You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
Réamhrá

Is é seo an chéad Chreatstraitéis um Inbhuanaitheacht

Chultúir a cuireadh le chéile do Ghaillimh. Is toradh í ar a

mhéad a aithníonn Comhairlí Contae agus Cathrach na

Gaillimhe, le fad an lá:

ról ríthábhachtach an chultúir i nGaillimh an

ama atá caite, an ama i láthair agus an ama atá

romhainn amach

an nasc idir an cultúr agus forbairt inbhuanaithe

áitiúil

acmhainn fáis earnáil an chultúir agus earnáil na

dtionscal cruthaitheach i gcoitinne 1

Plean deich mbliana atá ann atá ag forbairt de réir a chéile agus Gaillimh ag iarraidh a bheith

ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 2 (ECOC). Beag beann ar thoradh ECOC, tugann

an próiseas a bhain leis an tairisicint deis iontach dúinn féachaint ar uathúlacht chultúr na

Gaillimhe – a ilghnéitheacht, a bheocht, a bhisiúlacht – agus ar an ról atá aige i gcomhchultúr

Eorpach. Tugann forbairt na straitéise seo, go comhuaineach leis an tairiscint, deis den scoth

dúinn féachaint ar an gcaoi a gcruthaímid eisealmáir den chéad scoth d'fheabhas agus

d'inbhuanaitheacht an chultúir i nGaillimh.

An Comhthéacs Straitéiseach

Cé gurb é seo an chéad phlean uileghabhálach cultúir do Chathair agus Contae na

Gaillimhe, tá roinnt pleananna sainiúla earnála agus straitéiseacha i bhfeidhm cheana féin.

Tugann na straitéisí agus na pleananna gnímh sin aghaidh ar fhoirmeacha ealaíne, ar

ealaíontóirí, ar eagraíochtaí ealaíon, ar an ailtireacht, ar an tseandálaíocht, ar phobail

chruthaitheacha, ar an oidhreacht chultúrtha, ar an timpeallacht thógtha agus nádúrtha, ar an

mbithéagsúlacht, ar spórt, ar gníomhaíochtaí áineasa, ar spásanna agus ar sheirbhísí

áineasa agus ar ról na cathrach agus an chontae maidir le rannpháirtíocht saoránach,

áitritheoirí agus cuairteoirí.

1

Cathair agus Contae na Gaillimhe: Forléargais Ardleibhéil agus Achoimrí Athbhreithnithe Earnála, 2015,Whitaker Institute, NUI Galway.

8

2

Ón mbliain 1985 i leith ainmníonn an tAontas Eorpach ceann amháin nó níos mó dá príomhchathracha ina (b)Príomhchathair Chultúir

na hEorpa. Bítear ag súil leis go gcuirfeadh na cathracha a roghnaítear agus a gceantar máguaird clár nuálach bliana cultúir ar fáil a

tharraingíonn aird ar fheabhas agus ar éagsúlacht chultúir na hEorpa agus ag an am céanna oidhreacht bhuan a chruthú don cheann

scríbe.