Cur i lÁthair Powerpoint
Cur i lÁthair Powerpoint
Cur i lÁthair Powerpoint
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
CEACHT 1:

CÉRBH IAD NA CEILTIGH?
CÉRBH IAD NA CEILTIGH?

Bhí na luathCheiltigh ar cheann de na

treibheanna ársa is ceannasaí san Eoraip.

Bhí cónaí ar na Ceiltigh i dtreibheanna

aonaracha agus bhí cultúr agus teanga

i gcoiteann acu.

Pobal bródúil agus onórach a bhí iontu agus

bhí clú agus cáil orthu mar ghríobha nó

laochra fíochmhara.

I ndiaidh dóibh forbairt in Alpa na hEorpa láir,

leathnaigh na Ceiltigh a gcultúr trasna na Gearmáine

agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc.

Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall

500 RCh agus taobh istigh de chúpla céad bliain, bhí

cultúr na Cré-Umhaoise in Éirinn scriosta ar éigean,

agus bhí cultúr na gCeilteach i réim ar fud an oileáin

iomláin.
Uaireanta tugtar CEILTIGH

NA HIARANNAOISE ar na

luathCheiltigh.

Mhair an Iarannaois ó

thart faoi 700 RCh go dtí

AD 43. Tugtar an Iarannaois

ar an tréimhse seo mar gur

sin an ré nuair a thosaigh

daoine ar rudaí a dhéanamh

as iarann, amhail céachtaí

faoi choinne feirmeoireachta,

clogaid agus boinn airgid.

Thug ceannaithe na Gréige

'KELTOI’ ar na Ceiltigh nuair

a bhuail siad leo den chéad

uair sa séú haois RCh.

Is dócha gur tháinig an focal

‘KELTOI’ ón fhocal Ceiltise

‘ceilt’ a chiallaíonn rúnda,

ceilte, clúdaithe.

Tá an focal ar chulaith

náisiúnta na hAlban - ‘kilt’ -

bunaithe ar an fhocal chéanna.

Ba mhór an luach a chuir na Ceiltigh i bhfilíocht,

i gceol agus in aithriseoireacht na seanscéalta

gaisciúlachta ó bhéal.

Bhí Cú Chulainn, Cú Uladh, ar cheann de na

laochra Gaelacha is finscéalaí, a raibh i ndán dó

a bheith ar an laoch is mó ar fud na hÉireann.
Bhí clú ar na Ceiltigh chomh maith

as an ealaín LA TÈNE dá gcuid.

Ó thart faoi 500 RCh, ba iad

dearaí álainn, casta agus

patrúin shnaidhme na gnéithe

a dhealraigh an tréimhse

La Tène.

Maireann an cultúr acu sa teanga, sa cheol, sna hamhráin, san ealaín,

sa scéalaíocht agus sna damhsaí. Tá 3.5 milliún duine ar a laghad a bhfuil

teanga Cheilteach mar an teanga dúchas acu.

Sa lá ata inniu ann, is iad seo na teangacha Ceilteacha:

GAEILGE NA HÉIREANN;

GAEILGE NA HALBAN;

BREATNAIS (a labhraítear sa Bhreatain Bheag);

BRIOTÁINIS (a labhraítear sa Bhriotáin, ar chósta thiar thuaidh

na Fraince);

GAEILGE MHANANN (ar Oileán Mhanann);

AGUS COIRNIS (i gCorn na Breataine, ceann tíre thiar theas na Sasana).

Labhraítear Gaeilge na gCeilteach chomh maith i Meiriceá thuaidh

ar Oileán Cape Breton, díreach ar an taobh thuaidh de Nova Scotia

ar chósta thoir Cheanada.
ÉADAÍ NA GCEILTEACH

Ba iad na 3 phíosa éadaigh

ba ghnách leis na Ceiltigh

a chaitheamh ná:

LÉINTE glún ruaimnithe agus

bróidnithe le dathanna geala

agus crios plátáilte le hór nó

le hairgead thart orthu

Briste ar a dtugadh 'BRACAE'

CLÓCAÍ stríocacha OLLA a

bhí ceangailte le DEALG.
Bhí gruaig fhada ag fir agus

mná araon.

Ba mhaisiúchán tábhachtach

é an torc a chaith na

Ceiltigh. Fáinne muiníl a

rinneadh as slat mhiotail

(casta in amanna) a bhí ann

agus é déanta de chré-umha

nó d’ór ag brath ar mhaoin

an duine a bhí á chaitheamh.

Bhí dhá cheann ar an torc

nach raibh ach spás beag

eatarthu.
SEODRA NA GCEILTEACH

Bhí seodra á gcaitheamh ag

fir agus mná araon. Chuir sé

an mhaoin acu in iúl.

TORC

ÓIR DE CHUID TAISCE

BRÚ ÍOCHTAIR, (50 RCh)

A FUARTHAS AG BRÚ ÍOCHTAIR,

CONTAE DHOIRE.
Bhí rudaí deasa

cosúil leis an dealg

neasfháinneach seo

praiticiúil le clóca

a cheangal.

Gabhailíní gruaige

Is ceangal

clóca é seo
COIRP PHORTAIGH

Is é atá i gceist le seandálaíocht ná

staidéar ar dhéantáin agus ar ithir lena

fhoghlaim faoi chultúr na ndaoine san am

a chuaigh thart. Is minic a aimsítear

fionnachtana seandálaíochta de thimpiste,

mar shampla nuair atá feirmeoirí ag baint

móna.

FEAR

CHRUACHÁIN

350-175 RCH

A FUARTHAS I GCONTAE

UIBH FHAILÍ

IN 2003

Cuireann easpa ocsaigine agus aigéid sa

phortach cosc ar ábhair ar leith a mheath,

amhail leathar, adhmad, cnámh agus

teicstílí agus míníonn sé seo an fáth

a bhfanann siad i riocht fíormhaith.

Fágann an flúirse ábhar a tugadh slán

ó phortaigh in Éirinn gur féidir saol

na ndaoine a bhí ina gcónaí ar chaoráin

nó in aice leo a imscrúdú agus scéal

faoina gcuid lonnaíochta agus faoina

slí bheatha a chumadh.

Tá ‘Coirp Phortaigh’ ar chuid de na

fionnachtana is mó as an ghnách a

aimsíodh i bportaigh.

Is dhá chorp portaigh iad ón Iarannaois

a fuarthas in Éirinn Fear Chruacháin agus

Fear Chluain Uí Chaomháin. De ghnáth,

níor chuir na Ceiltigh a gcorp sa talamh,

créamadh iad de ghnáth. Cuireann sé seo

in iúl dúinn go raibh bás neamhghnách,

is dócha, ag na coirp phortaigh seo.

Is corpán portaigh tipiciúil ón Iarannaois é Fear Chruacháin.

Bhí bás uafásach aige, é ag fulaint i rith an ama. Sular

cuireadh sa phortach é, gearradh a chorp ina phíosaí.

Bhí Fear Chruacháin sna fichidí nuair a fuair sé bás.

Léiríonn a chabhail, an t-aon chuid de a bhí fágtha,

go raibh sé fíor-ard don tréimhse úd, timpeall 6 throigh

agus 6 orlach ar airde.

Bhí lámh-mhaisiú den chéad scoth aige a léirigh nach raibh

lá oibre déanta aige ina shaol.

Bhí aiste bia aige a bhí lán d'fheoil, ach bhí bláthach

agus arbhar ina ghoile nuair a fuarthas é, bia a tugadh

do dhuine mar bhéile deireanach sula ndearnadh íobairt

de do na déithe.
FEAR CHLUAIN

UÍ CHAOMHÁIN

392 - 201 RCH A FUARTHAS

I GCLUAIN UÍ CHAOMHÁIN,

CONTAE NA MÍ,

IN 2003

Fuarthas Fear Chluain Uí Chaomháin in inneall bainte

móna, agus sin an fáth ar gearradh an chuid íochtar

dá chorp de.

Bhí gruaig ar stíl Mohican aige, a coinníodh in áit le

glóthach a tháinig isteach sa tír ón Fhrainc nó ón

Spáinn.

Sula bhfuair sé bás bhí aiste bia lán de ghlasraí aige.
BLEACHTAIRE PORTAIGH

CUIR I GCÉILL GUR SEANDÁLAÍ TÚ. CAD É IS FÉIDIR LEIS NA COIRP PHORTAIGH

A INSINT DÚINN FAOIN SAOL IN AIMSIR NA HIARANNAOISE?

DÉAN STAIDÉAR AR AN FHIANAISE MAIDIR LE FEAR CHRUACHÁIN AGUS LE FEAR

CHLUAIN UÍ CHAOMHÁIN, ANSIN FREAGAIR NA CEISTEANNA. MÍNIGH DO

FHREAGRAÍ BUNAITHE AR AN FHIANAISE ATÁ AR FÁIL.

Cad é a bhí

neamhghnách faoi

mo bhás? Cad chuige

ar tharla sé,

dar leat?

FEAR CHRUACHÁIN

FEAR CHLUAIN UÍ CHAOMHÁIN

An raibh mé

saibhir nó

bocht?

Cén sórt duine

a bhí ionam, dar leat,

tuathánach bocht nó

fear saibhir

le giollaí?

An dóigh leat

go bhfuair mé bás

sa gheimhreadh nó

sa samhradh?
FEAR AN PHORTAIGH

A ATHDHÉANAMH

GNÍOMHAÍOCHT

Tarraing léaráid ar an chuma a bheadh

ar Fhear Chluain Uí Chaomháin nó ar

Fhear Chruacháin nuair a bhí siad beo.

Is féidir le seandálaithe buille

faoi thuairim a thabhairt ar an chuma

a bheadh ar dhuine bunaithe ar an fhianaise

sna hiarsmaí a fuarthas agus ar an eolas

atá acu faoi chultúr na tréimhse sin,

mar shampla an dóigh a raibh

daoine gléasta.

Ainm fhear an phortaigh:

Scríobh do chuid nótaí thíos

An déanamh atá air (ard, beag, trom, tanaí, matánach, caol):

Stíl agus dath na gruaige (fada, gairid, trilseáin, pónaí, mohican, bearrtha):

Éadaí:

Seodra/airm srl. (banda cinn, coróin, torc, dealg, bráisléid nó cufaí, claíomh, sciath, sleá):
CEACHT 2:

SETANTA - LEANBH NA NDÉITHE
CREIDEAMH NA GCEILTEACH

Bhí os cionn 400 dia agus bandia ag Ceiltigh

na hIarannaoise.

Chreid siad go raibh dia beag ina chónaí

i ngach crann, i ngach bláth, i ngach abhainn,

beagnach i ngach rud.

Bhí cuid de na déithe agus na bandéithe

fíorchumhachtach. Ach den chuid is mó,

miondéithe nó mion-bhandéithe a bhí iontu.

Níor thug na Ceiltigh ársa adhradh dá ndéithe. Níor fhreastail siad ar theach

an phobail. Ina áit sin, d’fhág siad ofrálacha beaga ar fud na háite. Cheangail

siad bronntanais nó teachtaireachtaí áirithe de chrainn, nó chaith siad isteach

i dtoibreacha nó i bhfuaráin iad, rud a tharlaíonn go fóill sa lá atá inniu ann.
DÉITHE AGUS BANDÉITHE

Is iad seo a leanas cuid de na déithe agus

na bandéithe Ceilteacha is mó cáil: DAGDA,

DANÚ, BRÍD, LIR agus MANANNAN,

LUGH agus AN MORRÍGHAN.

Tugadh adhradh i bhfoirm trí-aonta (i dtrí ghné)

do chuid mhór de na déithe Ceilteacha. Seasann na

gnéithe seo do 3 rud dhifriúla. Ba í Bríd, mar shampla,

bandia na filíochta, an leighis agus cheird an ghabha.

Is féidir leis an Morríghan an cruth d’fhiach dubh,

de chailleach nó de mhaighdean óg a ghlacadh.

Ghlac an Chríostaíocht leis seo ina dteagasc ar an

Tríonóid Naofa, an tAthair, an Mac agus an Spiorad

Naomh. D’úsáid Naomh Pádraig píosa seamróige leis seo

a mhíniú do na chéad daoine a d’iompaigh ina gCríostaithe.

CHREID

NA CEILTIGH GO RAIBH

SAOL EILE I NDIAIDH AN TSAOIL

SEO AG ANAM AN DUINE, MAR SIN,

NUAIR A FUAIR SIAD BÁS, CUIREADH

RUDAÍ ÚSÁIDEACHA AMHAIL CLOGAD,

CLAÍOMH AGUS SCIATH SAN

UAIGH LEO.

Bhí na Ceiltigh ag brath ar na sagairt a bhí acu,

na draoithe, lena gcoinneáil saor ó thrioblóid.

Bhí freagracht na ndeasghnáth reiligiúnach go léir

ar na draoithe mar ba é an draoi an t-aon duine

a raibh cead aige labhairt le dia.
DÉITHE AGUS BANDÉITHE

NA GCEILTEACH

DAGDA

Ba é Dagda athair-dhia na gCeilteach. Thug siad an

’dia maith’ air mar thug sé cosaint dá gcuid barr.

Bhí coire darbh ainm an ‘Undry’ aige a thug soláthar

bia gan teorainn agus cruit bheo darach aige darbh

ainm ‘Uaithne’ a thug ar na séasúir athrú ina n-ord.

DANÚ

Aithnítear Danú mar an chéad ollmháthair d’Éirinn,

an bandia ónar saolaíodh gach rud beo.

Is bandia na talún í, a bhaineann le torthúlacht,

le fás, le neart, le flúirse, le talmhaíocht,

le saothrú agus le cothú na talún.
BRÍD

Ba í Bríd bandia na torthúlachta. Ba í an

mháthair-dhia nach raibh dia ar bith eile ar

chéim níos airde ná í ach amháin an Dagda.

Is bandia trí-aonta í agus sin an fáth a bhfuil

trí airí aici: banfhile, banlia agus gabha.

LUGH

Ba é Lugh dia an tsolais nó an fhómhair.

Comóradh féile ina onóir i mí lúnasa ar tugadh

LUGHNASA uirthi. Lúnasa an mhí bheannaithe

a bhí aige. Creidtear gurb eisean athair diaga

Chú Chulainn.
LIR

Ba é Lir athair-dhia na mara. Ba é a mhac Manannan

a bhí i gceannas ar na tonnta ina dhiaidh.

I ndiaidh bás a chéad mhná, phós sé Aobh a raibh

na páistí clúiteacha aici ar thiontaigh Aoife, a n-aintín

agus a leasmháthair éadmhar, ina n-ealaí iad.

AN MORRÍGHAN

Ba bhandia na gcogadh, na beatha agus an bháis

í an Morríghan. Ba ghnách léi, mar sin, í féin

a thaispeáint do na laochra móra nuair a bhí

siad i mbaol báis.

Casadh an Morríghan ar Chú Chulainn é féin

i bhfoirmeacha éagsúla. Ba é an préachán

dubh an fhoirm is so-aitheanta a bhí aici.

TRÍ-AONTA ... Ciallaíonn sé trí rud in aon rud amháin, mar atá

an Morríghan agus í ina cailleach, ina maighdean agus ina préachán.
SEALGAIRÍ NA GCLOIGNE DAONNA

Rinne na Ceiltigh a lán dealbh de

chinn daoine i gcloch nó in adhmad.

Chreid siad go raibh cónaí ar an

anam taobh istigh den cheann.

Fuair tú draíocht fíorchumhachtach

as anam duine a ghabháil, dar leo,

agus seo an fáth ar bhailigh siad

cloigne a naimhde a mharaigh siad

i gcathanna.

De réir staraithe na Róimhe,

ghearr na Ceiltigh na cinn dá

sinsear, agus fiú dá naimhde,

agus d’adhair siad na blaoscanna.

Chroch siad na cinn os cionn

doirse a mbothán.

“Go díreach ar an dóigh chéanna

a ndearna sealgairí le blaoscanna

na n-ainmhithe a mharaigh siad,

leasaigh siad cinn a n-íospartach

is airde céim in ola céadrais,

agus choinnigh siad go cúramach

i mboscaí adhmaid iad.”

Le DIODORUS, staraí na Róimhe.
NA SÉASÚIR A CHEILIÚRADH

Rinne na Ceiltigh athrú na séasúr

a cheiliúiradh le féilte móra a

mhaireann i bhfoirmeacha éagsúla

go dtí an lá atá inniu ann.

SAMHAIN

Thosaigh an bhliain Cheilteach le

Samhain, féile a ceiliúradh thart

ar 31ú Deireadh Fómhair.

Am a bhí ann nuair a measadh

go raibh an chaille idir an saol

seo agus an saol eile chomh tanaí

sin gur féidir leis na mairbh teacht

ar ais le hiad féin a théamh ag teallaigh

na mbeo, agus bhí cuid de na beo - go háirithe na filí - ábalta

dul isteach sa saol eile trí dhoirse an lucht sí, mar shampla an

ceann ar chnoc na Teamhrach in Éirinn.

Is ón tSamhain a shíolraigh an ceiliúradh a bhíonn againn ar

oíche Shamhna sna laethanta seo, agus míniú amháin atá leis

na laindéir thraidisiúnta phuimcín is ea gur chuir na Ceiltigh

blaosc ár sinsear taobh amuigh dá ndoirse san am seo. Ghlac

na Críostaithe an fhéile Cheilteach seo agus thiontaigh siad í

go Lá na Naomh. Fiú an ceiliúradh Sasanach de chuid lá Guy

Fawkes a bhfuil macalla d’fhéile ársa na dtinte aige.
IMBOLC

Tharla sé ag am breithe uan, timpeall

31ú Eanáir, agus ba é tús an chuid

deiridh den gheimhreadh a bhí á

cheiliúradh ag Imbolc (nó Oimelc).

Rugadh uain úra, agus itheadh béile

a bhí déanta dá eireabaill ghearrtha.

Bhuail mná lena chéile le filleadh ghné

maighdine an bhandia a cheiliúradh.

Lean seo ar aghaidh go dtí ré na

Críostaíochta mar lá fhéile Bríde:

ba leagan Críostaithe í an naomh den

bhandia phágánach ar iníon Dhagda í.

BELTAIN

Féile tinte eile is ea Beltain,

a ceiliúradh thart ar an

1ú Bealtaine, ach de bhrí

go raibh baint ag Samhain

le bheith ag dul isteach

faoin talamh nó ag tarraing

siar, phléasc Beltain amach

le flúirse torthúlachta.

Scaoileadh na heallaigh

ó cheathrúna an

gheimhridh agus seoladh

idir dhá thine iad

i searmanas deasghnách

glantacháin a raibh

feidhmeanna praiticiúla

aige chomh maith.

Ba thréimhse é le haghaidh féastaí

agus aontaí. Mar a luadh thuas, i gcás

na bhfiann, le teacht féile Beltain

cuireadh tús leis an ‘séasúr troda’.
LUGHNASA

Dúradh gur thug an dia Lugh an fhéile go hÉirinn,

agus mar sin bhí sé beannaithe don dia seo.

Chonacthas do na Rómhánaigh go raibh Lugh cosúil

lena ndia Mearcair. Ar scor ar bith, bhí baint ag an

dá dhia le scileanna, agus ceiliúradh an fhéile seo le

comórtais scileanna, ina raibh marcaíocht capall san

áireamh.

Bhí trádáil capall ann fosta; b’fhéidir gurb é seo an

fáth a bhfuil an fhéile bainteach leis an bhandia

torthúlachta, Macha, a fuair bás agus í ag breith

linbh i ndiaidh iachall a chur uirthi rith i gcomórtas

in éadan chapaill an rí. In Éirinn bhí baint ag an

fhéile le hEmain Macha, i gCúige Uladh, ach cuireadh

ar siúl in áiteanna éagsúla í, a raibh Dún Ríoga na

Teamhrach san áireamh ann.
CÁRTAÍ BEANNACHTA DO

NA SÉASÚIR CEILTEACHA

Is é an tasc atá agat cárta beannachta séasúrach a dhearadh a

bhaineann le ceann amháin de na féilte Ceilteacha seo a leanas:

SAMHAIN, IMBOLC, BELTAIN, nó LÚGHNASA.

Is féidir an cárta a tharraingt nó é a chruthú ar ríomhaire ag

úsáid bogearraí péinte, Microsoft Word nó bogearraí Comic Life.

SAMHAIN

SHONA DUIT

Má tá tú ag úsáid an ríomhaire, tig leat pictiúir ón idirlíon a

íoslódáil le húsáid ar do chárta, nó do phictiúir féin a tharraingt

agus bogearraí péinte in úsáid agat.

Is féidir an cárta críochnaithe a phriontáil agus a ghreamú

ar phíosa páipéarchláir dhaite atá fillte.

AN TIONSCADAL A PHLEANÁIL...

Cén séasúr a roghnaigh tú?

ÚSÁID LITREOIREACHT CHEILTEACH AGUS

OBAIR SHNAIDHME LEIS AN CHÁRTA A

DHÉANAMH NÍOS BARÁNTÚLA.

Cad iad na cineálacha pictiúr a sheasfadh don séasúr seo?

Cad é a scríobhfaidh tú ar an chárta?
CÁRTAÍ BEANNACHTA A DHEARADH

LE BOGEARRAÍ COMIC LIFE

TÚS A CHUR LEIS...

Oscail na bogearraí greannáin

SAMHAIN

SHONA DUIT

Caithfidh tú méid an leathanaigh a athrú sula dtosaíonn tú ar do ghreannán.

Caithfidh tú cliceáil ar FILE agus PAGE FORMAT a roghnú.

Ansin tig leat formáid an leathanaigh a athrú go dtí A5 (leath den mhéid atá

i leathanach páipéir A4).

Is féidir an cárta críochnaithe a phriontáil agus a ghreamú ar phíosa

páipéarchláir dhaite atá fillte.

ROGHNAIGH TEIMPLÉAD LEATHANAIGH

Roghnaigh teimpléad leathanaigh agus tarraing go dtí an leathanach é.

CUIR PICTIÚIR LEIS

Taispeáin do na daltaí an áit leis an chomhfhillteán a aimsiú

ar an líonra ríomhairí mar a bhfuil a gcuid léaráidí stóráilte.
CUIR TÉACS ISTEACH

Agus boscaí téacs, litreoireacht, nó bolgáin chainte in úsáid, is féidir le daltaí téacs a

chur isteach. Formáidigh an téacs tríd an dath, an chló, an mhéid, agus an stíl a athrú.

AN CÚLRA A FHORMÁIDIÚ

Athraigh cúlra an leathanaigh agus na painéil chearnógacha sa chéad dul síos trí

cheachtar acu a roghnú, an leathanach a chliceáil nó painéal cearnógach a chliceáil

agus ansin, painéal na ‘Details’ a oscailt agus dath nó patrún a roghnú.

SÁBHÁIL

Sábháil an obair i bhfillteán cuí ar an ríomhaire.

PRIONTÁIL & CUIR I DTOLL A CHÉILE

Priontáil na cártaí críochnaithe. Tig le gach dalta a dhearadh

a ghearradh amach agus é a ghreamú ar phíosa páipéarchláir

dhaite atá fillte, leis an tionscadal a chríochnú.
CEACHT 3:

AN SAOL I DTEACH CRUINN
TAOBH ISTIGH DE THEACH

CRUINN CEILTEACH

Chónaigh na Ceiltigh i dtithe cruinne a bhí suite i lár an tsráidbhaile. Bhí cónaí

ar a lán teaghlach in aon teach cruinn amháin ina raibh seomra mór amháin.

Bhí doras an tí maisithe le snoíodóireacht speisialta agus le plandaí le cosc a

chur ar spioraid an oilc teacht isteach.

Tógadh teach cruinn thart ar chuaille lárnach. Bhí cuaillí eile ag

teacht amach uaidh sin i gciorcal le díon a fhoirmiú. Thacaigh cuaillí

ceartingearach an díon. D’úsáid siad ábhair ón fhoraois lena gcuid

tithe a thógáil. Rinneadh na ballaí as caolach (maidí adhmaid fite)

agus dóib (cochán agus clábar) agus bhí ceann tuí ar an díon.

Bhí TINE curtha síos i gcónaí sa teach ceilteach le fáilte a chur

roimh dhaoine. Théigh an tine an teach agus bhí sí in úsáid le bia

a chócaráil. Tógadh vása cré isteach i lár an urláir le timpistí a

sheachaint agus le cosc a chur ar an luaith á scaipeadh. D’fhan an

tine lasta lá agus oíche mar measadh gur ábhar náire é gan tine a

bheith thíos. Go minic shuigh na Ceiltigh thart ar an tine le chéile

oícheanta dorcha ag éisteacht le scéalta.
Bhíodh COIRE ar crochadh os cionn na tine ar thrípéad le slabhra

inchoigeartaithe. De ghnáth bhí na coirí déanta as cré-umha, ach

bheadh coirí iarainn ag na Ceiltigh is saibhre. Bhí bia á chócaráil

an chuid is mó den am mar bhí an nós ann bia a thabhairt do

chuairteoirí a luaithe agus a tháinig siad isteach.

Saoir den scoth a bhí sna Ceiltigh a shnoigh maisiúcháin

ealaíonta ar a DTROSCÁN. Bhí binsí ann chomh maith a

bhí in úsáid mar leapacha thart ar na ballaí taobh istigh

de na botháin. Bhí na tochtanna líonta le féar tirim agus

cleití agus clúdaithe le craicne caorach. Bhí stólta, táblaí

ísle agus cófraí a rinneadh as adhmad agus leathar ar an

troscán eile. Ba chosúil go raibh craicne caorach, craicne

bó agus craicne fia in úsáid leis an urlár a chlúdach.

Bhí bua den scoth ag na Ceiltigh san FHÍODÓIREACHT,

rud a rinne siad ar sheol fíodóireachta. Ba mhinic a bhí

dathanna geala agus patrúin ar na dearaí seo acu.
AISTE BIA AGUS BIA A CHÓCARÁIL

Bhí na Ceiltigh i ngrá le bia agus bhí dúil mhór acu i bhféastaí. D’ith siad muiceoil, mairteoil,

géim, éisc, cáis, gruthanna, bainne, im, agus brachán. Bhailigh siad cnónna agus síolta agus

d’fhás siad a nglasraí féin. D’ith na Ceiltigh Éireannacha feamainn amhail carraigín.

Bhruith na Ceiltigh an fheoil sa choire nó róst siad í os cionn

gualaigh, amanna ar BHIORANNA. Leasaigh siad feoil agus

iasc i salann don gheimhreadh. Béile a raibh éileamh mór air

ná bradán a bhí bácáilte le mil agus luibheanna.

Ba mhaith leis na Ceiltigh LEANN agus FÍON a ól.

Rinneadh meá as mil agus uisce agus ina raibh

blastanais ó luibheanna fiáine agus torthaí.

Rinne siad an leann as eorna, seagal nó coirce.

Bhailigh siad bia i GCISEÁIN SAILÍ. Le ciseáin a dhéanamh,

d’fhigh siad saileach nua-bhainte isteach i gcruthanna casta

sular fhág siad iad le triomú.

D’úsáid siad PRÓCAÍ CRÉ le bia a stóráil. Choinnigh cuid acu

an luaithreach créamtha dá gcuid daoine muinteartha.
Rinneadh CUPÁIN agus BABHLAÍ as dair agus as

adhmaid mhíne eile. D’úsáid siad coirn óil le leann a ól

mar choinnigh siad a lán leachta. Rinneadh na coirn óil

as adharca eallaigh i ndiaidh iad a mharú. Ba ghnáth

leo na coirn a ghlanadh agus a líomhadh sular mhaisigh

siad iad le gléasadh miotail. Ba mhinic a adhlacadh

corn óil leis an duine ar leis é.

Bhí BRÓ déanta as dhá chloch chruinne throma agus

úsáideadh í le harbhar nó le cruithneacht a mheilt ina

phlúr. Ansin, d’úsáid siad an plúr le harán a dhéanamh

san oigheann.

Bhí na tithe cruinne ar fheabhas le luibheanna a thriomú agus bia a leasú.

D’úsáid siad luibheanna le bia a bhlaistiú agus i gcógais leighis. Chuir siad

feoil agus éisc ar crochadh ó dhíon an tí, áit a mbíodh siad á leasú agus

á mblaistiú ón teas agus ón toit.
CEACHT 4:

CÚ ULADH
AINMHITHE CUMHACHTA

FÉILEACÁN

Seasann an FÉILEACÁN do chlaochlú, d’inspioráid

agus don athbhreith.

Thiocfadh leis an fhéileacán a bheith ina chuidiú

ag amanna atá rudaí ag athrú. D’fhuaigh siad iad

isteach i ngúnaí breithe agus i mblaincéid le fáilte

a chur roimh leanaí úra isteach sa sráidbhaile.

TARBH

Cuireann an TARBH toil láidir agus ceanndánacht in iúl,

uaidh sin faighimid an téarma Béarla 'bull-headed'.

Bhí an tarbh ina shiombail ar shaibhreas agus ar

rachmas, mar b’fhoinse mhór bia é do na Ceiltigh.

MADADH

Seasann MADADH do dhílseacht agus é a bheith ina chara dílis.

Sa sráidbhaile, chuir madadh ádh mór in iúl. D’úsáid siad iad

sa tseilg agus mar sin ba mhór an t-éileamh a bhí orthu agus

an meas a tugadh dóibh.
FIA

De réir na gCeilteach, ba é an FIA an t-ainmhí is ársa ar an saol.

Tá baint aige leis an nádúr, le seilg, le coillearnach agus leis an

fhlúirse. Bhí baint ag na beanna go minic le crainn agus le cur

agus le baint na ngráinní. Is minic a fheictear carria bán sna

miotais cheilteacha nuair atá athrú mór ar charachtar ar tí tarlú.

FIACH DUBH

Thiocfadh le FIACHA DUBHA a bheith

ina gcomhartha báis. Uaireanta d’eitil

fiacha dubha os cionn láithreáin chathanna

na gCeilteach mar dhia faoi bhréagriocht.

BRADÁN

Cuireann an BRADÁN eolas agus críonnacht in iúl.

IOLAR

Tá ar Chú Chulainn léim bhradáin a thrasnú sula dtig

leis ceird an chogaidh a fhoghlaim ó Scáthach.

Éan é seo a raibh clú air mar gheall ar a chríonnachta

agus a fhadsaoil sna cultúir Cheilteacha. Léirigh sé luas,

láidreacht, radharc géar na súl, agus eolas na draíochta.
EALA

I miotaseolaíocht Cheilteach, ba mhinic a ghlac déithe

cruth ealaí agus iad ag teacht i láthair shaol na mbeo.

Seasann siad don chuannacht, don áilleacht agus don ghrá.

Go minic bíonn an céile céanna ag ealaí ar fud a saoil.

CAPALL

Cuireann an CAPALL cobhsaíocht, onóir, muinín,

éirim agus láidreacht in iúl. Ghlaofá ar an chapall

in áiteanna a mbeadh misneach nó muinín de dhíth.

CAT

Measadh cait a bheith ina gcaomhnóirí

ar an saol eile. Tá siad glic agus cliste

agus maith le rud a choinneáil ina rún.
CLOGAD LAOICH A DHEARADH

Maisigh an clogad Ceilteach seo leis an ainmhí cumhachta a roghnaigh tú,

agus dearaí d’ainmhithe Ceilteacha in úsáid agat mar threoir. Cuir isteach

snaidhmeanna agus bíseanna Ceilteacha lena ornáidiú, ansin dathaigh an

dearadh críochnaithe.

FÉILEACÁN FIA MADADH

IOLAR CAPALL

TARBH FIACH DUBH BRADÁN

EALA CAT
CEACHT 5:

LAOCHRA I SOCHAÍ

NA GCEILTEACH
NA LAOCHRA

CEILTEACHA

Bhí an chogaíocht coitianta le linn

na hIarannaoise agus tógadh a lán

dúnta (lonnaíochtaí daingnithe)

ag an am sin.

Ba dhaoine gan eagla iad na

laochra Ceilteacha. Ba mhinic a

bhí siad dóighiúil, cliste, léannta

agus ag maíomh as na héachtaí

a bhí déanta acu. Bhí onóir agus

meas an-tábhachtach do laochra.

D’úsáid an chuid is mó de laochra

Ceilteacha sleánna agus miodóga

ach b’fhearr leo claimhte fada

le haghaidh slaiseáilte, a chaith

siad ag a dtaobh nó ar a ndroim.

Fuair siad cosaint ag sciatha fada

déanta as leathar agus adhmad

nó iarann. Chaith cuid acu máille

na lúb.

Chuir roinnt

laochra tatúnna

orthu le ruaim

ghorm darb ainm

goirmín lena gcuid

naimhde a scanrú.

Throid cuid de na laochra agus

iad lom nocht le cur in iúl nach

raibh eagla roimh ghortaithe

nó eagla an bháis orthu.
D’úsáid siad aol

lena gcuid gruaige

a dhéanamh ina spící.

Bhí adharca ar chuid de na clogaid Cheilteacha

le heagla a chur ar an namhaid.

Is féidir linn léargas a fháil ar na cineálacha éadaí

a chaith na laochra Ceilteacha ó na fionnachtana ó

shuíomhanna ársa agus ó na hábhair a bhí ar fáil

dóibh amhail airm, olann agus leathar.
CUIR ÉADAÍ

AR AN LAOCH

Cuir a éide ar an laoch agus ansin

dathaigh é.

B'fhéidir gur mhaith leat cuid acu seo

a chur isteach: sleá, claíomh, sciath,

tatúnna le ruaim ghorm (goirmín),

miodóg, crios scine, clogad, léine olla,

bróga leathair, torc, clóca, ceangal

clóca, dealg.
SOCHAÍ NA GCEILTEACH

NA MÓRUAISLE

Fuair muid an chuid is mó den fhianaise atá againn ar

shochaí na gCeilteach ó na finscéalta agus ó na miotais

cháiliúla Cheilteacha, Cú Chulainn mar shampla.

Bhí na laochra agus na húinéirí talaimh mar chuid de na MÓRUAISLE,

nó d’aicme na laochra. Ba í seo an aicme is airde a raibh rí, banríon

nó taoiseach mar cheannaire uirthi. B'úinéirí talaimh iad na móruaisle

agus ba leo talamh, tréada agus saibhreas go léir na treibhe nó na

clainne, nó an chuid is mó díobh.

Nuair nach raibh na móruaisle ag cogaíocht chaith siad a gcuid ama

i mbun gnó, ag imirt cluichí cláir, ag amharc ar ógánaigh ag imirt

cluichí faoin aer, ag glacadh páirte i gcomórtais scile agus

láidreachta, ag seilg agus ag féastú.

AN TAOS DÁNA,

AN LUCHT EALAÍNE

AGUS LÉINN

Bhí AN T-AOS DÁNA nó an lucht ealaíne agus léinn faoi bhun na móruaisle. San áireamh san

aicme seo bhí daoine proifisiúnta ann a raibh scil ealaíne, óráidíocht agus eolas acu. Bhí

reachtóirí, dochtúirí, ceoltóirí, filí agus fir chráifeacha, na draoithe, ina mbaill san aicme seo.

Ba mhór an meas a bhí ar cheardaithe agus ar shaoir oilte. Ní raibh sé de dhualgas orthu

seirbhís mhíleata a thabhairt do na móruaisle. Ní dhearna siad obair sna goirt. Má bhí buanna

acu, d’éirigh leo saibhreas agus sócúlacht a bhaint amach. Bhí an tsaoirse acu taisteal agus a gcuid earraí

a dhíol do chlanna eile. Bhí meas ar ealaíontóirí agus tugadh spreagadh dóibh.

San áireamh le saoir oilte bhí gaibhne dubha (ag obair le hiarann), gaibhne cré-umha, saoir adhmaid,

ceardaithe leathair agus criadóirí. Ba iad na cearaithe miotail na saoir is tábhachtaí.

NA COMÓNTAIGH

Ba CHOMÓNTAIGH iad formhór na gCeilteach, a bhí in aicme níos ísle ná

an tAos Dána nó an lucht ealaíne agus léinn. Bhí na comóntaigh saor ach

ní raibh talamh ar bith acu. Bhí an chuid is mó díobh ina bhfeirmeoirí a

d’fhás bairr agus a phóraigh ainmhithe.
MNÁ I SOCHAÍ NA GCEILTEACH

I sochaí na gCeilteach bhí cás na mban i bhfad níos fearr na mar a bhí sé

sa chuid is mó de shochaithe na linne sin. Bhí cead ag mná gairm ar bith a

leanúint, a fear céile féin a roghnú agus seilbh a bheith acu ar a réadmhaoin

féin.

Ba mhná a bhí i mbun laochra a oiliúint, chuaigh siad i mbun catha agus bhí

roinnt acu i gceannas ar airm. Ba léir, ón dóigh ar caitheadh le mná, an

meas a bhí ag na luathCheiltigh ar an talamh agus ar ealaín na draíochta

agus ar ealaín na cruthaitheachta lena raibh baint ag mná, dar leo.

DANÚ

Aithnítear Danú mar an chéad ollmháthair ag Éirinn,

an bandia ónar saolaíodh gach rud beo.
BANLAOCHRA

Fuair Cú Chulainn oiliúint in ealaín an chomhraic ón

bhanlaoch Scathach ar Oileán Sgitheanach. Tugadh

‘an laoch is fearr ar an domhan’ ar Scathach.

LAOCHRA BANRÍONA

I bhfinscéal Chú Chulainn; Táin Bó Cuailgne,

bhí Méabh, banríon Chonnacht, i gceannas

ar chaoga míle saighdiúir in éadan Chúige

Uladh, a raibh an lámh in uachtar ag an

laoch iontach Cú Chulainn ar gach duine acu.
CEACHT 6:

‘SAOL AN CHEILTIGH’

CUR I LÁTHAIR TFC
‘SAOL AN CHEILTIGH’

A CHUR I LÁTHAIR

GNÍOMHAÍOCHT TFC

Is é an tasc atá agat ná

cur i láthair faoi shaol an

Cheiltigh a dhéanamh agus

tú ag úsáid bogearraí

ríomhaire amhail PowerPoint

nó Slideshow.

TREOIR DON CHUR

I LÁTHAIR

Caithfidh deich sleamhnán ar leith ar a laghad a bheith sa chur i láthair seo agat. Ba cheart

gur sleamhnán teidil é an chéad sleamhnán a léiríonn ainm don chur i láthair agus d’ainm féin.

Ba cheart go mbeadh gné difriúil de na Ceiltigh san áireamh i ngach sleamhnán, mar shampla

éadaí na gCeilteach, laochra, srl...

Ba cheart go mbeadh pictiúr amháin ar a laghad ar gach sleamhnán leis an téacs a léiriú.

Thiocfadh le mhúinteoir na pictiúir seo a chur ar fáil nó thiocfadh leat iad a íoslódáil ón idirlíon

nó iad a tharraingt agus a scanadh ar an ríomhaire.
LAOCH

ÁBHAIR MHOLTA:

Bunús na gCeilteach

Teanga na gCeilteach

Fionnachtana Seandálaíochta

Coirp Phortaigh

Éadaí

Seodra

Ealaín

Lonnaíochtaí

Tithe Cruinne

Bia

Sochaí na gCeilteach

Mná i Sochaí na gCeilteach

Ainmhithe Cumhachta

Laochra

Cogaíocht na gCeilteach

Armúr na gCeilteach

Creideamh

Féilte

Sealgairí na gCloigne

NÓ RUD AR BITH EILE

A D’FHOGHLAIM TÚ!

SEODRA

CREIDEAMH
CUR I LÁTHAIR

ILMHEÁNACH A DHÉANAMH

OSCAIL NA BOGEARRAÍ

Oscail bogearraí cur i láthair, m.sh. PowerPoint nó Slideshow.

SLEAMHNÁN TEIDIL A OSCAILT

Cuir téacs isteach ar an sleamhnán seo. Ba chóir go mbeidh an

teideal atá ar an chur i láthair agus ainm an dalta istigh ann.

Formáidigh méid an téacs, an cló agus an dath.

ATHRAIGH DATH AN CHÚLRA

Roghnaigh dath an chúlra do na sleamhnáin.

SLEAMHNÁIN NA DTOPAICÍ

Cuir sleamhnán nua isteach agus cuir téacs an chéad topaic isteach. Formáidigh méid an téacs,

an cló agus an dath. Cuir na pictiúir isteach leis an topaic seo a léiriú. Athraigh méid na bpictiúr

agus cuir in áiteanna difriúla iad. Lean ar aghaidh ag cur sleamhnáin nua isteach go dtí go mbeidh

gach topaic clúdaithe.

UAINIÚ, TRASDULTA SLEAMHNÁN AGUS BEOCHAN

Le húsáid PowerPoint beidh tú ábalta uainiú na sleamhnán nó an fad ama a mbeidh sleamhnán le

feiceáil ar an scáileán a shocrú, trasdulta sleamhnán nó an dóigh a ndéanfar sleamhnán amháin

a chumasc isteach sa chéad sleamhnán eile a shocrú agus beochan a shocrú a athróidh an chuma

a bheidh ar théacs agus ar íomhánna ar an scáileán.

AN CUR I LÁTHAIR A PHROFÁIL

Seiceáil an téacs uilig sa chur i láthair maidir le litriú, poncaíocht agus gramadach.

AMHARC AR AN TAISPEÁNTAS SLEAMHNÁN

Amharc ar an taispeántas sleamhnán lena thástáil.

AN CUR I LÁTHAIR A SHÁBHÁIL

Foilsigh an leagan deiridh den chur i láthair agus amharc ar na taispeántais sleamhnán

comhlánaithe.