AR Irish Master 06_Final
AR Irish Master 06_Final
AR Irish Master 06_Final
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
shuímh agus le measúnú a dhéanamh ar aighneachtaí a bhí faighte ó fhorbróirí na nOifigí don Dílárú.

Fuarthas tograí deartha agus tógála i gcomhair sé thionscadal agus rinneadh measúnú orthu le linn

2006. Coinneoidh an rannóg seo uirthi a bheith rannpháirteach sna tionscadail seo i rith chéim na

tógála a thosóidh sa bhliain 2007 agus ina dhiaidh sin.

Sholáthair an rannóg seo seirbhísí struchtúr chomh maith do shé thionscadal a bhain le dílárú a bhí ag

céim na réamhthairisceana sa bhliain 2006.

Is féidir achoimre a dhéanamh ar an toradh a bhí ar na cásanna le linn na bliana mar seo a leanas:

Tionscadal/ Líon Ar láimh Tionscadail Nua Iomlán Líon a

Gníomhaíocht 1/1/2006 In 2006 Críochnaíodh

in 2006

Tógáil 17 9 26 3

Sibhialta agus

Struchtúr 11 18 29 4

Tuarascálacha 147 102 249 86

An Rannóg Mheicniúil agus Leictreach

Ba léir gur leagadh béim ar inbhuanaitheacht i líon áirithe de na tionscadail a tugadh fúthu le linn na

bliana. Úsáideadh ionsamhladh ar ríomhairí chun riocht compordach a sholáthar gan go leor fuinnimh

a úsáid sna dearaí uile a rinneadh d'fhoirgneamh na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil i

gCill Chainnigh, d'Fhoirgneamh na Seirbhíse Príosúin sa Longfort agus d'fhoirgneamh Oifig na

nOibreacha Poiblí i mBaile Átha Troim.

Cuid shuntasach d'obair na Rannóige ab ea an obair a bhí idir lámha i gcomhair an Chláir don Dílárú

mar a ndearnadh dul chun cinn chuig céim na tógála ar líon áirithe de thionscadail a bhí faoi stiúir

forbróirí. Rinneadh dul chun cinn suntasach sa bhliain 2007 ar na foirgnimh i Sligeach don Roinn

Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus ar na foirgnimh don Roinn Airgeadais sa Tulach Mhór sa

bhliain 2007.

Chuir an Rannóg seirbhísí teicniúla ar fáil do raon leathan éagsúil de thionscadail neamhchoitianta

cosúil le Músaem na Staire Míleata i nDún Uí Choileáin, Feirm an Stáit sa Bhaile Fada, Leacht

Cuimhneacháin Thomáis Dáibhís ar Fhaiche an Choláiste agus Pálás an Easpaig i gCill Chainnigh don

Chomhairle Oidhreachta, ní áirím ach beagán.

Tugtar achoimre sa tábla thíos ar an táirgeacht a bhain le 2006.

Réimse Oibre

Luach Iomlán (Em)

Oibreacha Nua 30

Mionoibreacha Cothabhála 15

Mionobair Chothabhála Chláraithe 3.5

Comhairle agus Monatóireacht

(lena n-áirítear an Clár don Dílárú) 220

Clár Fóirithinte Tuilte

Tá Clár Scéimeanna Fóirithinte Tuilte Oifig na nOibreacha Poiblí atá faoi bhainistíocht na Seirbhísí

Innealtóireachta ar bun ó 1995 i leith. Bíonn na scéimeanna á bhfeidhmiú i gcomhar leis na húdaráis

áitiúla ábhartha. Tríd is tríd cuirtear na hoibreacha i bhfeidhm faoin Acht Siltin Airtéirigh 1945, agus

an tAcht Siltin Airtéirigh Leasaithe 1995 cé gur chuir na húdaráis áitiúla roinnt céimeanna de

scéimeanna i bhfeidhm faoi na Rialacháin Phleanála agus Forbartha le blianta beaga anuas. I roinnt

cásanna chuir Oifig na nOibreacha Poiblí maoiniú ar fáil go díreach do na hÚdaráis Áitiúla chun

tabhairt faoi oibreacha fóirithinte tuilte.

57