You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
Próifíl Chultúir

Thar thréimhse míle bliain, lean Gaillimh uirthi ag dul in oiriúint do chúinsí - geilleagracha,

sóisialta agus cultúir - na linne. Ba é an toradh a bhí ar lagthráth geilleagrach agus cultúir sna

1970idí gur tháinig borradh nach rabhthas ag súil leis ar an gcruthaitheacht ar tháinig fás

agus forbairt uirthi a chruthaigh eagraíochtaí agus féilte ealaíon agus cultúir a bhfuil a gcáil

amuigh ar fud an domhain - cuir i gcás Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe,

Amharclann Druid, Fleadh Scannán na Gaillimhe (an t-aon fhéile scannán in Éirinn a

dhéanann ainmniúchán do chatagóir Gearrscannán na nGradam Oscar), Féile Idirnáisiúnta

Litríochta Cúirt, Féile Idirnáisiúnta Ealaíon do Leanaí Baboró, Macnas, Seachtain

Ealaíon an Chlocháin agus Cruinniú na mBád – ar chuidigh siad uile le ceann scríbe

cultúir a bhfuil cáil idirnáisiúnta air a dhéanamh de Ghaillimh. Is trí bhranda cultúir eile fós iad

Rásaí na Gaillimhe, Rugbaí Chonnacht agus Aonach Capall Bhéal Átha na Sluaighe a

bhain cáil dhomhanda amach do Ghaillimh. Chuir ainmniúchán UNESCO de Chathair

Scannán na Gaillimhe agus ballraíocht na Gaillimhe i nGréasán Cathracha

Cruthaitheacha UNESCO go mór freisin le hacmhainn chultúir na cathrach. Tá clár bisiúil

bliantúil ceoil ag Gaillimh, cuir i gcás Music for Galway, Early Music Festival, Cois

Cladaigh, Galway Baroque Singers agus Contempo Quartet a bhfuil an-chion orthu.

Anuas air sin, tá breis is ocht bhféile is ceithre scór ag Gaillimh ina clár bliantúil féilte. I measc

na n-imeachtaí sin tá rásaí ar an trá ar Oileán Iomaí, Tionóil Lady Gregory an Fhómhair, Féile

Bia na Gaillimhe; Féilte Oisrí, Féile Ealaíon Inis Bó Finne, Seachtain Mara Chonamara agus

Seachtain an Phortaigh; Féile na gCloch ar Inis Oírr, Féilte Meánaoiseacha Bhaile Locha

Riach agus Bhaile Átha an Rí.

Tá oidhreacht chultúrtha shaibhir ag Gaillimh ó thaobh na timpeallachta tógtha agus

nádúrtha. Tá scála agus comhdhéanamh meánaoiseach na Cathrach caomhnaithe ag an

gCathair agus is cathair insiúlta í ag a bhfuil croílár comhleanúnach. Tá raidhse tírdhreach,

séadchomharthaí agus bithéagsúlachta le fáil sa chontae. Tá Músaem Chathair na

Gaillimhe ar cheann de na cinn scríbe is mó tóir sa tír i measc cuairteoirí ar

áiteanna saor in aisce lasmuigh den phríomhchathair. Tugann breis is 170,000

duine cuairt air gach bliain. Tá tionscal bisiúil tógála bád i nGaillimh agus is

ionad taighde agus forbartha mara í ag a bhfuil a dhíríonn ar an aigéan

agus ar fionnuisce, cuir i gcás Institiúid Martin Ryan in OÉG agus

Foras na Mara, forais atá ar thús cadhnaíochta.

Tá an daonra is mó ar oileáin chónaithe sa tír ag Gaillimh agus

orthusan tá pobail uathúla ag a bhfuil traidisiúin láidre agus

oidhreacht faoi leith mar aon le ceantair mhór-áilleachta.

Tá líon mór páirceanna foraoise i nGaillimh, idir sa

chathair agus sa chontae, a chuireann bláir agus

oideachas timpeallachta ar fáil don daonra

áitiúil agus do chuairteoirí araon. Cuireann

Páirc Náisiúnta Chonamara raon

áiseana ar fáil do bhreis is 170,000

cuairteoir gach bliain.

19