You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
CUID 2 – AN t-IARRATASÓIR A CHUR IN AITHNE

“Irish-speaking Raidió na Life is the trendiest radio station in Dublin…”

Achoimre

David McWilliams, The Pope’s Children, 2005

Tá an t-iarratas seo don cheadúnas ar raidió pobail agus sainspéise do mhórcheantar Bhaile Átha

Cliath á chur faoi Coimisiún Craolacháin na hÉireann ag Comharchumann Raidió Átha Cliath

Teoranta. San iarratas, tá plean cuimsitheach do Raidió na Life agus cruthúnas go bhfuil an

stáisiún ag soláthar seirbhís chuimsitheach chraolacháin do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ar

bhonn oideachasúil agus pobail de réir fhorálacha chairt na hEagraíochta Náisiúnta le haghaidh

Chraoltóireacht Phobail.

Príomhaidhmeanna

• Aghaidh nua a thabhairt ar bhunaidhm an stáisiúin, - soláthar seirbhís cuimsitheach

chraolacháin Ghaeilge ‘ar bhonn oideachasúil agus pobail’.

• Leanacht ag méadú ar chaighdeán, nuálacht agus réimse na gcláracha, ach go háirithe le

maoiniú ón gciste chraoltóireachta.

• Próifíl an stáisiúin, agus na háiseanna a bhaineann leis, a ardú i measc na spriocghrúpaí

éagsúla.

• Cláracha Raidió na Life a chur chun cinn mar chuidiú do fhoghlaimeoirí Gaeilge.

• Méadú ar chomhoibriú agus ar pháirtnéireacht leis na heagrais Ghaeilge, le heagraíochtaí

pobail agus le stáisiúin phobail eile.

• Forbairt a dhéanamh ar cheardlanna agus cúrsaí traenála do fhoireann lán-aimseartha

agus lucht deonach an stáisiúin.

• Athbhrandáil a dhéanamh ar an stáisiún le suíomh idirlín agus lógó nua agus feachtas

láidir margaíochta.

A bhfuil bainte amach go dtí seo

Tá Raidió na Life ar an bhfód le os cionn 13 bhliain. Tá taithí chraoltóireachta faighte ag na mílte

ball de phobail mórcheantar Bhaile Átha Cliath sa stáisiún agus tá an-chuid acu anois i mbun

gairmeacha proifisiúnta sa réimse sin. I measc iar-chraoltóirí an stáisiúin tá Sharon Ní Bheoláin

(RTÉ News), Aedin Gormley (RTÉ Lyric FM), Aoife Nic Cormaic (RTE Raidió a hAon),

Deirdre Ní Dhálaigh (RTÉ Raidió a hAon), Fachtna Ó Drisceoil (Teilifís RTÉ agus RTÉ Raidió a

hAon), Sinéad Crowley (RTÉ News), Ciarán Leonach (Nuacht TG4/RTÉ), Ruairí Mac Con

Iomaire (Nuacht TG4/RTÉ), Joe Reddington (Nuacht TG4/RTÉ), Brian Páircéir (Teilifís RTÉ),

Michael McCormack (Teilifís RTÉ), Aedin Conlon (Teilifís RTÉ), Seán Ó hÉanaí (RTÉ Raidió

na Gaeltachta), Cearbhaill Ó Síocháin (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Dónal Ó Maolfabhail

(Léiritheoir teilifíse neamhspléach), Rónán Ó Muirthile (léiritheoir teilifíse neamhspléach),

Gráinne Faller (Teilifís RTÉ/Irish Times), Róisín Saxe (MTV/VH1) agus Colm Ó Mongáin

(léiritheoir Newstalk106).

5