rialtais 24 X 7. Is féidir leat an fhuaim a ísliú beagáinín ach níl tú in ann an

teilifís a mhúchadh nó an bealach teilifíse a athrú riamh.

Déanann tú coir nuair a thiteann tú i ngrá.

Tugtar dearbháin éadaí duit agus is fiú 3,000 in aghaidh na bliana iad.

Cosnaíonn péire pitseámaí 600 dearbhán.

Coinníonn an Rialtas smacht ar an “réaltacht”. Bíonn an stair á athscríobh i

gcónaí. Má deir an rialtas “níor tharla sin riamh”, déanann daoine athruithe

ar an stair scríofa. Go minic síleann tú go bhfuil d’intinn ag imirt cleasa ort.

FóTAChóIP

sé róghéar go bhfuil seacláid ar ciondáil agus

ní thugann tú ach rátáil de 3 air sin. Bhí na

cásanna uile seo thíos san úrscéal “1984”.

10
11

Roinn 1.4 Múinteoirí

Daoine Cáiliúla agus

Príobháideachas

Aidhm

Mic léinn a spreagadh chun smaoineamh

faoin bpríobháideachas trí chás a roghnú

a bhaineann le cultúr an lae inniu ach a

dhíríonn ar chearta príobháideachais

daoine cáiliúla.

Daoine

Cáiliúla agus

Príobháideachas

Is minic a dhíríonn na meáin a n-aird ar

dhaoine cáiliúla, ar rítheaghlaigh, agus ar

dhaoine poiblí tábhachtacha eile. Cuireann

na paparazzi isteach go mór ar dhaoine

cáiliúla áirithe. Ach nuair a chuireann na

paparazzi isteach ar theaghlaigh na ndaoine

seo bíonn ar na daoine seo gníomhú chun

a bpríobháideachas a chosaint.

Grace Kelly

Nóta: Déan fótachóipeanna den chás-staidéir ar an leathanach thall agus tabhair iad do na mic

léinn. Mínigh do na mic léinn gur cás suntasach é cás an Bhanphríonsa Caroline. Ní bhaineann

suntasacht an cháis leis an mbanphrionsa, ach go ndeachaigh an cás an bealach ar fad go dtí

Cúirt na hEorpa um Chearta an Duine agus gur éirigh leis. B’fhéidir go mbeadh suim ag mic

léinn i gcás eile atá ag dul ar aghaidh sa Ríocht Aontaithe faoi láthair: ghlac áisíneacht nuachta

grianghraif de JK Rowling, dá fear céile agus dá mac óg agus iad amuigh ag siúl. Chaill JK

Rowling a cás Ardchúirte i gcoinne na háisíneachta ach tá sí chun achomharc a dhéanamh.
Roinn 1.4 Mic Léinn

Léigh an cás-staidéar seo a leanas

Cás an

Bhanphrionsa

Caroline

Is í Banphrionsa Hanover agus Banphrionsa

Oidhreachta Mhonaco í Banphrionsa Caroline,

agus is í an iníon is sine í den réalta scannáin

Meiriceánach, Grace Kelly.

Ansin dhírigh Banphrionsa Caroline a

haird ar a ceart chun príobháideachais

phearsanta agus thóg sí a cás go dtí

Cúirt na hEorpa um Chearta an Duine i

Strasbourg. Rialaigh an Chúirt gur cuireadh

isteach ar cheart an Bhanphrionsa chun

príobháideachais toisc go ndeir Alt 8 de

Choinbhinsiún na hEorpa um Chearta an

Duine (1950):

Tá an ceart chun measa

ag gach duine ar a shaol

príobháideach, ar shaol a

theaghlaigh, ar a theach agus

ar a chomhfhreagras.

Tá an ceart chun...

12. príobháideachais ag gach

duine.

PhOTOCOPy

Phós Grace Kelly ar Phrionsa Rainier III de

Mhonaco i 1956, d’éirigh sí as an aisteoireacht

agus chuaigh sí chun cónaí i Monaco. Bhí

Banphrionsa Grace i gcónaí i súil an phobail go

dtí gur maraíodh í go tragóideach i dtimpiste

bóthair i 1982. Faoin am sin, bhí meáin

chumarsáide na hEorpa ag díriú a n-airde ar

a páistí: Banphrionsa Caroline, Banphrionsa

Stephanie agus Prionsa Albert.

Go mall sna 1990dí thóg Banphrionsa Caroline

roinnt irisí Gearmánacha chun na cúirte mar

gur fhoilsigh siad grianghraif di lena fear céile

agus lena páistí, agus iad ag siopadóireacht, ag

imirt spóirt agus ag teacht amach as bialann.

Dhiúltaigh na cúirteanna Gearmánacha cosc

a chur ar na foilseacháin seo ag glacadh

grianghraf di ach d’aontaigh siad gan pictiúir

faoi leith dá páistí a chur i gcló.

Dlí na hÉireann:

Níl ceart cruinn chun príobháideachais

ann i mBunreacht na hÉireann ach sheas

cúirteanna na hÉireann le ceart bunreachtúil

an duine chun príobháideachais i roinnt

cásanna iomadúla.

Tá an ceart chun

príobháideachais leagtha

amach go soiléir in An Dearbhú

Uilechoiteann Chearta an

Duine (DUCD) 1948.

12
13

FóTAChóIP

Gníomhaíocht 1 Mic léinn

Seachain NA Papparazi

Léigh an cás thíos agus críochnaigh an ghníomhaíocht ar an leathanach thall.

Samhlaigh gur mac nó iníon de lánúin cáiliúla

tú. Bíonn grianghrafadóirí i gcónaí ag iarraidh

grianghraif a ghlacadh díotsa agus de do

theaghlach in áiteanna poiblí. Bíonn pictiúir

díot i nuachtáin agus tú ag freastal ar scannán

nua le do thuismitheoirí, ag siúl ar scoil le do

chairde, ag imirt peile agus ag dul amach san

oíche ar dháta chun na pictiúrlainne. Uaireanta,

tá saol mealltach corraitheach agat ach imíonn

an úrnuacht go tapa. Anois mothaíonn tú go

láidir nár chóir go mbeadh na paparazzi do

do leanúint agus tú i mbun do ghnáthshaoil

laethúil. Ní thuigeann tú cén fáth ar chóir do do

thuismitheoirí agus dá bhfoireann dlí an oiread

sin ama agus airgid a chaitheamh ag iarraidh

ar na cúirteanna cosc a chur ar na paparazzi a

ghlacann grianghraif díot. Cé go dtuigeann tú

gur maith le daoine áirithe irisí lán de dhaoine

cáiliúla agus dá dteaghlaigh a cheannach, is

mian leat go smaoineoidís ar conas a théann

seo i bhfeidhm ortsa. Tuigeann tú chomh maith

go dtarraingíonn páistí roinnt daoine cáiliúla

airde na meán orthu féin.

Le bliain anuas bhí na pictiúir thíos díot agus

de do theaghlach i nuachtáin agus in irisí...

The Oscars Cleachtas Péile Dumpáilte Labhraíonn Mac

Réalta le Saineolaithe

Aicne.
Gníomhaíocht 1 Mic léinn

Cum achainí dheisbhéalach ghreannmhar ag

iarraidh ar na meáin fanacht amach uait. Tá

tú ag súil go mbeidh d’achainí i gcló i gcuid

de na nuachtáin is fearr. Tá súil agat go

bhfanfaidh na hirisí faisin agus eile amach

uait. Tá tú toilteanach glacadh leis gur féidir

leo grianghraif a ghlacadh díot agus tú ag

freastal ar ócáidí poiblí. I d’achainí, d’fhéadfá

FóTAChóIP

cur i gcuimhne do na meáin go bhfuil tú i do

pháiste go fóill ó thaobh dlí de agus gur mian

leat deis a fháil fás aníos, ag déanamh botúin

faisin ar an mbealach, ag déanamh cairdis

agus ag déanamh do rogha ruda gan a bheith

faoi dhianscrúdú agus thuairimíocht na meán.

Is féidir d’achainí a scríobh thíos i bhfoirm

amhráin, dáin nó litreach.

Smaoineamh i gComhair Aicsin

Eagraigh comórtas agus bunaigh é ar an gcás thuas, áit ar scríobh tú achainí i bhfoirm amhráin,

dáin nó litreach chuig na meáin ag iarraidh orthu fanacht amach uait. Spreag na daoine i do rang

achainíocha a chumadh agus iad a chur i láthair os comhair painéal moltóirí. Socraigh catagóirí

duaiseanna d’iarrachtaí éagsúla, chomh maith le duais don “iarracht is fearr”.

14
1

Gníomhaíocht

Bhreise

Múinteoirí

Tóg isteach réimse beag d’irisí a bhfuil daoine

cáiliúla, cúlchaint agus faisean iontu. Roinn an

rang i ngrúpaí, scrúdaigh na hirisí agus faigh

na daoine cáiliúla seo agus a dteaghlaigh:

amhránaithe, mainicíní, aisteoirí, imreoirí

peile.

Pléigh na rudaí seo a leanas agus breac síos do

chonclúidí le hinsint don rang ar fad:

≠ Uaireanta i gcás daoine cáiliúla ní bhíonn

aghaidh a bpáistí soiléir i ngrianghraf d’aon

ghnó agus uaireanta i bhfoilseacháin eile

bíonn a n-aghaidh soiléir. Meas tú, cén fáth

é seo?

≠ Ar glacadh na grianghraif uile de na daoine

cáiliúla seo agus dá dteaghlaigh toisc

gur tháinig siad go hoifigiúil chuig ócáid

phoiblí?

≠ Cad faoi thuismitheoirí a shíníonn margadh

eisiach ag ligean d’iris iad féin agus a bpáistí

a thaispeáint ina dtithe féin.

≠ An léiríonn aon cheann de na hirisí go bhfuil

sé níos íogaire ná na cinn eile nó an bhfuil

siad uile beagnach mar an gcéanna ina

modhanna?

≠ I gcás pearsantachtaí poiblí móra, ar nós

polaiteoirí, is maith leo grianghraif oifigiúla

nó portráidí oifigiúla a úsáid. Cén fáth a

shileann tú nach bhfuil na meáin i bhfách

leis na pictiúir seo?
Roinn 1. Múinteoirí

Ábhar breise gur féidir leas a bhaint as nó a phlé sa rang.

Caighdeáin

Príobháideachais

i roinn na meán cumarsáide

in Éirinn.

I go leor de thíortha na hEorpa, tháinig tionscal

na nuachtán agus na hiriseoirí le chéile le daoine

eile agus d’aontaigh siad ar Chóid Iompair.

Cuireann na cóid seo caighdeáin ar bun maidir

le réimse iompair, ina measc, grianghraif de

phaistí. Ní chloítear leis na caighdeáin seo i

gcónaí ach is treoirlínte iad.

Chuir The Press Council of Ireland Cód Iompair

le chéile (féach ar na sleachta sa cholún thall).

Sa Chód Iompair baineann Prionsabal 5 le

príobháideachas agus baineann Prionsabal 9

le paistí.

Smaoineamh i

gcomhair Aicsin

≠ Aimsigh an “Cód Iompair” ar shuíomh

idirlíne The Press Council of Ireland (féach ar

www.presscouncil.ie). Scrúdaigh an t-eolas

atá ann maidir le páistí. Téigh i dteagmháil

leis The Press Council of Ireland agus

fiafraigh an bhfuair an tOmbudsman aon

ghearáin maidir le príobháideachas agus le

páistí, agus má fuair, cad iad na cinntí a rinne

an tOmbudsman. Bunaigh tuairisc scríofa ar

an eolas a fhaigheann tú.

≠ Aimsigh agus scrúdaigh Cás-Staidéar 6

“News of the World: Teorainneacha ar

Dhíolúine na Meán” i dTuarascáil Bhliantúil

2006 ó Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

(ar fáil ar www.cosantasonrai.ie). Baineann

an cás seo le gearán ó Éireannach cáiliúil

maidir le grianghraif a foilsíodh gan chead.

Sleachta

Prionsabal 5.5

Níl sé inghlactha grianghraif de dhaoine

aonair a ghlacadh gan chead in áiteanna

príobháideacha, ach amháin más ar mhaithe le

leas an phobail é.

Prionsabal 9 – Páistí

9.1 Féachfaidh nuachtáin agus tréimhseacháin

chuige go mbeidh siad an-chúramach agus iad

ag lorg eolais ar pháiste faoi 16 bliana d’aois nó

á chur i láthair

9.2 Ba chóir go dtabharfadh iriseoirí agus

eagarthóirí aird ar shoghontacht na bpáistí agus

go gcoimeádfaidís i gcuimhne i gcónaí aois an

pháiste, cé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas

cead tuistí nó duine fásta eile don teagmháil

seo, íogaireacht an ábhair, agus cad iad na

cúinsí, dá mbeidís ann, ina mbeadh suim ag

an bpobal sa scéal. Ba chóir go mbeadh daoine

óga in ann a gcuid scolaíochta a chríochnú gan

cur isteach orthu gan chúis. Níor chóir do cháil,

do dhroch-chlú nó do stádas na dtuistí a úsáid

mar an t-aon chosaint chun sonraí ar shaol

príobháideach an pháiste a chur i gcló.

Gníomhaíocht

Bhreise

≠ Léirigh dráma i seomra cúirte ag

díriú ar lánúin cáiliúla a thug cás dlí

ar na nuachtáin mar gur fhoilsigh

siad grianghraif díobh ar shaoire lena

bpáistí.

16