10.07.2015 Views

Read More..... - Coláiste Feirste

Read More..... - Coláiste Feirste

Read More..... - Coláiste Feirste

SHOW MORE
SHOW LESS
• No tags were found...

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

Meitheamh 2013Nuachtlitir Choláiste FeirsteTeach Ard na bhFeá, 7 Páirc Radharc na bhFeá, An Cheathrú Ghaeltachta , Béal Feirste BT12 7PYFón: 028 9032 0707 Facs: 028 9032 4301 Suíomh Gréasáin www.colaistefeirste.com£250,000 Cinntithe ó Chomhairle Cathrach Bhéal FeirsteColáiste Feirste received great news recently when BelfastCity Council announced that we would receive £250,000funding to build state of the art handball courts. This goodnews comes at a time when Senior Teacher and past AllIreland Handball Champion, Séamas Ó Tuama has establishedthe lunch time Handball Club that has been a great success.Tá tógáil na spórtlainne úire imbéal an phobail le roinntmhaith míonna anois, achcinneadh ar na mallaibh gombeadh £250,000 eile ar fáil óChomhairle Cathrach BhéalFeirste chun cúirteannaúrscothacha liathróid láimhe a athógáil i gcomhar leis anspórtlann. Tá traidisiún láidirliathróid láimhe beo bríomhar sascoil le blianta anuas, lebuaiteoirí na hÉireann chomhmaith le hAisling Ní Raghallaigh,a bhain craobh dhomhandaanuraidh.Tá tionscadal liathróid láimhefaoi lán seoil sa scoil faoi láthairleis an chumann lóin, cé nachbhfuil na háiseanna oiriúnachaann ar an bhomaite. BhunaighSéamus Ó Tuama, club liathróidláimhe i gcaitheamh gach amlóin; a bhíonn dubh le daltaí nascoile, idir óg agus shinsear. Iscinnte go mbeidh neart buannaliathróid láimhe amach anseo agan scoil, go háirithe i ndiaidhdon mhaoiniú cuí seo a bheithcinntithe ón ChomhairleCathrach; le scoth na n-áiseannaa thógáil. Ní mór dúinn buíochasa ghabháil le ComhairleCathrach Bhéal Feirste as antacaíocht seo a chinntiú agusmuid ag iarraidh tógáil archluichí Gaelacha sa scoil.Tús Maith, Scoth na Bliana!It is often said that the transition from primary to secondaryschool can be hard on pupils. This was not the case for ourYear 8 pupils who have had a tremondous year.This exemplary transition programme, which is the envy ofother schools, lays solid foundations for a successful futurein Coláiste Feirste.Is deacair an t-aistriú ó bhunscoil go meánscoil go minic do dhaltaíscoile. Ní raibh sin amhlaidh do dhaltaí Bhliain 8 i mbliana ón lá athosaigh siad ar an phobalscoil i Meán Fómhair na bliana anuraidh,áfach. Cuireadh tús iontach leis an bhliain i ndiaidh do dhaltaí cúrsaaistrithe a dhéanamh ina gcéad seachtain scoile; cúrsa a chuaigh ibhfeidhm go mór orthu. Léirigh daltaí Bhliain 8 neart buanna le linnna bliana ó thaobh an oideachais, spóirt agus ceoil de. Ag am Nollag,chuir na ranganna ciseáin Nollag le chéile agus bhronn siad arphinsinéirí an cheantair iad. Beartaíodh mar sin, go rachadh Bliain 8go Gaeltacht Thír Chonaill i Mí na Bealtaine chun blas a fháil ar shaolna Gaeltachta agus bhí turas iontach acu.

Rath an Ionaid TacaíochtaBua Chorn Uí MhealláinYear 10 hurlers had a brilliant victory recently in the Mallon Cup final.The team were prominent during their progress through the qualificationgroup and dominated in the final, winning 5:12 – 0:01.This school year marked another fantastic year for the school’s Learning SupportCentre. Our pupils achieved amazing awards throughout the year including reading,writing and sporting awards. Dedicated staff from LSC also took part in the annualBelfast Marathon to raise much needed funds for the Learning Support Centre.Tá deireadh ag teacht le bliain eile thar a bheith rathúil d’Ionad Tacaíochta Choláiste Feirste. Lelinn na bliana, bhain daltaí agus foireann an Ionaid éachtaí den chéad scoth amach. I measc nan-éachtaí seo, baineadh duaiseanna oideachais agus spóirt, comórtais léitheoireachta, lainseáilleabhair agus a thuilleadh eile. Ar an chéad dul síos, d’éirigh go hiontach le dalta dár gcuid, JordanRuiséil ó thaobh na dornálaíochta de, i rith na bliana. Chomh maith leis an dornálaíocht, ghlacfoireann an Ionaid, idir mhúinteoirí agus chúntóirí, páirt i Maratón Bhéal Feirste i Mí na Bealtaineagus bhí rath nach beag orthu. Tógadh níos mó ná £1000 ar son an Ionaid; airgead a rachaidh gomór i bhfeidhm ar chúrsaí an Ionaid ar an bhliain seo chugainn.Tháinig gliondar ar ár gcroíthe fosta, nuair a bhain Conor Tailliúir duais speisialta ó Scoil nahOtharlainne agus bronnadh an duais air ag oíche mhór cheiliúrtha i Halla na Cathrach. Ní mórdúinn, Dubhaltach Mac Conmidhe (8D), a lua as bliain millteanach maith a bheith aige. Le linnna bliana, bhain Dubhaltach leabhar as siocair go ndearna sé léirmheas criticiúil ar an suíomhgréasáin, Facebook. Mar aon leis sin, bhí sé ar TG4 agus ar BBC2 mar ionadaí do Choláiste Feirste,agus d’ éirigh go geal leis gach aon uair. Bulaí fir; ag taisteal ó Mhachaire Rátha go laethúil,chomh maith!Is minic a bhaineann daltaí Choláiste Feirste éachtaí amach sna spóirt Ghaelacha,go háirithe sa pheil. Ach Déardaoin 16/05/13, chuir foireann iomána Bhliain 10 leisna héachtaí sin. D’éirigh leofa bua iontach a bhaint amach i gCluiche CeannaisChorn Uí Mhealláin in Ard Mhacha. Smachtaigh na buachaillí an cluiche ó thús godeireadh le himreoirí, Peadar Mac Cailín agus Aodhán Mac Mathúna, an-bheachtagus iad ag dul ar an ionsaí go fíochmar. I lár na páirce, bhí Stephen Gilliland ar bharr a chluiche le Barra Mac Phrír (captaen na foirne). Bhí róllárnach ag gach imreoir i rith an chomórtais, chan amháin sa chluiche ceannais. Níor bhain foireann iomána de chuid Choláiste Feirste,Craobh Shinsearach Uladh san iomáint riamh. Is cinnte go mbeidh an fhoireann ag tógáil ó bhua Chorn Uí Mhealláin agus ag cur brú arfhoirne móra Uladh amach anseo.Saothar Ealaíne na nDaltaí aitheantaYear 10 Students took part in an art projectentitled – ‘The Wake of the Bass Brewery’ earlierin the year and won Overall Public Art Winner atthe Community Environment Awards.Ní annamh a bhaineann an Roinn Ealaíne gráid nóduaiseanna ar dóigh amach, bliain i ndiaidh nabliana, agus iad iomlán tuillte ag na múinteoirí agusdaltaí ealaíonta seo a bhíonn ag obair go moch agusgo mall. Déantar ceiliúradh ar shaothar dea-lámhachna ndaltaí go bliantúil i ndanlann na Cultúrlainne, igcroí-lár na Ceathrún Gaeltachta. Is féidir lecuairteoirí agus baill na scoile, blas a fháil den obairbhláthmhar a dhéanann na daltaí.Ghlac an roinn páirt i dtionscnamh ealaíne The Wakeof the Bass Brewery agus d’éirigh leo Gradam Ealaínan Phobail is Fearr san Iomlán a bhaint, de bharr nahoibre iontaí s’acu. Ina theannta sin, d’oibrigh Bliain9 i gcomhar le Feirste Thiar ag dearadh meirgígleoite. Baineadh úsáid as íomhánna na staire agusan chultúir s’againne mar spreagadh chun na soilsí amhaisiú ar Bhóthar na bhFál. Is iontach an obair adhéanann Roinn Ealaíne na scoile lasmuigh aguslaistigh de gheataí na scoile.Ní neart go cur le chéile!Year 10 pupil Odhrán Ó Coigligh was victoriousin the Gaelic Life Kukri Sports Jerseycompetition. Odhrán’s design topped a veryclose poll with 63 votes, winning a set ofbrand new jerseys on behalf of the LadiesFootball team.Bhí bua den chéad scoth ag Odhrán ÓCoigligh, i gcomórtas náisiúnta a bhí áreáchtáil ag an pháipéar nuachtáin, an GaelicLife. Dhear Odhrán léine ghleoite san IonadTacaíochta agus bhain sé an babhta ceannaisamach le dalta dhéag ó scoileanna eile, adhear léine ar son na scoile s’acu. Thug anGaelic Life rogha don phobal a bheith agvótáil ar son na léine ab fhearr leo, aguscaitheamh níos mó na 8 míle vóta sa iomlánle linn sheachtain na vótála. Sa deireadh thiarthall, d’éirigh le dearadh Odhráin baint agus63 vóta sa difir, idir Coláiste Feirste agus ScoilNaomh Dominic. Ar chúl na léine, scríobhOdhrán ‘Ní neart go cur le chéile’ agus is léirgo raibh sin i bhfeidhm i rith chaitheamh navótaí. Tugadh vótaí d’Odhrán ó gach cearn dendomhan, Meiriceá, Sasana, an Iorua agus anChasacstáin ina measc. Bhí daoine móra le rácosúil le Paddy Barnes, Michael Conlon, SeánBán Breathnach agus Rónán Mac Aodha Bhuíag cur brú ar Ghaeil na tíre a bheith ag vótáilar son Odhráin agus is cinnte gur thacaigh singo mór leis. Eispéireas iontach a bhí annd’Odhrán chomh maith, a bhí ar Raidió Fáilte,na Gaeltachta agus na Life i rith na seachtainerathúla s’aige. Maith thú féin, a Odhráin.

LesMenuires2013The stunning backdrop ofMount Blanc was home tostaff and pupils during ourannual ski trip. This year, weventured to the French Alps,within the Les Trois Vallée.Les Menuires is worldrenowned as one of thelargest ski resorts in theworld and hosted part of the1992 Winter Olympics!Thaistil 24 dalta agus baill foirnena scoile go hAlpa na Fraince, DéSathairn 2 Márta le sult agusspraoi a bhaint as seachtainsciála. I mbliana, bhí cúischeiliúrtha sciála ann dethairbhe gurbh é sin an deichiúbliain do Choláiste Feirste abheith ag dul ar an turas sciála.Mar sin de, bhí an fhoireannsciála ag iarraidh áit speisialta aroghnú don turas agusroghnaíodh Les Menuires dábharr. Tá Les Menuires suite in áitdarb ainm Les Trois Vallée agustá clú agus cáil uirthi marcheann de na háiteanna is mósciála ar domhan. Chomh maithleis sin, bhí cuid de ChluichíOilimpeacha Geimhridh 1992lonnaithe i Les Menuires.Cothaíodh dea-chaidreamh leisan bheirt mhúinteoirí sciála, Finnagus Jocellyn, i gcaitheamh naseachtaine. Thapaigh ár ndaltaían deis le rud beag Gaeilge achur ar a múinteoirí sciála agusd’fhoghlaim siad neart frásaíbeaga Gaeilge uathu. Bhídeiseanna ann a bheith ag sciáilgo hard sin go raibh MountBlanc (an sliabh is airde sanEoraip) le feiceáil ar imeall naspéire. Is cinnte go raibh turasden chéad scoth ann agus támuid go léir ag dúil le turas nabliana seo chugainn cheana féin.Eagraíocht Welcome – Tacaíocht na nDaltaíYear 9 Pupils spent weeks gathering foodand clothes, as part of their study onequality, on behalf of the WelcomeOrganisation. The homeless drop-in centrerun by the Welcome Organisation was leftdestroyed and Year 9 pupils jumped at theopportunity to help.Mar chuid den staidéar ar chomhionannassna ranganna Foghlaim don Saol agus Obair,bheartaigh Brónagh Nic an Lia, múinteoirBhliain 9, go raibh orthu sampla dechomhionannas a fháil ó phaipéar nuachtáin.Tháinig neart daltaí isteach an lá dár gcionnle scéal faoin Eagraíocht Welcome. Cé gobhfuil obair iontach á déanamh ag anEagraíocht Welcome, ní scéal dearfach a bhíag na daltaí, ach scéal uafáis. Scéal faoin tinea lasadh agus a rinne ollscrios ar an lár-ionads’acu. Mar sin de, shocraigh daltaí Bhliain 9 godtacódh siad leis an chúis sin. Aontaíodh gondéanfadh siad bailiúcháin de bhianeamhmheatacha agus seanéadaí. Cé gurtionscadal ranga a bhí i gceist ag an tús,d’aistrigh sé go tionscadal iomlán scoile arbhealach. Deir an Eagraíocht Welcome gobhfuil feabhas tagtha ar an fhadhb toisc gurtháinig daoine cosúil le daltaí CholáisteFeirste le chéile chun tógáil ar son na cúisetochtmhaire sin.Athsheoladh an Chumainn GhaelaighWhat a successful year for our newlylaunched Cumann Gaelach! Our priority thisyear was to take Irish out of the classroomand socialise with other Gaels from Belfastand beyond. During the year, they organisedmany events as well as trips to Kildare andDublin.I measc chuspóirí an Chumainn Ghaelaigh, táúsáid na teanga ar bhonn sóisialta le Gaeil eileó scoileanna ar fud na cathrach agus tíre marcheann de na príomhchuspóirí. Mar aon leis sin,shocraigh an Cumann Gaelach go gcuirfeadhsiad níos mó imeachtaí Gaelacha ar fáil sascoil, rud a d’éirigh leo baint amach. TháinigGaelcholáiste Chill Dara ar cuairt roimh anNollaig agus den chéad uair riamh, bhí faill agan Chumann Gaelach cuairt a thabhairt ar ChillDara i Mí Aibreáin. Sular thug siad aghaidh arChill Dara, chuaigh siad go príomhchathair natíre chun cuairt a thabhairt ar ChumannChonradh na Gaeilge agus ar an Dáil Éireann.Ghlac Aengus Ó Snodaigh baill den ChumannGaelach ar shiúlóid staire ar fud Bhaile ÁthaCliath fosta. Bhain baill an chumainn antaitneamhas an turas agus mhúnlaigh siad ancaidreamh eadrainn agus Gaelcholáiste ChillDara. Ní mór dúinn buíochas ollmhór aghabháil le Gaelcholáiste Chill Dara as scoth anturais a shocrú dúinn. Tá pleanáil turas agusimeachtaí maithe do bhaill an chumainn donbhliain seo chugainn, idir lámha againn faoiláthair.Bua na Scríbhneoireachta ag Brenna!Year 9 pupil, Brenna Ní Néill, recently wonjoint first place in the Drewett BookCompetition for the fantastic story thatshe wrote entitled ‘Violet’. Brenna’s victoryillustrates the writing talent that ColáisteFeirste’s pupils have, both in English and asGaeilge!Tháinig le Brenna Ní Néill duais shármhaith abhaint ag an chomórtas Drewett (ComórtasLeabhar na sé chontae), don scéal a scríobh sídar teideal Violet. Bhí David Torrens, úinéir antsiopa No Alibis agus Stuart Neville ascríobhann úrscéalta bleachtaireachta inamoltóirí ar an chomórtas. Roghnaíodh Brennaagus cailín eile mar chomhbhuaiteoir anchomórtais (as seachtó scéal san iomlán).Mar dhuais, cuireadh fáilte roimpi agus ateaghlach cuairt a thabhairt ar an siopa lebualadh leis an taibheoir - file, ceoltóir rap nóúdar! Is mór an onóir dúinn gur bhain Brennaan comórtas sin, de thairbhe a cuidscríbhneoireachta. Léiríonn sé seo go bhfuilbua na scríbhneoireachta i mBéarla, idteannta na Gaeilge ag daltaí an choláiste.

Na Laochra Óga i gConamaraOn Friday 12th of April, two buses full of young Gaels fromthe Gaeltacht Quarter and Coláiste Feirste set off forConamara, to take part in Ógchomórtas Peile na Gaeltachtafor the sixth consecutive year. Both teams put on a braveperformance, and carried themselves throughout thecompetition as worthy ambassadors for the Gaels of LochLao.Thug Laochra óga Loch Lao aghaidh ar iarthar na tíre go Gaeltachtna Gaillimhe, Dé hAoine 12/04/13. Ar bharr dhaltaí Choláiste Feirste,tháinig scoláirí ó Naomh Doiminic agus Scoil Mhuire go Conamara lepáirt a ghlacadh in ÓgChomórtas Peile na Gaeltachta. Ba é sin an séúbliain de bhuachaillí Laochra Loch Lao a bheith mar chuid denchomórtas náisiúnta peile agus an dara bliain de chailíní na CeathrúnGaeltachta a bheith mar pháirt de. Is cinnte gurb í an Ghaeilge aguschan an imirt an rud is tábhachtaí ar fhód imeartha na Gaeltachtabliain i ndiaidh na bliana. Tugann an comórtas, deis iontach dodhéagóirí na Gaeltachta a bheith ag tógáil agus ag cothú caidreamhle déagóirí ó cheantair Ghaeltachta eile.Don darna bliain i ndiaidh a chéile, lonnaíodh na Laochra ar Pháirc namBreathnach in Indreabhán. Cé gur chaill na cailíní go trom anuraidh,d’éirigh leofa a gcéad chluiche a bhaint; rud a chiallaigh gurbh é sinan chéad chluiche a bhain cailíní na Laochra i gComórtas Peile naGaeltachta riamh, idir óg agus shinsear. Ar an drochuair, chaill nacailíní le cúilín sa dá chluiche eile s’acu. Chomh maith leis sin, níortháinig leis buachaillí a gcuid cluiche a bhuachan, ach oiread. Cé nárbhain ceachtar foireann na babhtaí ceannais amach, bhí láidreachtaíar leith le sonrú sa dá fhoireann don bhliain atá amach romhainn.BreithiúnasSenior pupils put on a superbproduction of the play,Breithiúnas, as part of theirBTEC Level 3 SubsidiaryDiploma in Performing Arts.An Léachtlann was sold outboth nights and the dramadepartment received glowingreviews from all in attendance.Bhí na móra agus na maithe iláthair, nuair a chuir daltaídrámaíochta ardleibhéil léiriúden dráma Breithiúnas (leMairéad Ní Ghráda) ar ardán nascoile. Rinneadh an dráma i stílBrecht agus bhí seifteanna agussmaointe cruthaitheacha in úsáidag an roinn agus daltaídrámaíochta le cur leis an scéal.Bhí an dráma mar phríomhchuidden scrúdú BTEC Leibhéal 3 Fo-Dhioplóma sna Taibh-Ealaíona. Iscinnte go raibh ráchairt ar andráma i measc scoláirí naGaeilge fud fad na sé chontaeagus bhí amharclann ancholáiste plódaithe don dá léiriú.Mhol múinteoirí Gaeilge nascoileanna eile, daltaí CholáisteFeirste agus an dóigh arfhoghlaim siad an oiread sin líntedeacra. Chuir iomlán narannpháirtithe beocht agusmothúcháin na gcarachtar in iúlar bhealach éifeachtach agustarraingteach. Tá Breithiúnas aran churaclam Ardleibhéal Gaeilgeagus beidh an RoinnDrámaíochta ag cur DVD deBhreithiúnas le chéile, a bheas arfáil gan mhoill!Ceiliúradh Theach Ardna bhFeáForbairt Feirste’s BeechmountHeritage initiative was launched onWednesday April 3rd when twopieces of specially commissioned artfrom local artists, Mícheál Dohertyand John Stewart were exchanged inthe school’s library. The launchmarked the beginning of a year longseries of events which aim to unlockthe heritage and history associatedwith Teach Ard na bhFeá.Rinneadh Oidhreacht Ard na bhFeá(tosaíocht chultúrtha de chuidFhorbairt Feirste) a lainseáil go hoifigiúilDé Céadaoin 3 Aibreán i leabharlann nascoile. Nochtadh dhá phíosa ealaíne arinneadh go speisialta ar choimisiúndon ócáid ag na healaíontóirí áitiúla,Mícheál Doherty and John Stewart. Istús é seo ar shraith imeachtaí cultúrthaa bheas ag titim amach idir seo agus Mían Mheithimh 2014. Tá sprioc agForbairt Feirste oidhreacht agus stairTheach Ard na bhFeá a scaoileadh chunleasa an phobail. Anuas air sin, táForbairt ag iarraidh feasacht a ardú ariolrachas cultúrtha agus ar árgcomhoidhreacht shaibhir. Ag díriú aran tréimshe go Mí an Mheithimh 2014,beidh Forbairt Feirste ag ullmhú clárimeachtaí a reáchtálfar chun ardán athabhairt don obair leanúnach seo aguschun dul i bhfeidhm ar dhaoine maidirleis an scéal thar a bheith suimiúil abhaineann le Teach Ard na bhFeá (anteach is aosta i mBéal Feirste le stair agsíniú siar breis agus 260 bliain).Ag labhairt dó roimh na himeachtaídúirt Seán Mistéil, cathaoirleach arFhorbairt Feirste agus Coláiste Feirste:“Is é an príomhfhócas a bhí leis an obairs’againne le tamall anuas; naféidearthachtaí a bhaineann le suíomhArd na bhFeá a scaoileadh chun leasado phobal na Gaeilge ar bhealaí aneartaíonn an obair s’againn saCheathrú Ghaeltachta.”

Teanga, Frithbheartaíocht &AthbheochanColáiste Feirste greatly anticipated the launch of esteemedpast pupil Feargal Mac Ionnrachtaigh’s first book Language,Resistance and Revival, but could not have foreseen theoverwhelming attendance and support for Feargal’ssubsequent book signing and stirring speech. The school hallwas full to capacity and an engaged audience revelled in anaddress from Feargal, Jake Jackson and internationallyrenowned Phil Scraton.agus an bhaint a bhí acu leis. Ina diaidh sin, léigh an tIonnrachtachcúpla leathanach dá leabhar don slua ollmhór. Luaigh sé gur scríobhsé an leabhar in ómós do Terry Óg, a dhearthair a dúnmharaíodh sabhliain 1998, gan trácht ar a athair Terry a d’imigh ar shlí na fírinne imí Dheireadh an Fhómhair anuraidh. Is féidir Language, Resistanceand Revival: Republican Prisoners and the IrishLanguage in the north of Ireland a scríobhadh in ómós do Terry ógMac Ionnrachtaigh, a cheannach ar Amazon (£20), nó é a fháil óFheargal ar phraghas níos saoire (£15). Rachaidh brabús an leabhairchun socair Thaca.Bhailigh breis is 400 Gael i Halla Mór Choláiste Feirste Déardaoin18/04/13, chun leabhar Fheargail Mhic Ionnrachtaigh (iardhalta nascoile) a sheoladh. Mar chuid d’aistear Fheargail, bhain sé céim nadochtúireachta amach in Ollscoil na Banríona sa bhliain 2009.Bunaíodh a thráchtas dochtúireachta ar an taighde sin, ach goháirithe ar phríosúnaigh phoblachtacha agus athbheochan na Gaeilgesna sé chontae; tá an leabhar, Language, Resistance and Revivaldírithe air seo. Thug Phil Scraton agus Jake Mac Siacais, aoichainteoirína hoíche, cur síos inspioráideach ar leabhar FheargailCorn Uí MhuiríThis year’s annual Irish Medium Schools’ footballtournament, the Liam Murray Cup has proven to be themost successful in the tournament’s history. In a repeatof last year’s final, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh won awell fought battle against defending championsBunscoil Phobal Feirste to win the main competition.Congratulations also to Gaelscoil an Lonnáin and toBunscoil Phobal Feirste on their victories.Thit Comórtas bliantúil na nGaelscoileanna amach ar PháircRosa agus Naomh Pól, Déardaoin 25/04/13. Is cinnte gurb íseo an bhliain is rathúla i stair an chomórtais. Chomh maith lebunscoileanna Bhéal Feirste, ghlac Gaelscoil Ghleann Darachagus Scoil an Chaistil páirt sa chomórtas. Thacaigh ColáisteFeirste agus Laochra Loch Lao le fás agus forbairt an chomórtais le roinnt mhaith blianta, gan trácht ar na múinteoirí bunscoile a oibríonngo díograiseach ag reáchtáil an chomórtais go bliantúil. D’éirigh le Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, Corn Liam Uí Mhuirí a bhaint i gcoinneBhunscoil Phobal Feirste. Bhain lucht Bhaile Uí Mhurchú díoltas amach ar mhuintir Bhóthar Seoighe leis an bhua sin i mbliana. Bhí faill annPláta Choláiste Feirste agus Sciatha Laochra Loch Lao a bhaint fosta. D’éirigh le Gaelscoil an Lonnáin (Sciatha Laochra Loch Lao) agusBunscoil Phobal Feirste (Pláta Choláiste Feirste) buanna a bhaint amach le linn an lae fosta. Bronnadh léine speisialta (léine a dhear daltaíealaíne Choláiste Feirste) in ómós Liam ar shárimreoirí an chomórtais ag deireadh an lae. Roghnaíodh na sárimreoirí bunaithe archeannaireacht, obair foirne, imirt chothrom agus úsáid na Gaeilge ar an fhód imeartha.Carthanacht sa Choláiste!Coláiste Feirste pupils continue to showtheir caring side this year by workingtirelessly for various charities. Year 13 pupilAngelina Ní Cheallaigh received specialrecognition for her fundraising on behalf ofHuntington’s as she was short listed for theCredit Union Young Person’s Awards recentlyat a gala event held in the Europa hotel.Year 9 pupils also made a huge effort toraise money for Trócaire during Lent andtogether they raised over £250.Díoladh cístí, bonnóga, ticéid chrannchuird’uibheacha Cásca agus osclaíodh pictiúrlannCholáiste Feirste le linn an Charghais i mblianaar mhaithe le hairgead a bhailiú agus tugadh ant-airgead ar fad a bhailigh daltaí Bhliain 9 (breisagus £250) do Thrócaire. Cuireadh an t-airgeadchun tairbhe le bronntanais dhomhanda acheannach agus i measc na mbronntanas, bhísicíní, gabhair, táillí scoile agus rothar sanáireamh. Is gá dúinn aird speisialta a dhíriú arAngelina Ní Cheallaigh, dalta Bhliain 13 a bhíag obair go dícheallach i rith na bliana ag tógáilairgid ar son Ghalar Huntington. Tugadhaitheantas oifigiúil d’Angelina nuair aainmníodh í do Dhuais an Duine Óig ag oíchecheiliúrtha a bhí eagraithe ag an ChomharCreidmheasa in Óstán Europa. Is minic a bhí síféin agus a cairde ag reáchtáil imeachtaí arfeadh na bliana agus tá muid ar fad an-bhródúilas an iarracht seo. Maith sibh, a chairde.

Scoth nadTorthaí –FoilsitheThe incredible results (ColáisteFeirste 96% - 5 GCSE's A-C) recentlypublished by the Department ofEducation show that twoWest Belfast grammar schools nowhave serious competition on theirhands in the form of Coláiste Feirste.These results are particularlyimpressive considering that ColáisteFeirste is an all-ability school whoseentry is not determined by academicselection. The school also boasts aunique Learning Support Centre; theonly immersion centre of its kind, inIreland.D’fhoilsigh Roinn an Oideachais, torthaíoifigiúla ar na mallaibh a léiríonn gobhfuil Coláiste Feirste in iomaíochtanois le scoileanna gramadaí IartharBhéal Feirste ó thaobh na ngrád is fearrde, ag leibhéal TGMO. Chan amháin sin,ach tá sé dochreidte ar fad go dtig leisan phobalscoil na gráid seo a bhaintamach agus í ina scoil il-chumasach;rud a chiallaíonn nach roghnaíonn muiddaltaí ag brath ar a gcumas acadúil.Braitheann Coláiste Feirste ar scoth anteagaisc chun na gráid iontacha seo abhaint amach agus is iad seo na torthaíis fearr dá raibh againn, i stair ghairid nascoile. Tá breis is 130 bliain de thaithíag scoileanna gramadaí Bhéal Feirste igcomparáid leis na blianta beaga inabhfuil Coláiste Feirste ag maireachtáil.Cad é a bheas i ndán do CholáisteFeirste nuair a bhaineann muid 130bliain amach? Is cinnte go bhfuil antodhchaí thar a bheith dearfach.Léiríonn na torthaí seo go bhfuil anGaeloideachas ag feidhmiú ar bhealachrídhearfach agus beidh sé anseo go deo!Ní anseo ach leathchuid den scéal,áfach. Tá obair cheannródaíoch agusnuálach faoi lán seoil sa scoil agus táforbairt nach beag tagtha ar chúrsaí, dáthairbhe. Gan trácht a dhéanamh ar anIonad Tacaíochta; an t-aon ionadtacaíochta sa tír atá go huile is gohiomlán tiomnaithe ó thaobhtumoideachais de agus tá neart cláragus cúrsaí ar leith in áit chun tacú lehiomlán na ndaltaí sa scoil ar a n-aistear oideachasúil.Feachtas BusThe excellent exam results arenot the only good news theschool has had this year.A long fought campaign byparents to get adequatetransport provision for childrentravelling long distances to theschool came to a head when theschool won a court case againstthe Department of Education 18months ago. It is now hopedthat the first buses will beoperational by September 2013when a bus from Downpatrickwill take pupils the 40 miles toColáiste Feirste every day.Ní hé scéal na dtorthaí an t-aonscéal dearfach a bhí ag anphobalscoil, i mbliana. Is beagtrácht a chualathas ar anFheachtas Bus ó bhain ColáisteFeirste cás cúirte i gcoinne naRoinne Oideachais, ocht mí dhéagó shin. Feachtas fada a bhí ann dothuismitheoirí a bhí ar lorg taistealcuí dá bpáistí, a raibh turas fadaacu ag teacht go Coláiste Feirstegach lá. Ar an bhomaite, tá muiddóchasach go mbeidh seo ibhfeidhm i Meán Fómhair 2014;nuair a bheas bus ag glacadhdaltaí 40 míle ó Dhún Pádraig lá indiaidh an lae. Tá súil againn gurbé seo an tús le níos mó busannaag teacht go Coláiste Feirste. Marthoradh air sin, beidh deis agdaoine a bhfuil cónaí orthu igceantair iargúlta, tumoideachastrí mheán na Gaeilge a thapú. Ar abharr sin, tá muid ag iarraidhtógáil ar ghrúpa iarbhunscolaíochtaa spreagfaidh antumoideachas iarbhunscolaíochta,laistigh agus lasmuigh de BhéalFeirste. De réir taighde Eorpachagus Idirnáisiúnta, is é antumoideachas an rogha is fearrfadaimseartha d’oideachasdátheangach. Tá tuiscint mhaithagainn ar na buntáistí tíosacha,oideachasúla agus sóisialta óthaobh an tumoideachais de.Tús na TógálaAnd finally, the school can confirm that a £12mdevelopment of state-of-the-art classrooms andcutting edge sports facilities will be underwayin the next 12 months. In fact, within weeks,work will begin at the school on what couldwell be the best handball courts in Ireland. It ishoped that the glass fronted courts with multiuseapplication will be completed by Easter ofnext year.Ar deireadh, is féidir leis an scoil a dheimhniú gombeidh tús leis an tógáil ar an scoil úr ag titimamach sa bhliain atá amach romhainn. Rachaidh anchéad sluasaid san fhód i gceann seachtaine, ag curtús oifigiúil leis an tógáil. Mar atá ráite ag tús nanuachtlitreach seo, beidh cúirteanna úrscothachaliathróid láimhe á dtógáil againn agus tá muid agdúil go mbeadh na háiseanna is fearr liathróidláimhe againn in Éirinn. Is dócha go mbeadh críochle tógáil na gcúirteanna thart ar Cháisc na blianaseo chugainn. Lena chois sin, beidh páirc iomlánCLG ar an laithreán. Is ionann sin go mbeidhsoláthar na peile Gaelaí, iománaíochta aguscamógaíochta ar Bhóthar na bhFál den chéad uair iroinnt mhaith blianta. Tógfar foirgneamhardteicniúil eolaíochta agus teicneolaíochta chomhmaith; a chuirfidh leis an fhorbairt leanúnach atáag titim amach faoi láthair i gColáiste Feirste.Focal ón EagarthóirBa mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a thacaigh liom le foilsiú agus scríobh na nuachtlitreach seo. Ní mór dom, buíochasar leith a ghabháil le hEmer Mhic an Fhailí agus Seán Óg Mistéil a scríobh formhór an Bhéarla sa Nuachtlitir, gan trácht ar Dhiarmaid UaBruadair as ucht a chuid tacaíochta. Go maire sibh an samhradh!Máirtín Mac Gabhann

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!