isling Áine
isling Áine
isling Áine
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Curaclam

Thuaisceart Éireann

A

bí ciallmhar agus smao!nigh

isling Áine

le Liz Weir

Léaráidí le Corrina Askin
Curaclam

Thuaisceart Éireann

Cruthaitheacht

Áirítear ‘Aisling Áine’ ar chúig scéal spreagúla a bhfuil dlúthbhaint acu le Creat Scileanna

Smaointeoireachta agus Cumas Pearsanta Thuaisceart Éireann.

Insíonn an scéal dúinn faoin dóigh a n-oibríonn Seangán agus a chairde le chéile le cuidiú

le hÁine, sióg bhriste bhrúite, dul ar ais go cnoc na sióg roimh mhaidin le post a cuid

aislingí a fháil.

Cuidíonn na carachtair linn foghlaim faoin dóigh lenár samhlaíocht a spreagadh agus le

teacht ar smaointe agus ar roghanna faoi rudaí atá le déanamh i réimse suíomh.

Mar is cóir na leabhair a úsáid le páistí:

• an leabhar a léamh do na páistí nó leis na páistí;

• na léaráidí áille a úsáid le tacú leis an téacs;

• ag eochairphointí sa téacs feicfidh tú ( ). Seo áit mhaith le stopadh agus le

labhairt faoina bhfuil ag tarlú.

• na pléphointí ar an chlúdach cúil inmheánach a úsáid le roinnt moltaí a thabhairt

duit; agus

• na heochairfhocail agus na heochairfhrásaí a úsáidtear sa leabhar a dhaingniú

D’fhéadfaí roinnt de na focail seo a leanas a bhaineann le Cruthaitheacht a thabhairt

isteach agus a úsáid leis na páistí.

éisteacht

aisling, cuspóir

misean, tasc

fadhb, dúshlán

pleanáil (labhairt faoi, é a tharraingt)

smaointe, roghanna

smaointe mire, smaointe amaideacha, smaointe bómánta

comhoibriú

dul chuig duine ag iarraidh cuidiú

fianaise

fíric nó barúil

comparáid agus codarsnacht

cosúil, difriúil

cosaint

leanúint ar aghaidh

bí ciallmhar agus smao!nigh

Aisling Áine

Anois, léigh an scéal agus bíodh craic agat ag fáil amach mar a d’úsáid Seangán a

shamhlaíocht agus mar a thug sé ar a chairde cuidiú le hÁine dul ar ais chuig cnoc na sióg

ag bun an ghleanna roimh mhaidin.

1
Is scéalaí agus údar gairmiúil í Liz Weir atá ina cónaí i nGlinntí Aontrama.

Is stiúrthóir ealaíne, maisitheoir agus beochantóir as Co. Thír Eoghain í Corrina Askin atá lonnaithe i mBéal Feirste.

Tá teacht ar a thuilleadh mionsonraí faoina gcuid oibre ar an nasc Wise Up and Think ag:

www.nicurriculum.org.uk/skills_and_capabilities/thinking_skills_and_personal_capabilities/index.asp

Admhálacha

Is mian le Tony Scullion (CCEA) a bhuíochas a chur in iúl do na daoine seo a leanas as a n-ionchur fíorluachmhar sa tsraith seo:

• Carol Weatherall, Bord Oideachais agus Leabharlainne Bhéal Feirste

• Lynne Bianchi, An tIonad Oideachais Eolaíochta, Ollscoil Sheffield Hallam

• Marian Hamill, CCEA, Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint

Arna dhearadh agus arna tháirgeadh ag CCEA Multimedia

2
Curaclam

Thuaisceart Éireann

bí ciallmhar agus smao!nigh

le Liz Weir

Léaráidí le Corrina Askin
Mhúscail an trup aisteach gach duine.

“Cad é an trup uafásach sin?” Níor chuala

Gráinneog a leithéid riamh roimhe.

Caoineadh ard a bhí ann, ag baint macalla as

an dorchadas.

“Tá a fhios agam! Tá a fhios agam!” arsa

Seangán.

7
8

“Cad é mar a bheadh a fhios agatsa? Tá tusa

róbheag le rud ar bith a bheith ar eolas agat.

Fan i do thost,” arsa Madadh Rua.

Níor thug na hainmhithe eile aird ar Sheangán in

am ar bith.
“Cá as a bhfuil sé ag teacht?” a d’fhiafraigh Madadh

Rua.

D’éist Gráinneog go cúramach.

“Ón sruthán thall ansin, déarfainn. Bí cúramach a

Mhadaidh Rua, b’fhéidir gur gaiste atá ann.”

9
“Ach tá a fhios agam! Tá a fhios agam cad é atá

ann, éistigí liomsa!” Níor thaitin sé le Seangán

nuair a rinne na hainmhithe eile neamhiontas de.

Thiontaigh Madadh Rua thart le labhairt leis na

hainmhithe eile.

“Anois, a Ghráinneog, faigh Broc go ndéanaimid

ár mbealach uilig go deas fadálach sa treo sin go

bhfeicfimid cé atá ag cur isteach ar ár suaimhneas.

Tógaigí go bog é anois, ná déanaigí smid.” 11
12

“Tá sé feicthe agam cheanna féin. Ó cad chuige

nach n-éistfidh sibh liom?” Bhí Seangán ag léim

suas agus anuas le míshásamh. Níorbh fhiú

é. Níor éist siad in am ar bith. Bhí Seangán i

gcónaí ag teacht aníos le smaointe amaideacha.
Ina luí taobh leis an sruthán bhí sióg bheag

bhriste bhrúite.

“Ó! Ó!”

Bhí deora móra ag titim go fras síos a leicne.

Mhill sí an t-aon seans a bhí aici. Bhí sí i gcónaí

i dtrioblóid as bheith dalba agus anois bhí gach

rud millte aici.

Bhí mála beag gorm in aice léi. Bhí a fhios aici

go raibh sé róthrom di le hiompar ach go fóill

rinne sí iarracht eitilt leis. Agus anois, amharc

an dóigh a bhí uirthi!

Bhí sí ina luí sa luachair cois abhann. Bhí sí

fuar. Bhí eiteog amháin lúbtha aici agus glúin

nimhneach aici. Cad é mar a bhainfeadh sí an

baile amach roimh an mhaidin? Ní bhfaigheadh sí

jab a cuid aislingí go deo anois.

“Bú hú....” Thosaigh an callán arís.

15
Bhog na hainmhithe go mall ciúin tríd an

fhéar fhada. Léim Seangán thar an talamh

fliuch. Sa deireadh thiar thall, bhain siad an

sruthán amach.

“Amharc! Thall ansin - an dtig leat é a

fheiceáil?” arsa Madadh Rua de chogar. Faoi

sholas na gealaí bhí sé in ann rud aisteach

a oibriú amach. “Cad é atá ann? Tá trup

millteanach á dhéanamh aige do rud chomh

beag sin.”

17
“An duine é?” D’amharc Gráinneog tríd an

luachair.

“Tá cuma róthanaí air.” arsa Broc go srónach.

“An bréagán é? Fágann daoine gach cineál

ruda ina luí thart anseo.”

“Tá mé ag iarraidh a rá libh le tamall,” arsa

Seangán. “Is SIÓG í!”

19
20

Phléasc na hainmhithe eile amach ag gáire.

“Amaidí! Bheinn ag dúil le rud bómánta mar sin

uaitse. Níl a leithéid de rud agus sióga ann.

Fuist, a Sheangáin, cluinfidh sé thú.”

“Sióg atá ann! Bhí mé thall ag amharc uirthi. Ní

fhaca sí mé. Tá sí gortaithe. Ní thig léi dochar

ar bith a dhéanamh dúinn.”
Níor chreid siad an radharc a bhí rompu agus iad

ag druidim níos cóngaraí. Bhí an ceart ag Seangán.

“Cad chuige nár dúirt tú roimhe?” B’fhuath le

Madadh Rua a admháil go raibh sé contráilte faoi

rud ar bith. Rachaimid go bhfeicfimid cad é atá ar

bun aici in áit s’againne!”

21
22

Thug an sióg faoi deara nach raibh

sí léi féin. Bhí ainmhithe i ngach áit

thart timpeall uirthi, cuid acu i bhfad

níos mó ná í féin. Bhain an eagla na

deora di.

“Cé thusa? Cad chuige a bhfuil tú

anseo?” arsa Madadh Rua go feargach.

“Ná gortaigh mé. Ní raibh mé ag

iarraidh dochar ar bith a dhéanamh.”

Bhí an tsióg bheag ar crith le heagla.

“Áine an t-ainm atá orm. Bhí mé

ar mo bhealach abhaile ach bhí mo

mhála róthrom dom agus tharraing

sé anuas mé. Ansin chuaigh m’eiteog

i bhfostú san fhál sin agus tá cuma

ar an scéal anois nach bhfeicfidh mé

mo theach roimh an mhaidin. Beidh

mé i dtrioblóid mhór.” Thosaigh sí ag

caoineadh arís.
24

“Stad den challán sin, le do thoil,” arsa

Gráinneog.

“Cá bhfuil tú i do chónaí?”

“Tá mé i mo chónaí i gcnoc na sióg. Ba é seo

mo chéad mhisean liom féin agus anois tá gach

rud millte agam.”
Ní raibh a fhios ag na hainmhithe eile cad

é ba cheart dóibh a rá. Bhí sé deacair acu a

chreidiúint go raibh siad ag amharc ar fhíorshióg

bheo.

25
Labhair Seangán ar dtús.

“Ná bíodh imní ort. B’fhéidir go dtig linne

cuidiú. Cad é atá sa mhála sin cibé?”

“Fiacla. Ba é seo an seans mór amháin

s’agamsa le bheith i mo shióg fhiacla. Bhí

mé ag iarraidh a thaispeáint don Bhanríon

go raibh mé ábalta cuairt a thabhairt

ar na tithe uilig taobh istigh d’aon oíche

amháin. Ach bhí an mála róthrom dom.

Ba cheart dom bheith ar ais leis na fiacla

roimh éirí na gréine ar maidin.

“Caithfidh go dtig linn cuidiú leat ar

bhealach éigin,” arsa Seangán.

27
28

“Fág thusa sin fúinne, a Sheangáin. Socróimidne

seo.” Bhí Madadh Rua i gcónaí ag iarraidh bheith i

gceannas.

“Anois, a Áine, an dtig leat d’eiteog a bhogadh?”

“Tá sí stróicthe go dona.”

“Mar sin, níl tusa ag eitilt áit ar bith anocht ach

amháin go dtig linn sin a chóiriú.”

“Nach bhfuil cnoc na sióg thíos ag bun an

ghleanna?” Bhí Seangán ag iarraidh bheith cuidiúil.

Rinne na hainmhithe eile neamhiontas de. Rinne

siad uilig iarracht teacht aníos le smaointe úra.
Cnoc na Sióg.

29
30

Bhí Broc i gcónaí praiticiúil.

“Thiocfadh linn roinnt luachra a úsáid lena

heiteog a chóiriú.”

“Cad é faoi líon damháin alla a úsáid?” a mhol

Gráinneog.
Ní raibh Gráinneog cinnte cad é mar a mhothódh

Damhán Alla faoi sin.

“B’fhéidir go dtiocfadh linn í a chóiriú le duilleoga?”

arsa Madhadh Rua. Níor bhuail Madadh Rua le sióg

riamh roimhe, mar sin ní raibh barúil ar bith aige.

“Cad é mar is féidir linn í a chur abhaile?”

31
32

Bhí a sháith cluinste ag Seangán. Bhí a

fhios aige cá háit le dul le cuidiú a fháil.

Bhí Dobharchú ina chodladh ar bhruach an

tsrutháin. Ní raibh sé róshásta nuair a tháinig

seangán beag chun é a mhúscailt.

“Cad é atá de dhíth ort?”

“Tá brón orm cur isteach ort, a Dhobharchú,

ach tá do chuidiú de dhíth orainn.”

“Cad é an fhadhb?”

“Bhuel, seo mar atá, tá an tsióg seo ann.......
34

Rinne Dobharchú srannfach.
“An bhfuil tusa dáiríre? Mhúscail tú

mé le labhairt faoi rud nach ann dó

fiú!”

“Le do thoil, a Dhobharchú, éist liom!”

Bhí a fhios ag Seangán nach dtiocfadh

le duine ar bith eile cuidiú le hÁine.

Bhí seo tábhachtach. Labhair sé go

malltriallach. “Tá...fíorshióg...ina luí

ar an fhéar cóngarach don áit seo.

Tá sí gortaithe agus caithfidh sí bun

an ghleanna a bhaint amach roimh an

mhaidin. Chuir mé fios ar na Seangáin

uilig eile. Sílim go dtig linn bheith ag

obair lena chéile chun í a chur abhaile.”

D’aithin Dobharchú go raibh Seangán

ag insint na fírinne agus d’éist go

cúramach lena phlean.

35
36

Faoin am seo, bhí Áine ag iarraidh an-bhuartha

ar fad.

“Imeoidh airgead na bpáistí mura n-éiríonn liom

na fiacla a thabhairt abhaile sula músclaíonn

siad ar maidin. Caithfidh mé dul ar ais!”
“Fan ort bomaite! Táimid

ag déanamh ár ndíchill.” Bhí

Madadh Rua ag amharc ar mholl

luachra, duilleoga agus cleití

agus ag smaoineamh cad é a

d’fhéadfaí a dhéanamh leo.

37
Díreach ansin, chonaic siad scuaine

seangán ag brú píosaí de gach cineál

bruscair. Bhí Dobharchú á leanúint le

píosa mór adhmaid.

39
40

“Cad é atá ar bun agat anois, a Sheangáin?”

D’amharc Madadh Rua ar an mholl bruscair.

Bhí buidéil phlaisteacha, málaí brioscáin

phrátaí, spúnóga lúbtha, caipín roth cairr,

agus seanbhróg chaite fiú.
“Níl sí ábalta eitilt, mar sin thiocfadh

linn iarracht a dhéanamh í a chur ar

snámh síos an sruthán. Bhailigh muid

uilig na rudaí éagsúla a chaith daoine ar

shiúl. Chomh maith leis sin, tá píosa mór

adhmaid faighte ag Dobharchú dúinn

fosta. Má oibrímid as lámha a chéile

beimid in ann Áine a thabhairt abhaile.

Amharc, tá plean leagtha amach agam

duit.”

Shíl Madadh Rua a mhór de phlean

Sheangáin.

“Smaoineamh ar mire atá ann, ach mar sin

féin, tá gach seans ann go ndéanfaidh sé

cúis!”

41
Leideanna plé.

44

Cad chuige, dar leat, ar shíl na hainmhithe eile i gcónaí go mbeadh smaointe mire ag Seangán?

An dtig leat smaoineamh ar fháthanna ar bith eile nár éist ainmhí ar bith le Seangán?

Cad é mar a mhothaigh Seangán, dar leat, nuair nár éist ainmhí ar bith leis?

Cad é a thiocfadh le Seangán a dhéanamh le tabhairt ar na hainmhithe eile éisteacht leis?

Cad é a dhéanfása dá mbeadh rud éigin tábhachtach le rá agat agus nach raibh duine ar bith ag éisteacht?

Cad é ba chóir do Sheangán a dhéanamh anois, dar leat? Dá mba thusa Seangán, cad iad na roghanna a dhéanfása agus cad

chuige?

An síleann tú gur sióg a bhí ann, dáiríre?

Cad é an chuma atá ar shióg, dar leat?

Cad é mar atá a fhios agat?

Dá mba thusa Seangán, cad é a mholfá le cuidiú le hÁine dul ar ais go cnoc na sióg roimh mhaidin ionas go dtig léi a haisling a

fhíorú?

Cé acu smaointe ab fhearr a d’oibreodh agus cad chuige?

Fiosraigh réimse roghanna a chuideodh le hÁine dul ar ais chuig cnoc na sióg. Spreag na páistí lena samhlaíocht a úsáid le teacht

ar smaointe neamhghnácha iontacha. Más mian leat, úsáid an fráma smaointeoireachta Ag Cruthú Féidearthachtaí (Generating

Possibilities) le plé roinnte, grúpa nó beirte a threorú - féach an nasc gréasáin thíos.

I ndiaidh dóibh teacht ar réimse roghanna, spreag na beirteanna, grúpaí nó an rang iomlán le haontú ar rogha a shíleann siad a

thabharfaidh an toradh is fearr. Spreag na páistí le tógáil ar smaointe daoine eile nó le réimse cuí roghanna a roghnú a shíleann

siad a chuirfidh an tsióg ar ais in am. Spreag na páistí leis na roghanna a ghlac siad a chosaint.

An síleann tú gur smaoineamh ‘mire’ a bhí ann? An síleann tú gur oibrigh an plean? Cad chuige? Cad chuige nár oibrigh?

Déan comparáid agus codarsnacht idir plean Sheangáin agus plean s’agatsa. Cén dóigh a bhfuil siad cosúil agus difriúil lena

chéile?

Cad é a tharlódh dá stadfadh na hainmhithe eile den chuidiú? Cén dóigh a mbeadh an scéal difiriúil mura leanfadh Seangán ar

aghaidh lena phlean?

Cad é, dar leat, a tharla d’Áine? An síleann tú go ndearna sí a bealach ar ais go cnoc na sióg ag bun an ghleanna roimh mhaidin?

An síleann tú gur fíoraíodh a haisling agus go ndearnadh sióg na bhfiacla di?

An bhfuil aisling nó sprioc agatsa a bhfuil sé deacair agat a chur i gcrích? (mar shampla, ag seinm uirlis cheoil, ag foghlaim snámha).

Smaoinigh ar na roghanna a thiocfadh leat a dhéanamh le cuidiú leat do sprioc a bhaint amach:

- Cé a chuideodh leat?

- An dtig leat plean a chruthú a chuideoidh leat do sprioc a bhaint amach?

- An dtig leat a bhriseadh anuas ina chéimeanna beaga?

Tá scéal le hinsint ag gach duine againn....

Is cuid thábhachtach den scéalaíocht cur síos ar charachtair agus beatha a thabhairt dóibh.

Iarr ar na páistí a súile a dhruidim agus sióg a shamhlú.

Spreag iad lena gcuid mothúchán a fhiosrú le smaoineamh ar:

- Cad é an chuma atá uirthi? Cad é atá ar a cloigeann? Ar a droim? Ar a cosa? Cé acu níos airde, níos lú nó thart faoin mhéid chéanna leatsa

atá sí?

- Cad iad na fuaimeanna a chluineann tú? An dtig léi labhairt? Cén cineál gutha atá aici? An ndéanann sí fuaim agus í ag eitilt, ag siúl, ar

foluain?

- An dtig leat do sciatháin a shíneadh amach agus baint di? Cad iad na haidiachtaí is fearr a chuireann síos ar a craiceann, a cuid éadaigh, a

heiteoga?

- An bhfuil boladh deas uirthi? An gcuireann an boladh rud ar bith i gcuimhne duit? An bhfuil boladh..... uirthi? Tabhair roinnt roghanna a

thuigfidh na páistí, dar leat.

Buail cloigín beag go héadrom go díreach sula n-iarrann tú orthu a súile a oscailt agus go n-imíonn an tsióg óna samhlaíocht. Iarr ar na páistí na

pictiúir atá ina n-intinn a roinnt le ‘páirtnéir cainte’.

Le cur leis an phléisiúr agus lena samhlaíocht a spreagadh a thuilleadh, b’fhéidir gur mhaith leat beagán ‘dusta sióg’ a spré thart ar an urlár agus

iad ag oscailt a súl. D’fhéadfá beagán ‘dusta sióg’ a spré thart ar an seomra ranga sula dtagann na páistí isteach maidin lá arna mhárach. Fan go

dtabharfaidh na páistí faoi deara é agus ansin lig dóibh bheith oscailte agus cruthaitheach agus iad ag plé cén dóigh ar tháinig an ‘dusta sióg’.

Faigh tacaíocht agus gníomhaíochtaí breise do ‘Aisling Áine’ ag:

http://www.nicurriculum.org.uk/skills_and_capabilities/thinking_skills_and_personal_capabilities/index.asp
Caithfidh Áine, sióg bhriste bhrúite, dul ar ais chuig cnoc na sióg roimh

an mhaidin ionas go bhfaighidh sí post a cuid aislingí. Cad é mar a

éireoidh léi?

Áirítear ‘Aisling Áine’ ar chúig scéal spreagúla

a bhfuil dlúthbhaint acu le Creat Scileanna

Smaointeoireachta agus Cumas Pearsanta

Thuaisceart Éireann.

An Creat Scileanna Smaointeoireachta agus Cumas Pearsanta

Bainistiú Eolais

Ag obair le daoine eile

Smaoineamh,

Réiteach

Fadhbanna

Déanamh Cinntí

Scileanna

Smaointeoireachta

agus

Cumais Phearsanta

Cruthaitheacht

Féin-Bhainisteoireacht