Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Thuarascáil Bhliantúil 2008
Caisleán Chill Chainnigh.
clár na nábhar

08

Réamhrá ón Aire Stáit 2

Réamhrá ón gCathaoirleach 3

An Coiste Comhairleach Bainistíochta 5

Athbreithniú Straitéiseach 6

An Coiste Comhpháirtíochta 22

Súil Siar ar Oibríochta 2008 26

Seibhísí Bainistíochta Maoine 27

An tAonad Bainistíochta Saoráidí agus Ócáidí 33

Seirbhísí Cothabhála Maoine 36

Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal 44

Seirbhísí Ailtireachta 56

Seirbhísí Innealtóireachta 64

Gníomhaireacht Soláthair an Rialtais 74

Seirbhísí Oidhreachta 77

Séadchomharthaí Náisiúnta 77

Maoine Stairiúla 78

Seirbhísí do Chuairteoirí 79

Seirbhísí Corparáideacha 82

Foireann agus Pearsanra Sinsearach 82

Pearsanra 84

An tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe 84

An tAonad Comhionnais 85

Iniúchadh Inmheánach 85

An tAonad Eagraíochtúil 85

An tAonad Oiliúna 86

Brainse na gCuntas 87

Seirbhís um Chuntasaíocht Bainistíochta 88

An Rannóg um Chreat Faisnéis Bhainistíochta 88

Bainistíochta Ealíne 88

An Rannóg Caidrimh Phoiblí 89

Athbhreithniú Airgeadais 2008 90

An Clár Caiteachais 90

Iontabhas Chaisleán Bhaile Bhairéid 93

Dámhachtainí Buaite ag an OOP 2008 96

Ócáidí a Reáchtáladh san Aitriam, 51 Faiche Stiabhna, 2008 97

Liosta Oifigí 98

Oifigí OOP agus Láithreáin Oidhreachta 100

1
Réamhrá ón Aire Stáit

Tá áthas orm an Tuarascáil Bhliantúil seo a chur i láthair – an chéad Tuarascáil Bhliantúil ó ceapadh mé i m’Aire Stáit leis an

Roinn Airgeadais le freagracht ar leith as Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá taithí agam ar an OOP agus táim ag obair leo le fada

an lá i mo cháil mar Státseirbhíseach, mar Shainchomhairleoir agus mar Chomhalta Oireachtais, agus tá meas mór agam i

gcónaí ar éiteas, ar ghairmiúlacht agus ar éachtaí na foirne agus iad ag comhlíonadh a gcuid dualgas. I measc bhuaicphointí

na bliana bhí tabhairt chun críche agus oscailt Áras Ceoldrámaíochta nua Loch Garman, agus oscailt Ionad Cuairteoirí Chath

na Bóinne ag an Taoiseach Bertie Ahern agus ag Príomh-Aire Thuaisceart Éireann, an Dr Ian Paisley, ar an 6 Bealtaine.

Tháinig athrú ollmhór ar thimpeallacht gheilleagrach an domhain in 2008 agus d’iarr an Rialtas ar an OOP líon suntasach

airgid a spáráil ónár ‘gcionroinnt vótáilte’ i lár na bliana. Is cúis áthais dom a bheith in ann a rá go ndearnamar líon suntasach

airgid a spáráil trí chláir oibre a oiriúnú agus trí fhreagairt don timpeallacht nua. Iarradh orainn freisin súil a chaitheamh ar

na nósanna imeachta soláthair atá ann agus tuairisc a thabhairt don Rialtas faoi conas a d’fhéadfaimis airgead a spáráil trí

mhór-athchóiriú a dhéanamh ar bhainistíocht soláthair ar fud na seirbhíse poiblí. De dhroim an athbhreithnithe sin, tabharfar

a lán tionscnaimh nua isteach in 2009.

Ón tráth ar fhreastail mé ar mo chéad imeacht fhoirmiúil de chuid an OOP i mí na Bealtaine 2008, ba é sin athoscailt

Chaisleán Áth Dara, táim tar éis freastal ar a lán ócáidí, lainsí agus oscailtí. Thug mé cuairt freisin ar a lán áiteanna sa tír

a bhí ag fulaingt de bharr tuilte tromchúiseacha i rith mhíonna an tsamhraidh. D’athdheimhnigh an Rialtas go bhfuil siad

tiomanta do bhearta cosanta agus maolaithe tuilte a chur i bhfeidhm, ní amháin chun déileáil le rioscaí tuilte atá ann i

láthair na huaire, ach chun ullmhúcháin a dhéanamh d’athrú aeráide ionchais amach anseo. As seo amach, cé go mbeidh ról

ríthábhachtach ag na Seirbhísí Oidhreachta i ndáil le turasóireacht fós, beidh siad tógtha go príomhúil le comhdhlúthú agus

le hinfheistiú in áiseanna atá ann cheana féin. Bhíomar in ann roinnt de na háiseanna sin a chur ar fáil mar ionaid taibhithe

freisin.

Níl aon amhras ann ach go mbeidh orainn muid féin a chur in oiriúint go leanúnach chun treoir a thabhairt d’athrú le linn

na tréimhse corraithí seo, ach tá muinín agam as cumas Oifig na nOibreacha Poiblí déileáil le cibé dúshláin nua a thiocfaidh

chun cinn.

An Dr. Martin Mansergh, T.D.

Aire Stáit

2
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Réamhrá ón gCathaoirleach

Tá áthas an domhain orm Tuarascáil Bhliantúil 2008 a chur faoi bhráid an Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais le freagracht

ar leith as Oifig na nOibreacha Poiblí, an Dr. Martin Mansergh T.D.

Ba bhliain rí-thábhachtach í 2008 d’Oifig na nOibreacha Poiblí. Reáchtáladh comh-oscailt oifigiúil Eastát an tSeandroichid

ag an iar-Thaoiseach Bertie Ahern, T.D. agus ag iar Phríomh-Aire Thuaisceart Éireann, an Dr. Ian Paisley, M.P., MLA ar an 6ú

Bealtaine ar lá breá gréine, agus tugadh ardmholadh agus aitheantas do rannpháirteachas an OOP sa tionscadal sin. Ar an dul

céanna, d’oscail An Taoiseach Brian Ó Comhain T.D. Áras Ceoldrámaíochta nua-dheartha, nua-thógtha Loch Garman go

hoifigiúil ar an 5ú Meán Fómhair, in am do thús an tséasúir féile.

Rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le cur i bhfeidhm chlár díláraithe an Rialtais. Cuireadh tús le dílárú an OOP féin go

Baile Átha Troim agus anois tá foireann tosaigh ag oibriú i mBaile an Scorlógaigh, Co. na Mí. In 2008, críochnaíodh foirgneamh

Ceanncheathrún nua le haghaidh na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta i gCill Airne. Tá an foirgneamh sin ar an gcéad

cheann de na hocht bhfoirgneamh Ceanncheathrún a sholáthrófar faoin gclár díláraithe. Críochnaíodh obair agus áitíodh

foirgnimh i mBaile Átha Luain (an Roinn Oideachais agus Eolaíochta), sa Chaisleán Nua Thiar (na Coimisinéirí Ioncaim), sna

Forbacha (an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta), agus i mBaile Thiobraid Árann (an tÚdarás Slándála Príobháidí).

Rinneadh dul chun cinn suntasach ar scéimeanna faoiseamh tuilte i gCluain Meala, in Inis agus i Mala, agus críochnaíodh an

staidéar Measúnachta agus Bainistíochta Riosca Tuilte do Dhobharcheantar Abhainn na Laoi i gCorcaigh. Críochnaíodh a lán

obair ullmhúcháin do scéimeanna nua faoiseamh tuilte i mBaile Uí Mhornáin, Co. na Mí agus i Mainistir Fhear Maí, Co.

Chorcaí agus beifear in ann tús a chur leis na scéimeanna sin in 2009.

Maidir le maoine, thug tuairisc ar luach ar airgead a rinne sainchomhairleoirí neamhspleácha le fios go bhfuil na cíosanna a

chaibidlíonn an OOP fabhrach i gcomparáid le cíosanna an mhargaidh. Thug an tuairisc le fios go bhfuil meánráta cíosa an

OOP thart ar an ráta margaidh do spás fo-uirbeach, cé go bhfuil an-chuid de mhaoine an OOP suite sa chathair agus in ionaid

uirbeacha. Faoi láthair, níl ach 1% de phunann an OOP folamh, agus is é sin an t íos fholúntas a bhfuil gá leis chun bainistíocht

éifeachtach na punainne a éascú.

Is eagraíocht uathúil í an OOP ina bhfuil seirbhís do chustaiméirí thar a bheith tábhachtach agus ina dtugtar tosaíocht do

ghnóthú agus do chothabháil creidiúnú ISO do na hAonaid Ghnó uile. Déantar ár seirbhísí uile a thagarmharcáil i gcoinne

dea-chleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta san earnáil phríobháideach agus in eagraíochtaí poiblí eile. Tá áthas orm a bheith

in ann a thuairisciú gur choinnigh an OOP na caighdeáin sármhaithis seo, agus gur chuir siad feabhas orthu, i rith 2008, rud

nach mbeadh indéanta gan tiomantas agus gairmiúlacht na foirne uile.

Seán Benton

Cathaoirleach

Oifig na nOibreacha Poiblí

3
Eastát An Seandroichead, C0, Na Mí
oop thuarascáil

bhliantúil

08

An Coiste Comhairleach Bainistíochta

Seán Benton

Cathaoirleach

Clare McGrath

Coimisnéir

John McMahon

Coimisnéir

Pat Cooney

Stiúrthóir na Seirbhísí

Ailtireachta

Tony Smyth

Stiúrthóir na Seirbhísí

Innealtóireachta

Vincent Campbell

Stiúrthóir na Seirbhísí

Corpáideacha

5
athbhreithniú straitéiseach

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Táscaire Feidhmíochta Trácht

1. Cláir Oibre

Bhliantúla a dhearadh

agus a sheachadadh a

théann le beartais

agus le tosaíochtaí an

Rialtais agus a

fhreagraíonn do

riachtanais

Custaiméirí ar

bhealach tráthúil,

inbhuanaithe a

chuireann luach ar

airgead ar fáil.

2. Freastal go rathúil ar

riachtanais chlár

Díláraithe an Rialtais i

ndáil le maoine agus

cóiríocht.

• Na Spriocanna Oibre

aitheanta sna Cláir Oibre

Bhliantúla a bhaint amach

• Spriocanna buiséid/luacha

ar airgead a aithníodh i

Ráitis Aschuir Bhliantúla a

bhaint amach

• Cuireadh an tAire, an Rialtas

agus an Grúpa um Chur i

bhFeidhm an Díláraithe

(DIG) ar an eolas faoi

shaincheisteanna ábhartha

a bhain le hoibríochtaí OOP

a rachadh i bhfeidhm ar an

gclár díláraithe.

• Fuarthas maoine de réir mar

a cinneadh i gcomhairle leis

an DIG agus le Príomh

Aonad Díláraithe (CDU) na

Roinne Airgeadais.

• Soláthraíodh cóiríocht de

réir mar a cinneadh i

gcomhairle leis an DIG, an

CDU agus Ranna agus

Gníomhaireachtaí is cliaint.

• Oifigí Eatramhacha/

Réamhoifigí curtha ar fáil de

réir mar a aontaíodh i

gcomhairle leis an DIG, an

CDU agus Ranna agus

Gníomhaireachtaí is cliaint.

Bhí an Coiste Comhairleach Bainistíochta sásta go

ginearálta gur seachadadh an Clár Oibre aontaithe

do 2008 ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil de réir

spriocanna leagtha amach ag tús na bliana.

Bhí thart ar 99% den leithdháileadh Vóta caite faoi

dheireadh na bliana.

Sáraíodh an sprioc ioncaim faoi 27.5% – bhí na

Leithreasaí iomlána i gCabhair don bhliain níos mó

ná €26m. Bailíodh €7.1m sa bhreis ó dhíolacháin

mhaoine.

Caitheadh níos mó ná €58m ó chuntais SWA i rith na

bliana agus caitheadh níos mó ná €8m ar oibreacha

Sláinte agus Sábháilteachta, agus mar sin, bhí an

t-iomlán níos mó ná €66m.

Seachadadh an Clár Díláraithe de réir spriocanna

leagtha amach ag an nGrúpa um Chur i bhFeidhm an

Díláraithe. Cuireadh tuairiscí rialta faoi bhráid an

Aire, an DIG agus mar sin, faoi bhráid an Rialtais, faoi

dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm an chláir.

Fuarthas 2 láithreán agus rinneadh comhaontú faoi 6

láithreán eile ach cuireadh fáil na láithreán siar ar

feitheamh athbhreithnithe in 2011.

Caitheadh €97m ar chóiríocht a sholáthar don Chlár

Díláraithe. Chuimsigh sin cásanna inar roghnaíodh

áitribh léasaithe a fheistiú.

Críochnaíodh obair ar na foirgnimh seo a leanas agus

áitíodh iad:

• An Roinn Oideachais agus Eolaíochta i mBaile Átha

Luain

• An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta i gCill

Airne

• Na Coimisinéirí Ioncaim sa Chaisleán Nua Thiar

• An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta,

Na Forbacha

• An tÚdarás Slándála Príobháidí, Baile Thiobraid

Árann

Bhí dul chun cinn maith déanta ar thógáil na

bhfoirgneamh seo a leanas:

• An Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia agus

BIM i gCloich na Coillte

• Ceanncheathrú na Roinne Comhshaoil,

Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i Loch Garman

• An Roinn Cosanta i nDroichead Nua

6

• An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh i

mBun Cranncha
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Táscaire Feidhmíochta Trácht

• Oifig na nOibreacha Poiblí i mBhaile Atha Throim

Roghnaíodh tairgeoir tosaíochta do Chlárlann na

Talún i mBaile Ros Comáin, agus fuarthas cead

pleanála dó.

Lorgaíodh tairiscintí do Sheirbhís Inimirce

agus Eadóirseachta na Roinne Dlí agus Cirt,

Comhionannais agus Athchóirithe Dlí i mBaile

Thiobraid Árann.

Lorgaíodh Léirithe Spéise do Bhaile Chathail mar

shuíomh malartach do Cheanncheathrú na Roinne

Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, toisc gur

dhiúltaigh an Bord Pleanála cead pleanála a

thabhairt d’fhoirgneamh ag Aerfort Chnoc Mhuire

de dhroim achomhairc ó thríú páirtí.

Rinneadh dul chun cinn maith maidir le dúnadh

airgeadais agus síniú conarthaí a bhaint amach

don Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta i

gCeatharlach, don Roinn Talmhaíochta, Iascaigh

agus Bia i bPort Laoise agus don Roinn Oideachais

agus Eolaíochta sa Mhuileann gCearr.

Bhí cáipéisí tairisceana beagnach críochnaithe

d’fhoirgneamh na bhFórsaí Cosanta sa Churrach.

I mí Dheireadh Fómhair 2008, chinn an Rialtas na

tionscadail seo a leanas a chur siar ar feitheamh

athbhreithnithe in 2011:

• An Bord Bia, Inis Córthaidh

• An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais

Áitiúil, Cill Chainnigh

• An Roinn Talmhaíochta, Iascaigh & Bia, Mainistir

Fhear Maí agus Maigh Cromtha

• An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh & Acmhainní

Nádúrtha, an Cabhán

• An Roinn Gnóthaí Sóisialacha & Teaghlaigh,

Dún na nGall

• An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais

Áitiúil, Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman

• An Garda Síochána, Durlas

• An tÚdarás Sláinte & Sábháilteachta,

Baile Mhic Andúin

• HETAC; FETAC; NQAI., Éadan Doire

• An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta & an tÚdarás

Sábháilteachta Iarnróid, Béal Átha na Sluaighe

• NSAI, An tInbhear Mór

• OOP, Ceann Toirc

• Suirbhéireacht Ordanáis, Éire, Dún Garbháin

• Pobal, an Clochán

• An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

agus an Oifig Luachála, Eochaill

7
Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Táscaire Feidhmíochta Trácht

3. Dílárú an OOP a chur

i bhfeidhm go rathúil.

• Réamhoifig curtha ar fáil i

gClar Chlainne Mhuiris i

gcomhréir leis an gcás gnó

ceadaithe.

• Réamhoifig curtha ar fáil i

mBaile Átha Troim i

gcomhréir leis an gcás gnó

ceadaithe.

• Ceanncheathrú bogtha go

Baile Átha Troim de réir mar

a cinneadh i gcomhairle leis

an DIG agus an CDU.

• Oifig Réigiúnach bunaithe i

gClár Chlainne Mhuiris de

réir mar a cinneadh i

gcomhairle leis an nGrúpa

um Chur i bhFeidhm an

Díláraithe (DIG) agus le

Príomh-Aonad Díláraithe

(CDU) na Roinne Airgeadais.

Fuair an tAire Stáit agus an MAC tuairiscí rialta ar

feadh 2008 faoi dhul chun cinn agus saincheisteanna

eagraíochtúla a bhain le Dílárú.

Faoi dheireadh na bliana bhí 236 de na poist sa

Lárshaoráid Iarratas (CAF) do Bhaile Átha Troim

sannta agus bhí 214 de na daoine sin tar éis dualgais

a ghlacadh in Oifig na nOibreacha Poiblí.

Leanadh ar aghaidh le hobair ar Fhoirgneamh

Ceanncheathrún an OOP i mBaile Átha Troim agus

beartaítear é a chríochnú i lár 2009.

Tá réamhoifig ina bhfuil 32 ball foirne a dhéileálann

le Seirbhísí Pearsanra agus Forbartha, Seirbhísí

Bainistíochta Maoine agus Cothabháil Maoine ag

feidhmiú i bPáirc Ghnó Bhaile an Scorlógaigh ón 18ú

Feabhra 2008.

Mar thoradh ar chinneadh an Rialtais a luaitear sa

chéad cholún eile, leanfaidh tionscadal Chlár Chlainne

Mhuiris ar aghaidh ar bhonn céimnithe amach anseo.

Beidh 104 post i gceist leis an gcéad chéim den

tionscadal atá ar siúl i láthair na huaire. Cuireadh siar

céim a dó, a mbeidh 38 post i gceist leis, ar feitheamh

athbhreithnithe in 2011. Bunaíodh Réamhoifig i gClár

Chlainne Mhuiris ina bhfuil 31 ball foirne a dhéileálann

le Foilseacháin Ghníomhaireacht Soláthair an Rialtais

(GSR), Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal agus Seirbhísí

do Chuairteoirí. Tá an oifig ag feidhmiú i bPáirc Ghnó

Cois Locha ó mhí Mheán Fómhair 2007.

I mí Dheireadh Fómhair

2008, chinn an Rialtas

obair bhreise a bhaineann

le cur i bhfeidhm roinnt

gnéithe den chlár díláraithe

a chur siar ar feitheamh

athbhreithnithe in 2011 i

bhfianaise forbairtí buiséid.

Dá bharr sin, tabharfar

aghaidh ar bhogadh

beartaithe an OOP chuig

Ceann Toirc, Co. Chorcaí

agus ar an dara céim de

thionscadal Chlár Chlainne

Mhuiris ag an tráth sin.

Níl aon fholúntas do

dhaoine ag gráid riaracháin

i bhfoirgneamh

ceanncheathrún an OOP i

mBaile Átha Troim. Tá plé

leanúnach ar siúl le

Ceardchumainn a

ionadaíonn na gráid

ghairmiúla agus theicniúla

faoi chur i bhfeidhm an

díláraithe.

4. Comhairle a chur ar

an Rialtas i ndáil le

forbairt beartais agus

ceanglais reachtaíochta

a bhaineann le

bainistíocht riosca

tuilte, agus cláir agus

bearta a fhorbairt, a

chomhordú agus a chur

i bhfeidhm chun laghdú

ar leibhéal náisiúnta an

riosca tuilte do dhaoine,

do ghnóthais, don

bhonneagar agus don

timpeallacht.

• An leibhéal náisiúnta de

riosca tuilte a aithint.

• Cláir agus bearta

mionchruinne a fhorbairt

chun an riosca do dhaoine,

do ghnóthais, don

bhonneagar agus don

timpeallacht a laghdú.

In 2008, críochnaíodh staidéar taighde amháin,

leanadh ar aghaidh le cúig staidéar ó 2007 agus

coimisiúnaíodh ceithre staidéar nua faoi Chlár

Nuashonraithe na Staidéar Tuilte (FSU).

Cuireadh tús le hobair ar an bpleanáil agus an

tsonraíocht a bhfuil gá leo chun aschuir FSU a

fhoilsiú agus a scaipeadh.

In 2008, chomhoibrigh an OOP agus an Roinn

Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil chun

cáipéisí Treorach agus Prótacail a cheapadh sa réimse

de bhainistíocht éigeandála tuilte. Tá siad ar fáil mar

cháipéisí oibre agus le haghaidh comhairliúcháin ar

láithreán gréasáin an Ghrúpa Stiúrtha Náisiúnta um

Mór-Éigeandálaí a Bhainistiú (www.mem.ie).

8
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Táscaire Feidhmíochta Trácht

• Straitéis a fhorbairt do chur i

bhfeidhm Threoir an AE i

ndáil le measúnú agus

bainistiú rioscaí tuile.

• Treoir Tuilte an AE a thrasuí

go reachtaíocht náisiúnta.

• Cláir oibre agus tionscadail

bhainistíochta riosca tuilte a

chur i bhfeidhm (bearta

faoiseamh tuilte

struchtúracha agus

neamhstruchtúracha).

I rith 2008, tugadh athbhreithniú ar reachtaíocht,

a tosaíodh in 2007, chun críche. Aithníodh

saincheisteanna is gá aghaidh a thabhairt orthu

agus tabharfar aghaidh orthu mar chuid den

phróiseas um thrasuí na Treorach Tuilte.

Cuireadh tús le hobair ar thrasuí na Treorach Tuilte

in 2008 agus críochnófar í go déanach in 2009.

I mí an Mheithimh 2008, críochnaíodh tuairisc

neamhspleách ar bhonneagar an Stáit um shonraí

hidriméadracha a fháil. Chuimsigh an tuairisc moltaí

faoi conas feabhas a chur ar an mbonneagar sin. Tá

straitéis chun na moltaí sa tuairisc a chur i bhfeidhm

á hullmhú i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí

ábhartha eile.

I rith 2008, ghlac an OOP, atá ina chomhpháirtí den

chuibhreannas ERA-NET CRUE atá urraithe ag an AE,

páirt ghníomhach in ullmhú an dara glao coiteann

do thionscadail taighde chomhoibritheacha

trasnáisiúnta ar an ábhar ‘Pobail le hAthléimneacht

i ndáil le Tuilte – Iarmhairtí Tuilte a Bhainistiú’

Is cómhaoinitheoir é an OOP de chlár dara timthriall

an Chuibhreannais um Bainistíocht Riosca Tuilte a

tosaíodh in 2008.

• Treoir a fhorbairt faoi conas

riosca tuilte a bhreithniú i

bpleanáil agus i

mbainistíocht forbartha.

I mí Mheán Fómhair 2008, foilsíodh dréacht

Treoirlínte faoin gCóras Pleanála agus faoi

Bhainistíocht Riosca Tuilte le haghaidh

comhairliúcháin faoi Alt 28 de na hAchtanna

um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2004.

• Critéir agus próisis a

fhorbairt chun caiteachas a

chur in ord tosaíochta agus

chun sruthchúrsaí a

mbaineann riosca ard tuilte

leo a ainmniú.

Rinneadh forbairt agus cothabháil leanúnach ar an

láithreán gréasáin um Mapáil Guais Tuilte ar feadh

2008.

Forbraíodh agus aontaíodh straitéis chun na Staidéir

Mheasúnachta agus Bainistíochta Riosca Tuilte i

nDobharcheantair (CFRAM) a chur i bhfeidhm ar

bhonn náisiúnta agus cuirfear tús leis an bpróiseas

soláthair in 2009.

Tá dréacht tosaigh den Réamh Mheasúnacht Riosca

Tuilte beagnach críochnaithe agus cuirfidh sé bonn

faoi chomhairliúchán le geallsealbhóirí i rith 2009.

9
Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Táscaire Feidhmíochta Trácht

• Cothabháil leanúnach

scéimeanna draenála agus

faoiseamh tuilte atá ann.

Ullmhaíodh dréacht léarscáileanna Tuile d’Abhainn na

Laoi agus d’Abhainn na Dothra – Beartaítear pleananna

a eisiúint le haghaidh comhairliúcháin go luath in 2009.

Fine Gall – Coimisiúnaíodh agus tosaíodh Staidéar

Measúnachta agus Bainistíochta Riosca Tuilte

Oirthear na Mí.

Cuireadh tús le mórscéimeanna faoiseamh tuilte do

Thuaisceart Mhala agus d’Inis Uachtarach i lár 2008.

Leanadh ar aghaidh le tógáil scéim Iarthar Chluain

Meala agus le hoibreacha ar Abhainn na Dothra i rith

2008.

Cuireadh tús le dearadh mionchruinn scéimeanna

faoiseamh tuilte do Dheisceart Mhala, do

Thuaisceart & Oirthear Chluain Meala agus d’Inis

Íochtarach sa dara leath de 2008.

Bhí scéim faoiseamh tuilte Bhaile Uí Mhornáin, Co.

na Mí ag céim an Taispeántais reachtúil Phoiblí i mí

an Mhárta/mí Aibreáin 2008.

Suiteáladh Córais Réamhaisnéise Tuilte do Mhala

agus do Mhainistir Fhear Maí agus cothabháladh

agus forbraíodh an córas i gCluain Meala.

5. Punann maoine an

OOP a bhainistiú go

héifeachtúil, ag cinntiú

go mbaintear an leas

is mó is féidir as agus

go n-úsáidtear go

héifeachtach é i

dtéarmaí luach ar

airgead,

inbhuanaitheachta,

spáis agus tomhaltas

fuinnimh.

• Clár bonneagair an Rialtais

ag dul chun cinn de réir an

NDP.

Lean an OOP ar aghaidh ag bainistiú an phunainn

mhaoine le fócas príomhúil ar luach ar airgead i

gcomhréir le beartas an Rialtais.

Ba ionann na fáltais ó dhíol mhaoin bharrachais an

stáit agus €7.1m in 2008.

Chríochnaigh an Clár um Láithreáin agus Foirgnimh

Rialtais oibreacha de luach €281m in 2008 do Ranna

éagsúla Rialtais.

Is cleachtas caighdeánach é na cineálacha nua

conarthaí Rialtais a úsáid do chonarthaí móra anois.

I measc na dtionscadal a críochnaíodh don Roinn

Gnóthaí Sóisialacha & Teaghlaigh bhí tionscadail i

mBaile Munna agus i dTulach Mhór. Chomh maith

leis sin, cuireadh tús le hobair ar Oifig Áitiúil Bhun

Cranncha, obair atá á déanamh i gcomhar le hOifigí

Díláraithe na Roinne Gnóthaí Sóisialacha &

Teaghlaigh agus le Ceanncheathrú Dúiche nua an

Gharda Síochána.

10

I measc na hoibre a críochnaíodh d’Oifig na

gCoimisinéirí Ioncaim bhí Foirgneamh Radharc an

Chaisleáin, Sráid Sheoirse (Baile Átha Cliath), síneadh

ar a gcuid oifigí in Inis agus oifigí nua ag Faiche an

Aonaigh i nGaillimh.
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Táscaire Feidhmíochta Trácht

Críochnaíodh obair ar na tionscadail speisialta seo a

leanas:

• Cóiríocht don Roinn Airgeadais i Rae Mhuirfean,

Baile Átha Cliath

• Aistriú Cheanncheathrú an FAI ó Chearnóg

Mhuirfean go dtí an iar-Shaotharlann Stáit i

mBaile an Aba

• Athfhorbairt na hOifige Measúnachta, Caisleán

Bhaile Átha Cliath

• Áis Feirme/Oibreacha Caomhantais ag an mBaile

Fada, Claonadh, Co. Chill Dara agus Cóiríocht Oifige

i mBacastún don Roinn Talmhaíochta & Bia.

Bhí obair ar siúl ar na tionscadail speisialta seo a leanas:

• Staidiam nua ag Bóthar Lansdún

• Ionad Náisiúnta Coinbhinsiúin

• Ceanncheathrú Fhoras Spóirt na hÉireann ag Baile

an Aba

• An tIonad Náisiúnta Coinneála Leanaí, Lusca,

Co. Bhaile Átha Cliath

• Athchóiriú Theach na Tríonóide do Sheirbhís

Ceartas Óige na hÉireann.

Bhí na tionscadail speisialta seo a leanas ag céim

pleanála tairisceana:-

• Athfhorbairt Phríosún Mhuinseo

• An Ceoláras Náisiúnta

• Campas Spórt ag Baile an Aba

• Ceann-Eagraíochtaí Náisiúnta Rialaithe Spóirt,

Baile an Aba

• Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath

Feistíodh oifig nua don Stiúrthóir Ionchúiseamh

Poiblí ag Sráid an Rí Thuaidh (Baile Átha Cliath).

Críochnaíodh clár, a chuimsigh mionoibreacha, do

Theach Ratra, Baile Átha Cliath, athchóiríodh oifig na

gCoimisinéirí Ioncaim agus feistíodh na hOifigí

Ailtireachta Réigiúnacha.

Seachadadh Seirbhísí Bainistíochta Saoráidí agus

Ócáidí go héifeachtúil ag na háiteanna seo a leanas:

Seomraí Stáit Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus an

tIonad Comhdhála, Farmleigh, Teach Bhaile an

Chaisleáin, Caisleán Chill Chainnigh, Áras an

Uachtaráin agus an Roinn Oideachais, Sráid

Mhaoilbhríde.

11
Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Táscaire Feidhmíochta Trácht

Thar ceann Ranna eile Rialtais, rinne an OOP

maoirseacht ar sheachadadh seirbhísí bainistíochta

saoráidí ar conradh ag roinnt maoine eile i seilbh an

Rialtais, cosúil le coimpléasc Shaotharlann an Rialtais

ag Bacastún. Soláthraítear conarthaí Bainistíochta

Saoráidí trí mheán córas tairiscintí iomaíocha, rud a

chinntíonn go seachadtar seirbhísí spriocdhírithe leis

an luach is fearr ar airgead.

Tugadh obair chun críche ar thógáil Tithe Cúirte i

mBaile Bhlainséir agus i nDurlas agus críochnaíodh

feistiú oifig Sheirbhís Phríosúin na hÉireann i Longfort.

Cuireadh tús le hobair ar Oifig Promhaidh agus Leasa

Bhaile Bhlainséir, ar an Oifig Tréidliachta Ceantair,

Droim Seanbhó agus ar Uiscebhealaí Éireann, Baile

Mhic Andáin.

• An clár um rochtain uilíoch

ag dul chun cinn de réir an

NDP.

• Ionchur an OOP i bhfo-chlár

an Gharda Síochána ag dul

chun cinn de réir an NDP.

Rinneadh obair ar thionscadail níos lú freisin, lena

n-áirítear:

• Póna Feithiclí, Stáisiún na nGardaí, Tamhlacht

• Seirbhís na nGardaí Cósta, Ceann Tuaithe

Rinneadh oibreacha a bhain le Rochtain Uilíoch ag

foirgnimh phoiblí in 2008. Lean an OOP ag soláthradh

comhairle saineolaíoch d’ár gcliaint agus ag

déanamh iniúchadh rochtain ar fhoirghnimh phoiblí.

Leanadh ar aghaidh ag ceannach láithreán do

stáisiúin na nGardaí in 2008. Fuarthas láithreáin i

Loch Garman, i mBun Cranncha agus i gCill Bheagáin.

Rinneadh athchóiriú mór agus soláthraíodh saoráidí

feabhsaithe ag stáisiúin a bhí ann cheana féin ag an

Inse, an Uaimh agus Ceanncheathrú an Gharda

Síochána.

Cuireadh tús le tógáil stáisiúin nua na nGardaí ag

Baile an Mhóta agus Fionnghlas.

• Ionchur an OOP san

fho-chlár Cultúir agus

Oidhreachta ag dul chun

cinn de réir an NDP.

Tugadh tógáil stáisiúin nua ag

Baile Munna, ag an mBaile Gaelach, ag Léim an

Bhradáin, An Caisleán Riabach agus ag Clár Chlainne

Mhuiris chun críche.

Cuireadh tionscadail mionoibreacha i gcrích de réir ord

tosaíochta ar fud na tíre ar bhonn pleanáilte aontaithe.

Le linn 2008, rinneadh Mór-Oibreacha Feabhsaithe

ag na háiteanna seo a leanas

• An Gailearaí Náisiúnta,

Bhí gné inrochtaineachta

ag na tionscadail seo

uile freisin.

• An tArd-Mhúsaem – Dún Uí Choileáin

• Áras an Uachtaráin

• Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann

12

• Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann.
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Táscaire Feidhmíochta Trácht

Críochnaíodh na hoibreacha seo a leanas in 2008:

• Tógáil an Taispeántais um Stair Mhíleata ag an

Ard-Mhúsaem, Dún Uí Choileáin

• Athchóiriú Thithe Péitseoige Turner agus Feistiú an

Ionaid do Chuairteoirí ag Áras an Uachtaráin

• Athruithe ar gheata thoir Ospidéal Ríoga Chill

Mhaighneann

• Athchóiriú an tSeomra Seimineáir i Leabharlann

an Ardeaspaig Marsh

Ba thionscadal

inrochtaineachta é

an tionscadal um an

nGeata Thoir a athrú.

• Amharclann Ríoga, Loch Garman

Is iad seo a leanas roinnt samplaí den obair a

críochnaíodh faoi scéimeanna deontais:

• Teach na nEilifintí Áiseacha agus Athchóiriú

Theach Haughton ag Gairdíní na nAinmhithe,

Baile Átha Cliath

• Institiúid Lováin

• Reilig Glas Naíon

• Séipéal na Mairnéalach, Dun Laoghaire

• An Coláiste Pontificio, An Róimh

• Coláiste na hÉireann, Páras

Leanadh le hoibreacha a bhí mar chuid de chlár

mion-oibreacha caipitil na nInstitiúidí Cultúrtha, lena

n-áirítear Ard-Mhúsaem na hÉireann, Gailearaí

Náisiúnta na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na

hÉireann, an Ceoláras Náisiúnta, Ospidéal Ríoga Chill

Mhaighneann – Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann

Leabharlann an Ardeaspaig Marsh agus Caisleán

Phort Omna.

Rinneadh obair ar thionscadail níos lú freisin,

lena n-áirítear:

• Carrchlós Eastát Farmleigh agus oibreacha

athchóirithe

• Músaem Náisiúnta na hÉireann, Páirc an Turlaigh

• Pailliún Isteach, Páirc Náisiúnta Chonamara

• Ionad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh

• Ionad Cuairteoirí Bhaile Chruaich

• Teileascóip Bhiorra

• Páirc Náisiúnta Mhaigh Eo, Lag Dubh

• Seomraí Tae Ioma

13
Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Táscaire Feidhmíochta Trácht

6. Punann maoine

Oidhreachta an Stáit a

bhainistiú ar bhealach

a chaomhnaíonn agus

a chosnaíonn na

maoine sin, ach a

uasmhéadaíonn agus

a fheabhsaíonn

rochtain an phobail

orthu, ag cur na

láithreán i láthair ar an

mbealach is fearr is

féidir agus ag cinntiú

go bhfeabhsaítear

aoibhneas na

gcuairteoirí agus

eispéiris oideachais.

• Seirbhísí treorach a chur ar

fáil ag 70 láithreán ar fud na

tíre.

• Bainistíocht a dhéanamh ar

an bpróiseas um earcú agus

roghnú na foirne a chuirfidh

seirbhísí treorach ar fáil.

• An lucht oibre do sheirbhísí

treorach a bhainistiú, lena

n-áirítear seirbhísí

Acmhainní Daonna, sláinte

& sábháilteacht, pá etc. a

sholáthar.

• Fabraic na láithreán a

chosaint ó dhearóiliú agus ó

dhochar trí chlár leanúnach

de chothabháil phleanáilte a

bhaineann leas as dea

phrionsabail ailtireachta

agus caomhantais a chur i

bhfeidhm.

Cuireadh seirbhísí treorach ar fáil ag Láithreáin

Sheirbhísí do Chustaiméirí an OOP ar bhealach a

pleanáladh go straitéiseach le linn 2008.

Rinneadh baill foirne a earcú agus a roghnú chun

seirbhísí treorach a chur ar fáil le linn shéasúr

turasóireachta 2008, agus pleanáladh an feachtas

earcaíochta do 2009.

Bainistíodh lucht oibre na Seirbhíse Treorach go

rathúil in 2008.

Aontaíodh clár oibreacha leis an Roinn Comhshaoil,

Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus rinneadh

oibreacha móra ag láithreáin éagsúla lena n áirítear

Naomh Éanna, Páirc an Fhionnuisce, Gairdíní

Heywood agus Baois Uí Chonghaile.

Rinneadh oibreacha móra ag Láitheán Cath na

Bóinne/an Seandroichead freisin.

• Raon bileoga faisnéise/

léiritheacha a chur ar fáil ag

láithreáin i mBéarla, sa

Ghaeilge agus i dteangacha

ó ilchríoch na hEorpa agus

teangacha an domhain.

• I gcás go gcuirtear bileoga

faisnéise/léiritheacha ar fáil,

a chinntiú go mbíonn siad

uile ar fáil sa Ghaeilge.

• Rochtain chomhionann

fheabhsaithe ar láithreáin a

chur ar fáil nuair is féidir, ag

féachaint do dhúchas

stairiúil na suíomhanna.

Déantar bileoga a nuashonrú ar bhonn céimnithe. De

réir mar a bhfuil gá le leabhráin a athfhoilsiú, cuirtear

ar fáil sa Ghaeilge iad mura bhfuil siad ar fáil sa

teanga sin cheana féin, agus cuirtear ar fáil i

dteangacha eile iad nuair is cuí.

14
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Táscaire Feidhmíochta Trácht

7. Luach ar airgead i

ndáil le soláthar

seirbhísí, oibreacha

agus soláthairtí a

bharrfheabhsú ar

bhealach

inbhuanaithe a

théann le beartais an

Rialtais.

• Páirt a ghlacadh sa Ghrúpa

um Athbhreithniú a

dhéanamh ar Sheirbhísí

Soláthair na Seirbhíse Poiblí

• Raon na seirbhísí a

sholáthraítear trí mheán

soláthair ghlais a leathnú.

• An bonn custaiméirí do

sholáthar seirbhísí a leathnú

• Próisis soláthair a

shruthlíniú agus a chinntiú

ag an tráth céanna go

gcomhlíontar rialacháin

náisiúnta agus idirnáisiúnta.

• Soláthar a thagarmharcáil i

gcoinne dea chleachtais

náisiúnta agus idirnáisiúnta.

• Na cineálacha nua

Conarthaí Praghais Sheasta

a leabú do mhórthionscadail

déanta ag an OOP.

Ar bhonn Cinneadh Rialtais i mí Iúil 2008, bunaíodh

Aonad nua um Oibríochtaí Soláthair Phoiblí laistigh

den OOP chun clár athchóirithe a spreagadh i réimse

an tsoláthair agus chun seirbhís roinnte a chur ar fáil

do Ranna agus do chomhlachtaí poiblí eile sa réimse

seo.

Is í aidhm mheántéarmach an Aonaid um Oibríochtaí

Soláthair Phoiblí na seirbhísí a chuireann sé ar fáil a

leathnú chuig eagraíochtaí seirbhíse poiblí nach

príomh-Ranna agus príomh Ghníomhaireachtaí

Rialtais iad.

8. Tacú le seachadadh

éifeachtúil,

éifeachtach agus

inbhuanaithe chlár

oibre an OOP trí TFC

agus Bainistíocht

Sonraí a fhorbairt agus

a chur i bhfeidhm atá

ailínithe le spriocanna

agus cuspóirí

oibríochtúla agus

straitéiseacha an OOP.

• Straitéis Bainistíochta Sonraí Lean an OOP ar aghaidh ag úsáid TFC chun tacú le

a chur i bhfeidhm i

gnó laethúil na hoifige, chun faisnéis a sholáthar do

gcomhréir le spriocanna chustaiméirí, do chliaint agus don phobail, chun

leagtha amach sa Straitéis sonraí a bhainistiú, chun tuairiscí airgeadais a

sin.

thabhairt agus chun tionscnaimh Rialtais

Leictreonaigh a chur i bhfeidhm le haidhm

• Straitéis a chur i bhfeidhm

éifeachtacht agus éifeachtúlacht níos mó a bhaint

chun tacú le bunspriocanna

amach ar fud na hoifige iomláine.

inghnóthaithe an OOP i

gcomhthéacs an Rialtais

Leictreonaigh.

• Athchóiriú láithreáin

ghréasáin uile an OOP a

chríochnú.

15
Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Táscaire Feidhmíochta Trácht

I rith 2008, cuireadh tús le hobair ar mhórthionscadal

bonneagair a bhfuil i gceist leis an-chuid dár

bhfreastalaithe a chomhdhlúthú i linn lárnach stórála

dá ngairtear líonra limistéar stórála (SAN). Cuirfidh

sin an-chuid tairbhí ar fáil ó thaobh na bainistíochta

agus na feidhmíochta de mar laghdóidh sé líon na

gcomhchodanna fisiceacha agus cruthóidh sé

ailtireacht TFC níos solúbtha. Tá an tionscadal ar siúl i

gcomhar le tionscadal bainteach eile a bhfuil i gceist

leis freastalaithe an OOP a “fhíorúlú”. Beidh go leor

tairbhí iarmhartacha i gceist leis na cuir chuige SAN

agus fíorúlú, mar shampla:

• Cruthófar bonneagar dinimiciúil chun tacú le

hoibrithe soghluaiste

• Bainfear úsáid níos éifeachtaí as acmhainní mar

laghdófar líon na gcrua-earraí, rud a bheidh ina

chúis le tomhaltas laghdaithe cumhachta go

fadtéarmach

• Treiseofar córais TFC an OOP chun a chinntiú go

mbeidh na córais Leanúnachas Gnó urrúnta agus

iontaofa.

Fuair an OOP inneall cuardaigh fiontar dá ngairtear

Exalead freisin. Cuirfidh an córas nua ar chumas na

mball foirne OOP leis na ceadanna cuí cáipéisí, léaráidí,

grianghraif etc. a chuardach ar iliomad freastalaithe agus

in iliomad bunachair shonraí ar fud na heagraíochta.

Rinne an OOP atheagrú ollmhór ar líonra ríomhaire a

Phríomh-Oifige tar éis dó córas lascacháin nua a

fháil. Is éard a bhí i gceist leis an atheagrú sin an

Líonra Achair Logánta (LAN) a bhí ann a bhriseadh

síos i líonraí níos lú dá ngairtear Líonraí Achair

Logánta Fíorúla (VLANanna). Le VLANanna

• cuirtear feabhas ar shlándáil

• méadaítear feidhmíocht an chórais

• cinntítear go mbíonn líonra Phríomh-Oifig an OOP

cumraithe ar bhealach a oirfidh do dhílárú iomlán

16

Tugadh córais teileafónaíochta IP isteach i Réamhoifigí

Chlár Chlainne Mhuiris agus Bhaile Átha Troim agus in

oifig Draenála Bhaile Átha Troim freisin. Cuireann sin

ar chumas úsáideoirí glaonna gutháin a dhéanamh

thar líonraí ríomhaire agus ní thar líne ghutháin.

Ciallaíonn sin go mbíonn glaonna gutháin saor in

aisce idir láithreáin ina bhfuil an córas seo ar fáil.
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Táscaire Feidhmíochta Trácht

Bhí tionscadal mór ar siúl in 2008, atá ar siúl fós,

chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar

éifeachtúlacht Phríomhláithreán Gréasáin an OOP

agus a fho-láithreáin ghréasáin (Tulcaíl, Oidhreacht

etc.). Mar chuid den tionscadal seo, tá socruithe

bainistíochta i bhfeidhm anois chun a chinntiú go

mbeidh córais urrúnta ann chun ábharthacht,

cruinneas agus tráthúlacht an inneachair a fhíorú.

Sannadh an fhreagracht as bainistiú an inneachair ar

láithreáin ghréasáin uile an OOP don Aonad

Caidrimh Phoiblí. Cuireadh oiliúint ar an gcóras

bainistíochta inneachair ar fáil i rith 2008, agus

cuirfear ar fáil do bhaill foirne na nAonad Gnó é ar

bhonn pleanáilte, córasach.

9. Cumarsáid le daoine

laistigh den OOP,

ionchur ó na daoine

sin agus forbairt na

ndaoine sin a

uasmhéadú tríd an

Straitéis Acmhainní

Daonna a chur i

bhfeidhm agus a

fhorbairt agus tríd an

múnla

Comhpháirtíochta a

fhorbairt agus a chur

chun cinn.

• Straitéis Bainistíochta

Acmhainní Daonna 2007 go

2008 a chur i bhfeidhm.

• Straitéis Bainistíochta

Acmhainní Daonna 2009

– 2011 a fhorbairt.

• Cláir Oibre Bhliantúla don

Choiste Comhpháirtíochta a

Aontú agus a Chur i

bhfeidhm.

• Athbhreithniú a dhéanamh

ar bhallraíocht na gCoistí

Comhpháirtíochta.

• Oibríochtaí an Choiste

Comhpháirtíochta agus a

Choistí Réigiúnacha a

leathnú.

I gcomhréir leis an Straitéis Acmhainní Daonna:

• Rinneadh athbhreithniú ar fheidhmiú an Chórais

Bhainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (CBFF)

san OOP. Leis an athbhreithniú, rinneadh iarracht a

fháil amach ar chomhlíon CBFF laistigh den OOP fís

MAC maidir le Córas inmheánach ardchaighdeáin,

réamhghníomhach, sár fhreagrúil a chur ar fáil

chun cabhrú le foireann uile an OOP seirbhísí

ardchaighdeáin a chur ar fáil dár gcustaiméirí uile.

Tugadh clár leathan comhairliúcháin le bainisteoirí

sinsearacha, le bainisteoirí líne agus le baill foirne i

ndáil le CBFF chun críche in 2008. An aidhm leis an

gclár ná CBFF san OOP a athspreagadh d’fhonn na

tairbhí lena mbaineann a uasmhéadú don

Bhainistíocht agus don Fhoireann araon.

• Le linn 2008, tugadh isteach áis chun cur ar

chumas na foirne rochtain a fháil ar thástáil éirime

mothúchánaí agus ar aiseolas rúnda faoin tástáil sin.

Dílárú

• Cuireadh tús le clár de sheisiúin Faisnéise

d’iontrálaithe nua (mar chuid den phróiseas

Ionduchtaithe) in 2008.

• Cuireadh córas Peoplesoft an OOP i bhfeidhm san

OOP. Is bunachar sonraí é Peoplesoft ag coimsiú

sonraí Acmhainní Daonna (AD) ar an bhfoireann

iomláin. Úsáidtear é trasna an Stát Seirbhís chun

cabhrú le pleanáil agus bainistíocht AD.

Comhoibríodh go hiomlán le cur i bhfeidhm na

ngnéithe de a cuireadh ar fáil go dtí seo, le cois an

cleachtadh suntasach gabhála sonraí a raibh gá leis.

17
Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Táscaire Feidhmíochta Trácht

• Cuireadh córas Taistil & Cothabhála leictreonach ar

fáil d’fhoireann uile an OOP i rith 2008 i ndiaidh

treoirthionscadail in 2007. Leis an gcóras seo is féidir

éilimh a thaifeadadh, a chur isteach agus a cheadú

go leictreonach. Mar gheall ar an gcóras sruthlíníodh

na próisis i gceist, simplíodh na córais tuairiscithe

agus cuireadh feabhas ar na hagaí freagartha don

fhoireann agus don bhainistíocht araon. Beartaítear

breis forbartha a dhéanamh ar an gcóras trí aistriú

leictreonach cistí a chur ar fáil i rith 2009.

• Sa tríú ráithe de 2008, trí mheán an Choiste

Comhpháirtíochta, bunaíodh Grúpa Oibre um

Chlogáil agus Tinreamh Ama Leictreonach chun

moltaí a thabhairt don bhainistíocht faoi chóras/

chórais a thabharfaí isteach do na Gráid

Státseirbhíse in Aonaid Ghnó uile an OOP chun cur

ar ár gcumas a léiriú go hoibiachtúil do na

húdaráis ábhartha go mbíonn an tAcht um Eagrú

Ama Oibre 1997 á chomhlíonadh ag an Oifig.

Cuspóir eile a d’eascair as sin ná moladh a

thabhairt don bhainistíocht faoi chóras clogála/

tinreamh ama leictreonach a d’fhéadfaí a úsáid

chun déabhlóidiú gníomhaíochtaí bainistíochta

daoine a éascú i gcomhréir leis an Straitéis

Acmhainní Daonna.

18

Bhí na Struchtúir Chomhpháirtíochta anghníomhach

san OOP arís in 2008. Bhuail Coiste

Comhpháirtíochta an OOP le chéile naoi huaire in

2008 chun gnéithe den Chlár Oibre Bliantúil a

aontaíodh ag an gcéad chruinniú den bhliain a chur i

bhfeidhm agus a athbhreithniú. Bhuail Grúpaí Oibre

éagsúla na Comhpháirtíochta agus Coiste

Comhpháirtíochta Réigiúnach an Iardheiscirt le

chéile freisin chun déileáil leis na gnéithe den Chlár

Oibre a bhain lena réimsí leasa. Is iad seo a leanas

roinnt de na saincheisteanna ar thug na Struchtúir

Chomhpháirtíochta éagsúla aghaidh orthu:

• Forbairt Comhpháirtíochta laistigh den OOP

• Saincheisteanna maidir le hInbhuanaitheacht

• Forbairt Straitéis an OOP

• Forbairt na Straitéise Bainistíochta Acmhainní

Daonna

• Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Táscaire Feidhmíochta Trácht

• Bainistíocht Feidhmíochta agus Forbairt Oiliúna

• Clogáil/Bainistíocht Ama Leictreonach

• Monatóireacht ar I dTreo 2016

• Na Dámhachtainí Fiúntais

• Cúrsaí Spórt & Sóisialta

• Cumarsáid

Ceapadh Oiliúnóir/Éascaitheoir in 2008 chun clár

oiliúna a cheapadh agus a chur ar fáil do bhaill an

Choiste Comhpháirtíochta, dá fho-choistí agus dá

Ghrúpaí Oibre. An cuspóir leis an gclár ná tacar

scileanna na mball a fhorbairt chun

rannpháirteachas agus ionadaíocht chomhionann na

mball uile agus na gcomhghleacaithe a ionadaíonn

siad a spreagadh agus a chur chun cinn le linn

fhorbairt agus chur chun cinn na gcuspóirí

comhpháirtíochta.

10. Struchtúr

corparáideach níos

fearr a fhorbairt a

chinnteoidh

lánpháirtiú agus

cumarsáid níos fearr,

agus a chuirfidh

feabhas ar

sheachadadh seirbhíse

dá bharr.

• An múnla seachadta a

úsáidtear don Roinn Dlí agus

Cirt agus dá

Gníomhaireachtaí a leathnú,

a shíneadh agus a fhorbairt

chun freagairtí lánpháirtithe

maoine/tionscadail a chur

ar fáil do chomhlachtaí eile

is cliaint.

Déanann Foireann tras-Aonad Gnó ar a bhfuil

Seirbhísí Ailtireachta, Seirbhísí Bainistíochta

Tionscadal agus Seirbhísí Bainistíochta Maoine dul

chun cinn ar Chlár Díláraithe an Rialtais a mhaoirsiú.

Go hiarbhír, athraíodh go múnla tras-srutha i gcás

roinnt tionscadail tógála shuntasacha. Glactar cur

chuige coláisteach idir gráid theicniúla agus

riaracháin agus tionóltar cruinnithe tras-srutha go

rialta chun cinntí a dhéanamh faoi shaincheisteanna

teicniúla agus riaracháin araon.

Cuimsíonn seachadadh an bheartais tuile gné

shuntasach de thras-sruthú, mar glacann baill foirne

riaracháin agus ghairmiúla/theicniúla róil

cheannasaíochta éagsúla i leith tionscadail éagsúla

de réir mar is cuí agus de réir mar a aontaítear.

19
Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Táscaire Feidhmíochta Trácht

11. Prionsabail na

forbartha

inbhuanaithe a

lánpháirtiú go

hiomlán le seirbhísí

dearaidh, tógála agus

soláthair agus le

gníomhaíochtaí

laethúla an OOP.

• Foilsiú Straitéis

Inbhuanaitheachta an OOP

• Laghdú ar thomhaltas

fuinnimh agus ar astuithe

gás ceaptha teasa ar fud an

OOP, go hinmheánach agus

ar thionscadail do chliaint.

• Giniúint dramhaíola a

laghdú agus a sheachaint trí

mhachnamh a dhéanamh ar

bhonn saolré agus trí

fheabhas a chur ar athúsáid

agus ar athchúrsáil go

hinmheánach agus ar

thionscadail do chliaint.

• Táirgí a sholáthar ar

bhealach inbhuanaithe.

• Laghdú ar rioscaí do shláinte

agus don timpeallacht ó

ghníomhaíochtaí an OOP.

• Tá tuiscint mhaith ag

foireann an OOP ar

inbhuanaitheacht, ar

thosaíochtaí

inbhuanaitheachta an OOP

agus ar an nasc idir na nithe

sin agus an bealach a

oibríonn siad.

Leanadh ar aghaidh le hobair chun Straitéis

Inbhuanaitheachta an OOP a chur ar fáil i rith 2008.

Cuimsíodh gníomhartha a bhaineann le

hInbhuanaitheacht i bPleananna Gnó na nAonad

Gnó laistigh den OOP.

Sna foirgnimh mhóra uile inár bpunann atá faoi

úinéireacht nó áitithe ag Ranna Rialtais, tá an OOP i

mbun feachtais dá ngairtear “Cumhacht @ an Obair

a Bharrfheabhsú” chun feasacht na foirne ar

fhuinneamh a mhúscailt. Ag tús an fheachtais

measadh gur fiú €30 milliún in aghaidh na bliana

costais fuinnimh i.e. breosla agus leictreachas na

sprioc-fhoirgnimh. Tá an feachtas, a seoladh i mí

Eanáir 2008, bunaithe ar threoirstaidéar a laghdaigh

úsáid fuinnimh faoi suas le 20%. Dearadh mar

fheachtas dhá bhliain é, agus an sprioc atá aige ná

astuithe dé-ocsaíd charbóin a laghdú faoi 15%.

Meastar go spárálfar thart ar €4 milliún. Leanfaidh

feachtas feasachta ar aghaidh go leanúnach go

ceann i bhfad.

Tá an feachtas seo á chur i gcrích in oifigí an OOP

agus gach mí, cuirtear an fhoireann ar an eolas faoi

fheidhmíocht maidir le hÚsáid Leictreachais, Astuithe

CO2 agus Úsáid Teasa i gcomparáid leis an mí

chéanna sa bhliain tagarmhairc (’07-’08). Tugann sin

dúshlán don fhoireann leanúint lena n-iarrachtaí i

ndáil leis seo inár n-oifigí féin.

Déantar athbhreithniú agus leasú leanúnach ar

shonraíochtaí aschuir OOP d’Oifigí Díláraithe maidir

le ceanglais d’fhoirgnimh inbhuanaithe tíosach ar

fhuinneamh.

20
An Casino Marino, Baile Átha Cliath
An Coiste Comhpháirtíochta

Tuairisc faoi Ghníomhaíochtaí in 2008

Tá sé d’aidhm ag an OOP Struchtúir Chomhpháirtíochta ghníomhacha, rannpháirteacha, ionadaíocha a chur chun cinn laistigh

den Oifig. Deartar na struchtúir seo chun cumarsáid leis an bhfoireann agus ionchur uathu a uasmhéadú laistigh den OOP.

Oibríonn struchtúr Comhpháirtíochta an OOP trí mheán sraith Grúpaí Oibre atá tiomanta do réimsí gníomhaíochta sonracha

agus a thugann tuairisc don Phríomhchoiste Comhpháirtíochta, a bhfuil an tUasal Seán Benton, Cathaoirleach an OOP, ina

chathaoirleach air.

Grúpa Monatóireachta an

Chomhaontaithe Náisiúnta

Comh-pháirtíocht

an Iardheiscirt

An Grúpa Straitéise

An Tascfhórsa

Inbhuanaitheachta

Clogáil & Bainistíocht

Ama Leictreonach

An Coiste Comhpháirtíochta

Cathaoirleach: An tUasal Seán Benton

An Grúpa Oibre um

Sheirbhís Ardchaighdeáin

do Chustaiméirí

Pleanáil/Oiliúint

Comhpháirtíochta

Grúpa na

nDámhachtainí Fiúntais

Grúpa Spórt & Sóisialta

CBFF/Oiliúint

& Forbairt

Bhuail Coiste Comhpháirtíochta an OOP le chéile naoi n-uaire in 2008 chun gnéithe den Chlár Oibre Bliantúil a aontaíodh ag

an gcéad chruinniú den bhliain a chur i bhfeidhm agus a athbhreithniú. Is iad seo a leanas roinnt de na saincheisteanna ar

thug an príomh-choiste aghaidh orthu:

• Faisnéis ar Dhílárú an OOP

• Forbairt Comhpháirtíochta laistigh den OOP

• Ráiteas Straitéise agus Athbhreithniú Straitéiseach

• Tuairiscí do Ghrúpa Fíoraithe Feidhmíochta na Státseirbhíse

• Clogáil agus Tinreamh Ama Leictreonach

• Saincheisteanna maidir le hInbhuanaitheacht

• Faisnéis ar ábhair Bhuiséid

• Athbhreithniú ar an gCóras Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (CBFF)

• Scagadh Sláinte don fhoireann

• Saincheisteanna a bhain le TFC

• Saincheisteanna a bhain leis an gCumann Spórt agus Sóisialta

22
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Bhuail Grúpaí Oibre éagsúla na Comhpháirtíochta agus Coiste Comhpháirtíochta Réigiúnach an Iardheiscirt le chéile freisin

chun déileáil leis na gnéithe den Chlár Oibre a bhain lena réimsí leasa faoi seach.

Comhpháirtíocht an Iardheiscirt

Tá ionadaithe na nAonad Gnó a oibríonn i réigiún na Mumhan ar Choiste Comhpháirtíochta an Iardheiscirt. I measc a bhall

tá foireann riaracháin ghairmiúil agus theicniúil a thagann ón réigiún. Déantar cinnte go ndéantar ionadaíocht ar dhearcaí

Ghrúpa an Iardheiscirt ag cruinnithe an Phríomhchoiste Comhpháirtíochta agus go gcoinnítear an Grúpa ar an eolas faoi

fhorbairtí ag an leibhéal náisiúnta mar tá ball den Phríomhchoiste Comhpháirtíochta ina bhall de Ghrúpa an Iardheiscirt

chomh maith. Bhuail Coiste Comhpháirtíochta an Iardheiscirt le chéile seacht n-uaire in 2008 chun gnéithe den Chlár Oibre

Bliantúil a aontaíodh ag an gcéad chruinniú den bhliain a chur i bhfeidhm agus a athbhreithniú. Lena chois sin, bhí baill de

Chomhpháirtíocht an Iardheiscirt ina mbaill ghníomhacha de roinnt Grúpaí Oibre Comhpháirtíochta. Is iad seo a leanas

roinnt de na saincheisteanna ar thug Comhpháirtíocht an Iardheiscirt aghaidh orthu i rith 2008:

• Saincheisteanna TFC

• Athbhreithniú CBFF

• Forbairt Comhpháirtíochta laistigh den OOP agus i réigiún an Deiscirt

• Próifíl réigiún an Deiscirt a ardú laistigh den OOP

• Dílárú

• Scagadh Sláinte

• Dífhibrileoirí

• Clogáil agus Tinreamh Ama Leictreonach

• Turais Ailtireachta

An Grúpa Straitéise

Bhí an Coimisinéir Clare McGrath ina cathaoirleach ar an nGrúpa Oibre Straitéise in 2008. Tá an Grúpa Oibre sin freagrach as

cabhrú le forbairt Ráitis Straitéise nua laistigh den OOP agus as cabhrú leis an gCathaoirleach athbhreithniú a dhéanamh ar

chur i bhfeidhm Ráiteas atá ann cheana féin. Faoi théarmaí an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997, ceanglaítear

ar an OOP Ráiteas Straitéise trí bliana a ullmhú i ndiaidh ceaptha Rialtais nua. Mar sin, dréachtaíodh Ráiteas nua chun an

tréimhse go dtí 2011 a chlúdach i ndiaidh cheapadh an Rialtais i mí na Bealtaine 2008. Lena chois sin, bhí baint ag an nGrúpa

Oibre le hathbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Ráitis Straitéise roimhe sin le linn 2007.

Grúpa Monatóireachta an Chomhaontaithe Náisiúnta

Cabhraíonn an Grúpa Oibre seo leis an gCathaoirleach agus leis an MAC monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm

Phlean Gníomhaíochta an OOP i ndáil le cur i bhfeidhm an chláir oibre um nuachóiriú atá leagtha amach sa Chomhaontú

Náisiúnta, I dTreo 2016. Le linn 2008, chuir an Grúpa Oibre tuairisc ar fáil faoi chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta

i ndáil leis an gceathrú céim den chomhaontú agus an ceathrú dámhachtain pá de chuid na Seirbhíse Poiblí a dámhadh

i mí Mheán Fómhair.

23
An Grúpa Oibre um Chlogáil & Bainistíocht Ama Leictreonach

Bunaíodh an Grúpa Oibre seo in 2008 chun moltaí a dhéanamh don bhainistíocht faoi chóras/chórais bhainistíochta ama a

chuirfear ar fáil do Ghráid Státseirbhíse ar fud an OOP. An aidhm phríomhúil leis an gcóras a fháil ná chun cur ar chumas an

OOP a léiriú go hoibiachtúil go gcomhlíonann sí téarmaí an Achta um Eagrú Ama Oibre 1997. Cuspóir eile leis ná moladh a

thabhairt don bhainistíocht faoi chóras clogála/tinreamh ama leictreonach a fhéadfar a úsáid chun éascaíocht a dhéanamh

ar dhéabhlóidiú gníomhaíochtaí cosúil le ceadú saoire do bhainisteoirí líne, i gcomhréir leis an Straitéis Acmhainní Daonna.

I rith an dara leath de 2008, bhí baint ag an nGrúpa Oibre le taighde a dhéanamh ar na córais leictreonacha éagsúla atá in

úsáid in eagraíochtaí seirbhíse poiblí le próifílí foirne atá cosúil leis an OOP.

Pleanáil/Oiliúint Comhpháirtíochta

Bhunaigh an Príomhchoiste Comhpháirtíochta an Grúpa Oibre Comhpháirtíochta ar Phleanáil/Oiliúint déanach in 2008. An

cuspóir leis ná clár oiliúna a aontú do bhaill an Choiste Comhpháirtíochta féin, dá fho-choistí agus dá Ghrúpaí Oibre. Chomh

maith leis sin, déanfaidh sé moltaí don Phríomhchoiste Comhpháirtíochta faoi struchtúr agus oibríochtaí na Comhpháirtíochta

san OOP sna blianta amach romhainn. Ceapadh Oiliúnóir/Éascaitheoir in 2008 a chomhoibreoidh go dlúth leis an nGrúpa

Oibre. An cuspóir leis an oiliúint ná scileanna na mball a fhorbairt chun rannpháirteachas cothrom ag baill uile na

Comhpháirtíochta a spreagadh agus a chur chun cinn.

An Tascfhórsa Inbhuanaitheachta

Tugadh Beartas Inbhuanaitheachta an OOP chun críche in 2008. Trí chur le dea-chleachtas atá ann maidir le hinbhuanaitheacht

agus trí oibriú go gníomhach chun spriocanna inbhuanaitheachta dúshlánacha an OOP a bhaint amach, beidh an OOP mar

cheannródaí i bhForbairt Inbhuanaithe in Éirinn. Tacaíonn cuspóirí an Bheartais le Ráiteas Straitéise an OOP go dtí 2011.

Cuimseoidh gach Aonad Gnó na spriocanna atá cuimsithe sa Bheartas Inbhuanaitheachta ina Phlean Gnó Bliantúil agus

tabharfaidh sé tuairisc ar a dhul chun cinn maidir leis na spriocanna sin a bhaint amach nuair a bheidh tuairisc faoina Phlean

Gnó á tabhairt aige.

Athbhreithniú CBFF

Thug an Príomhchoiste Comhpháirtíochta aiseolas don athbhreithniú ar an gCóras Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta

(CBFF) mar a chuirtear i gcrích san OOP é. Tagraítear dó sin níos déanaí sa tuarascáil seo. Bhí an comhairliúchán sin i bhfoirm

ceardlainne a reáchtáladh i mí an Mheithimh 2008, agus cuireadh an Coiste ar an eolas faoi thorthaí an athbhreithnithe ag

cruinnithe níos déanaí.

An Grúpa um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí

Lean an Grúpa Oibre um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí ar aghaidh ag déanamh monatóireachta ar chur i

bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta Seirbhísí Custaiméirí agus na Cairte Custaiméirí laistigh den OOP agus ag tabhairt

tuairiscí do MAC i ndáil leis na tionscnaimh um sheirbhís do chustaiméirí.

24
Pasáiste na Gréine, Cairn Loch Craobh, Co. na Mi.
Áras an Uachtaráin, Clog na Síochána.

súil siar ar oibríochtaí 2008
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Seirbhísí Bainistíochta Maoine

Bainistíocht Maoine

Forbhreathnú ar an Margadh 2008

Ag tús 2008 bhí margadh oifigí Bhaile Átha Cliath láidir fós, díreach mar a bhí sé le linn 2007, ach ba léir cheana féin go raibh

deireadh ag teacht leis an ardú leanúnach. Go dtí déanach san earrach bhí leibhéal ard maith d’idirbhearta spreagtha ag

éilimh ó áititheoirí, ach ó mhí an Mheithimh 2008 ar aghaidh, tháinig athrú tobann suntasach ar an margadh. Cé go raibh an

margadh cúigeach athraitheach, go ginearálta, tháinig meath air i rith na bliana, rud a léirigh go raibh ró-sholáthar áitiúil

suntasach i gceist.

Gan amhras, léirigh an t-athrú tobann seo, go háirithe i margadh oifigí ceannasach Bhaile Átha Cliath, aisiompú tapa Éireann

ó thréimhse leanúnach d’fhás geilleagrach. Cé go raibh sé spreagtha ag an gcúlú geilleagrach domhanda a lean an

ghéarchéim fhorleathan i ngníomhaíochtaí baincéireachta, agus a léirigh é féin mar “ghéarchor creidmheasa”, bhí tionchar

suntasach aige ar earnáil mhaoine na hÉireann agus nochtadh boilgeog mhaoine nár tugadh mórán airde air go dtí sin.

Sa dara leath de 2008 tháinig laghdú tapa ar luachanna maoine tráchtála Éireannacha, agus faoi dheireadh na bliana, de réir

foinsí margaidh, bhí laghdú thart ar 37% tar éis teacht orthu. Bhí an laghdú sin ar luachanna caipitil le feiceáil sa mhargadh

cíosa oifigí freisin, inar tháinig laghdú tobann ar éileamh mar gheall ar easpa muiníne, easpa creidmheasa agus éiginnteacht

faoi cé chomh hísle agus ar feadh cén tréimhse a thitfeadh an margadh sula dtiocfadh sé chuige féin agus sula dtosódh fás

arís.

An margadh cíosa oifigí i mBaile Átha Cliath

In 2008 críochnaíodh beagnach 200,000 méadar cearnach de chóiríocht nua oifige sa phríomhchathair. De réir roinnt foinsí

gníomhaireachta, is laghdú de thart ar 3% ar an mbliain roimhe sin é sin. Críochnaíodh na forbairtí nua oifige seo i

Lárcheantar Gnó príomhúil Bhaile Átha Cliath 2 agus 4 agus sa Cheantar Dugaí, agus sna páirceanna oifige fo-uirbeacha, go

háirithe na páirceanna sin atá suite gar do chuar-mhótarbhealach an M50. Mar thoradh ar éileamh a raibh laghdú suntasach

tagtha air, soláthar méadaithe, gníomhaíocht gheilleagrach laghdaithe agus comhdhlúthú/cuíchóiriú tháinig méadú 4%

chuig beagnach 16.5% ar an ráta folúntais san earnáil oifige, de réir figiúirí a thagann ó fhoinsí margaidh.

Sócmhainní Stáit a Chlaochlú

In 2008, leanadh ar aghaidh ag scrúdú phunann maoine an Stáit d’fhonn maoin fholamh, maoin nach mbaintear go leor

úsáide aisti, maoin thearcfhorbartha nó maoin bharrachais a aithint. Cuireadh tús leis an bpróiseas seo in 2004.

Faoi mhí na Nollag 2008, d’aithin an próiseas roinnt maoine a mheastar go bhfuil sé oiriúnach iad a dhiúscairt. Ó tosaíodh an

clár i mí Eanáir 2004, tiomsaíodh níos mó ná €373 milliún trí Mhaoin Stáit a dhíol .

27
Leanfar ar aghaidh leis an bpróiseas chun maoine nach bhfuil de dhíth ón Stát a dhiúscairt in 2009.

Dáta Maoine Diúscartha in 2008 Praghas Díolacháin

2 Aibreán 2008 Stáisiún na nGardaí, Gránard, Longfort €40,283.00

23 Aibreán 2008 1-2 Sráid Phádraig, Cill Chainnigh €800,313.86

26 Meitheamh 2008 Stáisiún na nGardaí Cósta, an Fhianait – Teach na mBád, Ciarraí €150,071.58

19 Lúnasa 2008 22 Bóthar Oakley, Raghnallach, Baile Átha Cliath €75,013.40

1 Deireadh Fómhair 2008 Píosa Talún in aice le Stáisiún na nGardaí, Sciobairín, Co. Chorcaí €10,076.15

28 Samhain 2008 16 an Fhaiche Mhór, Gaillimh €6,501,196.72

3 Nollaig 2008 Feirm Chantilly – Ordú Ceannaigh Éigeantaigh ag Comhairle

Contae Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin, Baile Átha Cliath

€1,000.00

8 Deireadh Fómhair 2008 Teach Ghleann na Life, Bóthar Shéipéal Iosóid, Baile Átha Cliath €1.00

€7,577,955.71

28
oop thuarascáil

bhliantúil

08

LÉASANNA NUA 2008

Dáta Tosaithe Dáta Éaga Contae Suíomh Ainm An Léasa

Glan-Achar Ar

Ligean Méadar

Cearnach

Cíos In Aghaidh

Na Bliana

01-Ean-08 31-Már-10 Corcaigh Corcaigh Cork Irish Life 1A 92.9 €18,500.00

01-Ean-08 30-Mf-12 Gaillimh Uachtar Ard Oifig Comhshaoil

Uachtar Ard

33.5 €6,500.00

01-Ean-08 30-Samh-17 Maigh Eo Béal Átha Na

Muice

Oifig RGST Bhéal Átha

Na Muice

116.69 €18,840.00

01-Ean-08 01-Noll-17 Port Láirge Port Láirge Talmhaíocht, Belview,

Port Láirge

01-Ean-08 01-Ean-33 Baile Átha Cliath Bác 07 Oifig Promhaidh

Mhargadh Na Feirme

16-Ean-08 16-Ean-11 Corcaigh Corcaigh Corcaigh, Tivoli,

Talmhaíocht & Bia

25-Ean-08 24-Aib-09 Ciarraí Cill Airne Garáiste Babhlálaithe

Cill Airne

01-Már-08 31-Noll-09 Corcaigh Corcaigh Ionad Idirnáisiúnta

Lastais Chorcaí

13-Már-08 12-Már-10 Tiobraid Árann An tAonach Oifig Shealadach

Rialtais, tAonach

01-Aib-08 31-Noll-09 Corcaigh Corcaigh Carrchlós Sheirbhís

Promhaidh & Leasa

Chorcaí

01-Aib-08 31-Noll-10 Mí An Uaimh Carrchlós Na hOifige

Cláraithe Feithiclí, An

Uaimh

01-Aib-08 31-Ean-18 Ciarraí Cill Airne Ionad Tástála Tiomána

Ráschúrsa Chill Airne

01-Aib-08 31-Már-28 Baile Átha Cliath Bác 07 Oifig An Stiúrthóra

Ionchúiseamh Poiblí,

Margadh Na Feirme

01-Aib-08 31-Már-28 Ciarraí Cill Airne Cúirt Na Páirce Chill

Airne, Bunurlár

11-Aib-08 10-Beal-28 Corcaigh Carraig Uí Leighin Oifig RGST Charraig Uí

Leighin

29-Aib-08 28-Beal-28 Tiobraid Árann Tiobraid Árann Oifig Dhíláraithe

Shealadach Thiobraid

Árann

01-Beal-08 30-Aib-12 Gaillimh An Clochán Cúirt An Chlocháin,

Aonaid 3&4

59.83 €12,880.00

3031.07 €1,188,070.00

17.19 €1,896.00

0 €9,100.00

0 €10,200.00

278.7 €16,000.00

0 €13,200.00

0 €4,680.00

111.48 €40,000.00

4382 €1,353,509.00

308.47 €76,369.20

413.64 €103,940.00

627.8 €103,957.50

138.19 €27,500.00

29
Dáta Tosaithe Dáta Éaga Contae Suíomh Ainm An Léasa

Glan-Achar Ar

Ligean Méadar

Cearnach

Cíos In Aghaidh

Na Bliana

21-Beal-08 20-Beal-12 Baile Átha Cliath Aerfort Bhaile

Átha Cliath

Aerfort Idirnáisiúnta

Bhaile Átha Cliath, Hse

0 €11,308.40

01-Meith-08 31-Beal-10 An Cabhán An Cabhán Oifig Dhíláraithe

Shealadach An

Chabháin, 1 Urlár

106.75 €22,980.00

01-Meith-08 31-Beal-11 Cill Dara An Bóthar Buí Siopa Troscáin Jessbrook 1000 €65,000.00

01-Meith-08 31-Beal-18 Baile Átha Cliath Bác 02 Faiche Stiabhna 94,

Bunurlár&1 Urlár

01-Meith-08 31-Beal-18 Baile Átha Cliath Bác 02 Faiche Stiabhna 94 B,

Urlár 2&3

02-Meith-08 30-Mf-08 Cill Mhantáin Cill Mhantáin Ionad Fiontar Chill

Mhantáin

16-Meith-08 31-Noll-09 Corcaigh Corcaigh Carrchlós Shráid

Eglington, Corcaigh

28-Meith-08 31-Noll-09 Ciarraí Cill Airne Oifig Leasa Shóisialaigh

Áitiúil, Cill Airne

873.36 €612,000.00

1106.24 €408,000.00

111.48 €4,500.00

0 €3,800.00

0 €18,000.00

01-Iúil-08 08-Df-12 Corcaigh Mainistir Fhear

Maí

Stóras Oop, Mainistir

Fhear Maí

371.61 €25,000.00

01-Iúil-08 31-Beal-13 Laois Port Laoise Binse Comhionannais

Phort Laoise

01-Iúil-08 01-Meith-18 Tiobraid Árann An tAonach Oifig Dlí Agus Cirt An

Aonaigh

14-Iúil-08 13-Iúil-12 Sligeach Tobar An Choire Gnóthaí Pobail Tuaithe

& Gaeltachta, Tobar An

Choire, Oifig 2

17-Iúil-08 16-Df-08 Luimneach Luimneach Oifig Dhíláraithe

Shealadach Luimní,

Oifig 2

24-Mf-08 23-Mf-28 An Iarmhí Baile Átha Luain Oifig Gst & Promhaidh

Bhaile Átha Luain

08-Df-08 07-Df-09 Dún Na nGall Leitir Ceanainn Oifig Shealadach NEPS

Leitir Cheanainn

07-Samh-08 07-Lún-28 Baile Átha Cliath Bác 07 Oifig Hiqa Mhargadh Na

Feirme Bunurlár&1 Urlár

0 €60,961.50

224.85 €36,270.00

810.03 €88,138.00

450 €65,427.00

0 €360,000.00

0 €6,896.00

2049 €655,940.00

30
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Géilleadh Léasanna 2008

Dáta Géillte Ainm An Léasa Contae Suíomh Cíos Bliantúil

01-Ean-08 Seomraí Mhargadh Na Feirme Baile Átha Cliath Bác 07 €362,383.25

01-Ean-08 Seomraí Mhargadh Na Feirme, Urláir 4&5 Baile Átha Cliath Bác 07 €272,485.79

25-Ean-08 Príomhshráid Chill Airne 2 Ciarraí Cill Airne €9,100.00

31-Ean-08 Teach Hume, Urlár 1 Baile Átha Cliath Bác 04 €160,000.00

31-Ean-08 Carrchlós Ché Pól, Loch Garman Loch Garman Loch Garman €22,500.00

31-Ean-08 Teach Radharc Na Páirce, Cnoc Na Feá Baile Átha Cliath Bác 14 €83,150.00

31-Ean-08 Aras na Dáimhe, Bóthar Shíol Bhroin Baile Átha Cliath Bác 04 €756,000.00

18-Feabh-08

Ionad Siopadóireachta Bhaile Munna, Aonad

37/3

Baile Átha Cliath Bác 11 €25,394.76

18-Feabh-08 Ionad Siopadóireachta Bhaile Munna, Aonaid 1 Baile Átha Cliath Bác 11 €28,092.95

29-Feabh-08 Bóthar Chaisleán Foirbis Baile Átha Cliath Bác 03 €269,154.00

01-Már-08 Oifig Fiadhúlra na hUaimhe Mí An Uaimh €16,954.00

15-Már-08 Foireann Dlí Gda Chluain Sceach Baile Átha Cliath Bác 06 €46,000.00

18-Már-08 Príomhshráid Bhré 25-7 Cill Mhantáin Bré €14,400.00

26-Már-08 Coimisinéirí Ioncaim, Aeróg, Dún Dealgan Lú Dún Dealgan €66.03

01-Aib-08 Bóthar An Choimín, An Uaimh Mí An Uaimh €30,550.00

07-Aib-08

Oifig Leasa Shóisialaigh, Príomhshráid Bhéal

Átha Na Muice

Maigh Eo Béal Átha Na Muice €12,000.00

25-Aib-08 RSA Bhéal An Átha Aonad 2 Maigh Eo Béal An Átha €5,000.00

07-Beal-08 CGS Bhaile An Ridire Ciarraí Dairbhre €25.39

27-Beal-08 Bóthar Chluain Ard, Cromhghlinn Baile Átha Cliath Bác 12 €139,000.00

11-Iúil-08 Teach Chill Mhantáin Baile Átha Cliath Bác 02 €700,000.00

15-Iúil-08 Gda Pulse, Sráid Sexton, Luimneach Luimneach Luimneach €6,602.64

30-Iúil-08 Carrchlós Bhóthar Chúrsa An Uisce, Corcaigh Corcaigh Corcaigh €25,000.00

31-Iúil-08 Teach Hume, Urlár 2 Baile Átha Cliath Bác 04 €500,000.00

20-Lún-08 An Chearnóg, An Caisleán Riabhach An Caisleán Riabhach Ros Comáin €4,761.52

05-Mf-08

Oifig Leasa Shóisialaigh, Halla An Bhaile, Baile

Átha Troim

Mí Baile Átha Troim €1,587.17

30-Mf-08 Teach Custaim Rosbercon Loch Garman Ros Mhic Thriúin €1,904.61

30-Mf-08 Páirc Gnó GPT&G, Na Forbacha Gaillimh Na Forbacha €24,382.82

01-Df-08 Oifig Leasa Sóisialaigh Áitiúil, Baile Locha Riach Gaillimh Baile Locha Riach €18,000.00

06-Samh-08 Sráid Fhearchair 26 Baile Átha Cliath Bác 02 €142,500.00

13-Samh-08

13-Samh-08

Coimisinéirí Ioncaim, Faiche An Aonaigh,

Gaillimh, Carrchlós 2

Coimisinéirí Ioncaim, Faiche An Aonaigh,

Gaillimh, Carrchlós 1

Gaillimh Gaillimh €34,200.00

Gaillimh Gaillimh €60,800.00

19-Samh-08 Carrchlós Ché Uí Chearúill, Corcaigh Corcaigh Corcaigh €65,537.19

31-Noll-08 Carrchlós Chalafort Ros Mhic Thriúin Ros Mhic Thriúin Loch Garman €514.25

31
Maoin Ceannaithe in 2008

Dáta Faighte Contae Suíomh Ainm Costas Ceannacháin

16-Ean-08 Baile Átha Cliath Bác 02 91-93 Cearnóg Mhuirfean Thiar €19,950,000.00

06-Feabh-08 Port Láirge Port Láirge Láithreán cuibhiúil Phort Láirge RCORA €8,000,000.00

27-Feabh-08 Loch Garman Loch Garman Láithreán GS Loch Garman €1,950,000.00

18-Már-08 Loch Garman Loch Garman Láithreán cuibhiúil RCORA Loch Garman €3,500,000.00

26-Beal-08 Baile Átha Cliath Bác 12 Seirbhís Promhaidh & Leasa Chromhghlinn €2,900,000.00

23-Iúil-08 Cill Dara Droichead Nua Láithreán Díláraithe na Roinne Cosanta i

nDroichead Nua

€5,500,000.00

28-Lún-08 Cill Chainnigh Baile Mhic Andáin Láithreán cuibhiúil HSA Bhaile Mhic Andáin €1,800,000.00

32
oop thuarascáil

bhliantúil

08

An tAonad Bainistíochta

Saoráidí agus Ócáidí

CAISLEÁN BHAILE ÁTHA CLIATH

Arís in 2008, d’éirigh go breá le hIonad Comhdhála

Chaisleán Bhaile Átha Cliath, atá ar cheann de na hionaid

ócáidí is fearr sa tír. Bhí leibhéal ard éilimh ar shaoráidí

éagsúla an Chaisleáin; tionóladh 399 ócáid ann agus

d’fhreastail thart ar 61,500 duine orthu.

Bhí éileamh mór ar thurais threoraithe timpeall na Seomraí

Stáit in 2008 freisin. Tugadh 7,160 turas treoraithe a raibh

thart ar 155,000 cuairteoir páirteach iontu.

In 2008, leanadh ar aghaidh ag leathnú agus ag forbairt ról

fhoireann bainistíochta Chaisleán Bhaile Átha Cliath i

soláthar agus in eagrú seirbhísí bainistíochta ócáidí don

Stát. Cuireadh seirbhísí ar fáil do 138 ócáid in ionaid éagsúla

ar fud na tíre in 2008.

FARMLEIGH

Reáchtáladh roinnt cuairteanna tábhachtacha Stáit ag

Farmleigh i rith 2008, lena n áirítear cuairteanna

cónaitheacha ag Cinn Stáit agus ag daoine mór le rá ó

Vítneam, ón mBeilg, ón Eastóin agus ó Phoblacht na Seice.

Leagadh béim arís ar ról tábhachtach Farmleigh mar ionad

d’ócáidí ardleibhéil Rialtais in 2008 mar reáchtáladh 103

ócáid dá leithéid ann ar fhreastail 5,879 toscaire orthu.

Bhí bliain rathúil eile ag clár um rochtain phoiblí Farmleigh

in 2008. D’fhreastail 198,842 cuairteoir ar na laethanta

oscailte éagsúla, ar na turais threoraithe agus ar na

himeachtaí poiblí saora idir mí an Mhárta agus mí na

Nollag agus bhain siad taitneamh astu.

OSPIDÉAL RÍOGA CHILL MHAIGHNEANN

I gcomhar le Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA),

tugann Aonad Bainistíochta Saoráidí agus Ócáidí an OOP

tacaíocht d’oibríochtaí comhdhála agus bainistíochta ócáidí

san ionad cáiliúil seo. In 2007, reáchtáladh 74 ócáid in Ospidéal

Ríoga Chill Mhaighneann agus d’fhreastail 18,300 duine orthu.

33
ÁRAS AN UACHTARÁIN

Comhordaíonn agus bainistíonn an tAonad Bainistíochta

Saoráidí agus Ócáidí raon seirbhísí maoine, coimeádta tí

agus lónadóireachta ag Áras an Uachtaráin thar ceann

Oifig an Uachtaráin. Mar thoradh ar chuairteanna Cinn Stáit

agus daoine mór le rá eile, turais phoiblí timpeall an Tí agus

imeachtaí eile a reáchtáladh ag an Áras, freastalaíodh ar 15,770

cuairteoir ar an iomlán le linn bliain rathúil, ghnóthach eile.

Lena chois sin, mar chuid de chomhfhiontar eile le OÉ Má

Nuad, chuir an OOP spás i dTeach Bhaile an Chaisleáin ar fáil

do Lár-Ionad Tithe Stairiúla na hÉireann (CSHIHE).

Reáchtáladh clár d’imeachtaí poiblí ilghnéitheacha, suimiúla

sa Teach agus sna gairdíní i rith na bliana ar aon dul le

sainchúram Theach Bhaile an Chaisleáin mar ionad

cultúrtha. Áiríodh orthu sin roinnt imeachtaí ceoil agus

ceolchoirmeacha, taibhithe drámaíochta, seimineáir agus

taispeántais.

Leanadh ar aghaidh le hobair agus taighde ar athchóiriú

fhearann páirce Bhaile an Chaisleáin in 2008 d’fhonn méadú

ar an luach taitneamhachta don chuairteoir ó Chill Droichid

agus do chuairteoirí ó áiteanna níos faide i gcéin.

TEACH BHAILE AN CHAISLEÁIN

Ba í 2008 an chéad bhliain iomlán a raibh Teach Bhaile an

Chaisleáin oscailte lena linn ó athchóiríodh na háiseanna do

chuairteoirí san Eite Thiar in 2007, agus mheall an teach

thart ar 10,000 cuairteoir. De réir meastachán, bhain thart ar

43,800 cuairteoir úsáid as an bhfearann páirce i rith na

bliana.

Forbairt shuntasach a tharla i rith na bliana ná gur bhunaigh

an OOP Cartlann agus Ionad Taighde OOP-OÉ i mBaile an

Chaisleáin i gcomhar le OÉ Má Nuad. Déanfaidh an t-ionad

seo obair chartlainne thábhachtach a bhainfidh le cáipéisí ó

shean eastáit ar fud na hÉireann. Bhí cáipéisí ó bhailiúchán

Theach Bhéal na mBuillí ar na chéad cháipéisí a bronnadh ar

an Ionad seo le haghaidh athchóirithe agus cartlannaithe.

D’oscail an tUachtarán Mhic Ghiolla Íosa an tIonad go

hoifigiúil i mí na Samhna 2008.

CAISLEÁN CHILL CHAINNIGH

Thug thart ar 165,000 cuairteoir cuairt ar Chaisleán Chill

Chainnigh in 2008, rud a dhaingnigh a stádas mar cheann

de na nithe is díol spéise do chuairteoirí is tábhachtaí sa tír.

Rinneadh dul chun cinn suntasach i rith na bliana maidir le

raon na ngníomhaíochtaí agus na n-imeachtaí a bhí ar siúl

ag an gCaisleán a fhorbairt chun feabhas a chur ar a

tharraingteacht mar thaitneamhacht mhór do thurasóirí

sa réigiún agus ar fud na tíre.

Bhí éileamh mór ar áiseanna agus seirbhísí ionad comhdhála

Thúr na Paráide ag an gCaisleán i rith 2008 freisin.

34
oop thuarascáil

bhliantúil

08

SEIRBHÍSÍ BAINISTÍOCHTA GINEARÁLTA

SAORÁIDÍ AGUS ÓCÁIDÍ

Trí mheán soláthraithe seirbhíse ar conradh, déanann an

tAonad Bainistíochta Saoráidí agus Ócáidí maoirseacht ar

sholáthar raon seirbhísí tacaíochta ag maoine cosúil le

Saotharlanna nua an Rialtais i mBacastún, Co. Chill Dara,

Ionad Cathartha an Taoibh Thuaidh sa Chúlóg, Baile Átha

Cliath agus Oifigí an Rialtais i Ros Comáin. An cuspóir leis sin

ná a chinntiú go ndéantar seirbhísí bainistíochta saoráidí

atá gairmiúil, costéifeachtúil agus a chloíonn le deachleachtais

a sholáthar do na Ranna is cliaint.

35
Seirbhísí Cothabhála Maoine

Cuimsíonn aonad gnó na Seirbhísí Cothabhála Maoine a Phríomhoifig, ocht n-oifig Réigiúnacha agus seacht n-oifig Cheantair

ar fud na tíre, Seirbhísí Cothabhála Foirgneamh, an Brainse Troscán, an tAonad um Beartas Sláinte & Sábháilteachta agus an

tAonad Bainte Aispeiste & Athchóirithe.

Freagraíonn an tAonad d’iarratais ó na Ranna Rialtais agus ó na Gníomhaireachtaí Stáit uile a bhaineann le cothabháil maoine

faoi úinéireacht an stáit agus léasaithe ag an Stát. Maoinítear cuid den obair seo trí mheán an Vóta OOP, agus i gcás go bhfuil

na hoibreacha á maoiniú ag an gcliant, réamh mhaoiníonn an Roinn Rialtais nó gníomhaireacht stáit ábhartha na hoibreacha,

nó seolann Seirbhísí Cothabhála Maoine bille chucu. Lena chois sin, déanann an tAonad mion oibreacha caipitil lena n áirítear

oibreacha ar son an Gharda Síochána agus feistiú & athchóiriú oifigí, rud a mhaoinítear trí mheán an Vóta OOP nó le hairgead

a lóisteálann Ranna agus Gníomhaireachtaí leis an OOP. Déileálann an tAonad le billeáil do Sheirbhísí Meicniúla & Leictreacha

freisin ach níl aon ionchur aige i mbeartais chothabhála, nósanna imeachta nó prótacail an Aonaid sin.

Ba ionann an tréchur iomlán san aonad gnó in 2008 agus thart ar €125m. Miondealaítear an figiúr sin mar seo a leanas:

Cothabháil Maoine agus cothabháil Oifigí Réigiúnacha €7,100,000.00

An tSeirbhís Cothabhála Foirgneamh €17,500,000.00

Mion-oibreacha Caipitil lena n-áirítear mion-oibreacha don

Gharda Síochána (fo-cheannteideal E) €38,000,000.00

Cothabháil Ghinearálta Cuntais Chliaint (cuntais ‘Q’) €17,000,000.00

Obair ghníomhaireachta déanta do Ranna ag an OOP (SWAnna) €20,200,000.00

Aispeist & Athchóiriú €10,500,000.00

An tAonad Sláinte & Sábháilteachta €200,000.00

An Brainse Troscán €14,000,000.00

€124,500,000.00

Cothabháil Maoine

Is féidir na hoibreacha tógála a mhiondealú ina ndá phríomhchatagóir: Mion-oibreacha (caiteachas caipitil) agus oibreacha

cothabhála (caiteachas reatha). Is éard atá i gceist le mion-oibreacha caipitil ná tionscadail ó mhionfheistiú oifigí go hathchóiriú

ar scála níos mó agus seachadtar do raon leathan cliant iad. Tá roinnt samplaí de na tionscadail sin leagtha amach thíos

1) Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne

Foireann Tionscadail

Cliant:

Maoine Stairiúla an OOP

Ailtirí:

Cothabháil Maoine an OOP

Troscán: Brainse Troscán an OOP

Obair Cheardaíochta & Sainobair Mhiotail:

Seirbhísí Cothabhála Foirgneamh an OOP & Príomhcheardlann

Innealtóireachta an OOP

36
Cúirt Ioma, Co. Laois.
In 2008, críochnaíodh clár leathan oibreacha sa Seandroichead, Co. na Mí. An aidhm leis an gclár sin ná Ionad Cuairteoirí

Chath na Bóinne a fhorbairt agus osclaíodh an t-ionad ar an 6ú Bealtaine 2008. Dhear Seirbhísí Cothabhála Maoine an

t-ionad cuairteoirí atá suite i dTeach an tSeandroichid agus sna tithe lasmuigh bainteacha. Dhear an fhoireann na saoráidí

nua agus an tírdhreachú, ag comhtháthú na maoine a bhí ann le struchtúir nua-dheartha.

Rinne Cothabháil Maoine maoirseacht ar oibreacha móra athchóirithe ar an Mainéar 18ú hAois, lena n-áirítear deisithe

suntasacha ar an díon. Cruthaíodh bealach isteach fada chuig an teach trí athúsáid a bhaint as an ha-ha slogtha bunaidh,

saintréith d’eastáit ón 18ú haois a dearadh chun nach gcuirfí isteach ar radharc an mhainéir.

Tógadh sraith de cheannbhrait ghloinithe idir Teach an tSeandroichid agus an clós idir an teach agus na stáblaí in aice leis.

Athchóiríodh duirleoga an chlóis agus athraíodh sceall na stáblaí go seomra nua closamhairc. Caomhnaíodh cuid de na

stáblaí bunaidh a bhí fós ann, agus is cuid den spás taispeántais í anois.

In aice leis na stáblaí, thóg an fhoireann tionscadail pailliún nua tae. Is iad ábhair phríomhúla an phailliúin tae cruach agus

adhmad. Tá an struchtúr déanta de cholúin chroschruthacha a thacaíonn bíomaí learóige. Tá cruth simplí monachlaonta ar an

bpailliún féin, atá oscailte ar an taobh theas de, agus a luíonn isteach go compordach le comhdhéanamh geoiméadrach na

stáblaí agus an mhainéir. Tá cúig shraith de dhoirse infhillte sa phailliún a osclaíonn chuig an gceantar deice, laistigh den

ghairdín múrtha ón 18ú haois.

2) Díon a chur ar “an tSeid Mhór” ar thailte Theach Avondale

Foireann Tionscadail

Cliaint:

Conraitheoirí:

Seirbhísí Ailtireachta:

Seirbhísí Suirbhéireachta Cainníochta:

Sainchomhairleoir:

An OOP, Coillte, an Roinn Airgeadais, Roinn an Taoisigh agus an Roinn Mara

Rohcon Ltd agus Irish Natural Stone Products

John Cahill Ailtire Caomhantais an OOP, Kevin Comiskey, Jack McDonald

George Lynch, Seirbhísí Suirbhéireachta Cainníochta an OOP

Anthony Moore, Innealtóir

Bunaíodh Grúpa Oibre i mí Mheán Fómhair 1991 ar a raibh ionadaithe Choillte Teoranta, Dhúchas, na Roinne Mara, Roinn an

Taoisigh agus na Roinne Airgeadais chun plé a dhéanamh ar fhorbairt chuí Theach agus Eastát Avondale, le haird tugtha ar an

tábhacht stairiúil, chultúrtha agus taitneamhachta lena mbaineann. Ansin, rinneadh Suirbhéireacht Talún mhionchruinn ar

an eastát agus táirgeadh clár oibreacha a bheadh curtha i gcrích ar bhonn céimnithe

Tionscadal “na Seide Móire”

Bhain an tionscadal seo go príomha le díon nua a chur ar an bhfoirgneamh dá ngairtear “An tSeid Mhór”, a athchóireofar mar

Ionad Imeachtaí amach anseo. Ba é Charles Stewart Parnell a thóg “an tSeid Mhór” agus deirtear go raibh a cruth bunaithe ar

Stáisiún Iarnróid Brighton. Bhí an foirgneamh i ndrochriocht, agus mar gheall ar dhrochdhearadh an dín, bhí an t-adhmad lofa.

De bharr mhéid an lobhaidh, cuireadh comhairle ghairmiúil ar Choillte go mbeadh orthu an díon a bhaint anuas ar mhaithe le

sábháilteacht. Rinneadh na trusanna cruach agus na slinnte ón díon a stóráil go sábháilte. Bhain an tionscadal seo úsáid as na

trusanna bunaidh tarrtháilte a bhí ar fáil ar an láithreán. Anois tá an foirgneamh go hiomlán séalaithe ón aimsir agus cosanta.

3) Oibreacha An Gharda Síochána

Déantar oibreacha ag stáisiúin na nGardaí bunaithe ar thosaíochtaí leagtha amach ag Aonad Cóiríochta an Gharda Síochána.

Tá achoimre ar na hoibreacha a ndearnadh dul chun cinn orthu in 2008 ar fáil i dTábla 1 thíos.

38
oop thuarascáil

bhliantúil

08

CLÁR MION-OIBREACHA AN GHARDA SÍOCHÁNA 2008

Tugtha chun críche Ar an Láithreán Staidéar indéantachta/Sracscéim

Stáisiún na nGardaí, Carraig Mhachaire Rois, Co.

Mhuineacháin -

Stáisiún na nGardaí, Dún Mánmhaí, Co. Chorcaí -

Stáisiún na nGardaí, Béal Átha hAmhnais, Co.

Mhaigh Eo -

Céim 2: Athchóiriú Cillíní Leathnú agus athchóiriú Sracscéim á forbairt d'uasghrádú molta na

Cóiríochta Oifige

Ceanncheathrú an Gharda Síochána, Cearnóg

Fhearchair, an Rannóg Mapála -

Feistiú Cóiríocht Oifige do Rannóg Mapála an

Gharda Síochána

Ceanncheathrú an Gharda Síochána, Páirc an

Fhionnuisce, Bloc J -

Feistiú agus Suiteáil Córas Monatóireachta Lárnach

Stáisiún na nGardaí, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na

nGall -

Seomra nua um Choimeád Príosúnach

Ceanncheathrú an Gharda Síochána, Cearnóg

Fhearchair, an tAonad Práinnfhreagartha -

Feistiú Oifigí d’Aonad Práinnfhreagartha an Gharda

Síochána

Stáisiún na nGardaí, Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún

na nGall -

Cóiríocht don Chór Tráchta

Stáisiún na nGardaí, An Barra Dubh, Co. Chiarraí -

Athchóiriú Molta

Stáisiún na nGardaí, Gránard, Co. Longfort - Stáisiún na nGardaí, Abhóca Stáisiún na nGardaí, Baile Bhlainséir, Baile Átha

Cliath -

Tógáil Leathnaithe ar an Stáisiún, Athrú Cóiríochta

Oifigiúla go Cóiríocht Oifige agus Athchóiriú an

Stáisiúin Reatha

Athchur an dín

Athruithe inmheánacha ar an Oifig Phoiblí agus ar

oifigí eile

Stáisiún na nGardaí, Garrán na mBráthar, Co.

Chorcaí -

Stáisiún na nGardaí, An Tulach, Co. Cheatharlach - Stáisiún na nGardaí, Ceatharlach, Co. Cheatharlach -

Tógáil Leathnaithe ar an stáisiún agus Oibreacha

Athchóirithe

Oibreacha athchóirithe i ndiaidh ionsaí Loscaidh

mhailísigh

Leathnú Molta

Stáisiún na nGardaí, An Muileann gCearr, Co. na

hIarmhí -

Stáisiún na nGardaí, Baile Átha Fhirdhia Stáisiún na nGardaí, Díseart Diarmada, Co. Chill Dara -

Tógáil Leathnú Trí hUrlár

Uasghrádú mhaoin an Gharda Síochána go

Ceanncheathrú Dúiche

Mór-oibreacha Athchóirithe Molta

Stáisiún na nGardaí, Caisleán Ghriaire, Co. Chiarraí -

Oibreacha Athchóirithe Molta

Stáisiún na nGardaí, Cluain Maine, Co. Dhún na nGall -

Oibreacha Athchóirithe Molta

Stáisiún na nGardaí, Creach Mhaoil, Co. na Gaillimhe -

Mór-oibreacha Athchóirithe Molta

Ceanncheathrú an Gharda Síochána, Páirc an

Fhionnuisce, Bloc T.F. -

Oibreacha ar an gcóras séarachais agus oibreacha

coiscthe tuilte

Ceanncheathrú an Gharda Síochána, Páirc an

Fhionnuisce, An Biúró Teicniúil -

Athchóiriú molta na bpríomhstaighrí

Stáisiún na nGardaí, Cill Mhaighneann, Baile Átha

Cliath -

Oibreacha Athchóirithe Molta

Stáisiún na nGardaí, Baile Uí Rónáin, Baile Átha Cliath -

Athchóiriú Molta

39
CLÁR MION-OIBREACHA AN GHARDA SÍOCHÁNA 2008

Tugtha chun críche Ar an Láithreán Staidéar indéantachta/Sracscéim

Stáisiún na nGardaí, Tuaim, Co. na Gaillimhe -

Cóiríocht don Chór Tráchta

Stáisiún na nGardaí, Achadh an Iúir, Co. an Chabháin -

Oibreacha Athchóirithe Molta

Stáisiún na nGardaí, Muileann an Bhata, Co. Chill

Chainnigh

Oibreacha athchóirithe ar GS & MQ

Stáisiún na nGardaí, Móin Choinn, Co. Chill Chainnigh

Comhtháthú MQ le Stáisiún na nGardaí

Stáisiún na nGardaí, Dealbhna, Co. na hIarmhí

Comhtháthú MQ le Stáisiún na nGardaí

Stáisiún na nGardaí, Gránard, Co. Longfort.

40
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Cothabháil

Déantar formhór na hoibre cothabhála ar chóiríocht oifige i mBaile Átha Cliath (a rinne Seirbhísí Cothabhála Foirgneamh

roimhe seo) faoi chóras cothabhála Téarma Tomhaiste, agus cuireann na hoifigí Réigiúnacha agus dúiche seirbhísí cothabhála

ar fáil do chóiríocht ar fud na tíre. Sa chomhthéacs seo, is éard atá i gceist le Conradh Téarma Tomhaiste ná socrú ina

ngeallann conraitheoir go ndéanfaidh sé sraith orduithe oibre thar roinnt blianta, laistigh de cheantar geografach sonraithe,

agus ansin tomhaistear an obair agus luacháiltear í ag rátaí cuimsithe i Sceideal Rátaí réamhshocraithe. Tar éis Conarthaí

Téarma Tomhaiste a úsáid go rathúil i nDeisceart Bhaile Átha Cliath, i mí Feabhra 2008, leathnaigh an OOP an Conradh

Téarma Tomhaiste chun seirbhísí cothabhála maoine a sholáthar do Thuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Beartaítear conarthaí tarraingthe anuas comhchosúla a chur i bhfeidhm sna réigiúin nuair a bheidh conarthaí Bhaile Átha

Cliath leabaithe isteach, agus d’fhéadfadh ceantar Chorcaí a bheith mar an chéad cheantar eile ina gcuirfear i bhfeidhm iad.

Clár Bainistíochta Aispeiste

In 2008, tháinig an dá thionscadal aonair is mó riamh a rinneadh faoin gClár Bainistíochta Aispeiste chun críche. Bhain na

tionscadail sin le hathchur na ndíonta agus oibreacha coimhdeacha ag na scoileanna náisiúnta sóisearacha agus sinsearacha

ag Rualach agus ag Gleanntán an Choiréil i gceantar Chluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath. Ba ionann na costais iomlána, táillí

san áireamh, agus níos mó ná R10 milliún thar thréimhse dhá bhliain agus le linn na n-oibreacha rinneadh na foirgnimh a

athchóiriú go hiomlán. Athchóiríodh suiteálacha meicniúla agus leictreacha, síleálacha, urláir agus rinneadh iad a athmhaisiú etc.

Rinneadh roinnt tionscadail bheaga eile i scoileanna, i stáisiúin na nGardaí agus i bhfoirgnimh eile de chuid an Rialtais, agus

mar sin ba ionann an caiteachas iomlán ar oibreacha a bhain le haispeist in 2008 agus R10 milliún leis féin.

I rith 2008, cuireadh tús le hathbhreithniú ar cháipéisí nós imeachta le haghaidh creidiúnú ISO, go sonrach chun aird a

thabhairt ar nósanna imeachta conartha leasaithe, agus tugadh an t-iniúchadh ar shainchomhairleoirí agus ar chonraitheoirí

atá rannpháirteach sa chlár chun luach ar airgead/cáilíocht seirbhíse a dheimhniú chun críche. Cuireadh tús le hathbhreithniú

mionchruinn ar thorthaí an iniúchta ó shin.

Ar deireadh, tá an príomhchlár suirbhéireachta beagnach críochnaithe, le suirbhé déanta ar beagnach 6000 foirgneamh ó

cuireadh tús leis an gclár roinnt blianta ó shin.

An Rannóg Troscán

Cuireann an Rannóg Troscán seirbhísí soláthair ar fáil do Ranna Rialtais/Seirbhíse Poiblí atá bunaithe ar na prionsabail de luach

ar airgead, cáilíocht, oiriúnacht agus comhlíonadh riachtanas reachtúil, lena n-áirítear riachtanais an AE, Sláinte & Sábháilteacht

agus saincheisteanna comhshaoil, agus clúdaíonn sé raon leathan troscáin, clúdaigh urláir agus táirgí fearastaithe.

Tá conarthaí tarraingthe anuas ag an Rannóg Troscán do sholáthar troscán oifige agus clúdaigh urláir do Ranna agus

Gníomhaireachtaí Rialtais éagsúla.

Chríochnaigh an Rannóg Troscán roinnt tionscadail feistithe i rith 2008, lena n-áirítear na tionscadail seo a leanas:

• Oifigí díláraithe i Luimneach, Baile Átha Luain, Cill Airne, Tobar an Choire, Longfort, Corcaigh, Gaillimh, an Roinn

Talmhaíochta - Bacastún, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, Béal an Átha agus eile.

41
• Cuireadh comhairle theicniúil agus pleanáil spáis ar fáil do Ranna agus Gníomhaireachtaí éagsúla Rialtais trí mheán an OOP.

• Leanann an Rannóg Troscán ar aghaidh ag soláthar cathaoireacha agus deasc le haghaidh Scrúduithe Stáit.

• Soláthraíodh trealamh toghcháin agus cuireadh ar fáil don Reifreann ar Chonradh Liospóin é.

• Leantar ar aghaidh ag bailiú agus ag diúscairt troscán iomarcach ar bhealach nach gcuireann isteach ar an gcomhshaol.

• Leantar ar aghaidh le ceardlanna Athchóirithe Caomhantais a athchóiríonn troscán do chomhlachtaí éagsúla lena

n-áirítear Áras an Uachtaráin, Teach Laighean, Iarsmalann an Phiarsaigh - Naomh Éanna, Teach Cúirte Chluainín etc.

Na Seirbhísí Cothabhála Foirgneamh (BMS)

Tá príomh-iosta oibríochta na Seirbhísí Cothabhála Foirgneamh i mBaile Átha Cliath, agus tá fo-iostaí i gCorcaigh agus

i Luimneach.

Fostaíonn BMS thart ar 220 ball foirne go díreach le buiséad bliantúil de €16 milliún. Ar an bhfoireann tá ceardaithe

tréitheacha sna príomh-dhisciplíní tógála uile, le saineolas ar leith ar phláistéireacht caomhantais agus ar mhaisiú.

Tá BMS freagrach as cothabháil fhabraic na Maoine Stáit Stairiúla i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, ach tá siad freagrach

freisin as Teach Bhaile an Chaisleáin agus Caisleán Chill Chainnigh.

Tá athrú ollmhór tagtha ar a ról le blianta beaga anuas agus anois feidhmíonn siad bunaithe ar chláir oibre phleanáilte

do na foirgnimh faoina gcúram. Mar gheall ar an athrú béime seo, tá ról réamhghníomhach nua glactha ag BMS maidir

le cothabháil na maoine seo a bhainistiú. Cuirtear tacaíocht chriticiúil ar fáil do rannóga eile an OOP freisin i dtéarmaí

lóistíochta agus bainistíochta ócáidí.

Bhí fócas mór ar Shláinte agus ar Shábháilteacht le tamall anuas agus tá dul chun cinn mór déanta sa réimse seo mar

cuireadh Córas Bainistíochta Sábháilteachta i bhfeidhm a chomhlíonann an caighdeán BS8800.

42
Faiche Stiabhno, Baile Átha Cliath.
Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal

Zú Bhaile Átha Cliath

Leanadh leis an clár d’Obair Forbartha Chaipitil 2006 – 2010 i 2008. Tugadh atógáil Theach Haughton chun críche. Ag deireadh

2008, bhí uasghrádú chlaí na mánna Afracacha gar do bheith críochnaithe agus tá sé beartaithe na ballaí teorann a chriochnú

go luath i 2009. Bhí dul chun cinn suntasach déanta le mór-thaispeántais Savannah Afracach agus tá sé beartaithe é a

chríochnú san Earrach 2009. Cuireadh tús le pleanáil le haghaidh uasghrádú an fostáisiún BSL atá riachtanach chun forbairt

a dhéanamh ar an gclinic tréidliachta agus oibreacha bainteacha.

Stáisiúin an Gharda Cósta

Tugadh Stáisiúin an Gharda Cósta ag Ceann Tuaithe chun críche agus i measc na dtionscadal ag céimeanna pleanála tá Bun

an Tábhairne, an Góilín, Na Cealla Beaga agus Dúlainn.

Clár Theach Laighean/an Oireachtais

Caitheadh thart ar €1.5 milliún in 2008.

Bhí sé beartaithe tabhairt faoi Chéim 2 de na hOibreacha Sábháilteacht & Coiscthe Dóiteáin agus Bealaí Éalaithe idir Sos an

tSamhraidh 2008 agus Sos an tSamhraidh 2009. Cuireadh an obair seo are athló, afach, de dheasca an riocht airgeadais.

Rinneadh oibreacha struchtúir comhordaithe a chuimsigh treisiú urláir ar an gcéad urlár agus laghdú ualaithe tríd landairí

bhrící a thabhairt amach ón dara h-urlár agus 12 tonaí bruscar a thabhairt amach ón áiléar. Rinneadh suirbhéanna

imscrúdaitheacha chun an cur chuige ceart a aimsiú le carachtar an árais a athchóiriú ag úsáid an cleachtas caomhantais is

fearr agus in oiriúint do thabhacht agus dínit Tithe an Oireachtais.

44
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Cláir na Seirbhísí Cúirteanna

Tugtha chun críche Ar Siúl Ag Céim an Cheada

Pleanála/na Tairisceana

etc.

Á bPleanáil

Teach Cúirte Bhaile Bhlainséir

Coimpléasc na Cúirte Coiriúla

– Comhpháirtíocht Phoiblí

Phríobháideach

Teach Cúirte Chluainín

Teach Cúirte Bheanntraí

Teach Cúirte Dhurlais Teach Cúirte Chill Chainnigh Teach Cúirte Bhéal Átha

na Muice

Teach Cúirte Chill Airne –

Oibreacha comhordaithe

Teach Cúirte Bhiorra

Teach Cúirte Mhainistir na Búille

Teach Cúirte Mhuineacháin Teach Cúirte Charn Domhnach

Teach Cúirte Eochaille Teach Cúirte Chaisil

Teach Cúirte an Chlocháin

Teach Cúirte Chloich na Coillte

Teach Cúirte Dhún Laoghaire

Teach Cúirte an Chlocháin Léith

Teach Cúirte Inis Córthaidh

Teach Cúirte Inis Díomáin

Seomra Rialaithe na gCeithre

Cúirteanna

Teach Cúirte na Gaillimhe

Teach Cúirte Ghuaire

Teach Cúirte Leitir Ceanainn

Teach Cúirte Mhaigh Chromtha

Teach Cúirte an Mhuilinn Chearr

Teach Cúirte Ros Mhic Thriúin

Teach Cúirte Ros Comáin

Teach Cúirte Thiobraid Árann

Teach Cúirte Thrá Lí

Teach Cúirte Thuama

Teach Cúirte Loch Garman

Teach Cúirte Chill Mhantáin

45
Clár Tógála an Gharda Síochána

Staidéar Indéantachta/Ag fáil

Láithreáin/Sracscéim

Ag Céim an Cheada

Pleanála/na Tairisceana etc.

Ar An Láithreán

Tugtha chun críche

Béal Átha an Cheasaigh Iascaigh Fionnghlas Baile Munna

Carraig Thuathail Ail Finn Baile an Mhóta Bóthar Airton, Tamhlacht

Sráid Anraí, Luimneach Carn Domhnach Bun Cranncha Baile Átha Troim

Crois na Rae Dromad Ceanncheathrú an Gharda

Síochána – Oibreacha Siltin

An Baile Gaelach

Tamhlacht Muinseo/Sráid Mhic Giobúin Léim an Bhradáin

Trá Lí

Portlaoise – cóiríocht

shealadach

Sráid Chaoimhín Céim 1

Loch Garman Sráid Chaoimhín Síneadh ar Cheanncheathrú

Rannáin, An Inse

Baile Átha Luain Baile an Chollaigh Cheanncheathrú Rannáin

na hUaimhe

Béal Átha Bhearaigh Oileán Ciarraí Ceanncheathrú an Gharda

Síochána, Balaistíocht

Baingear

Leitir Ceanainn

Ceanncheathrú Rannáin nua na

Gaillimhe

Leitir Móir

An Mám

An Spidéal

Dún na nGall

Aerfort Bhaile Átha Cliath

Cill na Gráinsí (Athbhreithniú á

dhéanamh)

Cill Fhíonáin (mionscrúdú le

déanamh ar an láithreán)

Sord (ag brath ar cheannach

láithreán)

Coláiste an Gharda Síochána, an

Teampall Mór – Ionad Barr Feabhais

(Athbhreithniú á dhéanamh)

Saotharlann Eolaíocht

Fhóiréinseach – Ceanncheathrú an

Gharda Síochána/Dún Muicí

Ceanncheathrú an Gharda

Síochána,Bloc C

Ceanncheathrú an Gharda

Síochána, Pailliún Slí Isteach

Ceanncheathrú an Gharda

Síochána, Bloc N

Clár Chlainne Mhuiris

An Caisleán Riabhach

46
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Institiúidí Cultúrtha/Maoin Oidhreachta/Oibreacha Ilghnéitheacha

Tugtha chun críche Ar an Láithreán Céim Réamhthairisceana Á bhForbairt

An Amharclann Ríoga, Loch Garman

Athfhorbairt

Eastát Farmleigh, Carrchlós agus

Bóthar Rochtana

Músaem an Phiarsaigh, Páirc Éanna

Athchóiriú

Caisleán Phort Omna Uasghrádú na

Cóiríochta & Athchóiriú an Chlóis

Baile Chruaich Ionad Cuairteoirí

Teach Mhucrois Rochtain Uilíoch

Páirc Náisiúnta Mhaigh Eo

Ceanncheathrú Foirne, Lag Dubh

An Leabharlann Náisiúnta Taispeántas

Imeacht na nIarlaí

An Leabharlann Náisiúnta Oibreacha

Athchóirithe

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Feistiú

an Stóir Phictiúr san Urlár faoi Thalamh

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann,

Athfheistiú an tSiopa Leabhar in Eite

na Mílaoise

Athchóiriú an tSeomra Seimineár i

Leabharlann an Ardeaspaig Marsh

Teach Bhaile an Chaisleáin – Slándáil/

Claí Imlíne

An Leabharlann Náisiúnta Taispeántas

Imeacht na nIarlaí

An Leabharlann Náisiúnta Oibreacha

Athchóirithe

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Feistiú

an Stóir Phictiúr san Urlár faoi Thalamh

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann,

Athfheistiú an tSiopa Leabhar in Eite

na Mílaoise

Athchóiriú an tSeomra Seimineár i

Leabharlann an Ardeaspaig Marsh

Teach Bhaile an Chaisleáin – Slándáil/

Claí Imlíne

Ceanncheathrú nua na

Comhairle Oidhreachta i

gCill Chainnigh

Áras an Uachtaráin,

Athchóiriú Thithe

Péitseoige Turner

Gailearaí Náisiúnta na

hÉireann, 5 Sráid Laighean

Theas, Athchóiriú

Diméin Chaisleán Bhiorra,

Athchoimisiúnú Teileascóip

Portach Chlóirthigh Ionad

Cuairteoirí

Ard-Mhúsaem na hÉireann,

Foirgneamh Lárnach nua

Garraithe na Lus Teach Teak

An Leabharlann Náisiúnta

Athchábláil agus Feabhsú

An Leabharlann Náisiúnta

Oibreacha ar an mBealach Isteach

Tosaigh

Tionscadal Dóiteáin, Slándála agus

Soilsithe Gailearaí in Ospidéal

Ríoga Chill Mhaighneann

Tionscadal Soilsithe Sheachtraigh

agus Comharthaíochta sa

Cheoláras Náisiúnta

Soláthar Stóir sheachtraigh

d’Ospidéal Ríoga Chill

Mhaighneann

Áras an Uachtaráin, Ionad

Cuairteoirí

Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann,

Oibreacha inrochtaineachta

An Ceoláras Náisiúnta Oifig Díolta

Ticéad, Balastráidí

Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann

Soláthar Ardaitheoir Saothair

Ealaíne agus Spás Oifige

Ard-Mhúsaem na hÉireann,

Leathnú agus Athchóiriú

Mhúsaem na Staire Nádúrtha

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann,

Athchóiriú Foirgneamh Stairiúil

An Leabharlann Náisiúnta Stór

Nua

Garraithe na Lus Tithe Cachtais,

Lile & Ráithní Foirgneamh

Coimhdeach Nua

Iarsmalann an Phiarsaigh/

Naomh Éanna Athchóiriú an Tí

Geata

47
Aonad na dTionscadal Speisialta

An Phríomhfheirm Taighde Tréidliachta ag Feirm an Bhaile Fhada, Claonadh, Co. Chill Dara. Cuireadh tús le tógáil i mí na

Samhna 2007 agus críochnaíodh í i mí na Nollag 2008.

I mí Aibreáin 2008, críochnaíodh obair thógála ar 6,050m 2 de chóiríocht oifige nua do 250 ball foirne de chuid na Roinne

Talmhaíochta & Bia ag Bacastún, Co. Chill Dara. Bhí an obair sin ar siúl ar feadh 2007.

Go luath in 2008, áitíodh an fhorbairt nua oifige de níos mó ná 4,000m 2 de chóiríocht oifige don Roinn Airgeadais ag 7-9 Rae

Mhuirfean/Na Billéid Mhíleata a críochnaíodh i mí na Nollag 2007.

Críochnaíodh athfhorbairt na hOifige Measúnachta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i rith 2008 agus chuir an Oifig Measúnachta

tús le háitiú an áitribh.

Rinneadh athruithe ar Gheata Thoir Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann ag an mBóthar Míleata in 2008 d’fhonn bealach

isteach níos sábháilte chuig an Ospidéal a chur ar fáil do choisithe agus d’fheithiclí araon; anois tá geataí isteach agus amach

ar leithligh ar fáil d’fheithiclí agus tá geataí do choisithe amháin ag an dá thaobh de.

An tIonad Náisiúnta Comhdhála (NCC). Dámhadh an Conradh don Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí (CPP) i mí

Aibreáin 2007; bhí tógáil an Ionaid ar siúl ar feadh 2008; tá sé beartaithe é a oscailt ar an 1ú Meán Fómhair 2010.

Athfhorbairt Phríosún Mhuinseo. De dhroim athlonnú beartaithe Phríosún Mhuinseo chuig Halla Thornton, thar ceann na

Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, cheap an OOP Foireann Dearaidh d’fhonn Cead Pleanála a lorg

d’athfhorbairt an láithreáin chun a úsáid a bharrfheabhsú agus a luach a uasmhéadú. Ghlac Comhairle Cathrach Bhaile Átha

Cliath Plean Ceantair Áitiúil (LAP) a leagann amach prionsabail Phleanála d’fhorbairt amach anseo i gceantar Bhaile Phib/

Mhuinseo. Is geallsealbhóir príomhúil é an OOP, agus mar sin rinne sé roinnt aighneachtaí faoin bpróiseas LAP i rith 2007 agus

2008. Ní féidir cinneadh a dhéanamh ar straitéis amach anseo do Láithreán Mhuinseo go dtí go ndéanfar dul chun cinn ar Halla

Thornton – níl conradh dáfa don Tionscadal sin fós.

An Ceoláras Náisiúnta – Ar bhonn Cinneadh Rialtais ar an 12ú Aibreán 2006, aontaíodh go soláthróidh an OOP agus an NDFA

athfhorbairt mhór den Cheoláras Náisiúnta trí mheán CPP. I rith 2008, bhí an OOP i gceannas ar bhainistiú an Tionscadail go dtí

gur ullmhaíodh Sonraíochtaí Aschuir agus gur tiomsaíodh Tagarmharc na hEarnála Poiblí. Ina dhiaidh sin, ghlac an NDFA, i

gcomhar leis an OOP, le freagracht as soláthar an Tionscadail. Cuireadh Fógra ar Chomórtas Tairisceana a mbeadh Nós

Imeachta an Idirphlé Iomaíoch i gceist leis in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i mí na Bealtaine 2008. Mar thoradh ar an

bhFógra sin, tá Idirphlé ar siúl le trí Chuibhreannas anois. Beartaítear go gcríochnófar an tIdirphlé agus go gcuirfidh na

Cuibhreannais Tairiscintí ar fáil i mí Iúil 2009. Beartaítear Tairgeoir Tosaíochta a cheapadh go déanach in 2009.

Amharclann na Mainistreach. Shocraigh an Rialtas Amharclann nua na Mainistreach a sholáthar trí mheán Comórtas Dearaidh

Idirnáisiúnta agus an foirgneamh a fhorbairt trí mheán CPP ar láithreán ag Duga Sheoirse laistigh de cheantar Forbartha

Dhuganna Bhaile Átha Cliath. Tá an OOP chun an Comórtas seo a chur chun cinn agus déanfaidh Institiúid Ríoga Ailtirí na

hÉireann (RIAI) maoirseacht air. Beartaítear an Comórtas a lainseáil in 2009.

Bóthar Lansdún – Lean an tAonad ar aghaidh ag cur seirbhís Chomhairleach Theicniúil ar fáil don Roinn Ealaíon, Spóirt &

Turasóireachta faoi athfhorbairt Bhóthar Lansdún go Staidiam le 50,000 suíochán. Mar chuid den phróiseas seo, déanann an

tAonad idirchaidreamh dlúth leis an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta agus leis an gCuideachta comhfhiontair,

Lansdowne Road Stadium Development Ltd. (LRSDC), – a bhunaigh an FAI agus an IRFU chun an athfhorbairt a sholáthar. Táthar

chun an Staidiam a chríochnú i mí Aibreáin 2010.

48
Eaglais Naomh Audeon, Baile Átha Cliath.
Campas Spórt ag Baile an Aba – Cuimseoidh an Campas tacaíocht leighis, taighde agus traenála d’fhorbairt lúthchleasaithe den

chéad scoth, le cois saoráidí riaracháin do na Comhlachtaí Spóirt níos lú agus raon saoráidí eile lena n-áirítear páirceanna imeartha

agus tailte traenála. Tá forbairt an Champais ag Baile an Aba á soláthar ag Údarás Forbartha an Champas Náisiúnta Spórt (NSCDA).

An ról atá ag an OOP i ndáil leis an Tionscadal iomlán ná feidhmiú mar Chomhairleoirí Teicniúla don Roinn Ealaíon, Spóirt agus

Turasóireachta. D’ullmhaigh NSCDA cáipéisí chun go bhféadfaí Iarratas Pleanála a chur isteach do Chéim 1 den Champas; táthar ag

fanacht le formheas na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta sula gcuirfear faoi bhráid Chomhairle Contae Fhine Gall iad. I

gcomhthéacs an Champais iomláin, d’iarr an NSCDA ar Aonad na dTionscadal Speisialta bainistíocht a dhéanamh ar an tionscadal

chun Foras Spóirt na hÉireann a athlonnú chuig a cheanncheathrú nua in iar Fhoirgneamh na Príomhshaotharlainne Rialaithe Feola

i mBaile an Aba. Tá i gceist leis an bhForbairt athruithe a dhéanamh ar leagan amach inmheánach an Fhoirgnimh chun foráil a

dhéanamh d’úsáidí oifige, riaracháin agus foirne, le cois socruithe páirceála leasaithe, deisiúcháin ar an díon etc. a chur ar fáil.

Cuireadh tús le hobair ar an láithreán i mí na Nollag 2008 agus measadh go dtógfadh sé sé mhí leis an obair a chríochnú.

I gcomhairle le NSCDA agus an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, tá socruithe á ndéanamh le hAonad na dTionscadal

Speisialta i láthair na huaire chun cóiríocht a chur ar fáil do na Ceann-Eagraíochtaí Náisiúnta Rialaithe Spóirt trí iar-

Fhoirgneamh Fhoras na Mara a athchóiriú.

Rinne Aonad na dTionscadal Speisialta bainistíocht ar an tionscadal chun an FAI a athlonnú ó Chearnóg Mhuirfean chuig

iar-fhoirgneamh na Saotharlainne Stáit i mBaile an Aba. Tá an FAI ag áitiú a áitribh nua anois, agus tá an t-áitiú sin faoi réir

Léasa idir an NSCDA agus an FAI.

Faoi láthair, cuireann Aonad na dTionscadal Speisialta comhairle ar fáil faoi Thionscadail a dhéantar mar chuid de Chlár Caipitil

Spórt na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta nuair atá Deontas sa bhreis ar €150,000 ceadaithe d’Fhorbairt ar leith.

CPP um Dhílárú go Droichead Átha – Déanfaidh an Tionscadal seo, a sholáthróidh an OOP trí mheán CPP, i gcomhar leis an

NDFA, foráil do dhílárú Cheanncheathrú na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (RGST); cuimseoidh sé saoráidí nua

Cúirte freisin. Fuair an OOP beart láithreán chun na críche sin ó Chomhairle Buirge Dhroichead Átha; fuair an tSeirbhís

Cúirteanna láithreán ó Chomhairle Buirge Dhroichead Átha freisin a bheidh cuimsithe i bhForbairt iomlán lánpháirtithe.

Cé gur thug an Cinneadh ón Rialtas ar an 14ú Deireadh Fómhair 2008 formheas do Thionscadal Díláraithe Dhroichead Átha, táthar

ag fanacht le soiléiriú ón RGST faoi chumraíocht shonrach na nAonad RGST a chuirfear cóiríocht dóibh ar fáil ann. I láthair na huaire,

tá an RGST agus an Roinn Airgeadais ag plé na ceiste sin, agus go háirithe, baill foirne TF an RGST.

Bunóidh an OOP Sonraíochtaí Aschuir agus Tagarmharc Earnála Poiblí nuair a dhéanfaidh an RGST agus an Roinn Airgeadais

líon na foirne RGST a bheidh i gceist a dheimhniú.

Scoil Náisiúnta Coinneála Leanaí – Lusca. Cheadaigh Cinneadh ón Rialtas an 3ú Márta 2008 forbairt Scoil Náisiúnta Coinneála

nua ar Champas Bhaile an Oibricigh ag Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath. Cuirfidh Seirbhís Ceartas Óige na hÉireann (SCÓÉ) maoiniú

ar fáil don Scoil agus déanfaidh Aonad na dTionscadal Speisialta an Tionscadal a bhainistiú thar ceann na Seirbhíse sin. Cuirfidh

“foireann inmheánach” seirbhís dearaidh iomlán, is é sin, seirbhís Ailtireachta, Mheicniúil & Leictreach, Suirbhéireacht Cainníochta

agus Shibhialta/Struchtúr ar fáil. Cuirfear dearadh coincheapa éagsúla faoi bhráid SCÓÉ i mí Eanáir ’09 agus tá sé beartaithe go

mbeidh Sracscéim ar fáil i mí an Mhárta ’09 a bheidh deimhnithe ag SCÓÉ faoi dheireadh mhí Aibreáin.

Beartaítear Iarratas Pleanála, in éineacht le Measúnacht Tionchair Timpeallachta don Tionscadal a thaisceadh i mí Mheán

Fómhair ’09, Tairiscint a eisiúint i lár 2010 agus tús a chur leis an tógáil faoi dheireadh na bliana sin. Meastar go mbeidh

tréimhse tógála 18 mí i gceist. Tá maoiniú breise á chur ar fáil laistigh den NDP chun athchóiriú etc. saoráidí reatha i mBaile an

Oibricigh a éascú. I ndáil leis sin, tá an OOP ag bainistiú tionscadal a bhfuil i gceist leis saoráidí seomraí folctha en-suite a

shuiteáil i dTeach na Tríonóide.

50
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Ba ionann Caiteachas Iomlán Aonad na dTionscadal Speisialta in 2008 agus €33,675,278.

Críochnaithe/Áitithe Ar Siúl Céim Pleanála Tairisceana CPP

Soláthar Cóiríochta don Roinn

Airgeadais ag 7-9 Rae

Mhuirfean

Staidiam nua ag Bóthar

Lansdún

Athfhorbairt Phríosún

Mhuinseo

An tIonad Náisiúnta

Comhdhála

Aistriú Cheanncheathrú an

FAI ó Chearnóg Mhuirfean go

dtí an iar-Shaotharlann Stáit i

mBaile an Aba

Ceanncheathrú nua Fhoras

Spóirt na hÉireann ag Baile

an Aba

Campas Spórt ag Baile an Aba Athfhorbairt an Cheolárais

Náisiúnta

Geataí Ospidéal Ríoga Chill

Mhaighneann

Ionad Náisiúnta Coinneála

Leanaí, Lusca, Co. Bhaile Átha

Cliath do Sheirbhís Ceartas

Óige na hÉireann

Ceann-Eagraíochtaí Náisiúnta

Rialaithe Spóirt, Baile an Aba

Amharclann nua na

Mainistreach

Athfhorbairt na hOifige

Measúnachta, Caisleán Bhaile

Átha Cliath.

Athchóiriú Theach na

Tríonóide do Sheirbhís

Ceartas Óige na hÉireann

RGST/Saoráid Cúirteanna,

Droichead Átha

An Roinn Talmhaíochta & Bia

Saoráid Feirme ag an mBaile

Fada, Claonadh, Co. Chill Dara

Soláthar cóiríocht oifige don

Roinn Talmhaíochta & Bia i

mBacastún.

Feirm an Bhaile Fhada,

Oibreacha Caomhantais

51
An Clár Díláraithe – Foirgnimh Nua-Thógtha

Rinneadh dul chun cinn sásúil in 2008 i ndáil le tionscadail ina raibh tógáil foirgneamh nua ar an rogha tosaíochta chun

cóiríocht a chur ar fáil do Ranna agus d’Oifigí faoi Chlár Díláraithe an Rialtais.

Tugadh obair thógála chun críche i mBaile Átha Luain áit ar cuireadh cóiríocht nua ar fáil don Roinn Oideachais agus

Eolaíochta, i gCill Airne, áit ar cuireadh foirgneamh Ceanncheathrún nua ar fáil don Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta,

sa Chaisleán Nua Thiar, áit a bhfuil baill foirne de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim lonnaithe anois, agus sna Forbacha agus i

mBaile Thiobraid Árann, áit a bhfuil oifigí nua don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus don Údarás Slándála

Príobháidí faoi seach ar fáil anois.

Tugadh an conradh do thógáil Sceall agus Croíleacán Cheanncheathrú nua an OOP i mBaile Átha Troim chun críche freisin.

Cuireadh tús leis an gconradh d’fheistiú an fhoirgnimh i mí na Nollag 2008 agus críochnófar i lár 2009 é.

Ag deireadh 2008, bhí obair thógála beagnach críochnaithe ar an gCeanncheathrú nua don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta

agus Rialtais Áitiúil i Loch Garman agus ar chóiríocht don Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia agus do BIM i gCloich na

Coillte. Bhí dul chun cinn maith déanta ar obair ar an láithreán chun oifigí a chur ar fáil don Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus

Teaghlaigh i mBun Cranncha agus chun Ceanncheathrú nua a chur ar fáil don Roinn Cosanta i nDroichead Nua.

Fuarthas cead pleanála agus bhí forbairt cáipéisí conartha mionsonracha beagnach críochnaithe ag deireadh na bliana

i gcás tionscadal mór CPP a bhfuil i gceist leis Ceanncheathrú nua a thógáil don Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia i

bPort Laoise, Ceanncheathrú nua a thógáil don Roinn Oideachais agus Eolaíochta sa Mhuileann gCearr agus oifigí a chur

ar fáil don Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta i gCeatharlach.

Rinneadh dul chun cinn suntasach i ndáil le roinnt suíomhanna eile lena n-áirítear Baile Ros Comáin (an tÚdarás Clárúcháin

Maoine), inar roghnaíodh tairgeoir tosaíochta agus ina bhfuarthas cead pleanála, Baile Thiobraid Árann (an Roinn Dlí agus

Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí), inar tugadh cáipéisí chun críche agus ina bhfuil siad réidh glacadh le tairiscintí

anois, Clár Chlainne Mhuiris (OOP) agus an Currach (Ceanncheathrú na bhFórsaí Cosanta) ina raibh cáipéisí tairisceana

beagnach críochnaithe agus Baile Chathail (Ceanncheathrú na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) inar iarradh

Léirithe Spéise ó chonraitheoirí ar mhian leo a bheith cuimsithe ar liosta tairisceana go luath in 2009.

Rinneadh dul chun cinn freisin maidir le pleanáil do Cheanncheathrú nua na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh

i nDroichead Átha a chur chun cinn.

52
Caisleán Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath.
Dílárú an OOP

Lean Aonad Díláraithe an OOP ar aghaidh ag déanamh dul chun cinn ar shaincheisteanna a bhaineann le dílárú

ceanncheathrú an OOP go Baile Átha Troim agus an oifig réigiúnach i Clár Chlainne Mhuiris. Cuireadh siar an gné den chlár

a bhain le Ceann Toirc i gCáinaisnéis 2009. Déanfar athbhreithniú ar seo i 2011.

Is é seo a leanas an fráma ama táscach do thabhairt chun críche an dá oifig dhíláraithe de chuid an OOP de réir thuarascáil

an Ghrúpa Feidhmithe Um Dhílárú [DIG]:

Suíomh

Tógáil Tugtha Chun Críche

Ceanncheathrú i mBaile Átha Troim lár 2009

Clár Chlainne Mhuiris 2010

Baile Átha Troim

• Níor aistrigh mórán foireann isteach nó amach ón OOP i rith na bliana. D’aistrigh tromlach an fhoireann a bhí lonnaithe

i mBaile Átha Cliath sna blianta roimh 2008. Tá an cuid eile den foireann lonnaithe faoin tír agus aistrófar iad níos gaire

don dáta athlonnaithe.

• Is é seo a leanas an sceideal de bhaill foirne riaracháin atá i bhfeidhm dár gCeanncheathrú nua i mBaile Átha Troim:

Grád Poist Líon atá Ann

Príomhoifigeach 10 8

Príomhoifigeach Cúnta 26 21

Ardoifigeach Feidhmiúcháin 42 42

Oifigeach Feidhmiúcháin 43 43

Oifigeach Foirne 9 6

Oifigeach Cléireachais 40 26

Iomláin 170 146

Tosóidh an chuid eile den fhoireann riaracháin leis an OOP in 2009.

• Ag deireadh 2008 bhí 72 baill foirne ghairmiúla/theicniúla cláraithe le n-aistriú chuig ceanncheathrú nua an OOP.

Cuimsíonn sé seo 55% den cadre ghairmiúla agus theicniúla.

• Ag teacht ag deireadh 2008 chriochnaíodh bun-struchtúr ceanncheathrún on OOP. Aontaíodh conradh le haghaidh

bunfheistiú agus cuireadh tús leis an obair. Tá an cuid seo den gníomhact ag dul ar aghaidh de réir spriocanna a

leagadh amach.

• I Feabhra osclaíodh réamhoifig i Lárionad Gnó, Baile an Scorlóglaigh, Baile Átha Troim, agus tá 30 daoine lonnaithe

ann anois.

54
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Clár Chlainne Mhuiris

• Mar chuid de Cáinaisnéis 2009 roinneadh clár dílárú Clár Chlainne Mhuiris i ndá chuid. Leanfaidh an céad céim

lena bhfuil 104 poist i gceist ar aghaidh de réir an bunphlean agus leanfaidh an dara chéim le 38 poist in am trátha

(athbhreithniú ar feitheamh i 2011).

• Leasadh chun dáta na cáipéisí treorach chliant chun na hathruithe sa clár a thabhairt san áireamh agus cuireadh

chuig Seirbhísí Bainistíochta Tionscadail an OOP iad ag deireadh 2008. Cuirfear tús leis an tionscadal i 2009.

Baill Foirne Ag Aistriú Amach Go Suímh Dhíláraithe Eile

• D’aistrigh 31 ball foirne [3 in 2008] ón OOP go heagraíochtaí eile atá ag dílárú.

• Tá 2 ball foirne a shínigh comhaontú díláraithe ag fanacht le haistriú ón OOP i láthair na huaire agus iarradh

ar 10 ball foirne eile dearbhú go foirmiúil go bhfuil spéis acu aistriú ón OOP.

• Léirigh 27 ball foirne OOP sa bhreis go raibh spéis acu i ndílárú agus tá siad ag fanacht le forbairtí ar a gcuid iarratas.

Baill Foirne Ag Aistriú Go Poist i mBaile Átha Cliath

• D’fhág 24 ball foirne an OOP agus d’aistrigh siad go Ranna/Oifigí atá bunaithe i mBaile Átha Cliath.

• Faoi láthair, tá 3 ball foirne ag fanacht le haistriú ón OOP go poist i mBaile Átha Cliath – braitheann uainiú scaoileadh

na foirne ar chomhaontú a bheith déanta faoi dháta aistrithe an phearsanra CAF atá chun teacht isteach.

• Mar a aontaíodh le Ceardchumainn, úsáidfear an rogha Is Déanaí Isteach Is Túisce Amach [LIFO] chun líonadh aon

phost neamhghlactha i mBaile Átha Cliath (i.e. poist nach bhfuil aon saorálaithe ann chun glacadh leo) a thairgtear

do phearsanra OOP a éascú.

Baineann dúshláin shuntasacha le dílárú an OOP agus tá aghaidh á tabhairt air fós mar shaincheist ‘ardtosaíochta’.

55
Seirbhísí Ailtireachta

Réamhrá

Cuireann an rannóg ailtireachta in Oifig na nOibreacha Poiblí seirbhís ar cháilíocht rí-ard ar fáil trí sheirbhís dearaidh

ailtireachta chuimsitheach a sholáthar go hoilte don Rialtas agus do chomhlachtaí poiblí eile. Tá siad tiomanta do sheirbhís

den chéad scoth a chur ar fáil dá gcliaint agus don iliomad úsáideoirí poiblí a bhaineann leas as na foirgnimh agus na

timpeallachtaí a chruthaíonn siad.

An fheidhm phríomhúil atá ag Seirbhísí Ailtireachta ná a chinntiú go gcuirtear seirbhísí dearaidh, tógála agus tacaíochta

ar an gcaighdeán is airde ar fáil dá gcliaint. An tsócmhainn is mó atá acu ná a bhfórsa oibre oilte, dinimiciúil a oibríonn chun

feabhas leanúnach a chur ar na dearaí agus ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Trí oibriú go dlúth le Rannóg Innealtóireachta

Struchtúr agus Rannóg Mheicniúil agus Leictreach Aonad Gnó na Seirbhísí Innealtóireachta agus leis an Rannóg Suirbhéireachta

Cainníochta, féadann Seirbhísí Ailtireachta seirbhís ildisciplíneach inmheánach iomlán a sholáthar dá gcustaiméirí.

Ag croílár phríomhphrionsabail an OOP tá an creideamh go mbíonn tionchar díreach ag an ailtireacht agus ag cáilíocht

na timpeallachta ar chaighdeán ár mbeathaí. Lena chois sin, tuigtear go mbíonn an ailtireacht ginte ag riachtanais daoine

– riachtanais ábhartha agus spioradálta araon.

Tá cáil ar Sheirbhísí Ailtireachta mar gheall ar a gcáilíocht agus a ngairmiúlacht, léirithe ag an iliomad dámhachtainí atá

buaite acu. Le blianta beaga anuas, d’fhorbair Seirbhísí Ailtireachta a gcuid eolais agus saineolais sa réimse a bhaineann

le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus leanann siad ar aghaidh ag forbairt a smaointeoireachta agus a

modheolaíochta chun cáilíocht i ndearadh agus i dtógáil a sheachadadh i ndáil leis na bealaí nua soláthair uile. Tá córas

bainistíochta cuimsitheach a bhfuil creidiúnú ISO 9002 aige forbartha ag an rannóg, agus táirgeann sé cuntais bhliantúla

a léiríonn go leanúnach go bhfeidhmíonn Seirbhísí Ailtireachta le barrachas barúlach.

Tá na seirbhísí seo a leanas i measc na seirbhísí a chuirtear ar fáil dár gcustaiméirí:

• Seirbhís iomlán dearaidh agus bainistíochta tógála

• Cúnamh le Breithmheas Caipitil ar thionscadail

• Staidéir agus tuairiscí indéantachta do thionscadail

• Forbairt mionteagasc tosaigh agus mionchruinn

• Seirbhís dearaidh intí

• Comhairle faoi thúschostais tógála agus costais saoil

• Comhairle faoi shaincheisteanna maidir le pleanáil agus rialacháin tógála

• Comhairle faoi shláinte agus sábháilteacht

• Comhairle faoi mhodhanna agus nósanna imeachta caomhantais

• Comhairle faoi rochtain ar an timpeallacht thógtha

• Comhairle faoi dhearadh uirbeach agus tírdhreachú

• Comhairle faoi dhearadh intí atá cruinn ó thaobh na staire de

• Comhairle faoin Scéim um Chéatadán le haghaidh na hEalaíne

56
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Tá saineolas forbartha ag an rannóg i ndáil le roinnt réimsí:

• Cóiríocht oifige nua-aimseartha

• Caomhnú agus athchóiriú maoine oidhreachta

• Foirgnimh phríosúin agus áiteanna coinneála

• Foirgnimh an Gharda Síochána

• Tithe Cúirte

• Saotharlanna

• Oifigí Leasa Shóisialaigh

• Stáisiúin an Gharda Cósta

• Oifigí Poiblí agus Ranna Rialtais

• Áiseanna do Chuairteoirí ag láithreáin oidhreachta

• Dearadh Taispeántas

• Rochtain Uilíoch

• Dearadh Inbhuanaithe

• Dearadh Uirbeach

Athbhreithniú ar Sheirbhísí Ailtireachta

I mí an Mhárta 2008, rinne Seirbhísí Ailtireachta athbhreithniú straitéiseach ar fheidhmiú a seirbhísí trí mheán sraith

ceardlann éascaithe i gCill Chainnigh. An cuspóir leis na ceardlanna ná tograí praiticiúla a fhorbairt chun nósanna imeachta

agus struchtúir leasaithe a chur i bhfeidhm roimh dhílárú na príomhoifige chuig Baile Átha Troim, Co. na Mí.

Ba léir go dtarlódh athruithe mar gheall ar athlonnú na Ceanncheathrún, agus mar sin, d’aithin na Seirbhísí Ailtireachta

gníomhartha a mbeadh gá leo chun leanúnachas a ngníomhaíochtaí lárnacha a chinntiú. Ceann de na príomh-ghníomhartha

a aithníodh ná an gá le solúbthacht bhreise maidir le cruthú foirne tionscadail, tacaithe ag córais fheabhsaithe TF agus ag

socruithe oibre níos solúbtha. Úsáidfidh na Seirbhísí Ailtireachta córais agus struchtúir nua chun úsáid níos fearr a bhaint

as a gcuid acmhainní ó thaobh leithdháilte, dáilte ualaigh agus freagrúlacht mhéadaithe de trí acmhainní a mheaitseáil

le héileamh agus trí dhaoine a shannadh do thionscadail in ionad do dhaoine eile.

Cé go roinnfear an tSeirbhís idir dhá láithreán ar dtús, Baile Átha Cliath agus Baile Átha Troim, déanfar foireann uile na

Seirbhísí Ailtireachta a mheas mar acmhainn amháin.

An Punann Tionscadal

In 2008, thug Seirbhísí Ailtireachta tosaíocht do Chlár Díláraithe an Rialtais arís. Mar chuid den Chlár, bhí ar an bhfoireann

ailtireachta raon leathan gníomhaíochtaí a dhéanamh, ó mheasúnuithe tosaigh ar láithreáin, ar aghaidh trí na céimeanna

uile, chuig monatóireacht a dhéanamh ar thógáil ar an láithreán. Lean Seirbhísí Ailtireachta ar aghaidh lena ról comhordaithe

i ndáil leis na hAonaid Ghnó ábhartha agus ghlac siad páirt phríomhúil a) i bhforbairt leanúnach mionteagasc ó chliaint,

b) i dtáirgeadh cáipéisí, eagrú tairiscintí agus meastóireacht ar aighneachtaí lena n-áirítear CPPanna agus c) in ullmhú

riachtanais chóiríochta na réamhfhoirne agus na ndaoine a bhí ag bogadh go luath mar chuid den Chlár, de réir mar ba ghá.

57
Is iad seo a leanas roinnt de na tionscadail shuntasacha a críochnaíodh in 2008:

• Dílárú – Ceanncheathrú an OOP, sceall agus croíleacán, Baile Átha Troim

• Dílárú – Oifigí do na Coimisinéirí Ioncaim, Sráid an Easpaig, An Caisleán Nua Thiar

• Dílárú – an Roinn Ealaíon, Spóirt & Turasóireachta, Cill Chainnigh

• Dílárú – Oifigí ag na Forbacha don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

• Dílárú – Feistiú na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Uaimh

• Dílárú – na Coimisinéirí Ioncaim, Feistiú, Cora Droma Rúisc

• An Amharclann Ríoga, Loch Garman

• Ionad Sábháilteacht Bia, Campas Bhacastúin – Cill Droichid, Co. Chill Dara

• Athchóiriú Fheirm Thurgnamhach an Bhaile Fhada

• Oifig Leasa Shóisialaigh Bhaile Munna, Baile Átha Cliath

• Ceanncheathrú Rannach an Gharda Síochána, Baile Munna, Baile Átha Cliath

• Stáisiún na nGardaí, An Baile Gaelach, Baile Átha Cliath.

• Ceanncheathrú Gardaí Cathrach Léim an Bhradáin, Bóthar an Stáisiúin, Léim an Bhradáin

• Ceanncheathrú Rannach an Gharda Síochána, Clár Chlainne Mhuiris

• Oifig do Sheirbhísí Promhaidh, Margadh an Fhéir, Margadh na Feirme

• An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, Béal an Átha

• Teach Cúirte Bhaile Bhlainséir

• Teach Cúirte Dhurlais

• Teach Cúirte Bhaile Átha Fhirdhia

• Athchruthú Gharraithe Baile Theach Rothe

• Trust, Cill Chainnigh

• Garraithe Foirmiúla Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann – céim dheireanach

• Tírdhreachú Charrchlós nua Farmleigh

• Ionad Cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Mhaigh Eo

• Iarsmalann an Phiarsaigh, Páirc Éanna, Ráth Fearnáin

• Iarsmalann na gCoimisinéirí Ioncaim

58
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD)

I rith 2008, bhí clár CPD na Seirbhísí Ailtireachta dírithe go príomhúil ar fhorbairt bhreise scileanna foirne sna réimsí

de Rialacháin Sláinte agus Sábháilteachta, Rátáil Fuinnimh Foirgneamh agus leasú Soláthair Tógála.

Fuair cúigear ball foirne Ailtireachta déag oiliúint ceadaithe ag an RIAI i ndáil le “Project supervisor for the Design Process”.

Bhí an cúrsa seo, le cois oiliúint Sláinte & Sábháilteachta eile a cuireadh ar bhaill foirne roghnaithe, ina ghné thábhachtach de

fhreagairt na Seirbhísí Ailtireachta do na rialacháin Sláinte & Sábháilteachta nua do Thógáil a tugadh isteach i mí na Samhna

2006. Chuir teagascóir na Seirbhísí Ailtireachta féin, atá cáilithe ag FÁS, oiliúint leanúnach Pas Sábháilte agus athnuachan

cártaí Pas Sábháilte ar fáil. Bhí baint ag foireann bhuan Seirbhísí Ailtireachta le cur i bhfeidhm na nósanna imeachta nua i

ndáil le Fruiliú Sainchomhairleoirí agus Cineálacha nua Conarthaí. D’fhreastail baill foirne roghnaithe de chuid na Seirbhísí

Ailtireachta ar chúrsaí oiliúna a bhain le Rátáil Fuinnimh Foirgneamh (BER) agus oiliúint do Mheasúnóirí freisin.

Is iad seo a leanas roinnt de na himeachtaí CPD agus eile a rinneadh in 2008:

• Oiliúint CAD bhreise don fhoireann faoi chórais samhaltaithe faisnéis tógála agus pacáistí bogearraí bainteacha.

• Deisiú Struchtúrach Foirgneamh Stairiúil, Gaibhneacht Iarainn Stairiúil, Seirbhísí i dTithe Stairiúla, Deisiú Siúinéireachta

Stairiúla, agus Caomhnú & Athchóiriú Bric-oibre i gcomhar le hIontaobhas Cathartha Bhaile Átha Cliath.

• Imeacht um Bainistíocht Tionscadal Caomhantais urraithe ag an gCumann Dlí.

• Beartas Comhshaoil Eorpach & Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí.

• Bainistíocht Tírdhreacha Chultúrtha, Tírdhreachú agus an Chathair chomhaimseartha agus bailte stairiúla na hÉireann.

• Cúrsa faoi bhainistíocht tionscadal sa Timpeallacht Thógtha reáchtáilte ag an RIAI.

• Lean cuideachtaí le creidiúnú cuí maidir le Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (RIAI nó RIAB) ar aghaidh ag tabhairt

Láithreoireachtaí Teicniúla agus Trádála éagsúla do bhaill foirne Ailtireachta ag am lóin i rith 2008.

Chlúdaigh na láithreoireachtaí téamaí cosúil le: Insliú Seachtrach, Buainteoireacht Báistí, Córais Díonta Glasa, Bainistíocht

Dramhaíola, Moirtéil Aoil Thraidisiúnta a Úsáid, Córais Ghloinithe.

An Clár Oiliúna do Chéimithe

• Tá 29 céimí , atá ag oibriú i 6 Rannóg de chuid na Seirbhísí Ailtireachta agus na Rannóige Cothabhála Maoine ag glacadh

páirte i gcomh Chlár an RIAI/OOP um Oiliúint do Chéimithe Ailtireachta.

• Cuireann an clár oiliúna ar chumas céimithe Ailtireachta an taithí phraiticiúil a fháil a bhfuil gá léi chun scrúdú Chuid 3

RIAI/OÉ i gCleachtas Gairmiúil a dhéanamh. San iomlán, d’fhreastail 25 céimí ar an tsraith léachtaí RIAI/OÉ in 2008. Rinne

4 díobh sin an scrúdú OÉ agus chuir 15 díobh iarratas isteach leis an scrúdú RIAI a dhéanamh.

• Tá méadú tagtha ar an éileamh ar Chlár na gCéimithe le blianta beaga anuas agus mheall sé céimithe ailtireachta den

chéad scoth. Ní hamháin go gcuireann na céimithe Ailtireachta seo go mór le haschur oibre na hoifige, ach cuireann siad

feabhas ar thimpeallacht chruthaitheach, dhinimiciúil na Seirbhísí Ailtireachta freisin.

59
Caomhantas

Bhí baint ag Aonad Caomhantais na Seirbhísí Ailtireachta le caomhnú agus athchóiriú Maoine Stairiúla, Institiúidí

Cultúrtha agus Struchtúr Cosanta eile a úsáidtear gach lá. Bhain na tionscadail sin le hoibreacha ar fhoirgnimh aonair

agus ar choimpléisc shuntasacha foirgneamh cosúil le Tithe an Oireachtais agus Tithe an Rialtais agus na Ceithre Cúirteanna.

Chun a chinntiú go gcaomhnófaí fabraic stairiúil foirgneamh cosúil le Teach Laighean, ceann de na tithe ochtú haois déag is

tábhachtaí, is íocónaí in Éirinn, rinneadh a lán taighde ar gach gné den fhoirgneamh le sain-chaomhnóirí agus le comhlachtaí

taighde cosúil le Cartlann Ailtireachta na hÉireann chun go bhféadfaí clár oibreacha a chur i bhfeidhm do na foirgnimh

seo a choinneodh suntas stairiúil na bhfoirgneamh ach a chomhlíonfadh caighdeáin nua-aimseartha maidir le seirbhísí,

sábháilteacht dóiteáin agus inrochtaineacht. Bhí baint ag Seirbhísí Ailtireachta le hathchóiriú tírdhreach agus garraithe

stairiúla cosúil le diméinte Theach Bhaile an Chaisleáin, Cúirt Ioma agus Gairdíní Altamont. Tugadh oibreacha athchóirithe

chun críche ag an iar-Phálás Easpaig, Cill Chainnigh, Na Billéid, 7-9 Rae Mhuirfean agus Leabharlann an Ardeaspaig Marsh

ag cur cóiríocht oifige agus seimineáir ar fáil.

Cuireadh sainchomhairle chaomhantais ar fáil sna haonaid ghnó uile chun a chinntiú go gcaomhnófaí oidhreacht an

Stáit agus punann na maoine stairiúla agus go gcuirfí i láthair de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde iad. Chun é sin

a bhaint amach, comhoibríonn an OOP le gníomhaireachtaí éagsúla Stáit, ollscoileanna agus comhlachtaí eile chun taighde

a dhéanamh ar ábhair a bhaineann go díreach le caomhnú phunann struchtúr cosanta an Stáit. Clúdaíonn an taighde sin

raon leathan ábhar, ó bheartas caomhantais idirnáisiúnta go modhanna chun ábhair a chaomhnú. Cuimsíonn sin comhoibriú

leanúnach ar raon tionscnaimh taighde caomhantais, lena n-áirítear:

• Bunachar Sonraí a fhorbairt ar Fhoinsí de Chloch Thógála agus Cairéil i gcomhar le Suirbhéireacht Geolaíochta

na hÉireann.

• Taighde ar shamplaí Éireannacha de staighrí cloiche starrmhaide i gcomhar le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

• Creat a fhorbairt do Bhreithmheas Tábhachta Cultúrtha i gcomhpháirtíocht le Scoil na hAiltireachta, An Coláiste Ollscoile,

Baile Átha Cliath.

• Taighde ar Oiriúnacht Adhmad Sonrach do Dheisiú Siúinéireachta i bhFoirgnimh Stairiúla i gcomhar le English Heritage.

• Taighde ar ghluaiseacht Aeir laistigh de Chuasa Foirgneamh i gcomhar le English Heritage.

• Páirt a ghlacadh i staidéar Eorpach ar Chóireálacha atá ar fáil chun Saothar Stairiúil Iarainn a Chaomhnú.

Forbairt Inbhuanaithe agus Rochtain Uilíoch

Lean Seirbhísí Ailtireachta orthu ag forbairt a straitéise d’fhorbairt inbhuanithe agus rochtain uilíoch in 2008, agus bhain

siad leas leanúnach as a saineolas i ndáil le hiniúchtaí ar inrochtaineacht agus uasghrádú foirgneamh poiblí, de réir mar

a cheanglaítear in Acht Míchumais 2005.

60
An Main Guard, Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann.
Dámhachtainí

• Dámhachtainí Ailtireachta na hÉireann RIAI 2008 d’Fhorbairt na Roinne Airgeadais ar Rae Mhuirfean i gcomhar

le Grafton Architects

• Dámhachtainí Ailtireachta agus Tógála OPUS Bhanc na hÉireann 2008 d’Áras Ceoldrámaíochta Loch Garman i gcomhar

le Keith Williams Architects.

• Dámhachtain Tírdhreacha Uirbigh Náisiúnta na mBailte Slachtmhara do Gharraithe Theach Rothe

Foilseacháin

• Architecture Ireland Aibreán 2008 An Roinn Airgeadais, Forbairt Rae Mhuirfean

• Architecture Ireland Nollaig 2008 An Roinn Airgeadais, Forbairt Rae Mhuirfean

• Architecture Ireland Nollaig 2008 Áras Ceoldrámaíochta Loch Garman

• Architects’ Journal Deireadh Fómhair 2008 Áras Ceoldrámaíochta Loch Garman

• RIBA Journal Deireadh Fómhair 2008 Áras Ceoldrámaíochta Loch Garman

• Plan Samhain 2008 Áras Ceoldrámaíochta Loch Garman

• Irish Arts Review Geimhreadh 2008 Áras Ceoldrámaíochta Loch Garman

• Architecture Ireland Bealtaine 2008 – alt faoi Ionad na hÉireann um Fhaisnéis Chúnaimh.

• Construct Ireland Eanáir 2009 – alt faoi na hOifigí Sábháilteacht Bia, Co. Chill Dara.

• Irish Times Meitheamh 2008 – alt le Frank McDonald faoin bPÁLÁS EASPAIG i gCill Chainnigh

• Leasaíodh agus athphriontáladh “Woodspec – a guide to designing, detailing and specifying timber in Ireland” in 2008.

Taighde, Grúpaí Teicniúla, Coistí Stiúrtha agus Láithreoireachtaí

• Beartas an Rialtais ar Ailtireacht

• Seirbhísí comhairle don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoi sholáthar poiblí glas

• Láithreoireacht curtha faoi bhráid an Chomhchoiste Oireachtais ar an gComhshaol

• Tascfhórsa Inbhuanaitheachta an RIAI

• Ghlac páirt i gComhdháil Inbhuanaitheachta Ailtireacht Éireann

• Ghlac páirt sa Ghrúpa Oibre Idir-Rannach ar an bPlean Gníomhaíochta um Thaisteal agus Iompar Inbhuanaithe d’Éirinn

• Láithreoireacht ag Fóram an Uachtaráin ar MÍCHUMAS – ROCHTAIN AGUS DEARCAÍ in Áras an Uachtaráin

• Ghlac páirt i mBord Formheasa na Dámhachtana Míchumais Náisiúnta ‘Feabhas trí Inrochtaineacht’

• Ghlac páirt sa Ghrúpa Oibre Idir-Rannach ar an bPlean Gníomhaíochta um Thaisteal agus Iompar Inbhuanaithe d’Éirinn

• Cathaoirleach ar Thascghrúpa Inniúlachta an RIAI

• Ball den Bhord Oideachas Ailtireachta don Institiúid Ríoga Ailtirí

• Scrúdaitheoir Seachtrach OÉ/UCD don Bhord um Scrúduithe i gCleachtas Gairmiúil

• Léacht d’Ailtirí Ollannacha in Amstardam

• Léacht do Chumann Ríoga na nAiltirí Uladh i mBéal Feirste

• Léachtaí i Scoileanna Ailtireachta Éireannacha (WIT, UCD, DIT)

62
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Gníomhaíochtaí Eile

• Ghlac páirt i gCoiste Conarthaí Tógála an Rialtais

• Ghlac páirt i Sainghrúpa Sheirbhís Ceartas Óige na hÉireann a bunaíodh chun áiseanna coinneála reatha a athfhorbairt.

• Chuir comhairle ar fáil faoi thírdhreachú stairiúil, agus faoi dhearadh agus cothabháil tírdhreach inbhuanaithe nua,

lena n-áirítear rannchuidiú le Plean Bithéagsúlachta an OOP

• Chomhoibrigh le hÚdaráis Áitiúla ar Dhearadh Uirbeach

• Cathaoirleach ar mheasúnóirí Dámhachtainí Ailtireachta agus Tógála OPUS

• Ghlac páirt i bhfeachtas ‘Simon Open Door’ an RIAI

• Choimisiúnaigh agus rinne taighde chun taobhanna istigh atá cruinn ó thaobh na staire de a chur ar fáil i maoine stairiúla

atá á mbainistiú aige.

• Iniúchtaí Alt 482 don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil

• Thug an OOP tacaíocht oifigiúil do EASA2008, Comhthionól Mac Léinn Ailtireachta na hEorpa [EASA] a tháinig chuig

Leitir Fraic, Éire i mí Lúnasa 2008. Ba é téama an chomhthionóil Adaptation. Is comhthionól bliantúil de 400 mac léinn

agus gairmí óg ailtireachta é EASA. An aidhm leis an eagraíocht ná comhoibriú idir daltaí agus gairmithe óga ó níos mó

ná daichead tír Eorpach a chur chun cinn trí mheán ceardlanna ailtireachta, léachtaí, comhdhálacha, díospóireachtaí

agus taispeántas. Chuir an OOP Halla Naomh Pádraig ag Caisleán Bhaile Átha Cliath ar fáil don fháiltiú tosaigh ar Dé

Domhnaigh, an 10ú Lúnasa 2008, d’éascaigh sé cuairt suas le 400 cuairteoir ar Chluain Mhic Nóis ar Dé Máirt, an 12ú

Lúnasa 2008 agus cuirfidh sé an tAitriam ar fáil do thaispeántas a rinne cur síos ar an imeacht i mí Eanáir 2009.

• Lean siad orthu ag cur comhairle ar fáil agus ag éascú an choimisiúnaithe de shaothair ealaíne faoin Scéim um Chéatadán

le haghaidh na hEalaíne.

63
Seirbhísí Innealtóireachta

Le linn 2008, cuireadh raon leathan seirbhísí innealtóireachta ar fáil sna réimsí sibhialta, meicniúla & leictreacha agus

hidriméadracha mar chuid de chlár oibre na Seirbhísí Innealtóireachta féin agus clár oibre Aonaid Ghnó eile de chuid Oifig

na nOibreacha Poiblí. Féadtar na seirbhísí sin a roinnt ina ndá chuid – gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistíocht riosca

tuilte agus gníomhaíochtaí a bhaineann le maoin.

Bainistíocht Riosca Tuilte

Rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le cur i bhfeidhm an-chuid de na cláir a chuireann bonn faoin bpolasaí náisiúnta

tuile agus leanadh ar aghaidh leis an bpróiseas chun na baill foirne bhreise a earcú atá ag teastáil chun é a chur i bhfeidhm.

San iomlán, ba ionann caiteachas an OOP ar chláir um bainistíocht riosca tuilte agus €24.879M in 2008. Déantar achoimre

ar na forbairtí príomhúla anseo thíos.

Clár Nuashonraithe na Staidéar Tuilte (FSU)

An cuspóir leis an gclár FSU ná tacair shonraí, teicnící agus modheolaíochtaí feabhsaithe a chur ar fáil chun sreabha tuilte

a mheas.

I rith 2008, críochnaíodh staidéar taighde amháin de chuid an chláir, leanadh ar aghaidh le cúig staidéar ó 2007 agus

coimisiúnaíodh ceithre staidéar nua.

Sa dara leath de 2008, cuireadh tús le hobair ar an bpleanáil agus an tsonraíocht a bhfuil gá leo chun na haschuir FSU a

fhoilsiú agus a scaipeadh; beidh na haschuir sin ar fáil mar fheidhmchlár gréasáin ar líne. Díreoidh an Clár ar an réimse sin

in 2009.

Sheol an OOP príomh aschuir na hoibre taighde déanta ag Met Éireann don FSU – samhaltú Doimhneacht-Aga-Minicíocht

Báistí – ag an gComhdháil Náisiúnta Hidreolaíochta i mí na Samhna 2008.

Clár um Athbhreithniú Straitéiseach Hidri-Mheitéareolaíoch

Is iad cuspóirí an chláir seo riachtanais fhadtéarmacha i ndáil le sonraí hidri mheitéareolaíocha a bhaineann le tuile in Éirinn

a aithint agus bonneagar a phleanáil agus a chur i bhfeidhm a fhreastalóidh ar na riachtanais sin.

I mí an Mheithimh 2008, críochnaíodh tuairisc sainchomhairleora a rinne anailís ar bhonneagar bailithe sonraí

hidriméadracha an Stáit agus a rinne moltaí faoi conas feabhas a chur air.

Tá straitéis um moltaí na tuairisce a chur i bhfeidhm á hullmhú i láthair na huaire. Cuirfear an obair seo i gcrích le cabhair

ó na heagraíochtaí eile a raibh baint acu le hullmhú na tuairisce agus leis an gclár náisiúnta monatóireachta, is iad sin an

Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Met Éireann agus Foras na Mara.

An Clár Taighde agus Forbartha

An cuspóir leis an gclár seo ná freastal ar riachtanais atá agus a bheidh ann i ndáil le faisnéis, eolas agus modheolaíochtaí

dea-chleachtais i ngach gné de bhainistíocht riosca tuilte chun tacú le feidhmiú éifeachtúil, éifeachtach an pholasaí náisiúnta

bainistíochta tuilte.

64
oop thuarascáil

bhliantúil

08

In 2008, bhí an Clár Oibre seo dírithe go príomhúil ar theagmháil fhoirmiúil a bhunú le cláir taighde bainteach le tuile i

dtíortha eile, a chabhródh an OOP le forbairt agus le cur i bhfeidhm a chláir oibre taighde féin. Bhí na nithe seo a leanas

san áireamh air sin:

• Mar chomhpháirtí in ERA-NET CRUE, cuibhreannas de mhaoinitheoirí taighde ar bhainistíocht riosca tuilte urraithe

ag an AE, ghlac an OOP páirt ghníomhach i dtograí do thionscadail taighde faoin ábhar “Pobail le hAthléimneacht

i ndáil le Tuilte – Iarmhairtí Tuilte a Bhainistiú”.

• Bhí an OOP ar cheann de chómhaoinitheoirí an 2ú timthriall den Chuibhreannas um Thaighde ar Bhainistíocht Riosca

Tuilte, cuibhreannas d’ollscoileanna sa RA a oibríonn i gcomhar le chéile ar chlár taighde lánpháirtithe sa réimse de

bhainistíochta riosca tuilte.

An Clár um Réamhaisnéis & Rabhadh Tuilte

Go dtí seo, bhí an clár dírithe ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm córais réamhaisnéis tuile i suíomhanna sonracha.

Suiteáladh córais sa tSiúir agus san Abhainn Mhór le linn chur i bhfeidhm scéimeanna faoiseamh tuilte i gCluain Meala,

i Mala agus i Mainistir Fhear Maí a bhíonn ag brath ar rabhadh faoi thuilte a fháil chun bheith in ann feidhmiú. Tá na córais

á bhforbairt fós, agus beartaítear comhéadan úsáideora ‘éasca le húsáid’, slán, gréasán bhunaithe a fhorbairt.

Go déanach in 2008, cuireadh tús le hullmhúcháin d’athbhreithniú straitéiseach ar roghanna do sheirbhís náisiúnta

um Réamhaisnéis agus Rabhadh Tuilte.

An Clár um Práinnfhreagairt do Thuile a Fhorbairt

An cuspóir leis an gClár seo ná forbairt agus cur i bhfeidhm pleananna éifeachtúla práinnfhreagartha agus athshlánaithe

do thuilte ag na hÚdaráis Áitiúla a chur chun cinn chun iarmhairtí tuilte agus an dochar déanta acu a íoslaghdú.

In 2008, chomhoibrigh an OOP leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (RCORA) chun dréacht

cháipéisí Treorach agus Prótacail a cheapadh le bheith úsáidte i ndáil le cur i bhfeidhm an Chreata Náisiúnta le haghaidh

Mór-Éigeandálaí a Bhainistiú. Cabhróidh na cáipéisí sin leis na hÚdaráis Áitiúla, agus le heagraíochtaí práinnfhreagartha

bainteacha, práinnfhreagairt do thuilte a phleanáil. Tá dréachtaí díobh ar fáil le haghaidh comhairliúcháin ar láithreán

gréasáin an Ghrúpa Stiúrtha Náisiúnta um Mór-Éigeandálaí a Bhainistiú.

Mar chomhpháirtí sa Tionscadal EU NOAH, bhí baint ag an OOP le hinfheidhmeacht córas bogearraí cinnteoireachta

a forbraíodh faoi NOAH a thástáil i bpobail sách beag in Éirinn. Bhí i gceist leis sin oibriú le roinnt Údarás Áitiúil agus le

heagraíochtaí práinnfhreagartha eile in 2008 chun an córas a thástáil agus a mheasúnú. Eiseofar an tuairisc deiridh ar

an bhféidearthacht an córas a chur i bhfeidhm in Éirinn in Earrach 2009.

An Clár Mapála Guais Tuilte

An aidhm leis an gclár seo ná talamh a mbaineann riosca tuile léi a aithint agus an fhaisnéis sin a scaipeadh chun cur ar

chumas an phobail agus geallsealbhóirí eile cinntí eolacha a dhéanamh i ndáil le bainistíocht riosca tuilte agus forbairt.

Rinneadh láithreán gréasáin an OOP um Mapáil Guais Tuilte, www.floodmaps.ie, a seoladh in 2006, a fheabhsú agus a

nuashonrú in 2008 le sonraí nua faoi thuilte. Táirgeadh bróisiúr agus ceistneoir chun cabhrú le hÚdaráis Áitiúil sonraí tuilte

a ghabháil is féidir iad a thaispeáint ar an láithreán gréasáin.

65
Faoiseamh Tuile na Dothra le Staidiam Bhóthar Lansdún.
oop thuarascáil

bhliantúil

08

An Clár Measúnachta agus Bainistíochta Riosca Tuilte (FRAM)

An cuspóir leis an gclár seo ná Pleananna Bainistíochta Riosca Tuilte (FRMPanna) a fhorbairt do cheantair ar fud na tíre inar

aithníodh riosca suntasach tuilte. Saineoidh na pleananna sin na rioscaí atá ann agus atá intuartha agus tograí do bhainistiú

na rioscaí sin ar bhealach inbhuanaithe, lánpháirtithe, réamhghníomhach, iomlánaíoch.

Is iad seo a leanas na tionscadail atá ar siúl faoin gClár seo i láthair na huaire:

• Dobharcheantar na Laoi: Táirgeadh dréacht léarscáileanna tuile a chuirfear ar fáil le haghaidh comhairliúchán poiblí

go luath in 2009, i dteannta bearta molta do bhainistiú riosca tuilte.

• Dobharcheantar na Dothra: Forbraíodh dréacht léarscáileanna tuile agus bearta bainistíochta riosca don staidéar seo

a bhí maoinithe ag an OOP, agus cuirfear ar fáil le haghaidh comhairliúchán poiblí iad go luath in 2009.

• Tulach Mhór: Rinne an OOP an staidéar logánta seo go hinmheánach agus críochnaíodh in 2008 é. Táirgeadh

léarscáileanna tuile agus tuairisc a rinne dul chun cinn ar bhearta faoisimh.

• Dobharcheantar na Siúire: Tosaíodh an staidéar seo i lár 2007 agus tá sé ar siúl fós. Beartaítear an plean a tháirgfear

mar thoradh ar an staidéar seo a chur ar fáil le haghaidh comhairliúchán poiblí in 2010.

• Fine Gall/Oirthear na Mí Ceapadh sainchomhairleoirí don staidéar seo in Earrach 2008.

Forbraíodh agus aontaíodh straitéis cur i bhfeidhm do chur i gcrích náisiúnta an chláir FRAM. Cuirfear tús leis an bpróiseas

soláthair go luath in 2009 agus beartaítear léarscáileanna tuile agus pleananna bainistíochta riosca tuilte a chríochnú faoi

nó roimh spriocdhátaí Threoir ‘Tuilte’ an AE.

Ba bheag nár críochnaíodh dréacht tosaigh den Réamh-Mheasúnacht Riosca Tuilte (cleachtadh um riosca náisiúnta a

scagadh chun ceantair a mbaineann riosca suntasach féideartha leo a aithint d’fhonn Staidéir FRAM a dhíriú orthu amach

anseo) in 2008.

Réamhaisnéis agus Rabhadh Tuilte

Tá córais réamhaisnéise tuilte curtha i bhfeidhm ar na h-aibhneacha, An tSiúir agus An Abhainn Mhór i dtaobh scéimeanna

faoiseamh tuilte i gCluain Meala, i Mala agus i Mainistir Fhear Maí atá ag brath ar réamhaisnéis tuilte. Tá mionleasaithe

ar na córais seo ar siúl go leanúnach, forbairt ar chomhéadan úsáideora atá easca le n-úsáid agus slán san áireamh.

Bainistíocht Pleanála & Forbartha

I mí Mheán Fómhair 2008, foilsíodh dréacht Treoirlínte faoin gCóras Pleanála agus faoi

Bhainistíocht Riosca Tuilte le haghaidh comhairliúcháin. Táirgeadh iad mar chuid de

thionscadal a stiúir an OOP agus a rinneadh i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil,

Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Is cloch mhíle an-suntasach iad na treoirlínte maidir

le cur i bhfeidhm bheartas nua an Rialtais i leith tulcaíola, go háirithe maidir le

seachaint agus bainistíocht rioscaí féideartha amach anseo, rud atá riachtanach

d’fhorbairt inbhuanaithe in Éirinn.

67
Córais um Bearta a chur in Ord Tosaíochta

Forbraíodh creat um bearta bainistíochta tuilte a chur in ord tosaíochta faoi Staidéar Measúnachta agus Bainistíochta

Riosca Tuilte na Laoi, agus tá sé á thástáil i láthair na huaire.

Bunachar Sonraí Sócmhainní & Clár Bainistíochta

Forbraíodh bunachar sonraí sócmhainní cosanta mar chuid den Staidéar Measúnachta agus Bainistíochta Riosca Tuilte do

Dhobharcheantar na Laoi, Corcaigh agus faoi láthair tá úsáid á baint as i Staidéir FRAM i gceantair eile.

An Clár um Scéimeanna Faoiseamh Tuilte

Tá clár an OOP um Scéimeanna Faoiseamh Tuilte ar siúl go leanúnach ó 1995. Déantar scéimeanna i gcomhar leis na húdaráis

áitiúla ábhartha. De ghnáth, déantar oibreacha faoin Acht Siltin Airtéirigh 1945 agus faoin Acht Siltin Airtéirigh (Leasú) 1995

cé go ndearna údaráis áitiúla roinnt céimeanna de scéimeanna faoi na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt le blianta beaga

anuas. I roinnt cásanna, thug an OOP maoiniú díreach d’Údaráis Áitiúla chun cur ar a gcumas oibreacha faoiseamh tuilte

a dhéanamh. Ba ionann an caiteachas ar oibreacha tógála in 2008 agus thart ar €18 milliún. Is iad seo a leanas na

mórscéimeanna a bhí ar siúl:

Mala (Thuaidh): Cuireadh tús le hoibreacha tógála i mí an Mhárta 2008. Cuimsíonn na hoibreacha sin tógáil ballaí agus

claífort nua, athrú ballaí atá ann agus ísliú leibhéil talún ag Droichead Mhala, agus stáisiúin phumpála agus lintéir nua

ar Shruth an Spá. Tá i gceist leis an scéim roinnt cosaintí in-díshuite a chur ar fáil freisin a bheidh foireann na Comhairle

in ann a chur suas le linn tuilte. Tá dearadh mionchruinn na Scéimeanna ar thaobh theas na habhann ar siúl anois.

Cluain Meala (Thiar): Cuireadh tús le conarthaí do chlaífoirt, do chosaintí in-díshuite agus d’oibreacha tógála innealtóireachta

i mí Aibreáin 2008 agus beartaítear go mbeidh siad ar siúl ar feadh 18 mí.

Cluain Meala (Thuaidh & Thoir): Ceapadh Innealtóirí Comhairleacha agus tá siad ag obair ar an dearadh agus ar oibreacha

suirbhéireachta bainteacha i láthair na huaire.

Inis (Uachtarach): Cuireadh tús le hoibreacha tógála i mí an Mheithimh 2008 agus beidh formhór díobh críochnaithe i mí

Mheán Fómhair 2009.

Inis (Íochtarach): Ceapadh Innealtóirí Comhairleacha agus tá siad ag obair ar an dearadh agus ar oibreacha suirbhéireachta

bainteacha i láthair na huaire.

An Dothra: In 2008 leanadh ar aghaidh le hoibreacha a tosaíodh i mí Mheán Fómhair 2007. Tógadh ballaí tuile fada ar an dá thaobh

den abhainn chun tulcaíl ó Abhainn na Dothra a mhaolú sa cheantar idir Páirc Shíol Bhroin agus staidiam Bhóthar Lansdún.

Léim an Bhradáin: Tugadh na cosaintí tuile ar an Rí chun críche in 2008. Ba ionann costas na n-oibreacha a críochnaíodh in

2008 agus thart ar €2m.

Cuireadh tús le dearadh mionchruinn mórscéimeanna ag Mala Thiar & Theas, Co. Chorcaí, agus críochnaíodh staidéir

indéantachta dheireanacha ar scéimeanna sa Teampall Mór, Co. Thiobraid Árann agus in Inis Córthaidh, Co. Loch Garman.

Dhearbhaigh an tAire Airgeadais scéim faoiseamh tuilte do Bhaile Uí Mhornáin, Co. na Mí. Rinne lucht oibre Réigiúnach an

OOP mionoibreacha i Mainistir Leathrátha, Co. Longfoirt, Baile Uí Cholgan, Co. na Gaillimhe agus i Ráth Tó, Co. na Mí.

68
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Tá achoimre ar chaiteachas ar bhainistíocht riosca tuilte in 2008 anseo thíos.

Scéim Stádas Iomlán 2008

€000

Cill Chainnigh Céim chúitimh 787

Mala Oibreacha tógála ar siúl go leanúnach 4,900

Cluain Meala Oibreacha tógála ar siúl go leanúnach 5,550

Inis Oibreacha tógála ar siúl go leanúnach 2,873

Mainistir Fhear Maí Oibreacha tógála le bheith tosaithe in 2009 127

Port Láirge Oibreacha á ndéanamh ag Comhairle Cathrach Phort Láirge le maoiniú ón OOP 30

Ceatharlach Oibreacha á ndéanamh ag Comhairle Contae Cheatharlach le maoiniú ón OOP 0

An Tulcha Oibreacha leanúnacha á ndéanamh/á maoiniú ag an OOP. 191

An Dothra Oibreacha tógála díreacha ag foireann an OOP ar siúl go leanúnach. 2,196

Abhainn na Life Oibreacha á ndéanamh ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le maoiniú ón OOP 0

Oibreacha ar Thuairisc Oibreacha á ndéanamh ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le maoiniú ón OOP 50

Chósta Bhaile Átha Cliath

Oibreacha Cósta Fhine Gall Tús curtha leis an bpróiseas dearaidh 0

Léim an Bhradáin Oibreacha tógála díreacha ag foireann an OOP ar siúl go leanúnach. 2,019

Baile Uí Mhornáin Scéim dearbhaithe. 128

An Teampall Mór Scéim curtha ar taispeáint. 187

Inis Córthaidh Scéim le bheith curtha ar taispeáint i mí Feabhra 2009 93

Dún Coillín Oibreacha á ndéanamh ag foireann an OOP 0

Leitir Ceanainn Staidéar indéantachta ar siúl 13

Mainistir Leathrátha Oibreacha críochnaithe 164

An Muileann gCearr Oibreacha á ndéanamh ag foireann an OOP 130

Bré Táillí 223

An tInbhear Mór Staidéar Indéantachta ar siúl 90

An Tulach Staidéar Indéantachta ar siúl 10

Damhliag Céim chúitimh 27

Dún Mánmhaí Céim chúitimh 36

An Cheapach Mhór Céim chúitimh 40

Duga Spencer Oibreacha críochnaithe 880

Baile Uí Cholgan Oibreacha déanta ag foireann an OOP 238

Maighean Rátha Ranníocaíocht leis an gComhairle le haghaidh oibreacha 121

Ráth Tó Oibreacha déanta ag foireann an OOP 183

An Ghráig Oibreacha déanta ag foireann an OOP 69

Eile 261

Cláir Neamhstruchtúracha Ar siúl go leanúnach 3163

IOMLÁN 24,879

69
An Clár Cothabhála Draenála

Tá achoimre ar aschur Chlár Cothabhála 2008 ar fáil thíos.

Réigiún an Oirthir Réigiún an Iarthair Réigiún an

Iardheiscirt

Iomlán

2007 2008 2007 2008 2007 2008 2007 2008

Fad iomlán cainéil a cothabháladh

(km)

943 918 661 585 571 498 2175 2001

Struchtúir deisithe nó athchurtha 50 63 43 57 136 156 229 276

Iarratais ar fhorbairt droichead 181 264 150 65 106 161 437 490

Lucht oibre (amhail an 31 Nollaig) 126 130 96 96 74 74 296 300

Caiteachas ar chothabháil (€m) 6.6 6.5 5.9 6.0 6.5 6.6 19.0 19.1

Seirbhísí Meicniúla

Lean na Príomhcheardlanna Innealtóireachta ar aghaidh ag cur seirbhís dearaidh agus déantúsaíochta meicniúla ar fáil don

tSeirbhís Cothabhála Draenála agus do sheirbhísí eile an OOP. I measc eile, rinne siad gnéithe do theileascóip Bhiorra agus

ráillí don Ard-Mhúsaem ag Dún Uí Choileáin agus ag cónaí an Ambasadóra Mheiriceánaigh, Páirc an Fhionnuisce.

Gníomhaíochtaí comhshaoil

Bhí gníomhaíochtaí dírithe go príomhúil ar thionchair dhiúltacha an Chláir Chothabhála Draenála ar an gcomhshaol a laghdú.

• Mar chuid den chlár taighde leanúnach ar ghnéithe comhshaoil na cothabhála draenála, foilsíodh dhá Mheasúnú

Éiceolaíocha:

Uimh. 7 Diúilicíní Péarlacha Fionnuisce

Uimh. 8 Turlaigh

• Coimisiúnaíodh taighde breise i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí neamhrialtasacha i.e. staidéar dhá bhliain ar Chruidíní

i gcomhar le Birdwatch Ireland agus taighde ar ialtóga le Bat Conservation Ireland.

• Cuireadh tús le Clár Comhshaoil um Fheabhsú Aibhneacha i gcomhar leis an bPríomh-Bhord Iascaigh.

• Cuireadh maoiniú agus acmhainní eile ar fáil do thaighde ar fhiailí ionracha ar Loch Coirib.

Feabhsuithe Comhshaoil ar

Scéim Loch Coirib/Loch Measca

70
Gairdíní Heywood, Co. Laoise.
Seirbhísí Hidreolaíochta & Hidriméadrachta

Bailiú sonraí hidriméadracha: In 2008 bhí sonraí sreabha á mbailiú ag 364 stáisiún tomhais sreabha ar fud na tíre (298 buan

agus 66 stáisiún a bhain le tionscadail).

Lena chois sin, bailíodh sonraí faoi thitim bháistí ó 64 tomhas báistí i ndobharcheantar na hAbhann Móire agus na Siúire

chun córais réamhaisnéise agus rabhaidh tuilte a chur i bhfeidhm do Mhala, do Mhainistir Fhear Maí agus do Chluain Meala.

Fuarthas roinnt fearais úrscothacha i rith 2008 chun feabhas a chur ar éifeachtacht na gabhála sonraí.

Soláthar sonraí hidreolaíocha: I rith 2008, fuair an Rannóg 247 iarratas ar shonraí nó ar fhaisnéis. Próiseáladh 96% de na

hiarratais sin laistigh de 7 lá (5 lá oibre) ó iad a fháil.

Cuirtear sonraí ar fáil trí mheán láithreán gréasáin tiomanta freisin, www.opw.ie/hydro/home.asp

Gníomhaíochtaí a bhaineann le Maoin

Seirbhísí Innealtóireachta Sibhialta agus Struchtúr

Cuireadh seirbhísí comhairleacha, dearaidh agus monatóireachta ar fáil i ndáil le roinnt clár OOP, go háirithe measúnú

láithreán agus measúnú aighneachtaí ó fhorbróirí i ndáil le hOifigí Díláraithe.

Gné de na gníomhaíochtaí a rinneadh in 2008 ba ea an measúnú ar Chomhpháirtíocht mhór Phríobháideach Phoiblí a bhain

le trí láithreán i suíomhanna éagsúla ar fud na tíre.

Is achoimre é seo a leanas ar na cásanna ar déileáladh leo i rith na bliana.

Tionscadal/

Gníomhaíocht

Líon ar láimh

1/1/2008

Tionscadail Nua

in 2008

Iomlán

Líon críochnaithe

in 2008

Tógáil 19 3 11 11

Sibhialta Struchtúrach 14 2 12 4

Tuairiscí 141 68 136 73

Cloigtheach na Tulaí Tirime

Ionad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh

72
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Seirbhísí Meicniúla & Leictreacha

Bhí Áras Ceoldrámaíochta Loch Garman mar bhuaicphointe na dtionscadal éagsúil a cuireadh seirbhísí dearaidh agus seirbhísí

teicniúla eile ar fáil dóibh in 2008. Cuireadh seirbhísí ar fáil do roinnt tionscadal sa Chlár Díláraithe freisin.

Gné phríomhúil eile de ghníomhaíocht in 2008 ba ea an feachtas ar fud na státseirbhíse chun feasacht na foirne a mhúscailt

ar an úsáid a bhaineann siad as fuinneamh, dá ngairtear “Cumhacht @ an Obair a Bharrfheabhsú”. Seoladh an feachtas i mí

Eanáir 2009, agus tá baint ag baill foirne in thart ar 250 foirgneamh mór i bpunann an OOP leis. An sprioc leis an tionscnamh

ná astuithe Dé ocsaíd Charbóin (CO2) a laghdú faoi 15% ar an meán ar fud an stoic foirgneamh ar feadh tréimhse 20 mí idir

Eanáir 2008 agus Lúnasa 2009.

Faoi dheireadh 2008, bhí laghdú de bhreis agus 8.0% ar an meán ar astuithe CO2 foirgneamh a ghlac páirt sa chlár agus a

bhfuil sonraí fuinnimh bailíochtaithe ar fáil dóibh. Sna torthaí, leagadh béim shoiléir ar an tábhacht a bhaineann le leibhéal

rannpháirteachais na foirne laistigh de na foirgnimh. Laghdaíodh leibhéil CO2 faoi níos mó ná 19% i bhfoirgnimh inar ghlac

an bhainistíocht agus an fhoireann páirt iomlán sa chlár. In 2009, beidh béim ar leith ar leibhéil rannpháirteachais a mhéadú

chun go mbainfear an sprioc amach sna foirgnimh uile. Spárálfar €4 milliún in aghaidh na bliana mar thoradh ar an gclár,

agus an dúshlán atá ann don todhchaí ná an leibhéal spárála sin a choinneáil.

I dtéarmaí airgeadais, is féidir aschuir na Rannóige a choimriú mar seo a leanas:

Catagóir na nOibreacha

Luach Iomlán (€m)

Oibreacha Caipitil 25

Mionoibreacha 9

Oibreacha Cothabhála 21

Seirbhís ar Ardchaighdeán

Mar a léirítear thíos, in 2008, bhí na Seirbhísí Innealtóireachta dírithe arís ar cháilíocht a seirbhísí agus ar chaighdeán a

seirbhísí a thagarmharcáil:

• Rinne Cothabháil Draenála a gcóras bainistíochta Sláinte & Sábháilteachta a uasghrádú chun an caighdeán OHSAS18001

2007 a chuimsiú.

• Choinnigh na Seirbhísí Innealtóireachta uile a bhí creidiúnaithe chun an chaighdeáin ISO 9001 an stádas sin i ndiaidh

iniúchtaí seachtracha a rinneadh in 2008.

• Léirigh an clár monatóireachta ar an láithreán a rinne an tSeirbhís Cothabhála Draenála chun sásamh úinéirí talún a

thomhas go raibh ráta ard sásaimh ann arís. Bhí an toradh sin tacaithe ag suirbhé ar leithligh tríd an bpost ar chliaint

a rinne teagmháil leis an tSeirbhís.

• I ndiaidh iniúchadh seachtrach, athnuadh creidiúnú na Seirbhísí Innealtóireachta ag scéim oiliúna um Fhorbairt

Ghairmiúil Leanúnach Institiúid Innealtóirí na hÉireann do bhaill foirne ghairmiúla agus theicniúla.

73
GNÍOMHAIREACHT SOLÁTHAIR AN RIALTAIS

An tSeirbhís Soláthair

Cuireann Gníomhaireacht Soláthair an Rialtais (GSR) seirbhís soláthair lárnach ar fáil do Ranna agus d’Oifigí Rialtais i ndáil le

raon earraí agus seirbhísí. San áireamh sa raon earraí agus seirbhísí sin tá rudaí a úsáidtear go coitianta ar fud an Stáit, agus a

úsáidtear líon mór díobh go minic.

Ba ionann luach iomlán na n-earraí agus seirbhísí a cheannaigh Ranna is cliaint trí mheán conarthaí GSR in 2008 agus

€72,692,521. Sa tábla seo a leanas, cuirtear miondealú in aghaidh an mhargaidh ar fáil, in éineacht le figiúirí comparáideacha

do 2007.

Catagóir Luach 2008

Luach 2007

Breoslaí (Leacht, Gás & Soladach) 18,154,948 13,466,143

Clódóireacht & Ceangal 10,874,780 11,157,120

Leictreachas 12,687,004 9,245,310

Feithiclí & Trealamh Iompair 9,956,004 8,712,086

Seirbhísí Fógraíochta 4,596,841 6,429,504

Éadaí, Coisbhirt & Éidí 9,353,764 9,358,643

Stáiseanóireacht & Soláthairtí Oifige 4,998,888 4,916,286

Soláthairtí d’Fheighlithe 2,070,292 1,923,636

Iomlán 72,692,521 65,208,728

D’éirigh le Seirbhísí Soláthair GSR a gcreidiúnú ISO 9001:2000 a choinneáil sa bhliain 2008.

Foilseacháin

Lean Seirbhís Foilseacháin Rialtais na Gníomhaireachta ar aghaidh ag cur seirbhís miondíola agus postdíola ar fáil do dhíol

agus do scaipeadh Fhoilseacháin an Rialtais. Ba ionann luach na ndíolachán in 2008 agus €951,831. Tá an tseirbhís miondíola

suite ar Shráid Theach Laighean i mBaile Átha Cliath agus tá an tseirbhís postdíola suite i gClár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh

Eo. Déantar an dá sheirbhís a thacú le stóras ar Bhóthar Bhaile Uí Bheoláin, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath.

Iris Oifigiúil

Foilsíonn Gníomhaireacht Soláthair an Rialtais cóip chrua agus leagan Idirlín den Iris Oifigiúil dhá uair in aghaidh na

seachtaine. Tá an leagan Idirlín ar fáil ar www.irisoifigiuil.ie.

74
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Seirbhísí Toghcháin

Bainistíonn Gníomhaireacht Soláthair an Rialtais táirgeadh páipéir bhallóide do reifrinn agus do thoghcháin náisiúnta,

soláthar an pháipéarachais riachtanaigh uile do Chinn Chomhairimh agus soláthar uirlisí stampála um páipéir bhallóide a

mharcáil. Is iad seo a leanas roinnt de na gníomhaíochtaí a rinne an Ghníomhaireacht le haghaidh an Reifrinn ar Chonradh

Liospóin in 2008:

• sholáthair siad thart ar 3.4 milliún cárta vótála do Chinn Chomhairimh

• d’aontaigh agus bhainistigh siad conarthaí le seacht ngnólacht priontála do tháirgeadh breis agus 3,500,000 páipéar

ballóide

• d’ullmhaigh agus sheiceáil siad 7,800 uirlis stampála

• rinne siad uirlisí stampála agus páipéarachas toghcháin a sheachadadh go slán do 27 áit ar fud na tíre

• bhainistigh siad aischur na n-uirlisí stampála, na dtiomnaí agus na rudaí neamhúsáidte eile chuig na stóir, glanadh

na n-uirlisí stampála agus athstocáil na stór.

• bhainistigh siad na hidirbhearta airgid uile a bhain leis na gníomhaíochtaí seo.

Ba é costas iomlán na seirbhísí agus soláthairtí curtha ar fáil ag GSR don Reifreann €701,117.

75
Áras Ceoldrámaíochta Loch Garman, Baile Loch Garman.
oop thuarascáil

bhliantúil

08

SEIRBHÍSÍ OIDHREACHTA

Séadchomharthaí Náisiúnta

Airgeadas

Fo-cheannteideal I2

In 2008, caitheadh €18,792,809.82 ó Fho Cheannteideal I2. (As sin, – caitheadh €11,995,645.09 ar PHÁ agus caitheadh

an €6,797,164.73 eile ar chostais NEAMHPHÁ).

Ginearálta

Le linn 2008 bhí na sé iosta séadchomharthaí náisiúnta freagrach as coinneáil agus cothabháil thart ar 750 séadchomhartha

náisiúnta faoi chúram an stáit, lena n-áirítear 60 láithreán a chuireann seirbhís/ionad cuairteoirí ar fáil. Chun tacaíocht a

thabhairt do na príomh-iostaí, bhí 12 fho-iosta ag feidhmiú ar fud na tíre in áiteanna cosúil le Conga, Co. Mhaigh Eo, Cionn

tSáile, Co. Chorcaí, Caiseal, Co. Thiobraid Árann agus Baile an Ásaigh i bPáirc an Fhionnuisce. Tháinig méadú ar líon na ndaoine

fostaithe sa réimse seo le linn mhíonna an tsamhraidh, nuair a earcaíodh baill foirne shéasúracha chun cabhrú le tascanna

sonracha a chur i gcrích. Chomh maith leis an obair chothabhála lárnach, bhí ar gach iosta na rudaí seo a leanas a dhéanamh

chun láithreáin faoi chúram an stáit a choinneáil – gléasra, meaisínre agus iompar a sheirbhísiú; gléasra beag cosúil le

trealamh lomtha féir a cheannach, ábhair cosúil le breosla, adhmad, scafall, gaineamh, cloch agus moirtéal a sholáthar;

seirbhísí slándála agus glantacháin a sholáthar ag ionaid chuairteoirí de réir mar ba ghá; trealamh closamhairc ag láithreán

a chothabháil, painéil mhíniúcháin a sholáthar agus a thógáil/a choinneáil de réir mar ba ghá; agus trealamh slándála,

dóiteáin agus seirbhíse a chothabháil. Úsáideadh leithdháileadh gach iosta chun rudaí cosúil le saintuairiscí, eastóscadh/

monatóireacht seandálaíochta agus pleananna bainistíochta a mhaoiniú freisin.

Le linn 2008, dhéileáil Rannóg na Séadchomharthaí Náisiúnta le hiarratais laethúla ón bpobal i gcoitinne, ó ghrúpaí áitiúla,

ó údaráis áitiúla etc. ar chead chun séadchomharthaí sonracha a úsáid chun críocha éagsúla.

Oibreacha/Seirbhísí don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil

In 2008, chaith Séadchomharthaí Náisiúnta an OOP €800,000 ar oibreacha/seirbhísí thar ceann na Roinne Comhshaoil,

Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Bhain an caiteachas sin le suiteáil/uasghrádú seónna closamhairc agus taispeántas ag

láithreáin séadchomharthaí náisiúnta faoi chúram an Stáit; feidhmiú scéim printíseachta d’fhonn bonn scileanna a chothú

i scileanna caomhantais a bhaineann le tógáil thraidisiúnta; agus roinnt tionscadail chaomhantais ag láithreáin

séadchomharthaí náisiúnta.

77
Maoine Stairiúla

Tá rannóg na Maoine Stairiúla freagrach as caomhnú, bainistiú, cur i láthair agus forbairt 20 Maoin Stairiúil lena n-áirítear

Tithe, Páirceanna Stairiúla, Garraithe agus Crannlanna. Áirítear orthu sin maoine suaitheanta cosúil le Páirc an Fhionnuisce,

Garraithe Náisiúnta na Lus, láithreán Chath na Bóinne, Cúirt Ioma, Co. Laoise agus Oileán na gCuileann (Garinis), Co. Chorcaí.

Cuimsíonn obair forbartha athchóiriú foirgneamh stairiúil, soláthar áiseanna feabhsaithe do chuairteoirí, uasghrádú agus

athchóiriú Páirceanna Stairiúla, Garraithe agus Crannlann agus míniú na maoine oidhreachta sin agus iad a chur i láthair

don phobal.

Chomh maith leis an gcaiteachas reatha a tabhaíodh i ndáil le soláthar foirne agus cothabháil na maoine sin, chuir an Roinn

Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil maoiniú caipitil ar fáil. Maoiníodh clár leathan d’oibreacha cothabhála,

feabhsaithe, caomhantais agus sláinte agus sábháilteachta ar scála beag ó Vóta an OOP in 2008.

Cath na Bóinne, 1690 – 2008

D’oscail an Taoiseach, Bertie Ahern, TD agus Príomh-Aire Thuaisceart Éireann, an Dr Ian Paisley, MP MLA, na saoráidí nua

do chuairteoirí ag láithreán stairiúil Chath na Bóinne ag an Seandroichead, Co. na Mí ar an 6ú Bealtaine. Bhí an ócáid anspeisialta

mar níos déanaí ar an lá sin chuir an Taoiseach in iúl don Uachtarán ag Áras an Uachtaráin go raibh sé chun éirí

as oifig i ndiaidh beagnach 11 bhliain sa phost. D’fhógair an Príomh-Aire Paisley roimhe sin go raibh sé chun éirí as a phost.

D’fhreastail líon mór Airí, daoine mór le rá agus aíonna ón Tuaisceart agus ón Deisceart a fuair cuirí ar an ócáid. Ina óráid, a

craoladh beo ar RTÉ, luaigh an Taoiseach siombalachas na cuairte a thug an Dr. Paisley ar an 11ú Bealtaine anuraidh, a chéad

chuairt ar an Deisceart i gcáil oifigiúil. Mhol an Taoiseach ról an OOP, agus dúirt sé go léireodh an láithreán an urraim a

thugtar do na traidisiúin uile in Éirinn agus go bhfeidhmeodh sé mar shiombail den Phróiseas Síochána. Labhair an Príomh-

Aire faoi chomhthéacs stairiúil Chath na Bóinne agus dúirt sé go raibh sé ag tnúth go mór le todhchaí dearfach don Oileán

uile.

Mar chuid den ócáid, bhí searmanas siombalach inar gearradh ribín, ceol ceolfhoirneach agus glóir-réim ildaite de ‘stair bheo’.

Níos déanaí, rinne an Banbharún Eileen Paisley óráid neamhfhoirmiúil agus cuireadh fáilte mhór roimpi.

Rinneadh Teach an tSeandroichid, a tógadh san 18ú haois, a oiriúnú chun Ionad Cuairteoirí a chur ar fáil don láthair chatha

ina bhfuil taispeántais de shamhailtí, léarscáileanna agus grafaicí, taispeántas d’airtléire ón 17ú haois agus trealamh lena

mbaineann, déantáin bhunaidh agus seó closamhairc. Gné amháin den taispeántas is fiú béim a leagan air ná teilgean léasair

nuálach a léiríonn na hinlíochtaí míleata casta i 1690, agus a fuair inspioráid ó láithreoireacht ag Páirc Náisiúnta Grand Teton

i Wyoming i SAM. Athchóiríodh na stáblaí taobh leis an teach chun spás a chur ar fáil do thaispeántais bhreise, amharclann,

pailliún nua seomra tae agus leithris. Tugadh an chéad chéim d’athchóiriú na ngairdíní chun críche agus cuireadh páirceáil

carranna/busanna ar fáil.

Creidtear go dtabharfaidh níos mó ná 100,000 duine cuairt ar an láithreán, de réir mar a aithneofar Cath na Bóinne mar

ní is díol spéise turasóireachta, oidhreachta agus taitneamhachta agus mar shiombail íocónach den Phróiseas Síochána.

78
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath

Rinneadh dul chun cinn ar roinnt cuspóirí straitéiseacha.

Críochnaíodh dréachtú Phlean Bainistíochta Caomhantais Pháirc an Fhionnuisce agus táthar ag súil leis go mbeidh sé réidh

le bheith foilsithe i bhFómhar 2009, i ndiaidh don phróiseas comhairliúcháin phoiblí a bheith críochnaithe.

Tá oibreacha fós ar siúl chun an gairdín múrtha ag Baile an Ásaigh a athchóiriú. Beartaítear an gairdín a athchóiriú chun

gairdín orgánach Victeoiriach feidhmiúil a chruthú a chuirfidh táirgí ardchaighdeáin ar fáil don bhialann ‘An Fionnuisce’.

Beidh an gairdín múrtha mar acmhainn teagaisc do tháirgeadh bia orgánaigh freisin.

Gairdíní Heywood, Co. Laoise

Tá clár oibreacha comhordaithe ar siúl, lena n-áirítear cothabháil gortóireachta leanúnach, oibreacha athshlánaithe

ar na baoiseanna agus ar na struchtúir ghairdín eile, oibreacha rochtana agus uasghrádú áiseanna na foirne.

Iarsmalann an Phiarsaigh agus Páirc Éanna, Baile Átha Cliath

Tugadh an mórthionscadal um athchóiriú Iarsmalann an Phiarsaigh chun críche i mí Iúil 2008. Oibreacha struchtúracha

den chuid is mó a bhí i gceist agus cuirfear rochtain uilíoch ar fáil dá mbarr.

Athnuachan an Taispeántais

Tá sé i gceist taispeántas iomlán nua a dhearadh agus a shuiteáil san Iarsmalann a inseoidh scéal an Phiarsaigh. Tugadh Céim

1 den tionscadal seo chun críche in 2008.

Seirbhísí do Chuairteoirí

An fheidhm phríomhúil atá ag Seirbhís Oidhreachta an OOP ná oidhreacht thógtha atá faoina chúram a chosaint agus a

chaomhnú. Chomh maith leis an bhfeidhm reachtúil seo, cuireann an tSeirbhís raon beart ar fáil atá deartha chun tacú le

rochtain cuairteoirí agus chun a chinntiú go gcuirtear láithreáin i láthair don phobal. Bainistíonn Rannóg na Seirbhísí do

Chuairteoirí an obair seo.

I rith 2008, chríochnaigh Seirbhísí do Chuairteoirí a gcéad bhliain iomlán ina láithreán díláraithe, Clár Chlainne Mhuiris, Co.

Mhaigh Eo agus lean siad ar aghaidh ag seachadadh a gcláir oibre leanúnaigh fhorleathain. Anseo a leanas, tá forbhreathnú

ar roinnt de na cuspóirí príomhúla a baineadh amach i rith na bliana:

Seirbhís na dTreoraithe

Cuireadh rochtain shábháilte phoiblí ar láithreáin oidhreachta tógtha ar fáil trí thart ar 380 Treoraí a earcú ar bhonn

séasúrach chun cabhrú leis na Treoraithe Buana. San iomlán, bhí thart ar 475 ball foirne fostaithe go díreach ag an OOP ag

láithreáin, rud a chinntigh go raibh Treoraithe ar fáil ag 60 láithreán ar fud na tíre.

Dhá imeacht thábhachtacha a tharla i rith 2008 ná gur osclaíodh Teach an tSeandroichid, láthair Chath na Bóinne, mar Ionad

Cuairteoirí agus gur athosclaíodh an Teachín Eilvéiseach i ndiaidh athchóirithe.

Thug thart ar 2.2 milliún duine cuairt ar na láithreáin a fheidhmíonn Seirbhísí do Chuairteoirí in 2008.

79
Cárta Oidhreachta

Le Cárta Oidhreachta an OOP, faightear rochtain shaor agus neamhtheoranta ar feadh aon bhliain amháin ar na láithreáin

uile in Éirinn de chuid an OOP agus de chuid na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a mbaineann táillí leo.

Díoladh beagnach 16,300 cárta Oidhreachta in 2008, rud a léiríonn an spéis sna Láithreáin oidhreachta agus an luach iontach

ar airgead a fhaigheann sealbhóirí an chárta.

An tSeachtain Oidhreachta

Tá an tSeachtain Oidhreachta, a cheiliúrann aontacht agus ilchineálacht oidhreacht chultúrtha na hEorpa ina cuid de

Laethanta Oidhreachta na hEorpa, comhghníomh de chuid Chomhairle na hEorpa agus an Choimisiúin Eorpaigh. Bhí Oifig

na nOibreacha Poiblí ar cheann de rannpháirtithe príomhúla na seachtaine. Reáchtáladh an tseachtain idir an 24ú agus an

31ú Lúnasa, agus eagraíodh imeachtaí éagsúla ag formhór na láithreán ar fud na tíre. Léirigh na himeachtaí sin stair na

láithreán trí mheán ceoil, litríochta, taispeántas de ghníomhartha stairiúla agus turas treoraithe i measc eile.

D’éascaigh an tSeirbhís Oidhreachta taibhiú dhráma Brian Friel “Translations” ag Auroboros ag na láithreáin seo a leanas

i rith an tsamhraidh freisin.

• Príosún Chill Mhaighneann

• Caisleán na Cathrach

• Caisleán Chúirt an Bharraigh

• Caisleán Phort Omna

• Caisleán Bhaile Átha an Rí

• Caisleán Dhún na nGall

Seirbhís do Chustaiméirí

Foilseacháin

Le linn 2008, lean Seirbhísí do Chustaiméirí ar aghaidh ag freastal ar riachtanais láithreáin Oidhreachta éagsúla maidir

le foilseacháin agus rudaí eile:

• Foilseacháin mhíniúcháin agus bileoga faisnéise;

• Cártaí poist

Bhí i gceist leis sin roinnt bileog as stoc a athfhoilsiú do roinnt láithreán agus méadú ar stoc cártaí poist láithreán eile.

Tá súil againn cur leis an obair seo, a mhéid is féidir, sa bhliain amach romhainn.

Fógraíocht agus Feasacht Ghinearálta

In 2008, leanamar lenár mbeartas gan fógraíocht phriontáilte a chur ach i bhfoilseacháin a bhaineann go díreach leis

an gceird Turasóireachta nó Taistil.

Rinneamar dul chun cinn mór maidir le forbairt bhreise ár láithreáin ghréasáin freisin, www.heritageireland.ie

Seoladh leagan Gaeilge den láithreán gréasáin go luath in 2008, agus ina dhiaidh sin cuireadh leathanaigh ar fáil i roinnt

teangacha eile, Fraincis, Iodáilis, Gearmáinis, Spáinnis, Polainnis agus Seapáinis.

Cuireadh feabhas breise ar an láithreán gréasáin in 2008 trí Fhéilire Imeachtaí a chur ar fáil. Cuireann sin ar ár gcumas

faisnéis faoi imeachtaí atá ag tarlú ag aon cheann dár láithreáin a uaslódáil, agus mar sin, líon na gcuairteoirí a fhreastalóidh

orthu a uasmhéadú.

80
Gleann Dá Loch, Co. Chill Mhantáin.
SEIRBHÍSÍ CORPARÁIDEACHA

Foireann agus Pearsanra Sinsearach

Pearsanra Sinsearach

Seán Benton

Cathaoirleach Oifig na nOibreacha Poiblí

Seirbhísí Maoine

An Coimisinéir David Byers (básaithe i mí Mheán Fómhair 2008)

An Coimisinéir Clare McGrath (ó mhí na Nollag, 2008)

Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal

An Coimisinéir Clare Mc Grath (go dtí mí na Nollag 2008)

An Coimisinéir John Mc Mahon (ceaptha i mí na Nollag, 2008)

Seirbhísí Bainistíochta Maoine

Tom Costello

Paul Molloy

Príomhoifigigh

Cothabháil Maoine

Des Thorpe

Ceannaire na Rannóige Cothabhála

An tAonad Sláinte agus Sábháilteachta

Ken Moore

Príomhoifigeach Cúnta

Seirbhísí Ailtireachta

Pat Cooney

Stiúrthóir na Seirbhísí Ailtireachta

Liam Egan

Michael Haugh

Ciaran O’Connor

Angela Rolfe

Klaus Unger

Finbar Wall

Príomh-Ailtirí Cúnta

82
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Seirbhísí Oidhreachta

Dermot Burke

Stiúrthóir

Seirbhísí Innealtóireachta

Tony Smyth

Stiúrthóir na Seirbhísí Innealtóireachta

Jim O’Sullivan

Príomh-Innealtóir Meicniúil & Leictreach

Leslie Lennox

Tom Sherlock

Príomhoifigigh

Mark Adamson

Tom Bolger

Michael Collins

John Curtin

John Gallagher

Príomh-Innealtóirí Cúnta

Seirbhísí Corparáideacha

Vincent Campbell

Stiúrthóir na Seirbhísí Corparáideacha

Seirbhísí Pearsanra & Forbartha

June Thompson

Príomhoifigeach

An tAonad Comhionannais

Mary O’Reilly

Oifigeach Comhionannais & Míchumais

An tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe

Lorus Collum

Eileen Maher

Oifigigh Chúnaimh d’Fhostaithe

Bainistíocht Saoráidí

Liam Basquille

Príomhoifigeach

Mary Heffernan

Bainisteoir Ginearálta, Farmleigh

Tommy O’Shaughnessy

Bainisteoir Ginearálta, Caisleán Bhaile Átha Cliath

Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal

Brian Allen

Kevin Connolly

Michael Fennelly

John McMahon (ceaptha ina Choimisinéir i mí na Nollag 2008)

John Sydenham

Príomhoifigigh

Aidan Quinn

Ceannaire na Seirbhísí Suirbhéireachta Cainníochta

Seirbhísí Airgeadais agus Gníomhaireacht

Soláthair an Rialtais

Joe Farrell

Príomhoifigeach

Oifig Caidrimh Phoiblí

George Moir

Oifigeach Caidrimh Phoiblí

An tAonad Eagraíochtúil, Saoráil

Faisnéise, Seirbhísí Dlí

Enda Mulvihil

Príomhoifigeach

Bainistíocht Ealaíne

Pat Murphy

Comhairleoir Ealaíne

Jacquie Moore

Leas-Chomhairleoir Ealaíne

83
Pearsanra

Cuireann Rannóg Pearsanra Oifig na nOibreacha Poiblí (ina bhfuil dhá aonad, is iad sin Pearsanra Bunaithe agus Pearsanra

Tionsclaíoch) seirbhís tacaíochta ar fáil d’eagraíocht mhór iltaobhach suite in a lán áiteanna éagsúla le lucht oibre sa bhreis

ar 2,000 (atá cothrom le beagnach 2,500 le linn mhíonna an tsamhraidh) i ngráid riaracháin, ghairmiúla, theicniúla agus

thionsclaíocha.

Mar gheall ar na cineálacha éagsúla oibre a dhéanann an OOP tá meascán leathan d’inniúlachtaí agus de scileanna ag na

baill foirne. Rannchuidíonn an fhoireann ilghnéitheach, éirimiúil le gnó an OOP i réimsí cosúil le soláthar, cothabháil maoine,

bainistíocht maoine agus tionscadal, dearadh ailtireachta, seirbhísí innealtóireachta, caomhantas agus cur i láthair

oidhreachta agus bainistíocht faoiseamh tuilte.

In 2008, chuir an Rannóg Pearsanra raon seirbhísí ar fáil do bhainistíocht agus d’fhoireann an OOP araon (e.g. earcaíocht,

ardú céime, pá agus pinsin, roghanna maidir le cothromaíocht oibre-saoil agus roghanna saoire éagsúla), sháraigh sí na

dúshláin eagraíochtúla inmheánacha a d’eascair as an tionscadal díláraithe agus dhéileáil sí le castacht mhéadaitheach

an dlí fostaíochta agus le saincheisteanna a bhain le baill foirne indibhidiúla.

Faoi Chlár Díláraithe an Rialtais, d’aistrigh 18 ball foirne go dtí an OOP agus d’aistrigh 3 ball foirne ón OOP in 2008.

Rinneadh cumarsáid leanúnach faoi shonraí an díláraithe leis an bhfoireann agus le ceardchumainn trí mheán na bhfóram

ionadaíoch foirmiúil, is iad sin an Fóram Comhpháirtíochta agus an Chomhairle Rannach, agus le ceardchumainn agus baill

foirne indibhidiúla.

Foireann Údaraithe an OOP amhail an 31 Nollaig, 2008

Neamhthionsclaíoch 741

Tionsclaíoch 1,467

Iomlán 2,208

An tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe

San OOP, cuireann an tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe tacaíocht foirne chuimsitheach inmheánach ar fáil. Tá an tSeirbhís

deartha chun feabhas a chur ar shláinte agus ar dhea bhraistint daoine. Is acmhainn í atá ar fáil ar fud na tíre do gach ball

foirne reatha agus ar scor agus do na bainisteoirí uile atá imníoch faoi dhea bhraistint a gcuid foirne.

Tá an tSeirbhís cleamhnaithe le Seirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe na Státseirbhíse uile. Comhordaíonn an Roinn Airgeadais

an tseirbhís sin go lárnach d’fhonn cur le dea bhraistint shíceolaíoch agus fhisiceach na foirne agus chun dul i bhfeidhm

go dearfach ar chumarsáid, ar chaidrimh oibre, ar tháirgiúlacht agus ar fheidhmiú sláintiúil tríd is tríd an ionaid oibre.

Agus é ag cur na Seirbhíse Cúnaimh d’Fhostaithe ar fáil, aithníonn an OOP an obair thábhachtach a dhéanann a gcuid

fostaithe indibhidiúla agus na tairbhí a bhaineann le hinfheistiú i seirbhísí a thugann tacaíocht do bhaill foirne, go háirithe

baill foirne le deacrachtaí. Tá an tSeirbhís ina comhchuid thábhachtach d’éiteas an OOP maidir le folláine fostaithe agus

éifeachtúlacht eagraíochtúil a chur chun cinn.

84
oop thuarascáil

bhliantúil

08

I rith 2008, lean beirt Oifigeach Cúnaimh d’Fhostaithe orthu ag soláthar seirbhís comhairleoireachta, tarchuir, tacaíochta

agus faisnéise rúnda do bhaill foirne i suíomhanna uile an OOP. Chlúdaigh na seirbhísí raon saincheisteanna lena n áirítear

sláinte, andúil, caidrimh, réiteach coinbhleachta agus méala,

Cothabháladh agus forbraíodh idirchaidreamh leis na Rannóga Acmhainní Daonna agus Comhionannais ar ábhair

chomhleasa.

Tugadh óráidí agus láithreoireachtaí i suíomhanna éagsúla agus scaipeadh fógraí agus ailt ábhartha ar an bhfoireann

de réir mar ba chuí.

Cothabháladh agus nuashonraíodh an láithreán Gréasáin um Chúnamh d’Fhostaithe ar Idirlíon an OOP.

Is é láithreán gréasáin lárnach Sheirbhís Cunáimh d’Fhostaithe na Státseirbhíse www.cseas.ie

An tAonad Comhionannais

In 2008, lean an tAonad Comhionannas, a bunaíodh in 2006, orthu ag forbairt agus ag seachadadh clár chun feasacht a

mhúscailt ar chomhionannas faoi fhorais uile na nAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus chuir siad feasacht agus

dea-chleachtas chun cinn go réamhghníomhach ar fud an OOP. Dhéileáil siad le cás-obair a bhain le comhionannas agus

saincheisteanna rialaithe eile freisin.

Baineann sainchúram an aonaid le foireann Bhunaithe, Neamh-bhunaithe agus Thionsclaíoch an OOP, agus mar sin, inter alia,

déanann siad cinnte go n-úsáidtear cur chuige comhleanúnach sna réimsí uile.

Iniúchadh Inmheánach

Is iad feidhmeanna príomhúla an Aonaid um Iniúchadh Inmheánach ná a dhearbhú don Oifigeach Cuntasaíochta

(Cathaoirleach) go bhfuil na córais rialaithe inmheánaigh in Aonaid Ghnó na hOifige leordhóthanach, agus an leibhéal

comhlíonta leis na córais sin a dheimhniú.

Le linn 2008, rinneadh roinnt iniúchtaí inmheánacha ar chórais rialaithe inmheánaigh agus ar an leibhéal comhlíonta

le reachtaíocht, caighdeáin, rialacháin agus nósanna imeachta ábhartha.

Rinne an Coiste Iniúchta maoirseacht ar obair an Aonaid um Iniúchadh Inmheánach ar feadh na bliana.

An tAonad Eagraíochtúil

Mar chuid de Sheirbhísí Corparáideacha, soláthraíonn agus cothabhálann an tAonad Eagraíochtúil an bonneagar TF,

teileachumarsáide agus trealamh oifige a chuireann bonn faoi ghníomhaíochtaí an OOP. Cuimsíonn an tAonad

Eagraíochtúil an rannóg Saorála Faisnéise agus Seirbhísí Dlí freisin.

85
An tAonad TF

An príomhfhócas a bhí ag an aonad seo in 2008 ná na tionscadail agus seirbhísí leagtha amach ina Phlean Gnó a sheachadadh.

Is iad seo a leanas na tionscadail phríomhúla:

(a) Seirbhísí TFC a sholáthar don oifig dhíláraithe shealadach i mBaile an Scorlógaigh, Baile Átha Troim, Co. na Mí trí leas

a bhaint as teicneolaíochtaí úrscothacha, lena n-áirítear:

• líonra gan sreang

• físchomhdháil

• Prótacal Idirlín don Ghuthú (VoIP)

(b) Aistriú stóras freastalaí an OOP chuig Líonra Limistéar Stórála (SAN) lárnach nua. Ní hamháin go gcuirfidh sin stóras

lárnach slán ar fáil; chomh maith leis sin, cuirfidh an SAN ar chumas an OOP sonraí tábhachtacha a mhacasamhlú

lasmuigh den láithreán trí phróiseas dá ngairtear “scáthánú”. Tacóidh sé sin le hiarrachtaí leanúnachas gnó an OOP

i gcás go dtarlóidh tubaiste nádúrtha. Cuirfidh an SAN bonn faoi mhúnla oibre níos solúbtha (e.g. teilea-oibriú).

(c) In 2008, leanadh ar aghaidh le hobair ar chur i bhfeidhm Réiteach Inneall Cuardaigh fiontar (“Exalead”). Úsáidfear sna

hAonaid Ghnó éagsúla é, agus cabhróidh sé le cuardach agus le haisghabháil comhad leictreonach. Mar thoradh ar an

tionscadal inneall cuardaigh, beidh fáil níos forleithne ag an bhfoireann ar fhaisnéis an OOP nach raibh teacht uirthi

cheana féin, ach beidh sé ina chatalaíoch freisin d’fheabhsú bainistíochta sonraí san OOP. Cuirfear ar fáil go beo é in 2009.

(d) Uasghrádú na nasc Líonra Limistéar Leathan ag na suíomhanna OOP níos mó chun feabhas a chur ar fheidhmíocht

an líonra.

An Deasc Cabhrach TF

Dhéileáil an Deasc Cabhrach TF le 9,427 glao in 2008 i gcomparáid le 9,403 glao in 2007. Is ionann sin agus méadú beag de 0.25%.

Saoráil Faisnéise/Seirbhísí Dlí

I rith 2008, phróiseáil an tAonad um Shaoráil Faisnéise/Seirbhísí Dlí 44 iarratas Saorála Faisnéise, 77 cás dlíthiúil ar ghá don

Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát déileáil leo, 14 chás ar ghá d’Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit déileáil leo agus roinnt

saincheisteanna dlíthiúla ilghnéitheacha

An tAonad Oiliúna

Bhain líon mór foirne leas as na deiseanna oiliúna a cuireadh ar fáil in 2008. Cuireadh oiliúint i scileanna ríomhaire agus

i scileanna inniúlachta ar fáil, chomh maith le cúrsaí um fhorbairt ghairmiúil leanúnach do bhaill foirne ghairmiúla agus

theicniúla.

Leanadh ar aghaidh leis an gclár fíor rathúil d’oiliúint réamhscoir ar feadh 2008, agus tionóladh cúrsaí ar ar fhreastail líon

mór daoine i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh.

86
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Cuireadh tús le clár de sheisiúin Faisnéise d’iontrálaithe nua (mar chuid den phróiseas Ionduchtaithe) in 2008 agus leanfar

leis an gclár sin in 2009.

Tugadh clár comhairliúcháin an-leathan le bainisteoirí sinsearacha, bainisteoirí líne agus baill foirne i ndáil le CBFF chun

críche in 2008. An aidhm leis an gclár ná CBFF san OOP a athspreagadh d’fhonn na tairbhí lena mbaineann a uasmhéadú

don Bhainistíocht agus don Fhoireann araon. Tá súil againn go mbeidh na tairbhí sin le feiceáil in 2009.

Tugadh áis isteach chun cur ar chumas na foirne rochtain a fháil ar thástáil Éirime Mothúchánaí agus go dtí seo bhain 30 ball

foirne leas as an tseirbhís seo. Féadann baill foirne an ceistneoir BarOn EQi® a chomhlánú agus aiseolas rúnda a fháil ó bhall

cáilithe den Aonad Oiliúna. Beartaítear eolas ar Éirim Mhothúchánach agus an úsáid a bhaintear aisti a leathnú ar fud na

hOifige.

Brainse na gCuntas

Tá Brainse na gCuntas an OOP fneagrach as:

• íocaíochtaí údaraithe a dhéanamh, go príomhúil párolla agus éilimh chonraitheoirí,

• acmhainní airgeadais na hOifige a thaifeadadh, a bhainistiú agus cuntas a thabhairt orthu,

• riachtanais Mheastacháin na hOifige a chur ar fáil go héifeachtúil agus in am agus caiteachas laistigh den leithdháileadh

vótáilte a bhainistiú, agus

• faisnéis a thabhairt don Aire agus don Choiste Comhairleach Bainistíochta faoi shaincheisteanna airgeadais.

In 2008, rinne Brainse na gCuntas na nithe seo a leanas a phróiseáil

• 42,065 Treoir Íocaíochta,

• 10,044 admháil,

• 6,187 éileamh taistil,

• 4,663 íocaíocht cíosa agus

• d’íoc siad tuarastail agus pá suas le 2,600 ball foirne.

Bhainistigh Brainse na gCuntas caiteachas vótáilte agus neamhvótáilte cothrom le €751.624m, fáltais de €142.874m agus

€13.327m a bhain le haisíocaíochtaí d’Iasachtaí Áitiúla.

Le cois gníomhaíochtaí leanúnacha an Bhrainse, lean Brainse na gCuntas ar aghaidh ag obair go dlúth le Foireann Tionscadail

an Chreata um Fhaisnéis Bhainistíochta chun an Córas Airgeadais Integra a fhorbairt agus a fheabhsú agus in 2009, cuirfear

modúl Ceannach go hÍoc Integra i bhfeidhm. Sa bhliain amach romhainn, tabharfar tosaíocht do Ráiteas Aschuir Bliantúil

na hOifige a chur i láthair Roghchoiste na Dála ar Airgeadas agus an Choiste um Sheirbhís Phoiblí agus do na riachtanais

mhonatóireachta agus tuairiscithe a mbeidh gá leo chun cloí le leithdháiltí caiteachais laghdaithe.

87
Seirbhís um Chuntasaíocht Bainistíochta

Le linn 2008, bhí fócas straitéiseach na Seirbhíse um Chuntasaíocht Bainistíochta ar fhorbairt an Chreata um Fhaisnéis

Bhainistíochta fós. Bhí forbairt an chórais airgeadais ‘Integra’ dírithe go príomhúil ar na modúil a bhain le Costais Fostaithe,

Sócmhainní Seasta agus Ceannach go hÍoc. Críochnaíodh forbairt an mhodúil um Shócmhainní Seasta faoi dheireadh na

bliana. Táirgeadh cuntais bhliantúla agus thráthúla nó ráitis airgeadais i ndáil le Seirbhísí Soláthair, Bainistíocht Ealaíne,

agus na Príomhcheardlanna Innealtóireachta. Tá an tSeirbhís um Chuntasaíocht Bainistíochta freagrach as tiomsú Chlár

Sócmhainní Caipitil an OOP.

An Rannóg um Chreat Faisnéis Bhainistíochta

Tá an Rannóg um Chreat Faisnéis Bhainistíochta freagrach as forbairt agus cur i bhfeidhm an Chreata Faisnéis Bhainistíochta

san OOP. Is creat é an Creat Faisnéis Bhainistíochta a úsáidtear chun acmhainní airgeadais agus eile a bhainistiú; chun

acmhainní a nascadh le pleananna, le haschuir agus le tuairiscí; agus chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht.

An cuspóir leis ná seirbhís phoiblí níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus torthaí níos fearr don phobal a bhaint amach.

Gné phríomhúil den Chreat Faisnéis Bhainistíochta is ea cur i bhfeidhm córas bainistíochta airgeadais nua-aimseartha.

Tugadh córas nua Integra e-Financials isteach sa bhliain 2006. Ar feadh 2008, lean an rannóg um Chreat Faisnéis

Bhainistíochta ar aghaidh ag tacú le Integra agus á fhorbairt, ag oibriú le hAonaid Ghnó chun oiliúint a chur ar fáil agus chun

tuairiscí airgeadais breise a chur ar fáil de réir mar a bhí gá leo.

I ndiaidh treorthionscadal rathúil, cuireadh modúl ar líne Integra do thaisteal agus cothabháil ar fáil do na gráid Státseirbhíse

uile i rith 2008. Forbraíodh agus cuireadh i bhfeidhm an modúl um shócmhainní seasta freisin. Cuireadh tús chomh maith le

forbairt an mhodúil Ceannach go hÍoc, agus cuirfear tús le treoirthionscadal leis an modúl sin in 2009.

Bainistíocht Ealaíne

Faoi stiúir an Ghrúpa Bainistíochta Ealaíne, bhí bliain ghnóthach eile ag an bhfoireann bheag Bainistíochta Ealaíne a

thugann aire don iliomad saothair ealaíne atá suite in oifigí poiblí ar fud na tíre. Rinneadh a lán tionscadail ealaíne bhreise

i rith na bliana, le saothair ealaíne nua ceannaithe agus coimisiúnaithe faoin Scéim um Chéatadán le haghaidh na hEalaíne

i gcomhairle le hailtirí agus ranna is cliaint. I measc na saothar coimisiúnaithe a suiteáladh i rith na bliana bhí fuinneoga

gloine daite i Stáisiún na nGardaí, an Baile Gaelach le Elke Westen; suiteáil deilbhe le Martina Galvin san Fhoirgneamh um

Stair Mhíleata in Ard-Mhúsaem na hÉireann ag Dún Uí Choileáin; múrmhaisiú mór de mheáin mheasctha sa Chreis i Machain

i gCorcaigh le Aileen McGovern; teicstíl ar crochadh le Brigitta Varadi don Roinn Oideachais agus Eolaíochta i mBaile Átha

Luain; fuinneoga beaga de ghloine dhaite le Peadar Lamb do Theach Haughton i Zú Bhaile Átha Cliath a athchóiríodh le

deireanas, agus Steel le Fergus Martin do phríomh-gheataí isteach Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann. I measc na saothar

coimisiúnaithe a tosaíodh bhí dealbh déanta de dhair thite in Eastát an tSeandroichid, suíomh Ionad Cuairteoirí Chath na

Bóinne, le Michael Warren agus suiteáil le Remco de Fou do cheanncheathrú nua Sheirbhís Phríosúin na hÉireann i Longfort.

Bhí saothar cúigear ealaíontóirí is fiche ar taispeáint sa taispeántas taistil bliantúil a eagraíodh i gcomhar le Roinn Airgeadais

agus Pearsanra Thuaisceart Éireann. Ba é ‘réalachas’ téama an taispeántais agus an teideal a bhí air ná In the mind’s eye, ag

88
oop thuarascáil

bhliantúil

08

tagairt do ról an samhlaíochta in ealín agus ina lucht féachana. Bhí pictiúir, grianghraif agus líníochtaí ó 1950í go dtí an lá

atá inniu san áireamh sa taispeántas. Bhí aiste aireachtálach leis an léachtóir ealaíne agus scríbhneoir Niamh Ann Kelly san

áireamh i gcatalóg an taispeántais freisin. Lainseáil an tAire Mansergh an taispeántas in Ionad Ealaíon Millenium Court

i bPort an Dúnáin i mí Lúnasa. Ansin, bogadh an taispeántas go hOspidéal na hOllscoile i nGaillimh i mí Mheán Fómhair,

go dtí an Grand Opera House i mBéal Feirste agus go Coláiste Gairmoiliúna Loch Garman don Fhéile Ceoldrámaíochta

i mí Dheireadh Fómhair, agus críochnaíodh turas an taispeántais in aitriam phríomh oifig an OOP i mí na Nollag.

Cuimsíonn an Bailiúchán Ealaíne Stáit a bhainistíonn an OOP níos mó ná 10,500 saothar ealaíne anois agus cuireadh tús le

mórthionscadal fardail in 2008. Tá i gceist leis an tionscadal seo fardal lárnach de shaothair ealaíne agus nithe maisiúla sna

maoine oidhreachta a chruthú. Reáchtáladh clár intéirneachta sé mhí agus rinne seisear céimithe mínealaíon agus riarachán

ealaíne saothair ealaíne i bhfoirgnimh phoiblí ar fud na tíre a chatalógú.

Ceannaíodh pictiúr de thírdhreach Bhaile Átha Cliath le Brian Bourke don oifig OECD sa Bhruiséil i rith na bliana, agus

fuarthas roinnt saothar a mbaineann tábhacht stairiúil leo, cosúil le portráid den Chuntaois Markievicz agus den Tiarna

Edward Fitzgerald, le haghaidh Áras an Uachtaráin agus Theach Laighean. D’oidhrigh Rita Rutherford, Uasal, nach maireann,

bronntanas tábhachtach de shé phictiúr Éireannacha, dhá phrionta sheanda agus píosa troscáin ar an OOP le bheith curtha

ar taispeáint i Farmleigh.

Fuair an Dr. Patrick J. Murphy, Comhairleoir Ealaíne, cuireadh chun páirt a ghlacadh i siompóisiam ar ealaín Éireannach i

Leabharlann an Bhanphrionsa Grace i Monacó i mí Mheán Fómhair, eagraithe ag Coimeádaí na hEalaíne Éireannaí i nGailearaí

Náisiúnta na hÉireann. Lean baill ghrúpa Bainistíochta Ealaíne an OOP ar aghaidh ag glacadh páirte sa Ghrúpa Idir-Rannach

um Chomhordú Ealaíne Poiblí, a raibh an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta ina cathaoirleach air, chun athbhreithniú

a dhéanamh ar bheartas náisiúnta i ndáil le healaín phoiblí.

An Rannóg Caidrimh Phoiblí

In 2008, dhéileáil an Rannóg Caidrimh Phoiblí le thart ar 1,290 fiosrú ón bpobal agus ó na meáin chumarsáide i ndáil le

gníomhaíochtaí an OOP. Leanadh ar aghaidh ag táirgeadh fhoilseacháin an OOP, cosúil leis an Tuarascáil Bhliantúil, agus

an t-irisleabhar inmheánach débhliantúil “Obair” agus den chéad uair riamh in 2008 foilsíodh Tuarascáil Bhliantúil an OOP

i bhformáid DVD.

Leanadh le hobair ar athdhearadh láithreáin ghréasáin uile an OOP ar feadh 2008. Cuireadh www.opw.ie nua ar fáil i mí na

Nollag agus cuireadh na láithreáin ghréasáin eile www.kilkennycastle.ie agus www.irisoifigiuil.ie ar fáil i rith na bliana freisin.

Beartaítear láithreáin ghréasáin nua do Gharraithe na Lus, Farmleigh agus inlín nua d’fhoireann an OOP a chríochnú in 2009.

In 2008, lean an Rannóg Caidrimh Phoiblí orthu ag cur seirbhísí tacaíochta ar fáil do na hócáidí uile ar fud na tíre a bhain leis

an OOP. Bhí gá le hionchur mór caidrimh phoiblí le haghaidh athoscailt Áras Ceoldrámaíochta Loch Garman; táirgeadh bileoga

eolais don phreas, reáchtáladh lá do na meáin chumarsáide roimh oscailt oifigiúil an Árais Cheoldrámaíochta ag an Taoiseach,

Brian Cowen TD agus rinneadh craoladh beo seachtrach den Late Late Show ina diaidh.

Cuireadh Grianstad an Gheimhridh ag Sí an Bhrú ar fáil beo timpeall an domhain ar láithreán gréasáin Oidhreacht Éireann

arís in 2008. Is féidir amharc ar fhíseán cartlainne den ócáid sin ar www.heritageireland.ie fós. Táirgeadh DVD ar a bhfuil

faisnéis stairiúil agus físeán den ghrianstad agus is féidir é a cheannach ó Oifig Díolta Foilseachán an Rialtais ar Shráid

Theach Laighean.

89
athbhreithniú airgeadais 2008

An Clár Caiteachais

Léiríonn an tábla seo thíos an caiteachas uile a bhainistigh an OOP in 2008 de réir an chláir (cuirtear figiúirí 2007 ar fáil

chun gur féidir comparáid a dhéanamh idir eatarthu). Baineann sé le cistí a bronnadh go díreach ar an OOP trí mheán Vóta 10;

cistí a riaradh thar ceann na Roinne Airgeadais; agus caiteachas ar oibreacha agus seirbhísí a bhainistigh an OOP agus a d’íoc

Ranna nó Gníomhaireachtaí eile Rialtais astu.

Caipiteal Agus Neamhchaipiteal

1 Seirbhísí Bainistíochta Maoine 2007

E000

2008

E000

1.1 Ceannach láithreán agus foirgneamh 88,091 39,925

1.2 Cíos, rátaí etc. 134,706 146,726

Iomlán an Chláir 222,797 186,651

2 Cothabháil Maoine 2007 2008

2.1 Cothabháil, ábhar agus soláthairtí 65,575 73,955

2.2 Breosla, leictreachas, uisce, ábhair ghlantacháin 1,329 1,902

2.3 Foireann Teaghlaigh an Uachtaráin 861 1,001

Iomlán an Chláir 67,765 76,858

3 Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal 2007 2008

3.1 An Clár Tógála 362,840 465,138

3.2 Faoiseamh Tuilte 23,115 24,879

3.3 Deontas do Chumann Míoleolaíoch na hÉireann 4,000 4,000

3.4 Deontas d’Oibreacha Athchóirithe Áirithe 6,700 4,500

3.5 Deontas don Institiúid d’Éirinn, Lováin 1,000 2,500

Iomlán an Chláir 397,655 501,017

4 Seirbhísí Innealtóireachta 2007 2008

4.1 Suirbhéanna draenála 1,390 1,540

4.2 Oibreacha Cothabhála – Costais chothabhála scéimeanna críochnaithe 19,344 19,576

4.3 Ceannach gléasra agus meaisínre Innealtóireachta 905 1,007

4.4 Cothabháil gléasra agus meaisínre Innealtóireachta 2,197 2,262

4.5 Oibreacha Innealtóireachta le haghaidh Ranna eile 60 59

Iomlán an Chláir 23,896 24,444

90
oop thuarascáil

bhliantúil

08

5 Gníomhaireacht Soláthair an Rialtais 2007

E000

2008

E000

5.1 Priontáil, Foilseacháin agus Fógraíocht 22,503 15,660

5.2 Seirbhísí Ginearálta Soláthair 54,719 68,659

Iomlán an Chláir 77,222 84,319

6 Seirbhísí Oidhreachta 2007 2008

6.1 Maoine Stairiúla 18,545 18,616

6.2 Séadchomharthaí Náisiúnta 17,974 18,793

6.3 Seirbhísí do Chuairteoirí 9,427 9,306

45,946 46,715

7 Seirbhísí Corparáideacha 2007 2008

7.1 Tuarastail, pá agus liúntais 38,367 42,177

7.2 Taisteal agus cothabháil 1,854 1,650

7.3 Costais theagmhasacha 2,184 2,001

7.4 Seirbhísí postais agus teileachumarsáide 1,971 2,193

7.5 Trealamh oifige agus soláthairtí oifige eile 4,296 4,277

7.6 Costais maidir le háitreabh oifige 1,373 1,240

7.7 Seirbhísí Sainchomhairliúcháin 258 86

7.8 Luach ar Airgead agus Athbhreithnithe ar Bheartas 159 10

Iomlán an Chláir 50,462 53,634

8 Cistí bainistithe ag an OOP thar ceann na Roinne Airgeadais 2007 2008

8.1 Iasachtaí Áitiúla 22,975 13,327

Iomlán an Chláir 22,975 13,327

Ollchaiteachas Iomlán 908,718 986,965

Féadfar é seo a réiteach le caiteachas Vóta 10 mar seo a leanas:

Asbhain: Cistí bainistithe ag an OOP thar ceann na Roinne Airgeadais 22,975 13,327

Oibreacha maoinithe ag Ranna Rialtais 178,872 255,045

Soláthairtí do Ranna Rialtais 76,385 83,732

Iomlán 630,486 634,861

91
Ba ionann Leithreasaí i gCabhair (fáltais) agus €25.528m in 2008.

Maoiniú na gClár

1 Maoinithe ag an OOP 2007

E000

2008

E000

Vóta 10 (Ollmhéid) 630,486 634,861

Iomlán 630,486 634,861

2 Obair maoinithe ó Vótaí Ranna eile 2007 2008

Oibreacha & Seirbhísí Tógála

An Roinn Oideachais 14,643 1,005

Oibreacha Éagsúla 131,721 208,011

Cíosanna Éagsúla 10,255 16,135

Oibreacha Cothabhála 2 22,253 29,894

Soláthairtí do Ranna Rialtais

Priontáil agus Páipéarachas 16,172 15,874

Feithiclí Iompair 8,712 9,956

Troscán 10,283 10,174

Éadaí etc. 9,359 9,354

Fógraíocht 6,430 4,597

Fuinneamh 22,762 30,907

Ábhair Ghinearálta Ghlantacháin etc. 1,924 2,070

Saothair ealaíne 743 800

Iomlán 255,257 338,777

3 Cistí bainistithe ag an OOP thar ceann na Roinne Airgeadais 2007 2008

Iasachtaí Áitiúla 3 22,975 13,327

Iomlán 22,975 13,327

1. Cuimsíonn figiúirí toraidh 2008 caiteachas caipitil de €35.650m a tabhaíodh sa bhliain airgeadais tugtha ar aghaidh ó 2007 faoi Fho-Cheannteideal E.

2. Is éard atá i gceist leo sin ná mion-oibreacha cothabhála ar chóiríocht ar áitiú ag an Stát.

3. Bainistíonn an OOP na cistí seo thar ceann na Roinne Airgeadais. Baineann siad le haisghabháil íocaíochtaí iasachta ó údaráis áitiúla dhá uair sa bhliain

agus fuascailt luath iasachtaí.

Nóta: Ba ionann na fáltais ó dhíol mhaoin bharrachais an stáit agus €7.1m in 2008.

Nóta: Is é beartas an OOP é sonraisc a phróiseáil gan mhoill. Ó 2/1/98 tá an Oifig seo ag feidhmiú de réir an Achta um Íoc Pras Cuntas, 1997.

92
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Iontaobhas Chaisleán Bhaile Bhairéid

An tIontaobhas

Mar iontaobhaithe an iontaobhais, tá cuntas fionraí coinnithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) ó mhí Eanáir 1987 go dtí an

lá atá inniu ann. Taifeadtar sa chuntas seo na hidirbhearta uile a dhéantar thar ceann an iontaobhais. Baineann an t-iarmhéid

sa chuntas seo le caiteachas tabhaithe ag an OOP thar ceann an iontaobhais, fritháirithe ag tarraingtí anuas ó chuntais bhainc

an iontaobhais. Coinníodh an cuntas ar bhonn cuntasaíochta airgid, i.e. níor aithníodh aon fhabhruithe ná réamhíocaíochtaí ag

na dátaí cuntasaíochta. Sa tuairisc seo, leagtar amach cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe a ullmhaíodh

le cuntasaíocht ar bhonn fabhraithe, i gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta a nglactar leo go ginearálta.

Ní thaispeántar an caisleán agus na tailte mórthimpeall air, atá dílsithe don iontaobhas, i gclár comhardaithe an iontaobhais

mar ní raibh costas i gceist lena bhfáil.

Cuntas Ioncaim Agus Caiteachais Don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2007

*Nóta 2007

2006

Ioncam

Ús infhaighte *1 10,825 6,808

Costais

Táillí Dlíthiúla agus Cuntasaíochta 2,300 2,178

An Scéim um Scoláireacht do Champálaí 5,000 5,000

Bál Bhaile Bhairéid 3,500 3,500

Urraíocht don Champa 1,000 -

11,800 10,678

Easnamh don bhliain (975) (3,870)

Clár Comhardaithe Amhail an 31 Nollaig 2007

*Nóta 31/12/2007

31/12/2006

SÓCMHAINNÍ REATHA

Cuntas taisce ACC *3 265,815 257,259

Ús taisce fabhraithe infhaighte 2,936 1,667

268,751 258,926

DLITEANAIS REATHA

Fabhruithe *4 (20,066) (12,766)

OOP – cuntas reatha *5 ( 4,175) (675)

(24,241) (13,441)

GLAN-SÓCMHAINNÍ REATHA 244,510 245,485

ARNA LÉIRÚ AG

Cuntas Caipitiúil *7 244,510 245,485

93
Nótaí A Ghabhann Leis Na Ráitis Airgeadais 31 Nollaig 2007

*1. IONCAM

Baineann an t-ús infhaighte le hús tuillte ar an gcuntas taisce ACC.

*2. COSTAIS

Faoi théarmaí reatha an léasa leis an Gang Camp, tá an Gang Camp freagrach as na heisíocaíochtaí uile, lena

n-áirítear cothabháil agus deisiú an chaisleáin.

Baineann an íocaíocht €5,000 (2006: €5,000) don Scéim um Scoláireacht do Champálaí le gealltanas tugtha ag an

iontaobhas go n-athnuafaidís urraíocht linbh ag an gcampa ar feadh cúig bliana ó 2003, ar chostas iomlán €25,000

*3. CUNTAS TAISCE ACC

Aontaíonn an t-iarmhéid sa chuntas taisce bainc ACC leis an ráiteas bainc amhail an 31 Nollaig 2007.

*4. REIDIÚNAITHE (méideanna dlithe laistigh d’aon bhliain) 31/12/2007

31/12/2006

Ernst & Young:

– Táille Cuntasaíochta – 2006 2,178 2,178

– 2007 2,300 -

An Scéim um Scoláireacht do Champálaí 15,000 10,000

Fabhrú ginearálta 488 488

BSL 100 100

20,066 12,766

Baineann fabhrú na táille cuntasaíochta le hullmhú na dtuairiscí airgeadais do na blianta dar críoch an 31 Nollaig

2006 agus an 31 Nollaig 2007.

*5. Baineann iarmhéid cuntais reatha an OOP de €4,175 (2006: €675) le méideanna dlite ag an Iontaobhas a léiríonn

an cuntas reatha nó “fionraí” a choinníonn an OOP.

*6. Leanann an OOP de bheith ag tacú le hIontaobhas Chaisleán Bhaile Bhairéid i ndáil le caiteachas ar oibreacha caipitil,

ar phá agus ar chothabháil. Tugadh cuntas ar na costais sin i gcuntais an Rialtais.

*7. CUNTAS CAIPITIL 31/12/2007

31/12/2006

Iarmhéid ag tús na bliana 245,485 249,355

Easnamh don bhliain (975) (3,870)

Iarmhéid ag deireadh na bliana 244,510 245,485

*8. Ní bhaineann ráitis airgeadais Iontaobhas Chaisleán Bhaile Bhairéid ach le bainistíocht an iontaobhais. Ní thaispeántar

na sócmhainní (Caisleán Bhaile Bhairéid agus na tailte mórthimpeall air) a chothabhálann an OOP i ráitis airgeadais

an iontaobhais mar ní raibh costas i gceist lena bhfáil.

94
Cairn Loch Craobh, Co. Na Mí.
dámhachtainí buaite ag an oop 2008

Rannóg/Foirgneamh Dámhachtain Údarás Dámhachtana

Seirbhísí Ailtireachta

Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne

Garraithe Náisiúnta na Lus

Seirbhísí Oidhreachta, Taispeántas

Closamhairc Chath na Bóinne

Seirbhísí Oidhreachta, Taispeántas

Closamhairc Chath na Bóinne

Dámhachtain Ailtireachta agus

Tógála

Tionscamh Margaíochta

Ceardaíochta agus Miondíola is

Éifeachtúla 2008

Dámhachtain ór do “Ireland’s

Changing Flora”

Bonn Cré-Umha Domhanda

An Clár Faisnéise Stairiúil

Idirnáisiúnta is Fearr

OPUS

Comhairle Contae na Mí

Féile Gairdín Bloom, Páirc an

Fhionnuisce

Féilte Nua Eabhrac

Féile Idirnáisiúnta Nua Eabhrac um

Scannáin Neamhspleácha

Bainistíocht Saoráidí agus Ócáidí: Farmleigh Dámhachtain Optimus do 2008 Bord Fáilte

Aonad na dTionscadal Speisialta: 7-9 Rae

Mhuirfean

Dámhachtain na Measúnóirí

Dámhachtainí Ailtireachta RIAI

Aonad na dTionscadal Speisialta: 7-9 Rae

Mhuirfean

Ardmholadh Dámhachtainí OPUS 2008

Aonad na dTionscadal Speisialta: 7-9 Rae

Mhuirfean

Bainistíocht Saoráidí – Teach Bhaile an

Chaisleáin

Molta ag an gCoiste

An Tionscadal Oidhreachta is Fearr

Dámhachtain Idirnáisiúnta Dedalo

Minosse

Dámhachtainí Chumann Chomhaltaí

na nÚdarás Áitiúil

96
ócáidí a reáchtáladh san aitriam – 2008

51 faiche stiabhna

11 – 17 Eanáir Dámhachtainí na nGrianghrafadóirí Preasa AIB-PPAI – Roghnú na mbuaiteoirí

18 – 8 Feabhra Taispeántas Ailtireachta Line to Surface

11 – 29 Feabhra Gailearaí RHA – Taispeántas Ealaíne

3 – 20 Márta Taispeántas Ealaíne – saothair le Ramie Leahy

11 Márta Na Dámhachtainí Golden Fleece

26 Márta – 11 Aibreán Taispeántas Ealaíne le Derek Smyth

14 Aibreán – 30 Aibreán Ambasáid na hEastóine – Stair léirithe san Ailtireacht

21 Bealtaine – 11 Meitheamh Ambasáid na Cróite – Radhairc UNESCO na Cróite

19 Meitheamh Seoladh Thaispeántas Fiadhúlra na Polainne

23 Meitheamh – 11 Iúil Taispeántas Grianghraf le John McConnick

14 Iúil – 1 Lúnasa Taispeántas de shaothair le Leonard Secton – “Broken Halos”

1 – 15 Meán Fómhair Taispeántas de shaothair le Martina O’Brien

13 – 24 Deireadh Fómhair Lundbeck – Taispeántas Art Against Stigma

3 – 12 Samhain Taispeántas de shaothair le Mieke Vanmechelen

26 – 27 Samhain Ceant Saothair Ealaíne – don Charthanacht One in Four

5 Nollaig – 9 Eanáir 2009 Taispeántas d’Ealaín an Stáit – “In the Minds Eye”

97
liosta oifigí

Oifig na nOibreacha Poiblí

Príomhoifig

Oifig an Aire Stáit,

Oifig an Chathaoirligh,

Seirbhísí Corparáideacha,

Seirbhísí Bainistíochta Maoine,

Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal,

Seirbhísí Cothabhála Maoine,

Seirbhísí Ailtireachta,

Seirbhísí Innealtóireachta,

Seirbhísí Oidhreachta

Gníomhaireacht Soláthair an Rialtais

An tAonad um Oibríochtaí Soláthair Phoiblí (N.P.P.O.U)

51 Faiche Stiabhna, BÁC 2

Guthán: (01) 647 6000

Íosghlao: 1890 213 414

Príomhuimhir Facs: (01) 661 0747

Láithreán Gréasáin: www.opw.ie

Ríomhphost: info@OOP.ie

Oifigí Díláraithe

Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal

Seirbhísí Oidhreachta, Seirbhísí do Chuairteoirí

Foilseacháin Ghníomhaireacht Soláthair an Rialtais

Aonad 20 Páirc Miondíola Cois Locha,

Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo

(01) 6476000

Seirbhísí Pearsanra agus Forbartha

Bainistíocht Maoine

Cothabháil Maoine

Aonad 1

Páirc Gnó Bhaile an Scorlógaigh

Baile Átha Troim, Co. na Mí

Seirbhísí Oidhreachta

Dún Scéine, Lána Fhearchair, BÁC 2

(01) 647 6000

An Rannóg um Shuirbhéireacht Chainníochta, Cuntasóirí

Gairmiúla

4-5 Bóthar Fhearchair, BÁC 2

(01) 647 6000

Seirbhísí Innealtóireachta Sibhialta agus Struchtúr

Bainistíocht Riosca Tuilte

17-19 Sráid Haiste Íochtarach, BÁC 2

(01) 647 6000

Seirbhísí Airgeadais

Oifigí Rialtais, Bóthar Hebron, Cill Chainnigh

(056) 7772600

Íosghlao 1890 213 424

Gníomhaireacht Soláthair an Rialtais/NPPOU

51 Faiche Stiabhna, BÁC

(01) 647 6000

Íosghlao 1890 213 434

An Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais

Teach Sun Alliance, Sráid Theach Laighean, BÁC 2

(01) 679 3515

An Brainse Troscán

Bóthar Bhaile Uí Bheoláin, Rialto, BÁC 8

(01) 453 1588

An tSeirbhís Cothabhála Foirgneamh

Dún Uí Choileáin, Sráid na Binne Boirbe, BÁC 7

(01) 702 8811

Ionad Comhdhála Chaisleán Bhaile Átha Cliath

Caisleán Bhaile Átha Cliath, BÁC 2

(01) 6458802

Farmleigh

Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath 9

(01) 815 5900

Baile an Chaisleáin

Baile an Chaisleáin, Cill Droichid, Co. Chill Dara

(01) 6288705

An Phríomhcheardlann Innealtóireachta

Bóthar Bhaile Shéamais, Inse Chór, BÁC 8

(01) 453 4204

Cothabháil don Draenáil Artaireach

An Baile Nua, Baile Átha Troim, Co. na Mí

(046) 943 1352

Páirc an Aonaigh, Baile Átha Fhirdhia, Co. Lú

(041) 685 3256

Baile Roibín, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí

(044) 48332

Ballycraine, Droichead an Chaisleáin, Co. Loch Garman

(053) 24181

Droim Biúir, Bóthar na Muinchille, Co. Mhuineacháin

(047) 83201

98
oop thuarascáil

bhliantúil

08

Cothabháil don Draenáil Artaireach (ar lean)

An Phríomhshráid, Áth Cinn, Co. na Gaillimhe

(093) 35456

Bóthar Bhéal Easa, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo

(096) 22065

Bóthar na Croiche, Leifear, Co. Dhún na nGall

(074) 914 1273

Teach Theampall Mhungairit, Mungairit, Luimneach

(061) 227 139

Droichead na hInse, Lios Tuathail, Co. Chiarraí

(068) 21166

Cuan Chonnachta, Port Omna, Co. na Gaillimhe

(090) 974 1086

14 Seanbhóthar na Dúcharraige, Corcaigh

(021) 4967087

Seirbhísí Hidriméadrachta

An Baile Nua, Baile Átha Troim, Co. na Mí

(046) 9431352

An Phríomhshráid, Áth Cinn, Co. na Gaillimhe

(093) 35456

Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí

(090) 649 2918

Bóthar Hebron, Cill Chainnigh

(056) 777 2641

Páirc an Aonaigh, Baile Átha Fhirdhia, Co. Lú

(041) 685 7992

Teach Theampall Mhungairit, Mungairit, Co. Luimnigh

(061) 209118

Bóthar Bhéal Easa, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo

(096) 22065

Oifigí Réigiúnacha Ailtireachta

Dún Uí Choileáin, Sráid na Binne Boirbe, BÁC 7

(01) 474 2040

Caisleán Bhaile Átha Cliath, BÁC 2

(01) 677 6106

Tithe an Rialtais, Bóthar Naomh Alfonsas, Dún Dealgan,

Co. Lú

(042) 933 4221

Teach Marino, Lárionad Gnó Fhionasclainn, Sligeach

(071) 914 2202

Oifigí Rialtais, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn

(074) 912 1365

Sráid na Beairice, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí

(090) 649 2087

Oifigí Réigiúnacha Ailtireachta (ar lean)

13 Sráid Chaitríona, Port Láirge

(051) 874 134

Tithe an Rialtais, Port Laoise

(0502) 21133

Tithe an Rialtais, Sráid Áine, Loch Garman

(053) 22470

14 Seanbhóthar na Dúcharraige, Corcaigh

(021) 496 6200

An Diméin, Cill Airne, Co. Chiarraí

(064) 22300

2 Sráid Mhala, Luimneach

(061) 313 500

Oifigí Rialtais, Durlas, Co. Thiobraid Árann

(0504) 21532

“The White House”, 8, Cé an Chladaigh, Gaillimh

(091) 546480

Bóthar an Phailliúin, Caisleán an Bharraigh, Co, Mhaigh Eo

(094) 902 1331

Iostaí na Séadchomharthaí Náisiúnta

Iosta Bhaile Átha an Rí

Bainisteoir Oibreacha Ceantair, Raithín, Baile Átha an Rí,

Co. na Gaillimhe

(091) 844373

Iosta Chill Chainnigh

Bainisteoir Oibreacha Ceantair, Eastát Tionsclaíoch

Bhóthar Hebron, Cill Chainnigh

(056) 7721813

Iosta Chill Airne

Bainisteoir Oibreacha Ceantair, Carraig an Phréacháin,

Cill Airne, Co. Chiarraí

(064) 32402

Iosta Mhala

Bainisteoir Oibreacha Ceantair, Mala, Co. Chorcaí

(022) 42278

Iosta Dhroim Dhá Thiar

Bainisteoir Oibreacha Ceantair, Droim Dhá Thiar,

Co. Liatroma

(071) 916 4186

Iosta Bhaile Átha Troim

Bainisteoir Oibreacha Ceantair, An Baile Nua,

Baile Átha Troim, Co. na Mí

(046) 943 1506

99
oifigí oop agus láithreáin oidhreachta

Oifigi OOP

Láithreáin Oidhreachta

Teach agus Gailearaí na Gléibe

Muilte Arbhair agus Lín

an Mhuilinn Úir

Dún na nGall

Leitir Ceanainn

Leifear

Caisleán Dhún na nGall

Sligo

Droim Biúir

Achaidh Chéide Reilig Mheigiliteach

Mainistir Shligigh

na Ceathrú Móire

Caisleán Parke

Sligeach*

Muineachán

Béal an Átha

Sligeach

Liatrom Leitrim

Dún Dealgan

Mainistir na Búille

An Cabhán

Lú

Caisleán an Bharraigh

Baile Átha

Maigh Eo

Fhirdhia

Ros Comáin

An Longfort Eastát Seandroichead

An tSean-Mhainistir Mhór

Chath na Bóinne

An Mhuileann

Brú na Boinne

Ionad Cuairteoirí

Trim*

gCearr Baile Átha

Sí an Bhrú & Cnobha

Rianta Chorr Liath

Troim Teamhair

Caisleán Bhaile

Lusca

Caisleán Achadh na nIúr

An Iarmhí

Áth Cinn

Átha Troim

Áth Luain

An Mhí

Baile Átha Cliath

Gaillimh

Baile Átha an Rí*

Cluain Mhic Nóis Caisleán Mhaigh

Caisleán Bhaile Átha an Rí

Nuad

Baile Átha

Cliath

Teach an Phiarsaigh

Galway

Uíbh Fhailí Teach Chaisleán an Bhaile

Caisleán agus

Cill Dara

Gairdíní Phort Omna

Dún Aonghasa

Cúirt Ioma

Ionad Cuairteoirí

An Chúil

Ghleann Dá Loch

Port Omna

Roscrea

Port Laoise Teach Uí Dhuibhir Cill Mochura

Coill Dhroim Mhór

Laois

Mhic Alastair

Cill Mhantáin

Mainistir na hInse

Gairdíní Heywood

An tInbhear

An Clár

Tiobraid Árann

Gairdíní Altamont Mór

Uaimh Dhún Mór

Dúrlas

Ceatharlach

Limerick

Kilkenny Caisleán Chill Chainnigh

Inis Chathaigh

Teach an

Chogaidh 1848

Eaglais Naomh Mhuire

Caisleán Átha Dara

Cill Chainnigh

Mungarait Carraig Phádraig

Caisleán Lios Tuathail

Halla Deasmhumhan

Caisleán Fhearna

Mainistir Sheiriopúin

Lios Tuathail

Caisleán na Cathrach

Loch

Luimneach

An Príomhgharda

Garman Anaclann Éanlaithe

Crannlann

Ardeaglais Ard Fhearta

Uisce Loch Garman

An Teach Eilvéiseach John F. Kennedy

Droichead an Chaisleáin

Trá Lí

Caisleán Urmhumhan

Mainistir Thintern

Ionad an Bhlascaoid Mhóir

Páirc Dhún ar Aill

Caisleán Bhaile Hac

Ciarraí

Port Láirge

Caisleán Ghallaruis

Cill Airne

Túr Reginald

Mala*

Waterford

Cnoc an Rí

Caisleán Dhún Garbhán

Cill Airne*

Caisleán an Rois

Corcaigh

Corcaigh

Caisleán Chúirt an Bharraigh

Doire Fhionáin

Crannlann agus Gairdíní Fhóta

Oileán na gCuilleann (Garinis)

Daingean Shéarlais

Caisleán Deasmhumhan

100
Diméin Dharú, Co. Uibh Fhailí.