Scéim 2009-2012 - Donegal Vec
Scéim 2009-2012 - Donegal Vec
Scéim 2009-2012 - Donegal Vec
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall

Scéim 2009-2012

de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003

Clár

Caibidil 1

Cúlra agus Réamhrá.................................................................................2

Caibidil 2

Ag Feabhsú Acmhainneacht Inbhuanaithe sa Ghaeilge ..........................6

Caibidil 3

Tuilleadh Feabhais ar Sheirbhísí curtha ar fáil go Dátheangach.............8

Caibidil 4

Cur i bhFeidhm, Monatóireacht & Tuairisciú ..........................................12

Caibidil 5

Foilsiú na Scéime Comhaontaithe 2009 – 2012 .....................................13

Aguisín 1

Ballraíocht Choiste Forbartha na Gaeilge ........................................................14

Scéim 2009-2012 Leathanach 1
Caibidil 1

Cúlra agus Réamhrá

Réamhrá

Is í seo an dara Scéim a d’ullmhaigh Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall faoi Alt 11 d’Acht na

dTeangacha Oifigiúla, 2003 ("an tAcht").

Tá foráil in Alt 11 a chuireann d’iallach ar chomhlachtaí poiblí ullmhú a dhéanamh ar scéim

reachtúil ina mbeidh mionsonraí na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil:

trí mheán na Gaeilge,

trí mheán án Bhéarla,

trí mheáin na Gaeilge agus an Bhéarla, agus,

na bearta a nglacfaí an eagraíocht leo lena chinntiú go gcuirfear ar fáil, laistigh de

thréimhse chomhaontaithe, seirbhís ar bith nach bhfuil ar fáil cheana féin trí mheán na

Gaeilge.

Chuir an Coiste a chéad Scéim Teanga i bhfeidhm thar thréimhse trí bliana ón 1 Iúil 2005 ar

aghaidh.

5

Tógann an Scéim seo ar chéad Scéim an Choiste agus ar an ghnás agus an cleachtas atá i réim

laistigh de Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall ó bunaíodh an Coiste de bhua an Achta

Gairmoideachais, 1930, maraon leis na prionsabail do Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí

1.1 Ábhar na Scéime Teanga

Is é bunchuspóir an Achta a chinntiú go mbeidh infhaighteacht níos fearr, agus caighdeán níos

airde, ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge. I ndáil leis seo, tá an Coiste ag cur cuid mhór seirbhísí trí

mheán na Gaeilge, nó go dátheangach, ar fáil cheana féin, ar a n-áirítear seirbhísí do na pobail

Ghaeltachta le cois eagraíochtaí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá Cairt Chustaiméara an

Choiste tiomanta chuige seo a leanas:-

"Seirbhísí d’ardchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge agus/nó go dátheangach agus

custaiméirí a chur ar an eolas faoina gcearta i dtaca le freastal a fháil i gceachtar de na

teangacha oifigiúla. Leanfar den sprioc seo ar bhonn céimnithe thar thréimhse na

Scéime"

Sa chéad Scéim a d’ullmhaigh an Coiste, tugadh mórán gealltanas ar mhaithe le leibhéal na

seirbhíse trí Ghaeilge a fheabhsú. Tá seachadadh déanta ar na gealltanais sin go léir, ina measc

forbairt ar shuíomh gréasáin atá go hiomlán dátheangach. Tá sé mar chuspóir ag an Dara Scéim

seo leanúint de bheith ag seachadadh na ngealltanas sin agus leibhéal na seirbhíse a dhéanamh

níos fearr thar thréimhse na Scéime (2009-2012).

Tógann an Scéim úrnua ar an dul chun cinn a rinneadh ar fud na heagraíochta go léir le linn

tréimhse na Scéime deiridh. Thar ceann an Choiste agus a fhoireann, tugtar gealltanas go

ndéanfar leathnú ar na seirbhísí atá ar fáil cheana féin i nGaeilge agus aithnítear réimsí ina

bhféadfaí feabhsúcháin a dhéanamh.

Lena chois sin, tógann an Scéim úrnua ar na prionsabail do Sheirbhís Ardchaighdeáin do

Chustaiméirí agus leanfar ar aghaidh ag cinntiú go ndéanfar éascú ar dhaoine atá i bhfách lena

ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Scéim 2009-2012 Leathanach 2
1.2 Measúnacht ar raon na seirbhísí atá ar fáil cheana féin trí mheán na

Gaeilge.

Sa dara scéim seo, tá tuilleadh forbartha déanta ar réim na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge. Tá na

réimsí seirbhísí breise a mbeifear á bhfeabhsú agus á gcur ar fáil ag an Choiste ainmnithe sna

caibidlí a leanas. Tá tiomantas sa scéim fosta faoi choinne measúnacht leanúnach a dhéanamh ar

an éileamh do sheirbhísí trí Ghaeilge agus chun a chinntiú go sásaíonn an Coiste an t-éileamh seo

ar dhóigh atá réamhghníomhach, pleanáilte, soiléir agus inrochtana. Leanfaidh an Coiste ar

aghaidh le cur chun tosaigh úsáid na Gaeilge laistigh den eagraíocht; déanfaidh an Coiste a

dhícheall an t-éileamh ar a sheirbhísí trí Ghaeilge a mhéadú agus déanfar monatóireacht ar líon na

bhfiosrúchán/iarratas ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Baineadh amach spriocanna an Choiste, mar a bhí siad leagtha síos sa chéad Scéim, a bhuíochas

do cur chuige pleanáilte forchéimnitheach i ndáil le: a) Earcú agus Socrúchán, agus b) Oiliúint agus

Forbairt.

a) Earcú agus Socrúchán

Mar chuid dá pholasaí earcaíochta, fógraíonn an Coiste i gcónaí trí Ghaeilge folúntais do bhaill

foirne le hoibriú ina chuid Gaelcholáistí agus sna Scoileanna/Coláistí/Ionaid atá lonnaithe sna

pobail Ghaeltachta.

Maidir le socrúcháin do bhaill foirne i Scoileanna/Colaistí/Ionaid i gceantair Ghaeltachta, tugadh tús

áite dóibh siúd atá líofa go leor sa Ghaeilge le bheith in inmhe seirbhísí a sheachadadh go

héifeachtach. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach do phostanna riaracháin i

Scoileanna/Colaistí/Ionaid i gceantair Ghaeltachta.

Nuair is iarrthóirí do phostanna ar leith leis an Choiste atá i gceist, áit a bhfuil líofacht sa Ghaeilge

riachtanach, caithfidh na hiarrthóirí sin a n-agallamh a dhéanamh trí Ghaeilge. Nuair a thugtar

rogha d’iarrthóirí agallamh a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla, ní mór dóibh a rogha a chur in iúl

ag an staid iarratais agus cuirfear boird agallaimh le chéile dá réir. Rinneadh polasaí earcaíochta

an Choiste a leasú chun é seo a leiriú.

b) Oiliúint agus Forbairt

Sa bhliain 2006, thug oifig an Oifigigh Oideachais agus Foireann Oideachas Aosaigh isteach

Teastas Eorpach na Gaeilge, (Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad) do bhaill foirne riaracháin in

iomlán Scoileanna/Coláistí/Ionaid de chuid an Choiste. Reáchtáladh na ranganna do na baill foirne i

Leitir Ceanainn agus i mBaile Dhún na nGall sa dóigh go mbeadh an Coiste in ann a thiomantas a

chomhlíonadh i leith a inniúlacht sa Ghaeilge a fheabhsú. Bhí na baill foirne a d’fhreastail ar na

ranganna agus ar éirigh leo sna scrúduithe don Teastas Eorpach na Gaeilge, ag ceithre leibhéal

(A1, A2, B1 agus B2) in 2009, bhí siad sásta lena ndul chun cinn maraon lena gcumas agus muinín

níos fearr i n-úsáid na Gaeilge.

De thairbhe Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta an Choiste, agus comhairliúchán eile

le baill foirne, tá fardal curtha i gcrích i dtaca leis an soláthar agus éileamh ar sheirbhísí trí

Ghaeilge.

Déantar iomlán cúrsaí sa teanga Ghaeilge agus cúrsaí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge a

mheas ar bonn leanúnach. Tá an modh bailiúcháin agus meastóireachta ar aiseolas curtha ar

bhonn foirmiúil, chun gur féidir ranganna Gaeilge a fheabhsú de réir mar is cuí.

Tá socruithe déanta le baill foirne ainmnithe le seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge nuair a iarrtar a

leithéid. Tá na baill foirne sna hoifigí fáilte agus na teileafónaithe eolach ar na baill foirne

ainmnithe sin sa dóigh go dtigh leo na glaonna a chur díreach chucu.

Scéim 2009-2012 Leathanach 3
1.3 Dáta tosaithe na Scéime

Tá an scéim seo deimhnithe ag Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall. Beidh an scéim i

bhfeidhm ón 22 de mhí Meán Fómhair 2009 agus fanóidh sí i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana

ón dáta seo nó go dtí go ndearbhóidh an Coiste scéim úrnua de bhun Alt 15 den Acht, cibé is

luaithe.

1.4 Forbhreathnú ar Choiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall

1.4.1 Údarás agus Bunchuspóir

Bunaíodh Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall faoin Acht Gairmoideachais, 1930. Tá a

chuid cumhachtaí agus feidhmeanna faoi réir ag an reachtaíocht phríomha seo agus ag aon iarreachtaíocht

leasaithe a cuireadh isteach san Acht Gairmoideachais (Leasú), 2001. Tá Coiste

Gairmoideachais Dhún na nGall ar cheann de na cinn is mó de na 33 Coistí Gairmoideachais ar fud

na tíre. Is é an chúram reachtúil atá ar an gCoiste ná oideachas dara leibhéil, oideachas

leanúnach, oideachas breise, aosaigh agus pobail (agus comhcheangailte) a sholáthar do mhuintir

Dhún na nGall. Ar bhonn geografach, síneann cúram an Choiste ó Mhálainn sa taobh ó thuaidh go

Bun Dobhráin sa taobh ó dheas, Árainn Mhór agus Toraigh san iarthar agus An Charraig san

iardheisceart. Tá Dún na nGall suntasach sa mhéidh is go bhfuil an Chontae ag críocantacht leis an

Aigeán Atlantach ar an taobh thiar, le contaetha Dhoire, Fhear Manach agus Thír Eoghain sa taobh

thoir agus le Contae Liatroma ar an taobh ó dheas agus gan ach teorainn de 20 ciliméadar ag an

Chontae leis an Stát.

Cuireann an Coiste réimse leathan de sheirbhísí oideachasúla ar fáil sna ceantair seo. I measc na

seirbhísí oideachasúla sin, tá oideachas dara leibhéal lánaimseartha ar fáil i 14 Scoil/Coláiste Iarbhunoideachais,

oiliúint tríú leibhéil d’earnáil na turasóireachta agus do thionscail ghaolmhara i

gColáiste Turasóireachta cónaitheach ar na Cealla Beaga, Oideachas Lasmuigh ar fáil in Ionad

Eachtraíochta Ghartain, sé cinn d’ionaid, atá dírithe go hiomlán ar Thraenáil & Oideachas Aosaigh,

lonnaithe in áiteanna éagsúla ar fud an Chontae, Ionad Traenála i Leitir Ceanainn do dhaoine fásta

ón Lucht Siúil agus soláthar curtha ar fáil do dhaoine fásta i mórán scoileanna agus ionaid pobail.

Fríd a Chlár um Sheirbhísí don Óige, tugann an Coiste tacaíocht do Grúpaí Ógra Deonacha,

Tionscadail Áitiúla don Óige agus Seirbhísí don Óige ar mhaithe le cláracha oideachais,

forbraíochta agus caitheamh aimsire a chur ar fáil don aos óg.

Ní hamháin go gcuirtear oideachas páirtaimseartha ar fáil do dhaoine fásta i scoileanna agus ionaid

éagsúla, cuireann an Coiste cláracha san oideachas bunúsach agus seirbhís litearthachta ar fáil

fosta agus tugann siad tacaíocht do thionscnaimh in oideachas pobail ar fud an Chontae. I measc

na gcláracha/seirbhísí eile, tá an Scéim Ógtheagmhála, nó Youthreach, Scéimeanna Deiseanna

Oiliúna Gairmoideachais (VTOS), Tionscnaimh um Filleadh ar an Oideachas (BTEI), agus tá

Seirbhís Treorach in Oideachas Aosaigh a soláthar i Leitir Ceanainn, i mBaile Dhún na nGall agus i

gceithre Ionad For-rochtana pobalbhunaithe.

Tá Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall lándáiríre fá sheirbhísí oideachasúla agus

seirbhísí gaolmharaden chaighdeán is airde agus atá bunaithe ar Chomhpháirtíocht, a chur ar fáil

le freastal ar riachtanaisí oideachais na bpobal i nDún na nGall.

Bunchuspóir

Deiseanna foghlama cuimsitheacha a chur chun cinn leis an tacaíocht

chuí a chuirfidh ar chumas dhaoine óga agus dhaoine fásta iad féin a

thabhairt chun foirfeachta sa phobal

Scéim 2009-2012 Leathanach 4
1.4.2 Custaiméirí agus Páirtithe Leasmhara

Tá tionchar ag iarmhairtí na hoibre a dhéanann an Coiste ar chuid mhór daoine, ó dhaltaí dara

leibhéil, foghlaimeoirí le riachtanaisí speisialta, foghlaimeoirí fásta, foghlaimeoirí dara seans, pobail

áitiúla, go háirithe iad siúd atá ina gcónaí faoin tuath agus i gceantair faoi mhíbhuntáiste. Ach is

iad seo a leanas eochairpháirtithe leasmhara agus custaiméirí an Choiste:

- Foghlaimeoiri Fásta

- Iarratasóirí agus faighteoirí deontais faoi na scéimeanna éagsúla tacaíochta do mhic léinn atá

a riar go díreach ag an Choiste

- Coistí ar fud an chontae

- Coiste agus Fochoistí (Comhaltaí)

- Fostaithe an Choiste

- Eagraíochtaí Ionadaíochta na bhFostaithe

- Ranna agus Comhcheangail Rialtais

- Údaráis Aitiúla

- Páirtnéirí Sóisialta, ar a n-áirítear ionadaithe ón earnáil phobail agus dheonach agus fostaithe

- Gníomhaireachtaí Stáit

- Mic Léinn agus/nó a dtuismitheoirí

- An Roinn Oideachais & Eolaíochta

- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Iarthuaisceart)

- Eagraíochtaí Deonacha & Spóirt

1.4.3 Réimsí Feidhmiúla an Choiste

Is iad seo a leanas réimsí feidhmiúla an Choiste:-

a) Ról Seachtrach

- Ionaid Oideachais & Traenála d’Aosaigh

- Seirbhís Threorach d’Fhoghlaimeoirí Fásta

- An Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas

- Seirbhísí um Oideachas Bunúsach

- An tIonad Oideachais, Leitir Ceanainn

- Seirbhísí Oideachais Pobail

- Ionad Eachtraíochta Ghartain

- Comhpháirtíocht Dhún na nGall um Sheirbhís Áitiúil Cheoil

- Scoileanna & Coláistí Dara Leibhéil

- Seirbhísí Tacaíochta do Mhic Léinn

- Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais

- Seirbhísí don Aos Óg

- Scéim Ógtheagmhála/Cumasóige

b) Aonaid Tacaíochta Inmheánacha:-

- Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha

- Bainisteoireacht Eastáit

- Rannóg Airgeadais

- Rannóg na nAcmhainní Daonna

- Aonad na Faisnéise Teicneolaíochta

Scéim 2009-2012 Leathanach 5
Caibidil 2

Ag Feabhsú Acmhainneacht Inbhuanaithe sa Ghaeilge

Sa chaibidil seo, tugtar léargas ar an soláthar seirbhíse atá curtha ar fáil ag

Scoileanna/Coláistí/Ionaid aonair laistigh den Choiste Gairmoideachais.

2.1 Liosta de Rannáin an Choiste a chuireann seirbhísí ar fáil i nGaeilge

Is iad seo a leanas Scoileanna/Coláistí/Ionaid de chuid an Choiste Gairmoideachais a oibríonn trí

mheán na Gaeilge agus, ar an tséala sin, a chuireann seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Leanfaidh siad ar aghaidh a dhéanamh sin i rith tréimhse na Scéime seo ach amháin nuair a

lorgóidh custaiméir/cliant a leithéid de sheirbhís i mBéarla:-

Ionad Oideachais Aosaigh, Gort a’ Choirce

Gaelcholáiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha

Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Coláiste Pobail Cholmcille, Oileán Thoraí

Gairmscoil Chú Uladh, Béal An Átha Móir

Gairmscoil Mhic Diarmada, Oileán Árainn Mhóir

2.2 Liosta de Rannáin an Choiste a chuireann seirbhísí ar fáil i nGaeilge agus

i mBéarla

Is é seo a leanas liosta de Scoileanna/Coláistí/Ionaid de chuid an Choiste Gairmoideachais atá i

láthair na huaire in inmhe seirbhís a chur ar fáil sa teanga oifigiúil a roghnaíonn an custaiméir:-

Ionaid Oideachais & Oiliúna d’Aosaigh

Béal Átha Seanaidh

Baile Dhún na nGall

Leitir Ceanainn

Treoirsheirbhís d’Fhoghlaimeoirí Fásta

Leitir Ceanainn

Seirbhísí d’Oideachas Bunúsach

Sna ceantair Ghaeltachta

Seirbhísí Tacaíochta d’Oideachas Pobail

Ar fud an Chontae

Scoileanna agus Coláistí Dara Leibhéal

Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall

Gairmscoil na Carraige, An Charraig

Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth

Coláiste Earagail, Leitir Ceanainn

Coláiste Pobail Bhun an Phobail, Bun an Phobail

Oifigí Riaracháin, Ard Uí Dhomhnaill, Leitir Ceanainn

Seirbhísí Corparáideacha

Acmhainní Daonna

Seirbhísí Tacaíochta do Mhic Léinn

Scéim 2009-2012 Leathanach 6
2.3 Liosta de Rannáin an Choiste a chuireann seirbhísí ar fáil tri mheán an

Bhéarla amháin san am i láthair

Is é seo a leanas liosta de Scoileanna/Coláistí/Ionaid de chuid an Choiste Gairmoideachais nach

bhfuil ar a gcumas san am i láthair seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil, cé go bhfuiltear ag obair ar

inniúlacht na mball foirne sa Ghaeilge a fheabhsú.

Ionaid Oideachais & Oiliúna d’Aosaigh

Bun Cranncha

Baile na nGallóglach

Ógtheagmháil Leifir

Treoirsheirbhís d’Fhoghlaimeoirí Fásta

Baile Dhún na nGall

An tIonad Oideachais, Leitir Ceanainn

Ionad Eachtraíochta Ghartán

Scoileanna agus Coláistí Dara Leibhéal

Coláiste Magh Éne, Bun Dobhráin

Coláiste na Maoile Ruaidhe, Baile na nGallóglach

Coláiste Ghleann na Finne

Gairmscoil Chaitríona, Na Cealla Beaga

Coláiste Chranncha, Bun Cranncha

Oifigí Riaracháin, Ard Uí Dhomhnaill, Leitir Ceanainn

Bainistíocht Eastát

Rannán an Airgeadais

Scéim 2009-2012 Leathanach 7
Caibidil 3

Tuilleadh Feabhais ar Sheirbhísí curtha ar fáil go Dátheangach

3.1 Cur Chun Cinn

Creideann CGO Dhún na nGall go bhfuil bolscaireacht ghníomhach ar na seirbhísí dátheangach atá

ar fáil don phobal, lárnach do mhéadú an éilimh ar a leithéid de sheirbhísí.

Is Meitheal Oibre atá i gCoiste Forbartha na Gaeilge, a bunaíodh i mí Feabhra 2008, a

tharraingíonn le chéile eochairbhaill foirne ó Rannáin Riaracháin, Dara Leibhéal agus Oideachas

Aosaigh. Is forbairt bhreise é ar an ghrúpa a bunaíodh sa bhliain 2005 ar mhaithe leis an chéad

Scéim ón Choiste, 2005 – 2008, a chur i réim.

Tagann Coiste Forbartha na Gaeilge le chéile go rialta, tuairim is ceithre go sé huaire sa bhliain,

chun plé agus socrú a dhéanamh ar an straitéis trína mbeifear ábalta gealltanais na Scéime a

bhaint amach agus a sheachadadh. Maidir leis an Scéim reatha, cuirfidh Coiste Forbartha na

Gaeilge gealltanais in ord tosaíochta agus aontóidh siad straitéis fhorfheidhmithe chun na

spriocanna atá leagtha síos a bhaint amach.

Ag tógáil ar an mhéid atá curtha i gcrích ag an chéad Scéim agus ar an acmhainn mhéadaithe do

chur ar fáil seirbhísí go dátheangach, beidh an Coiste ag iarraidh Scéim 2009 – 2012 a chur chun

cinn go gníomhach ar dhornán bealaí, ina measc:

Na gnásanna ionduchtúcháin inmheánacha a chur ar bhonn foirmiúil chun baill foirne a

dhéanamh eolach ar ár gcuid oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, agus ar

obair Choiste Forbartha na Gaeilge.

Comharthaíocht níos fearr, ag taispeáint seirbhísí Gaeilge agus Béarla an CGO, go

hinmheánach agus seachtrach araon, sna Scoileanna/Coláistí/Ionaid go léir ar mhaithe le

bolscaireacht a dhéanamh ar infhaighteacht sheirbhísí dátheangach i ngach rannán den

Choiste.

Cuirfidh méadú ar an mhéid ábhar Gaeilge ar an suíomh gréasáin corparáideach

infhaighteacht ar sheirbhísí dátheangach chun cinn agus spreagfaidh sé baill den phobal a

ngnó leis an Choiste a dhéanamh i nGaeilge.

De thairbhe níos mó úsáide den Ghaeilge ag baill foirne i Scoileanna/Coláistí/Ionaid an

Choiste, tuigfidh custaiméirí go bhfuil úsáid laethúil a bhaint as an Ghaeilge laistigh den

Choiste agus spreagfaidh sé sin iad le teagmháil a dhéanamh linn i nGaeilge.

Bolscaireacht a dhéanamh ar sheirbhís dhátheangach a bhuíochas do straitéisí atá curtha le

chéile ag Coiste Forbartha na Gaeilge.

Tacaíocht, traenáil agus forbairt leanúnach do Scoileanna, Colaistí, Ionaid agus Rannáin na

nOifigí Riaracháin ar mhaithe lena riachtanais, mar atá leagtha amach sa Scéim, a

shásamh agus méadú a dhéanamh ar chumas foriomlán an Choiste i ndáil le seirbhísí

dátheangach a sholáthar.

Scéim 2009-2012 Leathanach 8
3.2 Oifigí lonnaithe i gCeantair Ghaeltachta i nDún na nGall

Le cois na cinn atá leagtha amach thuas i bParagraf 2.1 den chaibidil roimhe seo, cinnteoidh an

Coiste, tráth nach déanaí ná 2010, gurb í an Ghaeilge a bheas ina teanga oibre ina chuid oifigí eile

sa Ghaeltacht.

Gairmscoil Mhic Diarmada, Oileán Árainn Mhór

Ó Mheán Fómhair 2009, cuirfear seirbhísí riaracháin ar fáil i nGairmscoil Mhic Diarmada de

réir Comhaontú Dlithiúil, dar dáta 28 Iúil 2008, atá in áit.

Gairmscoil na Carraige, An Charraig

Ó Mheán Fómhair 2010 ar aghaidh, is í an Ghaeilge a bheas mar theanga oibre i nGairmscoil

na Carraige.

3.3 Modh Cumarsáide leis an Phobal / Faisnéis don Phobal

i) Foirmeacha Iarratais

Beidh Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall ag leanúint dá pholasaí foirmeacha iarratais, maraon

le cáipéisí a bhaineann leo, a thairiscint i gcónaí d’iarrthóirí sa teanga oifigiúil is rogha leo. Ar an

tséala sin, tá sé mar pholasaí ag an Choiste déanamh cinnte go bhfuil iomlán na bhfoirmeacha

iarratais, agus cáipéisí a bhaineann leo, ar fáil ar ár suíomh gréasáin i dtólamh go comhuaineach

sa dá theanga oifigiúil.

Le linn an chéad bhliain den scéim seo, aithnóidh an Coiste foirmeacha iarratais agus bileoga

eolais a d’fhéadfaí a chur ar fáil faoi chlúdach amháin. Cinnteoidh an Coiste go mbeidh na

foirmeacha agus na bileoga aitheanta sin curtha ar fáil faoi chlúdach amháin sa dá theanga oifigiúil

faoi dheireadh na scéime seo.

Nuair a chuirtear foirmeacha iarratais agus bileoga eolais ar fáil mar leagain i nGaeilge amháin

agus i mBéarla amháin, cinnteoidh Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall go dtabharfar

cothromaíocht don dá leagan i ngach ionad poiblí agus go mbeidh an leagan Gaeilge chomh

infhaigthe leis an leagan Béarla. A bhuí do ráiteas oiriúnach ar an leagan Béarla den doiciméad,

agus i slite eile a mheasann an CGO a bheith cuí, cuirfear in iúl do chustaiméirí go

réamhghníomhach go bhfuil leagan ar leith Gaeilge ar fáil.

ii) Foilseacháin

Cuirtear foilseacháin chorparáideacha, bróisiúir agus bileoga eolais ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla

agus leanfar den nós sin.

iii) Preas Ráitis

Leanfar de bheith ag soláthar Preas Ráitis i nGaeilge agus i mBéarla. Beidh an leagan dátheangach

den Phreas Ráiteas ar fáil fosta ar shuíomh gréasáin an Choiste.

Tá sé mar chleachtas leanúnach ag an Choiste óráidí a thugann comhaltaí nó oifigigh a chur ar fáil

sa teanga/sna teangacha inar tugadh iad.

Cé nach bhfuil doiciméid theicniúla ar fáil ach i mBéarla amháin, faightear agus glactar le freagraí

ar na doiciméid sin i nGaeilge nó i mBéarla.

Scéim 2009-2012 Leathanach 9
3.4 Oifigí Fáilte

Feicfidh an Coiste chuige go gcuirfear suas réimse comharthaí suntasacha in oifigí fáilte i

Scoileanna/Coláistí/Ionaid, a bheas in oiriúint dóibh siúd liostaithe i gCuid 2, a chuirfidh in iúl go

soiléir don phobal go bhfuil seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge.

Ó thús na Scéime seo, beidh ainmneacha agus sonraí teagmhála na mball foirne, le líofacht sa

Ghaeilge, curtha ar fáil. Cuirfear ainmneacha eile leis an liosta seo de réir mar a éiríonn baill foirne

eile de chuid an Choiste cumasach go leor le seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Beidh baill foirne na n-oifigí fáilte/na lasc-chlár breá eolach ar cé is fearr fáil i dteagmháil leis/léi i

ngach Scoil/Coláiste/Ionad chun go bhféadfar seirbhísí a chur ar fáil i dteanga roghnaithe an

chustaiméara.

Is iad baill foirne na n-oifigí fáilte/na lasc-chlár i ngach Scoil/Coláiste/Ionad an chéad phointe

teagmhála don phobal. Beidh sé mar pholasaí ag an Choiste a chinntiú go mbeidh Seirbhís

Ardchaighdeáin do Chustaiméirí curtha i bhfeidhm sa réimse seo, rud a chiallaíonn go mbeidh siad

seo a leanas i réim faoi thús na Scéime seo:

Tabharfaidh ball foirne na n-oifigí fáilte/na lasc-chlár ainm Scoile/Coláiste/Ionaid i nGaeilge.

Beidh siad eolach ar na beannachtaí bunúsacha i nGaeilge, ar a laghad.

Tá socruithe oiriúnacha curtha in áit sa dóigh go dtig leo daoine ón phobal a chur i

dteagmháil, gan aon mhoill, leis an oifig nó oifigeach atá freagrach as an tseirbhís atá siad

a lorg trí Ghaeilge, nuair is ann di.

3.5 Suíomh Gréasáin Corparáideach agus Córais Faisnéise

Siocair go bhfuil suíomh gréasáin corparáideach an Choiste go hiomlán dátheangach, tá sé de

rogha ag custaiméirí an t-ábhar a fheiceáil i nGaeilge agus i mBéarla. Coimeádfar an suíomh

gréasáin go hiomlán dátheangach agus cinnteoidh an Coiste go mbeidh gach uile fhoilseachán,

bróisiúr agus bileog eolais, a fhoilsítear i nGaeilge nó go dátheangach, curtha suas ar an leagan

Gaeilge den suíomh gréasáin ag an am ceannann céanna leis an leagan Béarla.

Tá athbhreithniú déanta ag an Choiste ar shuíomhanna gréasáin a chuid Scoileanna/Coláistí /Ionad

agus beifear ag dul i mbun réamhoibre d’fhonn iad a dhéanamh dátheangach mar pháirt de thríú

scéim an Choiste nó scéimeanna ina dhiaidh sin. Beidh ábhar statach ar shuíomh gréasáin úrnua ar

bith a bhunóidh an Coiste le linn tréimhse na Scéime seo, beidh sé dátheangach.

Tá an seoladh ríomhphoist eolas@donegalvec.ie curtha ar an suíomh gréasáin ar mhaithe le

custaiméirí a spreagadh agus a éascú chun teagmháil a dhéanamh leis an Choiste trí Ghaeilge.

Tá sé mar chuspóir fadtéarmach seirbhísí dátheangach ar líne agus seirbhísí dátheangach

ríomhaire a sholáthar. Chun é seo a chur i gcrích, beidh gá le cur chuige cothrom ar mhaithe le

riachtanais feidhmiúla agus teanga na gcóras bogearraí a shásamh.

Cinnteoidh an Coiste go mbeidh seirbhísí úra ríomhaireachta a chuirfidh an Coiste i bhfeidhm

lánábalta agus in oiriúint don Ghaeilge, agus go gcuirfear na córais atá ann cheana féin in oiriúint

chomh luath is a bheifear ag déanamh an chéad obair chothabhála eile nó uasghrádú, nuair is cuí.

Tá an t-aon sheirbhís idirghníomhach ar líne atá ag an Choiste san am i láthair, Foláirimh SMS do

Sheirbhísí Tacaíochta na Mac Léinn, in ann cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí i nGaeilge agus i

mBéarla. Beidh seirbhísí eile idirghníomhacha ar líne á gcur ar fáil go dátheangach san am atá le

theacht.

Scéim 2009-2012 Leathanach 10
3.6 Cumais Gaeilge an Choiste a Fheabhsú

Tugann an Coiste tacaíocht agus spreagadh do bhaill foirne atá i bhfách lena scileanna sa teanga

Ghaeilge a fhorbairt agus a fheabhsú. Cuireadh ranganna lánmhaoinithe le linn uaireanta oibre ar

fáil i Leitir Ceanainn agus i mBaile Dhún na nGall i rith tréimhse an chéad scéim teanga curtha i

bhfeidhm ag an Choiste.

Mar thoradh air sin, déanann comhghleacaithe a ngnó laethúil lena chéile agus le foireann na

nOifigí Riaracháin trí Ghaeilge ar bhonn rialta.

Tugtar eolas do bhaill foirne faoin réimse ranganna Gaeilge atá ar fáil. Tá cuid de na baill foirne

rannpháirteach i ranganna eagraithe ag Gaelscoileanna in ionaid éagsúla, agus tá cuid eile ag

déanamh staidéir ar chúrsaí níos foirmeálta, macasamhail an Dioplóma sa Ghaeilge le hOllscoil na

hÉireann, Gaillimh.

3.7 Polasaí do Chruinnithe Poiblí

Reáchtálann an Coiste formhór a chuid cruinnithe trí mheán an Bhéarla amháin. Mar sin féin, tá sé

mar pholasaí leanúnach ag an Choiste seo go mbeidh cruinnithe poiblí ar bith a bheidh ar siúl sa

Ghaeltacht, nó a bhainfidh le saincheisteanna Gaeltachta, reáchtáilte trí Ghaeilge nó go

dátheangach.

I gcás cruinnithe poiblí a bhaineann le saincheisteanna na teanga Gaeilge go ginearálta, féadfar na

cruinnithe sin a reáchtáil trí Ghaeilge nó go dátheangach.

3.8 Oiliúint agus Forbairt

Déanfar athbhreithniú ar sholáthar Ranganna Gaeilge de réir straitéis an lucht bainistíochta chun

go mbeifear ábalta spriocanna sa Scéim 2009 – 2012 a bhaint amach, ag cur san áireamh na

meastóireachtaí a rinneadh i ndiaidh scrúduithe roimhe seo agus na hacmhainní atá ar fáil.

Leanfaidh an Coiste de bheith ag tabhairt tacaíochta agus spreagadh do bhaill foirne a bhíonn

rannpháirteach i gcúrsaí áta á n-eagrú ag soláthraithe seachtracha, macasamhail:

Cúrsaí Gaeilge le hOideas Gael

Cúrsaí Dioplóma agus Céime sa Ghaeilge le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh

3.9 Ionduchtúchán

Beidh Coiste Forbartha na Gaeilge ag comhoibriú le Rannán na nAcmhainní Daonna ar mhaithe le

héascú a dhéanamh ar áireamh na Scéime 2009 – 2012 i gcláracha ionduchtúcháin, idir foirmeálta

agus neamhfhoirmeálta, do bhaill foirne atá fostaithe i rannóga éagsúla an Choiste.

Déanfar cáipéis achoimrithe a dhréachtú agus a fhoilsiú le cinntiú go mbeidh baill foirne eolach

orthu seo a leanas:

go dtuigeann siad cén fáth go gcuireann an Coiste polasaí dátheangach i bhfeidhm,

go dtuigeann siad comhthéacs agus cúlra an pholasaí,

go bhfuil siad feasach go hiomlán ar an tionchar a bheas ag an pholasaí ar a gcuid oibre,

agus

go bhfuil siad eolach ar an tacaíocht agus na deiseanna oiliúna a chuirtear ar fáil le

scileanna a uasmhéadú.

Scéim 2009-2012 Leathanach 11
Caibidil 4

Cur i bhFeidhm, Monatóireacht agus Tuairisciú

4.1 Cur i bhFeidhm

Coinneoidh Coiste Forbartha na Gaeilge* oibriúchán éifeachtach na Scéime faoi athbhreithniú.

Cuirfidh na bainisteoirí líne i ngach Scoil/Coláiste/Ionad, atá freagrach as cur i bhfeidhm na Scéime

ina Scoil/Coláiste/Ionad féin, tuairisc rialta chuig an Príomhfheidhmeannach.

33

Beidh Coiste Forbartha na Gaeilge ar thús cadhnaíochta i gcur i bhfeidhm na Scéime agus

comhaontóidh siad roinnt tosaíochtaí a dtabharfar aghaidh orthu gach bliain ar mhaithe leis na

gealltanais sa Scéim 2009 - 2012 a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

4.2 Monatóireacht

Gheobhaidh Coiste Forbartha na Gaeilge tuairiscí rialta fá chur i bhfeidhm na Scéime 2009–2012.

Is iad na bainisteoirí líne i ngach ceann de Scoileanna/Coláistí/Ionaid an Choiste a bheas freagrach

as monatóireacht na Scéime ó lá go lá, agus as tuairiscí rialta a chur faoi bhráid an

Phríomhfheidhmeannaigh.

Féadfaí Coiste Forbartha na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach na

Scéime, de réir mar is cuí.

4.3 Tuairisciú

Bíonn cur síos ar fhorfheidhmiú na Scéime i dTuarascálacha Bliantúla an Choiste. Bíonn ráiteas fá

dhul chun cinn agus ar chur i bhfeidhm na Scéime i ngach ceann de Thuarascálacha Bliantúla an

Choiste.

* Ballraíocht sa Choiste Forbartha na Gaeilge mar atá liostaithe in Aguisín 1 (féach leathanach 14)

Scéim 2009-2012 Leathanach 12
Caibidil 5

Foilsiú na Scéime Comhaontaithe 2009 – 2012

Beidh clár ábhair na Scéime seo, maraon le gealltanais agus forálacha na Scéime, foilsithe don

phobal i gcoitinne a bhuí do na slite seo a leanas:-

Seoladh Oifigiúil na Scéime

Preas Ráiteas

Dáilithe chuig gníomhaireachtai agus comhlachtaí poiblí ábhartha

Forálacha á bhfógairt

Suíomh Gréasáin Corparáideach

Chomh maith leis sin, nuair amháin atá Scoileanna/Coláistí/Ionaid, a bhfuil sé geallta acu seirbhís a

chur ar fáil inGaeilge, in inmhe a leithéid a dhéanamh, fógrófar é sin de réir na slite thuasluaite.

In éineacht leis na bearta atá leagtha síos níos luaithe sa scéim, bainfidh an Coiste úsáid as gach

uile dheis ina chuid idirghníomhú laethúil le custaiméirí chun na seirbhísí a chuirtear ar fáil i

nGaeilge a fhógairt agus a chur chun cinn, sna modhanna seo a leanas:

a chur in iúl go díreach ar bhonn réamhghníomhach do chustaiméirí go bhfuil sé de rogha

acu déileáil leis an Choiste agus a chuid Scoileanna, Coláistí agus Ionad trí mheán na

Gaeilge, mar shampla, trí fhógraí ar a mbeidh liosta de na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil, a

chrochadh sna háiteanna fáiltithe agus fosta na seirbhísí sin a liostáil go feiceálach ar

shuíomh gréasáin an Choiste;

fonótaí a chur ar rogha treoirlínte, bileoga agus foirmeacha iarratais ag míniú go bhfuil na

doiciméid seo ar fáil i nGaeilge chomh maith (i gcásanna nuair nach bhfuil an t-ábhar

dátheangach priontáilte faoin chlúdach amháin); agus,

nótaí a chur i bhfoilseacháin agus i bhfógraíocht ag cur in iúl go gcuireann an Coiste

seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge agus, ar an tséala sin, go gcuirtear fáilte roimh chustaiméirí atá

ag iarraidh a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, de réir a ghealltanais sa Scéim

chomhaontaithe.

Tá cóip den scéim seo curtha ar aghaidh chuig:

Oifig an Choimisinéir Teanga

An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Tá cóip den scéim le fáil ag www.donegalvec.ie nó ar iarratas ó eolas@donegalvec.ie

Is é an leagan Béarla an buntéacs den scéim seo.

Scéim 2009-2012 Leathanach 13
Aguisín 1

Ballraíocht Choiste Forbartha na Gaeilge

Ballraíocht Choiste Forbartha na Gaeilge:

• Seán Ó Longáin, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Cathaoirleach

• Mary Ann Kane, Oifigeach Oideachais

• Finola Furey, Ceann Roinne Acmhainní Daonna

• Frankie Quinn, Ceann Roinne Seirbhísí Corparáideacha

• Martin Gormley, Oifigeach Oideachais Aosaigh

• Cróna Gallagher, Oifigeach Oideachais Aosaigh

• Fiona Ní Chnáimhsí, Príomhoide, Garimscoil Chú Uladh

• Dolores Mhic Géidigh, Eagraí Litearthachta d'Aosaigh

• Aidan Mc Closkey, Roinn Acmhainní Daonna, Rúnaí

Scéim 2009-2012 Leathanach 14