Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
GAILLIMH: DÚSHLÁIN AGUS

DEISEANNA

Caitear le Gaillimh mar a bheadh Shangri-la i measc na hearnála corparáidí a bhíonn ag

déileáil léi sa mhéid is gur deacair í a fhágáil. Mar sin féin, ní mór di fís nua a fháil di féin más

mian léi éabhlóidiú, inbhuanaitheacht a chothabháil agus a chinntiú faoi scáth athruithe ó

bhonn sna creata eacnamaíocha, sóisialta agus timpeallachta; ní mór di freagairt do

dhomhan atá ag athrú go tapa, do chreat cultúir atá ag athrú go tapa de bhun

teicneolaíochtaí nua; do phobal atá ag athrú go tapa a bhfuil a dhaonra á threisiú, ach á

dhéanamh leochaileach ag an am céanna.

Easnaimh Chultúir

Tá infheistíocht de dhíth chun creatstraitéis um inbhuanaitheacht chultúir a chur i bhfeidhm.

Ar na réimsí a mbeidh infheistíocht airgid nach beag de dhíth orthu i rith shaolré na straitéise

deich mbliana seo tá an bonneagar cultúir, idir bhonneagar fisiciúil agus bhonneagar

comhoibríoch – moil chultúir fhisiciúla agus fhíorúla. Ó thaobh foirgneamh de, sonraítear

thíos roinnt príomh-easnamh cultúir. Tá gá leis na breiseáin go léir a mholtar do stoc cultúir

na Gaillimhe agus is cinnte go gcuirfidh siad le tairiscint chultúir na cathrach agus an

chontae. Sular féidir tabhairt faoi aon cheann acu, áfach, níor mhór tabhairt faoi staidéir

féidearthachta, faoi anailísí costais agus sochair, faoi cheada pleanála agus faoi

chomhairliúchán nach beag – cibé an spás cathartha mórscála, moil nuálaíochta nó ionaid

phobail bheaga atá i gceist.

Líonrú Cultúir

Ní mór féachaint freisin do thacaíocht réalaíoch agus éifeachtach a chruthú

agus a bhainistiú do chomhchleachtais, do chomhobair, agus do

dheiseanna líonraithe do na healaíona, do phobail na n-ealaíon,

d'áiseanna spóirt, don oidhreacht, don timpeallacht nádúrtha agus

thógtha agus do phobail na dtionscal cruthaitheach. I gcásanna

áirithe beidh foirgnimh i gceist – spás léiriúcháin/spás

ceardlainne/spás dánlainne/spás cleachtaidh/aghaidh

siopa/spás lasmuigh/áiseanna – agus i gcásanna eile,

beidh spás fíorúil/ardáin dhigiteacha/spás pobail ar

líne/suímh ghréasáin fheabhsaithe/ardáin

fheabhsaithe meán sóisialta/margaí ar líne i

gceist. Beidh costas a bhaint leis an

mbonneagar seo go léir – agus ní mór

an costas sin a leagan amach go

soiléir sula dtabharfar aon

ghealltanas.

21