Aonad 3: Irish Medium Pupil Notes - Northern Ireland Curriculum
Aonad 3: Irish Medium Pupil Notes - Northern Ireland Curriculum
Aonad 3: Irish Medium Pupil Notes - Northern Ireland Curriculum
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint: Eochairchéim 1, Bliain 3

Snáithe 2: Tuiscint Phearsanta agus Sláinte

Aonad 3: Bí Cúramach, Bí Sábháilte

Aonad Comhlántach: Cad Chuige ar Chóir Dom?

Bí Cúramach,

Bí Sábháilte

Is iad príomhthéamaí an aonaid seo:

- eolas a fháil ar an dóigh le fanacht sláintiúil;

- na daoine, na háiteanna agus na rudaí a d’fhéadfadh

a bheith mar bhagairt ort a aithint; agus

- freagrachtaí méadaithe a fhorbairt agus tú ag fás aníos.
Cur chuige teagaisc

Amuigh faoin Spéir

Tabhair an fhoghlaim taobh amuigh. Cum deiseanna don

fhoghlaim, don chruthú agus don fhiosrú. Déan ceapach

glasraí do do rang féin. Fás oinniúin, prátaí nó cairéid le

húsáid i stobhach folláin san fhómhar. Beidh páistí lánsásta

a bheith páirteach nuair a thig leo a mbia féin a fhás, a

bhaint agus a fheiceáil ar an phláta. Tabhair cuireadh do

sheanóir ón phobal áitiúil cuidiú leat.

Ag Déanamh Difir

Thig le múinteoirí coinníollacha a chruthú sa seomra ranga a

chuidíonn le páistí leis an fhoghlaim. Ach ní thig leo gach rud

a dhéanamh! Tarlaíonn cuid mhór foghlama taobh amuigh

den scoil, sa teaghlach agus sa phobal araon.

Cuimhnigh go bhfuil srianta ort. Thig leat difear a dhéanamh

ach ní dhéanann tú an difear uile. Mar a chéile, ní thig

leat gach rud a dhéanamh agus caithfidh tú éirí as an

smaoineamh gurb é sin an tasc atá agat.

Cuimhnigh go bhfuil teorainneacha ann: thig le múinteoirí

tionchar a imirt ar an fhoghlaim ach ní thig leo í a shocrú.

Clár na gCeisteanna

Cuir spás i leataobh do ‘Clár na gCeisteanna’. Le linn

foghlaim téamach, iarr ar na páistí nótaí a dhéanamh de na

rudaí ar mhaith leo a fháil amach fúthu. Greamaigh na nótaí

ar an chlár.

Cuir eolas ábhartha ar ‘Clár na gCeisteanna’, mar shampla,

teidil leabhar, bileoga, seoltaí suíomhanna idirlín. Spreag

na páistí le freagraí a lorg ar a gcuid ceisteanna. Déan

nuashonrú rialta ar an eolas.

Cur Chuige na Fiontraíochta

Lean na ceithre cheannteideal seo nuair atá smaointe nua

á gcruthú agus á bhfíorú:

Smaointe a chur i ngníomh: tabhair taithí fíor do na páistí

ar choincheap an fháis nuair atá fíorchuspóir acu.

Róil: spreag na páistí le hoibriú lena chéile le teacht ar

chomhaontuithe.

Priacail: spreag na páistí le sult a bhaint as an rud nach

bhfuil coinne leis agus as an eispéireas nuair nach bhfuil an

toradh ar eolas.

Freagracht: tabhair úinéireacht ar an tionscnamh do na

páistí agus spreag iad le smaointe a ghiniúint agus cinntí

a dhéanamh.
Croí-eispéiris

oghlaim le chéile

Bí Cúramach, Bí Sábháilte

Ag Tógáil ar an Bhonnchéim

Fiosraigh agus pléigh an tábhacht a bhaineann

le fanacht folláin agus an dóigh le fanacht

sábháilte i dtimpeallachtaí a bhfuil siad eolach/

nach bhfuil siad eolach orthu:

leanáil

éan cinneadh ar an fhócas. I

hfocail eile, cad é an t-eolas, dar

eat, is gá a bheith ag na páistí

aidir le bheith folláin agus fanacht

ábháilte. Bíodh sé seo lárnach

a teagasc agus san fhoghlaim.

óg na páistí isteach sa phróiseas

leanála trí, mar shampla:

iad a spreagadh le ceisteanna

ar mhaith leo a fhiosrú agus

fadhbanna ar mhaith leo a

réiteach a aithint;

réimse áiseanna a chur ar fáil

le tacú leis an fhoghlaim; agus

bealaí a dtig leo teacht

ar eolas a shainaithint (mar

shampla, daoine, áiteanna

fhorbraíonn daoine;

agus suíomhanna idirlín).

éan

á lean plean nó sraith dhocht

níomhaíochtaí. Ina áit sin forbair,

oirfigh agus athchum an méid

agus sa timpeallacht; agus

tá le foghlaim agus le mothú acu

g brath ar an áit a dtugann an

i bhforbairt straitéisí le

fanacht folláin sábháilte

fhoghlaim thú agus ar na rudaí a

oibríonn duitse agus do na páistí

sa rang.

- Cuir réimse gníomhaíochtaí in

ord tosaíochta agus roinn iad

seo leis na páistí;

- Roinn an cuspóir ginearálta

foghlama.

- Déan cinnte go bhfuil

deiseanna san áireamh le

bheith ag obair ar bhonn

aonair, i bpéirí agus i ngrúpaí.

- fios a bheith acu cad é an dóigh le haire a thabhairt dá gcoirp le hiad

a choinneáil sláintiúil agus folláin;

- bunscileanna sláinteachais a aithint agus a chleachtadh

- aithint gur cuid de phróiseas na beatha iad fás agus athrú;

- straitéisí sábháilteachta pearsanta cuí a fhiosrú;

- tuiscint a forbairt ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre;

- tuiscint go dtig le cuid mhór substaintí a bheith contúirteach; agus

- eolas a bheith acu ar na rialacha sábháilteachta a bhaineann le cógais a ghlacadh.

Ag obair ag Eochairchéim 1

Straitéisí agus scileanna le hiad

féin a choinneáil slán folláin:

Athbhreithnigh

Tarlaíonn fíorfhoghlaim nuair a

thig le páistí cuimhneamh agus

athinsint a dhéanamh ar a raibh le

foghlaim acu, i rith an phróisis.

- Pléigh a raibh le foghlaim acu

agus fiafraigh díobh cén áit a

dtiocfadh leo seo a úsáid.

- Spreag iad le héisteacht lena

chéile agus le labhairt faoin

dóigh a ndearnadh rudaí.

- Ná déan dearmad dúshlán a

chur faoina smaointeoireacht.

- na roghanna i dtaca le stíl mhaireachtála fholláin a aithint agus a luach a aithint, na

buntáistí a ghabhann le haclaíocht, scíth, bia folláin agus sláinteachas san áireamh;

- a bheith ar an eolas faoi na céimeanna a bhaineann le fás agus forbairt an duine;

- aithint mar a athraíonn freagrachtaí agus gaolta de réir mar a fhásann agus a

- tuiscint go dtugtar cógais le go mothóidh tú níos fearr, ach go bhfuil roinnt drugaí

contúirteach;

- eolas a bheith acu ar cad é atá le déanamh nó ar cé air/uirthi a n-iarrfaidh siad

cuidiú nuair a mhothaíonn siad go bhfuil contúirt ann;

- a bheith ar an eolas faoi chineálacha éagsúla tromaíochta agus straitéisí

pearsanta a fhorbairt le cur in éadan iompair gan iarraidh;

- a bheith eolach ar chontúirtí agus ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith sa bhaile

- rialacha agus straitéisí simplí sábháilteachta a fhorbairt lena

gcosaint féin ar ócáidí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach.

2

50

Eochairchéim 1, Bliain 3 Snáithe 1: Tuiscint Phearsanta agus Slái

Ag bogadh i dtreo Eochairchéim 2

An dóigh le sláinte, fás agus dea-bhail

a chothú Cuspóir agus foghlama:

le plé go sábháilte

éifeachtach leis an timpeallacht:

Stíl mhaireachtála atá sláintiúil

agus sábháilte araon a aithint

Notes

- tuiscint ar na buntáistí a bhaineann le stíl shláintiúil mhaireachtála,

gníomhaíocht fhisiceach, bia folláin, scíth agus sláinteachas san áireamh;

- a bheith eolach ar iarmhairtí dochracha orthu féin agus ar dhaoine eile maidir

le tobac, alcól, tuaslagóirí agus substaintí neamhdhleathacha;

- a bheith eolach ar an dóigh a bhfásann agus a bhforbraíonn an corp;

- a agus bheith eolach ar tosú na hathruithe á fisiceacha tuiscint.

agus mothúchánacha a tharlaíonn

le linn caithreachais;

- aithint cad é mar a athraíonn freagrachtaí de réir mar a fhásann siad aníos

agus mar a éiríonn siad níos neamhspleáiche;

- éirí feasach ar an chontúirt fhéideartha a ghabhann le gaolta, le stráinséirí nó

lucht aitheantais, dea-thadhaill agus drochthadhaill san áireamh;

- chur chuige freagrach agus forghníomhach a fhorbairt;

- a bheith eolach ar cá háit, cá huair agus cad é an dóigh le cuidiú a iarraidh; agus

- a bheith ar an eolas faoi ghnáthaimh bhunúsacha éigeandála agus garchabhrach.

Dul chun cinn san fhoghlaim

Tá mé ag tosú ar thorthaí cuid de mo roghanna a thuar agus a thuiscint.

Thig liom cur síos a dhéanamh agus fios a bheith agam cad chuige a bhfuil sé

tábhachtach bunghnáthaimh sláinteachais a chleachtadh.

Thig liom daoine ‘iontaofa’ sa phobal a dtig liom cuidiú a iarraidh orthu a aithint.

Tá a fhios agam cad é a thiocfadh liom a dhéanamh dá mbeadh mo shábháilteacht

phearsanta i gcontúirt.

Tá a fhios agam cad é a chaithfidh mé a dhéanamh leis an scoil/rang a dhéanamh

sábháilte dom féin agus do dhaoine eile.

Thig liom a mhíniú cad chuige a bhfuil rialacha sábháilteachta ag baint le cógais.

Thig liom roghanna a ghiniúint agus torthaí gach rogha a mhíniú.

Thig liom foinsí éagsúla eolais a aithint, a aimsiú agus a roghnú.

Tá mé ag teacht ar níos mó eolais faoin phróiseas fáis ó óige go haois agus faoin

dóigh a n-athraíonn riachtanais daoine.

Thig liom a rá cad é mar atá mo chuid riachtanas ag athrú de réir mar atá mé ag fás aníos.

Tá mé ag forbairt feasachta agus measa ar riachtanais daoine eile.

Thig liom insint cad é mar a thiocfadh liom amharc i mo dhiaidh féin.

Thig liom cur síos a dhéanamh ar chás ina mbeadh cuidiú ó dhuine fásta de dhíth orm.

Tá mé ag feabhsú maidir le sealanna a ghlacadh agus le comhoibriú nuair atá mé

ag obair i ngrúpa.
Eochairchéim 1, Bliain 3 Snáithe 1: Tuiscint Phearsanta agus Sláinte Bí Cúramach, Bí Sábháilte

Cuspóir foghlama:

Stíl mhaireachtála atá sláintiúil

agus sábháilte araon a aithint

agus tosú á tuiscint.

Notes

Foghlaim le chéile

Pleanáil

Déan cinneadh ar an fhócas. I

bhfocail eile, cad é an t-eolas, dar

leat, is gá a bheith ag na páistí

maidir le bheith folláin agus fanacht

sábháilte. Bíodh sé seo lárnach

sa teagasc agus san fhoghlaim.

Tóg na páistí isteach sa phróiseas

pleanála trí, mar shampla:

- iad a spreagadh le ceisteanna

ar mhaith leo a fhiosrú agus

fadhbanna ar mhaith leo a

réiteach a aithint;

- réimse áiseanna a chur ar fáil

le tacú leis an fhoghlaim; agus

- bealaí a dtig leo teacht

ar eolas a shainaithint (mar

shampla, daoine, áiteanna

agus suíomhanna idirlín).

Déan

Ná lean plean nó sraith dhocht

gníomhaíochtaí. Ina áit sin forbair,

foirfigh agus athchum an méid

atá le foghlaim agus le mothú acu

ag brath ar an áit a dtugann an

fhoghlaim thú agus ar na rudaí a

oibríonn duitse agus do na páistí

sa rang.

- Cuir réimse gníomhaíochtaí in

ord tosaíochta agus roinn iad

seo leis na páistí;

- Roinn an cuspóir ginearálta

foghlama.

- Déan cinnte go bhfuil

deiseanna san áireamh le

bheith ag obair ar bhonn

aonair, i bpéirí agus i ngrúpaí.

Athbhreithnigh

Tarlaíonn fíorfhoghlaim nuair a

thig le páistí cuimhneamh agus

athinsint a dhéanamh ar a raibh le

foghlaim acu, i rith an phróisis.

- Pléigh a raibh le foghlaim acu

agus fiafraigh díobh cén áit a

dtiocfadh leo seo a úsáid.

- Spreag iad le héisteacht lena

chéile agus le labhairt faoin

dóigh a ndearnadh rudaí.

- Ná déan dearmad dúshlán a

chur faoina smaointeoireacht.

2

50
Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta faoi dheireadh Eochairchéim 1

Bainistiú eolais

Ceisteanna níos dírithe a chur faoin tasc; an cuspóir

agus cad é ba chóir a dhéanamh a shoiléiriú;

Comhchosúlachtaí a aithint le tascanna a

rinneadh roimhe;

Úsáid a bhaint as a gcuid smaointe féin agus

smaointe daoine eile le foinsí éagsúla eolais a

aithint, a aimsiú agus a roghnú;

Spriocanna a chur lena gcuid oibre, codanna níos

lú a dhéanamh de thascanna agus na chéad

chéimeanna eile a phleanáil;

Faisnéis a chlárú i bhformáidí éagsúla;

Tosú ar sproicghrúpa agus cuspóir a aithint

sa chumarsáid.

Smaointeoireacht,

fadhbréiteach agus

cinnteoireacht

Tuiscint a léiriú trína gcumas eagraíochta agus

athchoimrithe;

Eolas a sheicheamhú, a chur in ord, agus a réimniú

de réir mar is cuí;

Cosúlachtaí agus éagsúlachtaí a aithint trí rudaí a

chur i gcomparáid agus a nascadh;

Tosú ar thuartha a thastáil agus fianaise a

chuardach;

Cinntí a dhéanamh agus roghanna a sholáthar;

Réitigh fhéideartha ar fhadhbanna a mholadh;

Bheith córasach agus oibriú trí na céimeanna i

dtascanna;

Modhanna agus barúlacha a mhíniú, agus an fáth

atá le roghanna agus gníomhartha a mhíniú; agus

An difear a aithint idir na ceisteanna; cad chuige,

cad é, cá háit agus cá huair.

Bheith cruthaitheach

Fiosracht a léiriú agus tús á chur le tascanna agus

dúshláin úra;

Taithí a bheith acu ar na céadfaí uilig a úsáid;

Éisteacht le smaointe agus éispéiris agus iad a

roinnt;

A oiread smaointe agus is féidir a ghinniúint trí

bheith ag tógáil agus ag comhcheangal smaointe;

Am a ghlacadh agus samhlaíocht a úsáid; sult

a bhaint as an rud nach bhfuil súil leis, an rud

neamhghnách agus iontach; agus

Fíorchúrsaí an tsaoil a fhiosrú agus a thástáil.

Ag obair le daoine eile

Tuilleamh cleachtaithe a fháil ar an fhoghlaim i

gcomhpháirt;

Dul i dtaithí ar an tsealaíocht, roinnt agus

chomhoibriú agus iad ag obair ina ngrúpaí

agus ina bhfoirne;

Cinneadh ar cad é a chaithfear a dhéanamh i

ngrúpa agus freagracht a ghlacadh as gnéithe

éagsúla den obair;

Léiriú gur féidir foghlaim ó ghníomhaíochtaí roinnte

agus múnlaithe;

Iompar agus teanga a chur in oiriúint do shuímh

éagsúla;

Cothrom na Féinne a thabhairt do dhaoine eile;

agus

Mothúcháin agus smaointe daoine eile a aithint

agus meas a léiriú orthu.

Féinbhainistiú

Cinntiú go bhfuil a gcuspóirí á ngnóthú trí labhairt

leo faoin rud atá siad a fhoghlaim, faoin obair a

rinneadh agus faoi ghnéithe éagsúla ab fhéidir a

fheabhsú;

Dul siar ar a gcuid oibre de nós le beachtas agus le

cruinneas na hoibre a chinntiú;

Cloí le tascanna go gcuirfear críoch chuí leo, le

spreagadh ón mhúinteoir;

Cuidiú a iarraidh ar dhaoine eile;

Oibriú i dtreo spriocanna pearsanta a d’aimsigh an

múinteoir; agus

Cur lena bhfeasacht ar na rudaí sin a mbaineann

siad sult astu, na rudaí a thugann deacrachtaí

dóibh, agus ar a gcuid láidreachtaí agus laigí.

3
Trasna an Churaclaim: An Fhoghlaim a Nascadh

Cruthaigh graif d’eolas

fíor agus ábhartha atá

comhordaithe ag na páistí.

Úsaid TFC Usáid na Matamaitice

Scileanna Smaointeoireachta

agus Ábaltachtaí Pearsanta

Focail agus

frásaí a chluinfidh

mé agus a

úsáidfidh mé

Athrú

Dul sa seans

Sábháilte

Is ionann fás agus athrú.

Cuir na páistí ag déanamh

graif a léiríonn líon na

bhfiacla atá ar iarraidh.

Fás aníos

Folláine

I mbaol

Faigheann na páistí taithí

ar fhás le chéile agus iad

ag foghlaim faoi bhia agus

faoin phobal áitiúil.

Dúshlán, contúirt

Sábháilteacht

4
Cógais, piollaí

agus táibléid

Taighde

Gníomhaíocht 1

Roghanna folláine

Róil

Rogha

Gníomhaíochtaí foghlama

Tuiscint ar roghanna folláine agus

roghanna nach bhfuil chomh

folláin sin.

Gníomhaíocht 2

Drandail agus fiacla folláine

Aithint an tábhacht atá ag deashláinte

béil agus folláine ghinearálta.

Dea-mhothú

Cosaint

Fógraíocht

Gníomhaíocht 3

Fiontraithe na méar glas

Cur chuige fiontraíoch i bhfás glasraí.

Gníomhaíocht 4

Priacail

Béim ar thábhacht na

sábháilteachta pearsanta.

Forbairt

Gníomhaíocht 5

Daoine, áiteanna agus rudaí

Pléann páistí úsáid shábháilte

drugaí leighis.

Pleanáil agus

smaointe

Freagracht

Fíric, barúil

Gníomhaíocht 6

Rialacha faoi chógais

Bheith eolach ar na rialacha faoi

úsáid agus faoi dhíol cógas.

Gníomhaíocht 7

Fásaim agus athraím

Folláin agus

mífholláin

Díriú ar na hathruithe éagsúla saoil

a tharlaíonn le linn na forbartha.

Gníomhaíocht 8

Is ionann fás agus athrú

Aithint go méadaíonn ár

bhfreagracht asainn féin de

réir mar a fhásaimid aníos.

5
Gníomhaíocht foghlama 1: Roghanna folláine

CROÍ-CHOINCHEAP

Is gá go mbíonn páistí ar an eolas faoin

iliomad tosca a chuireann le stíl fholláin

mhaireachtála. Cuideoidh sé seo leo a aithint

go mbeidh tionchar ag cuid de na roghanna a

dhéanann siad ar a sláinte agus a bhfolláine.

CRITÉIR RATHA MHOLTA

Fiosróimid na rudaí a dhéanann folláin nó

mífholláin muid.

Sainaithneoimid na roghanna a dhéanaimid

agus an tionchar a bhíonn acu ar ár bhfolláine.

Tarraing Agus Scríobh

GNÉITHE LE SONRÚ

Sula dtosaíonn tú ar an aonad seo,

cuir Áis A: Litir chuig Tuismitheoir(í)/

Cúramóir(í) chun an bhaile le

gach páiste. Cuirfidh sé seo ar an

eolas iad faoi na gníomhaíochtaí

a tharlóidh agus tabharfaidh sé

smaointe dóibh faoin mhéid a

thiocfadh leo a dhéanamh sa bhaile

le tacú le foghlaim an pháiste sa

réimse seo den churaclam.

* Tá an modh ‘Tarraing agus

Scríobh’ bunaithe ar ‘Health for

Life’ le Noreen Whetton.

Tabhair dhá leathanach bhána do gach páiste. Ar leathanach amháin

abair leo pictiúr a tharraingt de dhuine atá folláin, dar leo. Iarr orthu

roinnt focal agus frásaí a chur leis le cur síos ar rudaí a dtiocfadh leis

an duine a dhéanamh le fanacht folláin. Ansin, iarr ar na páistí an

leathanach eile a úsáid agus duine a tharraingt nach bhfuil chomh

sláintiúil sin. Arís, spreag iad le focail agus frásaí a chur leis le cur síos

ar rudaí a dhéanfadh nó nach ndéanfadh an duine.

DE DHÍTH

- Litir chuig Tuismitheoir(í)/

Cúramóir(í) (Áis A)

- Suirbhé (Áis B)

- Leathanaigh bhána

- Bogearraí grafa TFC

LE DÉANAMH

- Tarraing agus Scríobh

- Lá Folláin

- Suirbhé

6
Nuair atá na pictiúir críochnaithe ag

na páistí, iarr orthu iad a thabhairt le

chéile isteach i spás oscailte (urlár nó

tábla) agus seisiún gailearaí a bheith

acu. Amharc ar dtús ar na pictiúir

uile de na daoine folláine. Mar rang,

pléigí na cosúlachtaí sna pictiúir, mar

shampla, tagairtí d’aclaíocht, scíth,

cothú (bia agus deoch), sláinteachas

pearsanta, súgradh agus cairde.

Spreag na páistí le machnamh níos

doimhne a dhéanamh ar gach

gné den dea-shláinte. Labhair

faoi na focail nó na manaí atá ag

na páistí sna pictiúir. Aontaigh ar

phríomhthréithe an duine shláintiúil.

Comhordaigh na freagraí seo (mar

phicteagram b’fhéidir) sa dóigh go

bhfuil taifead agat ar cad é is duine

folláin ann, dar leis an rang.

Ina dhiaidh sin déan seisiún

gailearaí leis na pictiúir den duine

nach bhfuil chomh folláin sin. Pléigh

cosúlachtaí ar bith atá i bhfreagraí

na bpáistí. Comhordaigh na pictiúir

uile i dhá leabhrán ar a dtabharfar

‘Folláin’ agus ‘Mífholláin’. Cuir ar

taispeáint iad sa seomra ranga le

tréithe an duine fholláin agus aon

teachtaireacht folláine atá ar eolas

cheana féin ag na páistí.

Ar deireadh, fiafraigh de na páistí

cé atá freagrach as iad a choinneáil

folláin agus pléigh na cúiseanna.

Lá Folláin

Iarr ar na páistí smaoineamh ar an

chuma atá ar dhuine folláin agus

ar an chineál iompair atá ag an

duine sin. Ansin, iarr ar na páistí

smaoineamh ar na rudaí folláine

uile a rinne siad inné ón uair a

mhúscail siad go dtí go ndeachaigh

siad a luí. Cuir iad ag taifeadadh na

ngníomharthaí folláine uile i leabhar

bíseach fiarláin nó i bhformáid clár

scéalta. Spreag iad le smaoineamh

ar na rudaí uile atá de dhíth ar

chorp folláin le go bhfeidhmeoidh

sé go maith ar feadh an lae.

Spreag iad fosta le pictiúir agus

eochairfhocail nó frásaí a úsáid.

Ansin socraigh ina bpéirí iad le go

roinnfidh siad a saothar lena chéile.

Bíodh an fhormáid tuairiscithe seo

in úsáid acu:

- Tá a fhios agam go bhfuil mé do

mo choinneáil féin folláin nuair...

- Tá a fhios agam go gcaithfidh

mé...a dhéanamh níos minice.

- Tá a fhios agam go gcaithfidh mé

gan...a dhéanamh chomh minic sin.

Iarr ar gach péire athbhreithniú a

dhéanamh lena gcomhghleacaithe.

Ar deireadh, iarr ar gach páiste

cuspóir folláin a roinnt a ndéanfaidh

siad iarracht a choinneáil. Spreag iad

le críoch a chur leis an ráiteas, ‘Tá mé

ag dul a dhéanamh mo dhíchill...’

Suirbhé

Tabhair cóip d’Áis B: Suirbhé do gach páiste. Mínigh go bhfuil siad le

suirbhé a dhéanamh sa tasc seo lena fháil amach faoi ghné amháin de stíl

fholláin mhaireachtála. Tabhair orthu cinneadh a dhéanamh cén réimse

ar mhaith leo a fhiosrú, mar shampla, an méid scíthe, an méid torthaí

ite nó líon na n-uaireanta an chloig caite ag breathnú ar an teilifís. Ansin

iarr ar na páistí bileog scóir a dhearadh leis an eolas a chlárú. Ansin iarr

orthu an suirbhé a dhéanamh agus an t-eolas a chlárú. Cuir na páistí ag

dearadh bunachar sonraí leis an eolas a chlárú nó ina áit sin, úsáid ceann

a dhear tú féin ní ba luaithe. Iarr orthu an t-eolas ón bhileog scóir a iontráil

sa bhunachar sonraí. Spreag iad le cinneadh ar an mhodh ghrafach is

fearr leis na sonraí a léiriú agus le graf a chruthú. Priontáil amach na graif

uile agus cuir ar taispeáint iad sa seomra ranga. Iarr ar na páistí a gcuid

torthaí agus tátal a phlé lena chéile. Ar deireadh, iarr orthu TFC a úsáid le

bileoigín a dhearadh le torthaí an tsuirbhé a léiriú. Iarr orthu na bileoigíní a

roinnt lena gcomhghleacaithe, machnamh a dhéanamh ar an phróiseas

agus feabhsú ar bith a mholadh.

Síneadh

Déan taighde faoin bhia ba mhaith leis na páistí a

ithe ag am sosa le fanacht folláin. Bunaigh siopa

folláin agus lig do na páistí cinntí a dhéanamh faoi:

- cad é a dhíolfaidh siad;

- cad é mar a gheobhaidh siad an bia;

- cá huair agus cad é mar a dhíolfaidh

siad é; agus

- cad é a dhéanfaidh siad leis an bhrabús.

7
Gníomhaíocht foghlama 2: Drandail agus fiacla folláine

CROÍ-CHOINCHEAP

Tá dea-shláinte béil riachtanach d’fholláine

ghinearálta.

Is eochairthoisc é sláinteachas fiacla luathóige

i bhforbairt nósanna folláine le fiacla

folláine an duine fhásta a chothú.

CRITÉIR RATHA MHOLTA

Aithneoimid agus cleachtfaimid

bunscileanna sláinteachais.

Beidh a fhios againn an tábhacht

atá le forbairt nósanna folláine.

Scuab agus Flas

Tabhair cuireadh d’fhiaclóir nó do shláinteolaí fiacla teacht

agus labhairt leis na páistí faoina gcuid oibre, faoi thábhacht

na dea-shláinte béil agus scuabadh ceart. Bíodh plé

ranga faoi dhrandail agus fiacla folláine. Roinn na rialacha

d’fhiacla folláine (féach thíos) leis na páistí agus fiafraigh

díobh cad chuige ar cheart dóibh iad a leanúint.

GNÉITHE LE SONRÚ

Thig leat eolas breise a fháil

ó shuíomh idirlín an Health

Promotion Agency

www.healthpromotionagency.co.uk

Thiocfadh leis an fhiaclóir pobail

áitiúil comhairle agus treoir a

sholáthar don ghníomhaíocht

seo fosta.

Iarr ar an ionad sláinte nó ar an

fhiaclóir áitiúil póstaeir cúram

fiacla a thabhairt duit.

DE DHÍTH

- Cóipeanna den Dúshlán Grúpa

(Áis C)

- Irisleabhair agus bileoga faoi fhiacla

- Ceamara digiteach

- Ábhair ealaíne don seomra ranga

LE DÉANAMH

- Scuab agus Flas

- Póstaer Cúram Fiacla

- Colláis Aoibh Gháire

8
Rialacha d’Fhiacla Folláine

Scuab na fiacla dhá uair sa lá

Cuir flas trí na fiacla gach lá

Scuab i ndiaidh béilí agus roimh dhul

a luí

Ith aiste chothrom fholláin bia

agus seachain smailceanna

siúcracha

Gabh chuig an fhiaclóir dhá uair

sa bhliain

Faigh scuab nua fiacla gach trí

mhí ar a laghad

Cad chuige

Le plaic a ghlanadh agus

fiacla a choinneáil folláin

Le plaic a ghlanadh agus

fiacla a choinneáil folláin

Le spruadar bia agus baictéir

a ghlanadh sula dtéann tú a

chodladh

Tá bianna milse greamaitheacha

thar a bheith

díobhálach d’fhiacla mar

greamaíonn siad de na fiacla

agus is iad is cúis le lobhadh

Thig le fiaclóir nó sláinteolaí

an carnadh plaice agus tartair

a ghlanadh, seiceáil faoi

choinne chuasa agus deimhniú

go bhfuil do bhéal folláin

Níl scuab fiacla caite chomh

héifeachtach le ceann nua

Iarr ar na páistí straitéisí a mholadh a thiocfadh leo a úsáid sa bhaile lena

chinntiú go gcaitheann siad go leor ama ag scuabadh na bhfiacla. B’fhéidir

go smaoineodh siad ar fhocail dáin nó amhráin agus iad ag scuabadh, go

n-úsáidfeadh siad orláiste uibhe nó go ndéanfadh siad comhaireamh a fhad

le huimhir áirithe.

Póstaer Cúram Fiacla Colláis Aoibh Gháire

Roinn na páistí ina ngrúpaí beaga

agus tabhair dóibh cóip d’Áis C:

Dúshlán Grúpa. Abair leis na grúpaí

gurb é a ndúshlán póstaer cúram

fiacla a dhearadh. Léigh na treoracha

ar Áis C agus mínigh na critéir ratha.

Caithfidh cúig chomhairle chéillí faoi

chúram fiacla agus croí-chomhairle

amháin a spreagfadh páiste óg leis

na fiacla a scuabadh ar maidin a

bheith san áireamh ar gach póstaer.

Abair leis na páistí gur cheart don

phóstaer a bheith daite agus ar a

laghad pictiúr amháin ann.

Lig do ghrúpaí teacht a bheith acu ar

réimse ábhar ealaíne le gur féidir leo

a bpóstaeir a chruthú. Lig dóibh fosta

an t-idirlíon a úsáid le heolas agus

pictiúir a aimsiú. Comhairligh iad faoi

shuíomhanna idirlín oiriúnacha. Cuir i

gcuimhne dóibh rialacha an dúshláin

a leanúint agus Áis C: Dúshlán Grúpa

a úsáid má dhéanann siad dearmad

ar an mhéid atá le déanamh acu.

Ar a seal, iarr ar gach grúpa a

saothar a roinnt leis an chuid eile

den rang. Labhair faoina gcúig

chomhairle chéillí agus iarr orthu a

roghanna a mhíniú. Iarr orthu a gcroíchomhairle

a léamh amach agus a

mhíniú cad chuige ar chuir siad seo

san áireamh.

Bailigh pictiúir ó irisleabhair,

nuachtáin agus foinsí eile de dhaoine

agus aoibh an gháire orthu. Gearr

agus gliúáil na pictiúir lena chéile le

colláis aoibh gháire a dhéanamh.

Tarraing grianghraif dhigiteacha de

na páistí agus aoibh an gháire orthu

le cur isteach sa cholláis. Cuir na

páistí ag scríobh paragraf beag ar

réimse de pháipéir fhiacailchruthacha

faoi ócáid nuair nach dtiocfadh leo

gan gháire a dhéanamh. Cuir iad

seo leis an mhúrmhaisiú mar fhiacla.

Cuir an múrmhaisiú ar taispeáint mar

phíosa láir agus socraigh na póstaeir

fiacla (a rinneadh sa ghníomhaíocht

dheireanach) thart air.

Síneadh

Cruthaigh blocghraf ag léiriú líon na

bhfiacla a chaill gach páiste sa rang.

Léigh an scéal ‘Aisling Áine’ ón tsraith

leabhar Bí Ciallmhar agus Smao!nigh

(CCEA). Labhair faoi na rudaí a

thiocfadh le hÁine a dhéanamh leis

na fiacla a bhailíonn sí. Thig leat

teacht ar ábhar tacaíochta don scéal

ag www.niccurriculum.org.uk Lean

na naisc ón rannán ‘Thinking Skills

and Personal Capabilities’ go ‘Iris’s

Dream’ in ‘Wise Up and Th!nk’.

9
Gníomhaíocht foghlama 3: Fiontraithe na méar glas

CROÍ-CHOINCHEAP

Spreag foghlaim na bpáistí faoi bhia folláin,

fás agus forbairt tríd an fhoghlaim a thabhairt

taobh amuigh. Lig dóibh an nasc a fheiceáil

idir an rud a fhásann siad agus an rud a

itheann siad.

CRITÉAR RATHA MHOLTA

Tuigfimid an tábhacht atá le bia faoi

choinne fáis agus forbartha.

Anything’s Possible

GNÉITHE LE SONRÚ

Le bheith ábalta an ghníomhaíocht

seo a chur i gcrích caithfidh

do rang teacht a bheith acu ar

leadhb beag talaimh a bheadh

fóirsteanach le glasraí a chur.

B’fhéidir go mbeadh garraíodóir

nó feirmeoir áitiúil ábalta cuidiú

leat leis an ghníomhaíocht seo

agus eolas agus scileanna

garraíodóireachta a thairiscint.

Deimhnigh go gcloíonn gach

cuairteoir ar an scoil le Polasaí

Chosaint Páistí na scoile.

Tá roinnt suíomhanna idirlín

úsáideacha ann ar a n-áirítear

Léigh an scéal Anything’s Possible ó Enterprise Story Sack CCEA. Is dóigh mhaith é seo le

próiseas na fiontraíochta a chur i láthair na bpáistí. Labhair faoin mhéid atá i gceist le bheith

fiontraíoch. Cuir in iúl do na páistí go mbeidh fiontar dá gcuid féin acu le bainistiú. Cuirfidh siad,

fásfaidh siad, bainfidh siad agus go fiú íosfaidh siad nó díolfaidh siad a gcuid glasraí féin.

Úsáid Próiseas na Fiontraíochta thíos mar threoir. Beidh an próiseas inchreidte má théitear

ag plé le daoine ón phobal áitiúil. B’fhéidir go gcuideodh comharchumann feirmeoirí áitiúil

trí shíolta a bhronnadh nó comhairle a thabhairt.

feachtas an Royal Horticultural

Society do ghairdíní scoile

www.rhs.org.uk/schoolgardening

Thig leat

www.potatoesforschools.org.uk

a úsáid le teacht ar eolas faoi fhás

prátaí nó www.teachernet.gov.uk/

growingschools faoi choinne

chás-staidéir úsáideacha.

DE DHÍTH

- Anything’s Possible

(CCEA Enterprise Story Sack)

LE DÉANAMH

- Anything’s Possible

10
Teanga na Fiontraíochta

SMAOINTE

TAIGHDE Cinn ar an áit is fearr do cheapach na nglasraí. Amharc ar ionad na gréine sa spéir ag tráthanna éagsúla den

lá agus iarr comhairle an é scáth, grian nó páirtscáth is fearr don fhás. Tarraing grianghraif dhigiteacha den áit

ag tús an tionscnaimh agus go tráthrialta le húsáid mar amharcdhialann agus leis an dul chun cinn a rianú.

PLEANÁIL

Próiseas na Fiontraíochta

Cruthaigh agus roinn smaointe faoin dóigh le heolas a fháil ar fhás glasraí. Bíodh meas agat ar gach moladh.

Roghnaigh na smaointe is fóirsteanaí trí phróiseas cinnteoireachta réamhaontaithe.

Amharc ar na comhráite luatha seo mar dheis foghlama a dtiocfaidh tú ar ais chuici ar ball, b’fhéidir.

Iarr comhairle ar a lán daoine éagsúla faoin gharraíodóireacht agus faoi fhás glasraí. Mar shampla, cuir

ceistneoirí simplí abhaile leis na páistí lena fháil amach cad iad na glasraí is fearr le fás dar le tuismitheoir(í) nó

seantuismitheoir(í). Nó cuir ceist ar ríomhphost chuig ‘Gardening Time’ BBC Radio Ulster le treoir ghairmiúil a lorg.

Déan cleachtadh ransú smaointe leis na páistí le cuidiú leat na tosca uilig atá le cur san áireamh sa phlean

gníomhaíochta a aithint.

Mar rang, forbair plean gníomhaíochta. Úsáid na ceisteanna seo a leanas le nod a thabhairt do

smaointeoireacht na bpáistí:

- Cad é atáimid ag iarraidh a dhéanamh?

- Cad é atá le déanamh?

- Cé a dhéanfaidh na rudaí éagsúla?

- Cá mhéad ama atá againn?

- Cad iad na fadhbanna a d’fhéadfadh teacht aníos?

- An bhfuil airgead de dhíth orainn leis seo a dhéanamh?

- Cé a chuideoidh linn?

- Cad é mar a bheidh a fhios againn gur smaoineamh maith atá/a bhí ann?

Cuir san áireamh ceisteanna mar shláinte agus sábháilteacht agus riachtanais gach duine a úsáideann an spás.

Iarr ar na páistí amharc ar shuíomh an cheapaigh agus pictiúir a dhéanamh den chuma ar mhaith leo a

bheith air amach anseo.

RÓIL Aontaigh ar na róil atá de dhíth le go mbeadh rath ar an cheapach glasraí. Ar dtús is iad na róil a dtiocfadh

leo a bheith acu; bainisteoir, bainisteoir cúnta, taighdeoirí, airgeadas agus fógraíocht.

11
Gníomhaíocht foghlama 3: Fiontraithe na méar glas (ar lean)

Teanga na Fiontraíochta Próiseas na Fiontraíochta

AIRGEADAS

Mar rang pléigh agus aithin an trealamh agus na hacmhainní atá de dhíth le cothú a dhéanamh ar an cheapach

glasraí. An dtig trealamh a cheannach, a fháil ar iasacht nó mar bhronntanas? Oibrigh le chéile le cinneadh ar an

mhéid airgid atá de dhíth ar an rang leis an tionscnamh a mhaoiniú agus cad é an dóigh a dtig leo an t-airgead

a íoc ar ais. Lig do na páistí a gcuid smaointe a chur i láthair baill foirne, Bord na nGobharnóirí nó gnólachtaí

áitiúla. Cuir na páistí ag margáil leis an Phríomhoide faoi tsuim airgid seo. (Tabharfaidh sé seo taithí fhiúntach

do na páistí ar luach airgid, iasachtaí, aisíocaíochtaí agus na dóigheanna is fearr le hairgead a chaitheamh).

FÓGRAÍOCHT Cuir na páistí ag plé na gceisteanna seo a leanas agus ag aontú ar na freagraí:

- Cad é mar a thig linn ár gcuid oibre sa gháirdín a chur chun cinn?

- Cad é a tharlóidh do na táirgí?

- An íosfaimid na táirgí nó an ndíolfaimid iad ag Aonach an Fhómhair?

- Cad é a dhéanfaimid leis an bhrabús?

Cuir na páistí ag amharc ar réimse fógraí agus á n-úsáid

le cuidiú leo fógraí a dhearadh dá dtáirgí.

12
Cuimhnigh gur gá do na páistí le linn an tionscadail seo;

- éisteacht le daoine eile; agus

- foghlaim faoin dóigh le barúlacha a thabhairt agus

a ghlacadh agus iad feasach ar dhaoine eile.

Nuair atá an tionscadal curtha i gcrích glac an t-am

le hathbhreithniú a dhéanamh ar na próisis agus ar

an fhoghlaim a bhfuil taithí faighte ag na páistí orthu.

Cuir na ceisteanna seo a leanas orthu:

- Ar bhain muid amach an méid a chuir muid romhainn?

- An bhfuil sibh sásta leis an toradh?

- Cad é a dhéanfadh sibh ar dhóigh eile dá mbeadh

sé le déanamh arís agaibh?

13
Gníomhaíocht foghlama 4: Priacail

CROÍ-CHOINCHEAP

Caithfidh páistí teachtaireachtaí faoi shábháilteacht

phearsanta a chluinstin ar bhonn rialta, sa bhaile

agus ar scoil araon. Mar shampla, caithfidh siad

a bheith ar an eolas faoi na contúirtí a bhaineann

le trácht, uisce, tine agus leictreachas.

CRITÉIR RATHA MHOLTA

Aithneoimid daoine atá freagrach as sábháilteacht

sa phobal.

Tuigfimid agus aithneoimid go bhfuil rialacha

riachtanach le daoine a chosaint agus a

List choinneáil and Sort sábháilte.

Cuairteoir Speisialta

Sa ghníomhaíocht seo, tiocfaidh cuairteoir(í)

speisialta a labhróidh leis an rang faoi

shábháilteacht phearsanta. Ba cheart go

mbeadh an/na cuairteoir(í) in ann comhairle

cheart agus straitéisí le sábháilteacht phearsanta

a chothú i suíomhanna éagsúla a chur ar fáil.

GNÉITHE LE SONRÚ

Tabhair cuireadh d’aoichainteoir

teacht chuig an seomra ranga

agus labhairt faoin tsábháilteacht

phearsanta. Má dhéantar

ullmhúchán ceart tabharfaidh

an chuairt seo deis do na páistí

foghlaim faoi shábháilteacht ar

dhóigh shuimiúil.

Cinnteoidh ullmhúchán cúramach

don chuairt seo go mbeidh deathaithí

foghlama ag na páistí.

Ullmhaigh ceisteanna roimh

ré agus cuir spéiseanna agus

cúiseanna imní na bpáistí in iúl don

aoichainteoir roimh ré. Má dhíríonn

an t-aoichainteoir ar thopaic

spéisiúil, beidh na páistí níos gafa

leis an fhoghlaim.

DE DHÍTH

- Bogearraí próiseála focal TFC

LE DÉANAMH

- Cuairteoir Speisialta

- Cuireadh

- Ceisteanna

- Ullmhú don Chuairt

- Measúnú

- Á Thógáil ar Bord

Bíodh seisiún pleanála plébhunaithe agat leis na páistí le cuidiú leat ullmhú don

imeacht seo. Iarr orthu smaoineamh ar shábháilteacht phearsanta agus déan

ransú smaointe faoina bhfuil ar eolas acu cheana féin. Iarr orthu smaoineamh ar:

- na daoine uile a oibríonn lena sábháilteacht a chinntiú, mar shampla, póilín,

comhraiceoir dóiteáin, tiománaí otharchairr agus tuismitheoir/cúramóir; agus

- na háiteanna uile ina bhfuil sábháilteacht ina ceist mhór, mar shampla sa

bhaile, ar scoil, ag trasnú an bhóthair nó cois trá.

Cuir moltaí na bpáistí in ord tosaíochta.

14
Cuireadh

Inis do na páistí gur mhaith leat

cuireadh a thabhairt do chuairteoir(í)

speisialta chuig an rang le labhairt

faoi shábháilteacht phearsanta.

Mar rang, aontaigh ar an duine/

na daoine a gheobhaidh cuireadh.

Thiocfadh leat cuireadh a thabhairt

do bhainisteoir staisiún traenach

le labhairt faoi shábháilteacht ar

thraenacha, oifigeach oideachais um

shábháilteacht ar bhóithre de chuid

an DoE le labhairt faoi shábháilteacht

ar bhóithre nó garda slándála in

ionad siopadóireachta le labhairt faoi

shábháilteacht le linn siopadóireachta.

Mar rang, pléigh agus aontaigh ar an

dóigh is fearr le cuireadh a thabhairt

don/do na haoichainteoir(í) teacht

agus labhairt leis an rang. Úsáid na

ceisteanna seo a leanas leis an phlé

a threorú:

- Cad é mar a thabharfaimid an

cuireadh?

- Ar cheart dúinn an cuireadh a

chur sa phost/ríomhphost/

scairt gutháin/go pearsanta?

- Cá huair a tharlóidh an chuairt?

- Cén t-eolas is gá a bheith ag

an/na haoichainteoirí?

Iarr ar dhaltaí aonaracha cuireadh

a dhearadh agus a chruthú don/do

na cuairteoir(í) speisialta. Iarr orthu

íomhá a chur ar an chuireadh mar

aon leis an eolas seo a leanas:

- an ócáid lena mbaineann an

cuireadh;

- na daoine a chuir an cuireadh;

- dáta na cuairte;

- am na cuairte; agus

- sonraí don fhreagra.

Sábháil agus priontáil gach ceann de

na cuirí. Bíodh seisiún gailearaí agaibh

le haontú ar an chuireadh a úsáidfear.

Sábháil, priontáil agus cuir an cuireadh

roghnaithe sa phost nó ríomhphost

chuig an/na haoichainteoir(í).

Ceisteanna

Mar rang, aontaigh ar na ceisteanna

atá le cur ar an/na haoichainteoir(í).

Úsáid na ceisteanna seo a leanas

le smaointeoireacht na bpáistí a

spreagadh:

- Cad é is gá dúinn a fháil amach?

- Cad é a dhéanann siad?

- Cad é an dóigh a ndéanann siad

cinnte go bhfuil daoine sábháilte?

- Cad é atá de dhíth orthu lena

gcuid oibre a dhéanamh?

Cuir an/na haoichainteoir(í) ar an

eolas roimh ré le ligean dóibh

freagraí a ullmhú.

Ullmhú don Chuairt

Roinn amach róil agus freagrachtaí grúpa le hullmhú don chuairt.

Bí cinnte go bhfuil na páistí uile páirteach. Cuir ag plé iad agus ag

aontú ar fhreagraí ar na ceisteanna seo a leanas:

Cá háit a

dtiocfaimid

le chéile?

- Sa seomra

ranga/halla?

- Cá háit a

suífidh an/na

cuairteoir(í)

speisialta?

- Cá háit a

suífimidne?

Cad é mar a

dhéanfaimid

taifead ar an

chuairt?

- An úsáidfimid

taifeadán/

ceamara

digiteach?

- Cé a

thurraingeoidh

na grianghraif?

Cé a bhuailfidh le agus a

bheannóidh don/do na

haoichainteoir(í)?

- An mbuailfidh duine éigin

leo ag an doras?

- Cé a thabharfaidh a fhad

leis an seomra ranga iad?

- Cé a chuirfidh in aithne

don rang iad?

Cad é mar a roinnfimid an fhoghlaim?

Cad é a dhéanfaimid

ag deireadh na

cuairte?

- Cé a ghabhfaidh

buíochas lenár

gcuairteoir(í)?

- Cad é mar a chuirfimid

in iúl dóibh gur thaitin

an chuairt linn?

- Cé a thaispeánfaidh an

bealach amach dóibh?

- Cad é mar a thig linn a insint do dhaoine eile

faoin chuairt?

- An ndéanfaimid taispeántas sa seomra ranga?

- An dtiocfadh linn ‘Taispeáin agus Inis’ a dhéanamh

ag an tionól?

- An gá dúinn grianghraif a tharraingt?

Taifead na cinntí uile agus coinnigh cuntas ar an phróiseas.

15
Gníomhaíocht foghlama 4: Priacail (ar lean)

Measúnú

I ndiaidh na cuairte, bíodh seisiún

plé agaibh le haiseolas a fháil ó

na páistí. Iarr orthu na ceisteanna

seo a leanas a fhreagairt:

- Cén obair a dhéanann na

cuairteoirí?

- Cad é a d’inis siad dúinn faoin

tsábháilteacht?

- Cad é a d’fhoghlaim muid

a bhí nua?

- Cad é a dhéanfaimis ar

bhealach eile anois?

- Ar bhain tú sult as bheith ag

foghlaim ar an dóigh seo?

Cad chuige?

Á Thógáil ar Bord

Iarr ar na páistí a shamhlú

go bhfuil siad ina n-oifigigh

shábháilteachta scoile. Caithfidh

siad measúnú priacal a chur i

gcrích i gcuid amháin den scoil.

Eagraigh an rang ina gceithre

ghrúpa. Tabhair ceann de na

limistéir seo do gach grúpa:

- seomra ranga;

- seomra cótaí:

- tailte na scoile; agus

- bialann.

Cuir in iúl do na grúpaí gurb

é an tasc atá acu ná na

príomhchontúirtí ina limistéar a

aithint agus moltaí a dhéanamh

faoin dóigh a dtiocfadh leo é a

dhéanamh níos sábháilte. Abair

leo gur cheart dóibh labhairt leis

an duine fásta atá freagrach as

gach limistéar faoi na ceisteanna

sábháilteachta a bhí ag cur

isteach orthu agus faoina moltaí

leis an scéal a leigheas. Iarr ar

gach grúpa bileog a ullmhú lena

gceisteanna agus lena gcinntí.

Úsáid na ceisteanna seo a leanas

le gach grúpa a threorú:

Seomra Ranga

- Cad iad na rudaí is mó a bhíonn

mar chúis taismí anseo?

- An bhfuil málaí scoile ar an

urlár, leacht doirte, nó pasáistí

blocáilte?

- Cad chuige a bhfuil sé

contúirteach málaí a bheith ina

luí sna pasáistí idir na deascanna,

rudaí ar an urlár, leacht doirte

nó cathaoireacha bunoscionn?

- Cad é a thig linn a dhéanamh

leis an seomra ranga a

dhéanamh níos sábháilte?

Seomra Cótaí

- Cad iad na rudaí is mó a bhíonn

mar chúis taismí anseo?

- An bhfuil gach duine ag

seiceáil go bhfuil iallacha na

mbróg ceangailte?

- An bhfuil gach duine ag cur

a c(h)óta air/uirthi mar is ceart

(lámha istigh sna muinchillí/

cnaipí ceangailte/sip druidte?

- An bhfuil duine ar bith ag

iompar rud éigin trom nó ciotach?

- Cad é mar a thig linn líne an

ranga a eagrú lena dheimhniú

go dtéimid amach agus isteach

sa seomra ranga níos sábháilte?

16
Bialann

- Cad iad na rudaí is mó a bhíonn

mar chúis taismí anseo?

- Cad é an dóigh a dtagann na

páistí amach agus isteach sa

bhialann?

- Cad é mar a iompraíonn na

páistí iad féin anseo?

- Cad é a tharlaíonn nuair a

bhíonn doirteadh ann?

- Cad é a shíleann an cócaire

faoi shábháilteacht sa bhialann?

Tailte na scoile

- Cad iad na rudaí is mó a bhíonn

mar chúis taismí anseo?

- Cad é mar a iompraíonn na

páistí iad féin sa chlós agus ar

na cosáin?

- Cad iad na mórchontúirtí anseo?

- Cad é is mó a bhíonn ina údar

taisme?

- Cad é a thig linn a dhéanamh

le tailte na scoile a dhéanamh

níos sábháilte?

Tabhair am do gach grúpa taighde a

dhéanamh agus anailís a dhéanamh ar na

cinntí. Iarr orthu na torthaí a chur i láthair

i bhfoirm ghrafach agus smaointe a chur

isteach faoin dóigh a bhféadfaí sábháilteacht a

fheabhsú ina limistéar. Ar deireadh, iarr orthu a

gcinntí a chur i láthair an chuid eile den rang.

Is freagracht roinnte í sábháilteacht sa seomra

ranga agus timpeall na scoile. Pléigí an cheist

seo. Tabhair cuireadh do na páistí dóigheanna

a mholadh ina dtiocfadh leo cur le feabhsú

sábháilteachta sa scoil agus timpeall uirthi. Mar

rang, úsáid TFC le bileog eolas sábháilteachta

do dhalta nua a chruthú. Aibhsigh na cleachtais

sábháilteachta sna ceithre limistéar. Ceangail na

leathanaigh dá chéile le leabhrán a dhéanamh

agus cuir an fhoireann ar an eolas faoi trína

thaispeáint in áit a bhfeicfidh gach duine é.

17
Gníomhaíocht foghlama 5: Daoine, áiteanna agus rudaí

CROÍ-CHOINCHEAP

Caithfidh páistí a bheith feasach ar a sábháilteacht

phearsanta. Caithfidh siad a bheith ábalta na

daoine, áiteanna agus rudaí a aithint a dtiocfadh

leo a bheith mar phriacal maidir lenár sábháilteacht

phearsanta. Caithfidh siad na daoine a dtig leo

labhairt leo má bhíonn fadhb acu a aithint.

CRITÉIR RATHA MHOLTA

Aithneoimid na daoine, áiteanna agus rudaí a

dtiocfadh leo a bheith mar phriacal maidir lenár

sábháilteacht phearsanta. Fiosróimid straitéisí cuí

sábháilteachta. Aithneoimid roghanna déanta agus

na cúiseanna le roghanna agus gníomhartha.

Contúirt

Eagraigh na páistí ina ngrúpaí beaga. Tabhair cóip d’Áis

D: Cártaí Contúirte do gach grúpa. Iarr orthu na cártaí

a léamh agus labhairt ansin faoi aon chás pearsanta a

raibh taithí acu air atá cosúil leo sin a gcuirtear síos orthu

ar na cártaí. Ansin, iarr ar na grúpaí na cártaí a shórtáil i

gcatagóirí dá gcuid féin. De rogha air sin, iarr orthu na

cártaí a shórtáil sna trí chatagóir seo:

GNÉITHE LE SONRÚ

Cuidíonn na modheolaíochtaí

gníomhacha sa ghníomhaíocht

seo le páistí scileanna agus

straitéisí a fhorbairt agus a

chleachtadh a thig leo a úsáid

i gcásanna a d’fhéadfadh éirí

contúirteach.

- contúirt a bhaineann le duine;

- contúirt a bhaineann le háit; agus

- contúirt a bhaineann le rud.

DE DHÍTH

- Cártaí Contúirte (Áis D)

- Ábhair ealáine

- Irisleabhair

- Nuachtáin

LE DÉANAMH

- Contúirt

- Teacht ar Réiteach

- Rólghlacadh

Ar deireadh, iarr ar gach grúpa cárta amháin a roghnú ó gach catagóir. Tabhair

cuireadh do bhall ó gach grúpa a c(h)árta a léamh os ard don chuid eile den rang.

Iarr orthu a mhíniú cad é an dóigh a gcuirtear sábháilteacht phearsanta i mbaol sa

chás seo agus dóigheanna a dtiocfadh le páiste freagairt don phriacal i gceist.

18
Teacht ar Réiteach

Eagraigh na páistí ina ngrúpaí beaga. Iarr ar gach grúpa cás acu seo

thíos a roghnú nó tabhair cás amháin dóibh:

Cad é a dhéanfainn dá ndéanfadh duine

éigin tromaíocht orm?

Cad é a dhéanfainn dá ndoirtfinn mo

dheoch ar an urlár?

Cad é a dhéanfainn dá n-iarrfadh duine

orm rud priaclach a dhéanamh?

Cad é a dhéanfainn dá dtabharfadh duine

éigin mo dhúshlán rud éigin contúirteach

a dhéanamh?

Cad é a dhéanfainn dá mbeinn i gcarr le

duine a sháraigh an teorainn luais?

Iarr ar gach grúpa colláis a chruthú lena sampla de chontúirt a léiriú.

Bíodh teacht ag na páistí ar ábhair ealaíne, irisleabhair agus nuachtáin.

Cuir na contúirtí, na hiarmhairtí agus réitigh fhéideartha i gcuimhne

dóibh. Spreag iad lena saothar a lipéadú le focail chuí, mar shampla,

taisme cairr, comhartha teorainn luais, otharcharr, péas, rialacha agus

criosanna sábhála. Nuair atá a gcolláisí críochnaithe ag na grúpaí,

comhordaigh a saothar le leabhar sábháilteachta a dhéanamh, nó

cruthaigh múrmhaisiú a léiríonn na contúirtí a dtiocfadh leo a bheith

ann agus na dóigheanna le hiad a sheachaint.

Cad é a dhéanfainn dá mbeinn ag iarraidh

bóthar contúirteach a thrasnú?

Cad é a dhéanfainn dá mbeinn liom féin sa chistin

agus sáspan ag cur thar maoil?

Cad é a dhéanfainn dá mbeadh oibreacha

bóthair ar mo bhealach chun na scoile agus dá

gcaithfinn siúl bealach eile?

Cad é a dhéanfainn dá mbeadh gloine bhriste

taobh amuigh den doras cúil?

Cad é a dhéanfainn dá mbeadh an lomaire

faiche ar obair sa ghairdín ach an duine a bhí á

úsáid imithe a chaint ar an ghuthán?

19
Gníomhaíocht foghlama 5: Daoine, áiteanna agus rudaí (ar lean)

Rólghlacadh

Tabhair lipéad nó éadaí/hataí feistis do pháistí a thairgeann cuidiú. Iarr orthu ligean orthu gur

daoine iad a dtig leo cuidiú a thabhairt, bainisteoir, mar shampla nó máthair le páistí, fáilteoir,

póilín nó duine ag deasc eolais. Cuir ina seasamh iad in áiteanna éagsúla sa seomra. Cuir cóip

de na cásanna seo i mbosca ag ceann an tseomra ranga:

Tá tú san ionad siopadóireachta le do

mháthair nó d’athair agus do dheartháir

mór. Stopann tú le d’iallacha a cheangal.

Nuair a amharcann tú suas tá do mhamaí

nó do dhaidí as radharc. Tá tú caillte. Cad

é atá tú ag dul a dhéanamh?

Tá tú ag súgradh taobh amuigh de do theach agus

stopann coimhthíoch a charr agus iarrann eolas an

bhealaigh ort. Cad é a dhéanann tú?

Tá tú sa

phictiúrlann

agus cailltear sa

scaifte thú. Cad

é atá tú ag dul a

dhéanamh?

Tá tú ag cluiche

peile agus cailltear

sa scaifte thú. Cad

é atá tú ag dul a

dhéanamh?

Tá tú ag an

fhaiche aonaigh

agus cailltear sa

scaifte thú. Cad

é atá tú ag dul a

dhéanamh?

Tá tú sa pháirc le cairde agus iarrann duine fásta ort

an grúpa a fhágáil agus cuidiú leis/léi madadh

caillte a chuardach. Cad é a dhéanann tú?

Tá tú ag siúl abhaile ón scoil le do chairde. Iarrann cara amháin ort aicearra a ghearradh síos lána cúng.

Tá ráite ag do mhamaí leat gan dul an bealach sin. Níl tú ag iarraidh an rud atá crosta ort a dhéanamh

ach níl tú ag iarraidh siúl chun an bhaile leat féin ach an oiread. Cad é a dhéanann tú?

20
Anois iarr ar dhuine de na páistí a thairg cuidiú cás acu a roghnú agus

a léamh os ard don rang. Iarr ar na páistí smaoineamh ar an chás

agus na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt go tostach:

- Ar tharla a leithéid seo domsa riamh?

- Cad é mar a mhothóinn sa chás seo?

- Cad é a dhéanfainn?

- Cad é a tharlódh ansin, b’fhéidir, dá ndéanfainn sin?

- Cad iad na dóigheanna eile leis an fhadhb seo a réiteach?

Iarr ar na ‘cuiditheoirí’ smaoineamh ar réiteach. Ansin iarr ar pháiste

eile rólghlacadh a dhéanamh den mhéid a dhéanfadh sé/sí sa chás.

Spreag iad le heolas agus cuidiú a lorg ó na cuiditheoirí.

Déan mioncheistiú ar na páistí nuair atá rólghlacadh déanta i ngach

ceann de na cásanna. Cuir ina luí go láidir orthu gur cheart dóibh, má

chailltear in áit phoiblí iad, duine fásta freagrach a lorg (duine de na

cuiditheoirí). Tabhair neart molta. Leag béim ar shamplaí nuair a bhí an

cuiditheoir muiníneach ceannasach gan eagla air raic a thógáil. Cuir

na páistí ina bpéirí. Cuir iad ag cleachtadh freagraí ar cheisteanna a

d’fhéadfaí a chur dá mbeadh siad caillte, mar shampla:

- Cén t-ainm atá ort?

- Cén aois thú?

- Cén seoladh atá agat agus cén uimhir ghutháin?

- Cén t-ainm atá ar do thuismitheoirí?

- Cá háit a bhfaca tú do thuismitheoir(í) go deireanach?

Mar rang, déan liosta de straitéisí sábháilteachta

comhaontaithe, mar shampla:

Rialacha ‘Caillte – Faighte’

- Coinnigh ort ag scairteadh os ard, ‘Cuidigh liom,

tá mé caillte. Cá bhfuil mo mhamaí/dhaidí?’

- Ná caill smacht ort féin.

- Ná gabh áit ar bith nach bhfuil tú ag iarraidh dul.

- Fan in áit a bhfuil daoine thart ort.

- Cuardaigh duine a dtig leis/léi cuidiú – duine

a bhfuil éide air/uirthi nó máthair le páistí.

- Inis do na daoine seo go bhfuil tú caillte.

- Gabh chuig deasc eolais/fáiltithe.

- Abair d’ainm agus iarr ar an duine atá i gceannas

fógra a dhéanamh ar an chóras fógartha phoiblí.

Scríobh na straitéisí sábháilteachta ar chairt agus

leasaigh go rialta iad.

21
Gníomhaíocht foghlama 6: Rialacha faoi chógais

CROÍ-CHOINCHEAP

Is gné thábhachtach den oideachas drugaí

go mbeadh eolas ag páistí ar na rialacha

faoi chógais, a n-úsáid, stóráil shábháilte

agus díolaíocht.

CRITÉIR RATHA MHOLTA

Aithneoimid an chuma atá ar chógais.

Beidh a fhios againn cad é an dóigh le plé le

cógais aithnidiúla le go bhfanfaimid sábháilte.

Déanaimis Comhrá

Tosaigh le taispeántas cógas i spás sábháilte. Fiafraigh de

na páistí cad é a thig leo a fheiceáil agus cad iad. An eol

dóibh nó an aithníonn siad ceann ar bith de na cógais atá

ar taispeáint.

GNÉITHE LE SONRÚ

Doigh eile leis an ghníomhaíocht

seo a chur i gcrích ná cuireadh a

thabhairt do chógaiseoir cuairt a

thabhairt ar an seomra ranga agus

labhairt faoi na rialacha a bhaineann

le cógais. Beidh ort ullmhúchán

cúramach a dhéanamh lena chinntiú

go mbeidh dea-thaithí foghlama ag

na páistí. Bí cinnte go gcuireann tú an

cuairteoir ar an eolas roimh ré.

Cuimsíonn an téarma ‘drugaí’ alcól,

tobac, cógais thar an chuntar agus

ordaithe, substaintí so-ghalaithe agus

drugaí rialaithe. Drugs Guidance for

Schools in Northern Ireland (féach

rannán na nÁiseanna le haghaidh

sonraí breise).

DE DHÍTH

- Buidéal Cógas (Áis E)

- Caithfidh an Cógaiseoir Cloí leis

na Rialacha (Áis F)

- Cógais, mar shampla paicéid

táibléad, buidéil síoróipe, análóirí,

ungthaí agus uachtair (cuir isteach

táirgí a mbeidh eolas ag na

páistí orthu)

- Bosca Garchabhrach

- Fearas cógaslainne agus dochtúra

don súgradh samhlaíoch

LE DÉANAMH

- Déanaimis Comhrá

- Rólghlacadh na Rialacha

- An Cógaiseoir

22
Ansin, iarr orthu smaoineamh an bhfuil na cógais go maith nó go holc.

Cuir na páistí ina bpéirí agus tabhair am dóibh labhairt faoin cheist a

cuireadh. Bíodh vóta agaibh. An bhfuil na cógais go maith nó go holc?

Iarr ar na páistí seasamh ar líne shamhailteach, iad sin a shíleann

go bhfuil na cógais go maith ina seasamh ag ceann amháin den líne

agus iad sin a shíleann go bhfuil siad go holc ina seasamh ag an

cheann eile. Abair leis na páistí go dtig leo seasamh áit ar bith ar an

líne lena thaispeáint cad é mar a mhothaíonn siad faoin cheist. Iarr ar

pháistí aonair cúiseanna a thabhairt lena rogha áite. Abair leo go bhfuil

cógais an-chumhachtach mar thig leo daoine a leigheas, a chóireáil

agus a chneasú ar gach cineál péine agus tinnis. Caithfimid, áfach, a

bheith an-chúramach faoi na cógais a thógaimid agus faoin mhéid a

thógaimid. Mura leanaimid na rialacha thiocfadh linn éirí an-tinn.

Labhair faoi stóráil shábháilte cógas. Taispeáin an Bosca Garchabhrach

do na páistí. Labhair faoina bhfuil ann, faoin áit ina gcoinnítear é

agus faoi na rialacha atá ag daoine fásta faoin bhosca seo. Scríobh

an cheist seo ar an chlár: Má tá na cógais go maith cad chuige a

gcaithimid iad a stóráil ar shiúl ó pháistí óga? Tabhair am do na páistí

smaoineamh air seo agus iarr freagraí orthu.

Rólghlacadh na Rialacha

Luaigh na rialacha sábháilteachta maidir le cógais:

- Ná tóg cógais choíche ach nuair a thugann do thuismitheoirí,

altra, dochtúir nó do dhuine fásta ‘iontaofa’ duit iad.

- Ná himir cluichí choíche le cógais.

- Ná tóg choíche níos mó ná mar a deirtear leat a thógáil.

- Caithfear cógais a stóráil in áit shábháilte nach dtig le páistí

óga teacht orthu.

- Ná bain do, ná blais agus ná tóg rud ar bith a dtiocfadh leis

a bheith contúirteach, dar leat.

Labhair faoi na cúiseanna leis na rialacha seo agus cuir ar taispeáint

iad sa seomra ranga.

Iarr orthu deonú le róil a ghlacadh sna cásanna thíos:

Tá grúpa páistí ag súgradh.

Tógann páiste amháin bosca

brioscaí atá lán cógas ón

phrios. Tosaíonn sí ag súgradh

lena bhfuil sa bhosca.

Léann duine fásta ón bhosca,

‘tóg dhá tháibléad faoi dhó

sa lá’. Síleann sé/sí go bhfuil

an tinneas cinn an-olc agus

cinneann sé/sí ceann breise

a thógáil.

Tagann grúpa páistí níos

sine a fhad leat agus

tairgeann siad ‘milseán’

gorm duit.

Mothaíonn duine éigin

tinn ar scoil. Molann duine

fásta go dtógfaidh sé/sí

cógas le biseach a fháil.

Le linn an rólghlactha spreag na páistí lena rá: ‘Níor mhaith’, ‘Tá sin

contúirteach’ agus ‘Caithfidh mé ceist a chur ar dhuine éigin ar dtús’.

Úsáid an fráma smaointeoireachta seo le mioncheistiú a dhéanamh

ar na páistí ar gach cás:

- Cén cás a bhí ann?

- Cad iad na roghanna atá ann?

- Cad iad na hiarmhairtí a théann le gach rogha agus

cén rogha is sábháilte le déanamh?

23
Gníomhaíocht foghlama 6: Rialacha faoi chógais (ar lean)

Cuir ina luí ar na páistí nach dtig leat i gcónaí fios a

bheith agat an bhfuil rud éigin ina chógas nó ina dhruga

agus nár cheart do dhaoine dul sa seans choíche le

táibléid nó le cógais.

Tabhair cóip d’Áis E: Buidéal Cógais do gach páiste.

Iarr orthu a shamhlú gur cógaiseoirí iad agus gur iarr

an dochtúir orthu cógas a thabhairt do pháiste a bhfuil

cluas nimhneach air/uirthi. Iarr orthu fíricí tábhachtacha

a chaithfidh a bheith ar eolas ag na tuismitheoirí a

scríobh ar lipéad an bhuidéil, mar shampla:

- an dóigh leis an chógas a thabhairt;

- an rud ba cheart don chógas a dhéanamh;

- na rialacha a bhaineann leis an chógas; agus

- cúram ar bith eile a shíleann siad a rachadh chun

sochair don pháiste ar a bhfuil an chluas nimhneach.

Spreag iad le heolas agus fíricí a d’fhoghlaim siad sna

gníomhaíochtaí roimhe seo a thabhairt san áireamh.

Cuir lipéid na mbuidéal cógas ar taispeáint i gcúinne

don súgradh samhlaíoch.

24
An Cógaiseoir

Labhair faoi obair an chógaiseora. Mar

rang, faigh amach cá mhéad bliain oiliúna

a chaithfidh duine a dhéanamh le bheith

ina chógaiseoir agus an ról tábhachtach atá

ag an dochtúir agus an cógaiseoir le chéile

sa phobal. Leag amach cúinne shúgradh

na samhlaíochta agus cuir lialann agus

cógaslann ann. Déan cinnte de go bhfuil

na páistí eolach ar na rialacha atá ag an

chógaiseoir faoi chógais agus go dtuigeann

siad iad. Cuir feisteas ar fáil leis an súgradh

samhlaíoch a éascú. Tabhair na fíricí seo a

leanas do na páistí:

- Ní féidir mórchuid na gcógas a dhíol ach

le duine a bhfuil oideas dochtúra aige/aici.

- Ní féidir leis an chógaiseoir ach an méid

chógais atá ráite ag an dochtúir a

thabhairt amach.

- Caithfidh an cógaiseoir treoracha a chur

ar an bhuidéal faoin am leis an chógas

a thógáil.

- De ghnáth, díolann cógaiseoirí rudaí sa

siopa nach cógais iad, mar shampla

scuaba fiacla, scuaba gruaige, fáiscíní,

milseáin, bréagáin do bhabaithe, clúidíní,

smeideadh agus cumhrán. Ní cógais iad

seo agus níl gá le hoideas dochtúra le

hiad a cheannach.

Tabhair cóip d’Áis F: Caithfidh an Cógaiseoir

Cloí leis na Rialacha do gach páiste agus

iarr orthu an tábla a chomhlánú.

25
Gníomhaíocht foghlama 7: Fásaim agus athraím

CROÍ-CHOINCHEAP

Ar feadh a saoil mothóidh páistí athruithe

fisiceacha, cognaíocha, sóisialta agus cultúrtha.

Trí dhíriú ar na hathruithe a mhothóidh siad, thig

leat cuidiú le páistí foghlaim faoin dóigh le titim

isteach leis na hathruithe agus le féineolas agus

féinmheas a fhorbairt.

CRITÉIR RATHA MHOLTA

Aithneoimid gur cuid de phróiseas na beatha

iad fás agus athrú agus go bhfuil siad uathúil

do gach duine aonair.

Tuigfimid go bhfuil bia de dhíth orainn le fás,

le bheith gníomhach agus le sláinte a chothú.

Ionad Suime

Mar rang, déan bailiúchán de rudaí a léiríonn go bhfuil

athrú i gceist leis an fhás. B’fhéidir go mbeadh leabhair

agus póstaeir sa bhailiúchán a léiríonn:

GNÉITHE LE SONRÚ

Bí íogair agus fás na bpáistí á

thomhas. Ná tabhair aird ar leith

ar an athrú a bhaineann le haon

pháiste ar leith.

Mar mhalairt ar an ghníomhaíocht

seo tá ‘Interactive Sarah and

the Whammi’, Aonad 1: ‘Family

Matters’, Tasc 1.5 ‘Babies and

Whammis’ ar fáil. Thig leat

teacht air seo i rannán Forbairt

Phearsanta agus Comhthuiscint

ag www.nicurriculum.org.uk

DE DHÍTH

- Féileacán (Áis G)

- Leabhair agus póstaeir ag

léiriú athruithe

- Éadaí agus bróga de

mhéideanna éagsúla

- Teacht ar an idirlíon agus ar

chlár bán idirghníomhach

LE DÉANAMH

- Ionad Suime

- Fás agus Athrú

- Tá Bia de Dhíth Orainn

- Tá Cothroime de Dhíth Orainn

- Dráma

- saolré an bhoilb agus an torbáin;

- athruithe in ainmhithe feirme agus an téarmaíocht bhainteach,

mar shampla, gamhain agus bó nó sicín agus cearc;

- grianghraif de na páistí, díotsa, agus de dhaoine fásta eile mar bhabaithe

nua, mar thachráin agus anois;

- éadaí agus bróga a bhfuil na páistí ‘fásta amach astu’;

- éadaí agus bróga a mbeidh na páistí ‘ag fás isteach iontu’.

26
Spreag na páistí le labhairt faoin dóigh a bhfuil a fhios

acu go bhfuil siad ag fás agus faoina bhfuil de dhíth

orthu le fás agus le fanacht folláin. Cuir in iúl dóibh

go bhfuil a gcuid cnámh ag fás agus ag forbairt ag

an chéim seo dá bhforbairt. Caithfidh siad réimse de

bhianna sláintiúla a ithe sa dóigh go bhfaigheann siad

na cothaithigh uilig atá de dhíth orthu le fanacht folláin.

Fás agus Athrú

Le treisiú a dhéanamh ar an

choincheap go bhfuil an fás

leanúnach ag an chéim seo dá

bhforbairt, tomhais agus taifead

airde, réise agus méid coise gach

páiste ag:

- tús na scoilbhliana;

- tús mhí Eanáir; agus

- deireadh théarma an tsamhraidh.

Feicfidh na páistí an dóigh ar fhás

siad agus an dóigh a n-athraíonn

na rátaí fáis.

Tá Bia de Dhíth Orainn

Iarr ar na páistí pacáistí folmha a

thabhairt isteach ina raibh an cineál

bia a chuidíonn leo fás, dar leo. Cuir

féin rudaí breise ar fáil. Sórtáil na

pacáistí sna príomhghrúpaí bia agus

inis do na páistí faoi thábhacht na

mbianna éagsúla. Úsáid ‘Food – a

fact of life’ PowerPoint 100 ón British

Nutrition Foundation. Tá sé seo ar fáil

ar líne ag www.foodafactoflife.org.uk

Cuir na fíricí seo a leanas faoin bhia

in iúl do na páistí:

- Cuidíonn bainne, iógart, cáis,

uibheacha, iasc, feoil (próitéiní)

leat fás. Tá a lán cailciam sna

bianna seo rud atá riachtanach do

chnámha agus d’fhiacla folláine.

- Is bianna iad arán, gránaigh,

prátaí, rís agus pasta a chuidíonn

leat a bheith gníomhach

(carbaihiodráití).

- Is bianna iad torthaí agus glasraí

a chuidíonn leat sláinte a chothú

(vitimíní agus mianraí).

Iarr ar na páistí babhta a déanamh

de: Caithfidh mé bia a ithe sa dóigh

go dtig liom.....

Tá Cothroime de Dhíth Orainn

Úsáid an ghníomhaíocht

idirghníomhach ‘Make a Balanced

Plate’ ó www.foodafactoflife.org.uk

(rannán Áiseanna 5-7). Cuir na páistí

ag sórtáil na mbianna sna grúpaí

cearta, nó cruthaigh pláta ciorclach

an-mhór agus roinn é sna rannáin

chuí bianna (féach an suíomh idirlín

thuas maidir leis na sonraí). Tabhair

amach irisleabhair agus iarr ar na

páistí íomhánna de bhia a ghearradh

amach a bhaineann leis na grúpaí

éagsúla bia. (Agus iad ag amharc

ar na rannóga feola, éisc agus

proitéine, luaigh foinsí eile próitéine

mar uibheacha, cnónna, síolta

agus pónairí). Labhair faoin ghrúpa

bianna is mó agus faoin ghrúpa is lú.

Fiafraigh de na páistí cad chuige a

Dráma

bhfuil an pláta roinnte mar seo, dar

leo. Iarr ar na páistí smaoineamh ar

na deochanna a ólann siad agus

ar an dóigh a dtiocfadh leo cur leis

an rannán seo. Cuir i gcuimhne

dóibh súnna agus brúán torthaí a

choinneáil do bhéilí amháin agus

bainne nó uisce amháin a ól idir

bhéilí. Spreag na páistí le buidéil

uisce a úsáid le fanacht hiodráitithe.

Cuir i gcuimhne dóibh teorainn a

chur leis an mhéid milseán agus

smailceanna a itheann siad agus

gan iad a ithe ach go hannamh.

Ar deireadh, abair leis na páistí go

gcaithfidh siad a bheith cúramach

faoin mhéid salainn a itheann siad.

Ní gá salann a chur ar bhia.

Úsáid Áis G: Féileacán mar script don ghníomhaíocht drámaíochta seo.

Cuir spás oscailte ar fáil do na páistí. Seinn ceol sa chúlra más maith leat.

Iarr ar na páistí suí go compordach ar an urlár agus iarr orthu bheith ar

a suaimhneas. Léigh an script. Tarraing grianghraif ag pointí éagsúla

den mhím. Ina dhiaidh sin, cuir na grianghraif san Ionad Suime agus

foscríbhinní scríofa ag na páistí ag dul leo.

27
Gníomhaíocht foghlama 8: Is ionann fás agus athrú

CROÍ-CHOINCHEAP

Ar feadh a saoil rachaidh páistí trí athruithe

fisiceacha, cognaíocha, sóisialta agus cultúrtha.

Má dhíríonn tú ar na hathruithe a bhainfidh

dóibh, thig leat cuidiú leis na páistí an dóigh

le hoiriúnú d’athrú agus le féineolas agus

féinmheas a fhorbairt.

CRITÉIR RATHA MHOLTA

Aithneoimid go méadaíonn an cumas le

freagracht a ghlacadh asainn féin de réir

mar a fhásaimid.

Scéal Shorcha

Léigh Áis H: Scéal Shorcha os

ard do na páistí. Pléigh an scéal

trí chuid de na ceisteanna seo a

leanas a chur:

GNEITHE LE SONRÚ

Is dóigh mhaith leis an

ghníomhaíocht seo a chur i

láthair é Tasc 1: ‘Busy Morning’

ó Interactive Sarah and the

Whammi. Thig leat teacht air

seo sa rannán Forbairt

Phearsanta agus Comhthuiscint

de www.nicurriculum.org.uk

DE DHÍTH

- Scéal Shorcha (Áis H)

- Ag Fás agus ag Athrú (Áis I)

- Rólghacadh Aoiseanna

- Teacht ar an idirlíon agus ar

chlár bán idirghníomhach

LE DÉANAMH

- Scéal Shorcha

- Amharc ar Ghrianghraif

- Rólghacadh Aoiseanna

28
- Cad é mar a d’fhás agus a d’athraigh Sorcha sa scéal?

- Nuair a bhí tusa i do bhabaí nua, cad é a bhí tú ábalta a dhéanamh

duit féin? An raibh tú in ann rud ar bith a dhéanamh do dhaoine eile?

Cad é a rinne daoine eile duit? Cérbh iad na daoine a chuidigh leat?

- Faoin am a raibh tú i do thachrán, cad é a bhí tú ábalta a dhéanamh

duit féin? Cad iad na rudaí a thiocfadh leat a dhéanamh do dhaoine

eile? Cad é a thiocfadh le daoine eile a dhéanamh duitse? Cérbh iad

na daoine a chuidigh leat?

- An bhliain seo chugainn, cad é a bheidh tú ábalta a dhéanamh

nach dtig leat a dhéanamh anois sa bhaile/ar scoil? Cad é ba

mhaith leat a fhoghlaim a dhéanamh?

- Anois go bhfuil tú i mBliain 3, tá dóigheanna ann a dtig leat cuidiú

leat féin agus le daoine eile. Do fhreagrachtaí a thugtar orthu seo.

Mar shampla, tá tú fásta go leor le tú féin a ghléasadh ar maidin.

Cad iad na freagrachtaí eile atá ort anois?

- Tá freagrachtaí ort i leith daoine níos óige fosta. Thig leat cuidiú leo

súgradh go sábháilte. Cad iad na freagrachtaí eile atá ort? Cad é a

rinne daoine eile duitse nuair a bhí tú níos óige? Cérbh iad na

daoine a chuidigh leat? Cad iad na freagrachtaí a bhí orthu?

Tabhair amach cóipeanna d’Áis I: Ag Fás agus ag Athrú. Iarr ar na

páistí na habairtí a chríochnú agus pictiúir a tharraingt le dul lena

saothar. Comhordaigh a saothar i leabhar agus cuir san Ionad Suime,

a cruthaíodh i ngníomhaíocht 7, é.

Ag Amharc ar Ghrianghraif

Tarraing aird na bpáistí ar an taispeantas san Ionad Suime (más

cuí) agus dírigh ar na grianghraif a thaispeánann daoine aonair ina

mbabaithe nuabheirthe, ina dtachráin agus anois. Fiafraigh de na páistí:

- cad é mar atá siad athraithe ón ghrianghraf mar bhabaí nuabheirthe;

- an bhfuil cuma éagsúil orthu:

- an dtig leo níos mó rudaí a dhéanamh anois; agus

- cad iad na rudaí nua a thig leo a dhéanamh?

Rólghlacadh Aoiseanna

Iarr triúr páistí a bheadh sásta seasamh os comhair an ranga. Iarr ar gach

duine den triúr ceann de thrí ról a ghlacadh; babaí nuabheirthe, tachrán

nó páiste atá cúig nó sé bliana. Abair leo go bhfuil fadhb le réiteach acu.

Caithfidh siad smaoineamh ar dtús, cinneadh a dhéanamh agus ansin

réiteach na bhfadhbanna seo a léifidh tú amach a insint don rang.

Tá ocras nó

tart ort...

Tháinig cith

fearthainne ort

agus tá tú fliuch...

Tá an aimsir i

ndiaidh athrú

agus tá tú fuar...

Tá an ghrian

i do shúile...

Tá pian i do

bholg....

Tá do lámha

salach....

Tá folcadh de

dhíth ort....

Níl a dhath ar

bith le déanamh

agat.....

Leideanna le fiafraí

de na páistí:

- Cad é mar a

mhothófá sa chás

seo dá mbeifeá i do

leanbh/thachrán/an

aois atá tú anois?

- Cad é a dhéanfá dá

mbeifeá i do bhabaí/

thachrán/an aois atá

tú anois?

- Cad é a thiocfadh

leis tarlú ina dhiaidh

sin dá ndéanfá seo?

(iarmhairtí)

- An bhfuil dóigheanna

eile ann leis an

fhadhb seo a réiteach?

Nuair atá an triúr i ndiaidh freagairt do gach fadhb, meas na réitigh.

Fiafraigh díobh:

- Arbh é seo an dóigh ab fhearr leis an fhadhb seo a réiteach?

- Cad iad na dóigheanna eile leis an fhadhb seo a réiteach?

- Cén chéim forbartha is mó ina bhfuil cuidiú de dhíth?

- An dtagann athrú air seo riamh? 29
Áis A

Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Gníomhaíocht Foghlama 1: Roghanna folláine

Litir chuig

Tuismitheoir(í)/

Cúramóir(í)

mo scoil

30
Date

Dear Parent(s)/Carer(s)

As part of our programme of learning in the Personal Development and Mutual

Understanding area of the curriculum, we will be focusing on developing skills and

strategies for keeping healthy and safe.

The aim of this unit of work is to provide children with opportunities to:

- make responsible and healthy choices;

- identify the people, places and things that threaten their personal safety;

- become aware that growth involves change; and

- recognise that growing up brings increased and changing responsibilities

for themselves and others.

An important element of this work is that children get similar messages at home and

in school. I hope that you will find and take opportunities in everyday situations to help

your child recognise different aspects of this work. You can support the learning in a

number of ways, for example:

- teaching them that as they grow in size they also grow in many other ways;

- encouraging them to become more independent by looking after their toys, tidying

up their toys or helping around the house; and

- talking about what to do if they ever find themselves in an unsafe

or dangerous situation.

I will keep in touch with you about other aspects of this learning throughout the school

year. A copy of the materials being used is available in school. Please feel free to contact

me to discuss these materials, or to talk to me about any concerns that you may have.

Thank you for your co-operation.

Class Teacher

Insert school logo or letter head

my school

Dáta

A Thuismitheoir(í)/ Chúramóir(í), a Chairde,

Mar chuid dár gclár foghlama i réimse Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint den

Churaclam, beimid ag díriú ar scileanna agus straitéisí a fhorbairt le bheith folláin sábháilte.

Is é aidhm an aonaid seo deiseanna a thabhairt do pháistí le:

- roghanna freagracha folláine a dhéanamh;

- na daoine, na háiteanna agus na rudaí atá mar bhagairt ar a sábháilteacht

phearsanta a aithint;

- fios a bheith acu go mbaineann fás le hathrú; agus

- a aithint gur freagrachtaí méadaithe agus athraithe dóibh féin agus do dhaoine eile

is toradh don fhás aníos.

Gné thábhachtach den obair seo go bhfaigheann páistí teachtaireachtaí den chineál

chéanna, bíodh siad sa bhaile nó ar scoil. Tá súil agam go n-aimseoidh tú agus go

dtapóidh tú deiseanna sa ghnáthshaol le cuidiú le do pháiste gnéithe difriúla den obair

seo a aithint. Thig leat tacú leis an fhoghlaim ar roinnt dóigheanna, mar shampla:

- a theagasc dóibh go bhfásann siad ar chuid mhór dóigheanna agus iad ag fás aníos;

- iad a spreagadh le bheith níos neamhspleáiche trí aire a thabhairt dá gcuid bréagán,

ag coinneáil slachta ar na bréagáin nó ag cuidiú thart faoin teach; agus

- labhairt faoina bhfuil le déanamh má tá siad i suíomh nach bhfuil sábháilte nó má

bhíonn siad i gcontúirt.

Coinneoidh mé teagmháil leat faoi ghnéithe eile den fhoghlaim seo le linn na scoilbhliana. Tá

cóip de na hábhair atá á n-úsáid ar fáil sa scoil. Ná bíodh moill ort teagmháil a dhéanamh

liom chun na hábhair seo a phlé, nó le labhairt liom faoi ábhar imní ar bith a bheadh ort.

Go raibh maith agat as do chomhoibriú.

Múinteoir Ranga

Cuir isteach lógó nó ceann litreach na scoile

mo scoil

31
Áis B

Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Gníomhaíocht Foghlama 1: Roghanna folláine

Suirbhé

píchairt

32
Cuid 1: suirbhé a dhéanamh

ar roghanna folláine

1. Socraigh cad é an rud ba mhaith leat a

fhiosrú.

2. Dear bileog scóir leis an eolas a chlárú.

3. Úsáid bunachar sonraí leis na sonraí a chur

isteach.

4. Socraigh cén cineál graif ab fhóirsteanaí le

do chuid torthaí a chur i láthair.

Cruthaigh an graf.

5. Lipéadaigh do ghraf, tabhair teideal air,

clóscríobh d’ainm air, sábháil agus priontáil é.

6. Cad é an t-eolas atá le baint as do ghraf?

Cuid 2: Dear bileoigín le torthaí

do shuirbhé a léiriú

1. Leag amach do chuid eolais le haird daoine

a mhealladh.

2. Cuir teideal leis.

3. Cuir isteach mionsonraí eile atá, dar leat,

tábhachtach.

4. Sábháil agus priontáil cóip den bhileoigín.

5. Cuir isteach léaráidí cuí le do bhileoigín a

dhéanamh chomh tarraingteach agus is

féidir. Déan iarracht a chinntiú go bhfuil sé

ag fóirstean do na daoine a léifidh é.

33
Áis C

Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Gníomhaíocht Foghlama 2: Drandail agus fiacla folláine

Dúshlán Grúpa

Dúshlán

Is é do dhúshlán foirne

póstaer a tháirgeadh.

34
Feidhm

1. Béim a chur ar an tábhacht a

bhaineann le haire a thabhairt

dár gcuid fiacla.

2. Níos mó eolais a bheith againn ar

aire do na fiacla.

Táimid á dhéanamh seo le:

- cuidiú leat an tábhacht a

bhaineann le haire a thabhairt

do do chuid fiacla a thuiscint;

- seans a thabhairt duit bheith

ag obair le daoine eile; agus

- taithí a thabhairt duit ar ról a

ghlacadh agus bheith ag obair

de réir spriocama.

Éireoidh le do phóstaer má bhíonn:

- ‘cúig chomhairle chéillí’ ann le

haire a thabhairt do na fiacla;

- sé daite;

- ar a laghad pictiúr amháin ann;

- sé furasta a léamh; agus

- ‘Croí-Chomhairle’ amháin ann.

Tá ......... bomaite agat leis an

dúshlán a chur i gcrích.

Cuimhnigh go bhfuil do scileanna

obair le daoine eile tábhachtach.

Úsáid na hacmhainní uilig atá ar fáil.

Ádh Mór!

35
Áis D

Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Gníomhaíocht Foghlama 5: Daoine, áiteanna agus rudaí

Cártaí

Contúirte

36
Duine a bhrúnn nó a

chiceálann thú gach

lá sa chlós.

Cistin gan chúram,

áit a bhfuil dinnéar á

ullmhú.

Duine a ghlacann

seansanna.

- Uisce atá ar gail;

- cógais;

seampú/

glantacháin; nó

- táirgí glantacháin tí.

- Gloine bhriste;

- uisce ar an urlár;

- iall bróige nach

bhfuil ceangailte; nó

- tinte gan sciath

thart orthu.

Iarrann buachaill níos

sine ort dreapadh trí

sconsa sreangach go dtí

láithreán tógála. Tá fógra

ann a deir, ‘CONTÚIRT -

FAN AMUIGH’.

Folcadán gan

chúram, líonta le

huisce iontach te.

Duine éigin a bhíonn

ag tiomáint cairr ar

luas 60 msu in achar

30 msu.

- Madaí

coimhthíocha;

- foichí;

- roinnt plandaí agus

sméar; nó

- dréimirí gan chúram.

Buidéal taibléad a

fágadh ar oscailt.

Duine éigin a

thugann do dhúshlán

dul trasna an

bhóthair ar do chlár

scátála agus carr ag

teacht.

Láithreán tógála.

- Sábh;

- siosúr;

- scriúire; nó

- lomaire faiche.

Iarrann cara ort

dul áit éigin a ndúirt

do thuismitheoirí leat

gan dul go deo.

Bóthar gnóthach.

Duine éigin a bhíonn

míchúramach faoi na

rudaí ar leis/léi.

- Scian iontach géar;

- cumascóir/

leachtóir/ meascóir;

- plocóidí/soicéid; nó

- iarann smúdála.

Duine éigin a ligeann do

pháistí obair a dhéanamh

ar chóir gur daoine fásta

amháin a dhéanfadh a

leithéid, mar shampla,

ag lomadh na faiche/

ag cur síos tine.

37
Áis E

Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Gníomhaíocht Foghlama 6: Rialacha faoi chógais

Buidéal Cógais

38
Treoracha úsáide

Lig ort féin gur cógaiseoir

thú! Faigheann tú litir ó

dhochtúir. Baineann sí

le druga a chaithfidh tú

a chur le chéile. Cógas

do pháiste a bhfuil cluas

iontach nimhneach

air atá i gceist. Scríobh

treoracha ar an lipéad

faoin dóigh ar chóir do

Mhamaí agus do Dhaidí

an cógas a thabhairt don

pháiste.

39
Áis F

Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Gníomhaíocht Foghlama 6: Rialacha faoi chógais

Caithfidh an Cógaiseoir Cloí

leis na Rialacha

Tarraing sé rud a thig leat a cheannach

am ar bith sa chógaslann.

40
1

5

2

6

3

4

Tarraing rud amháin a thig le Mamaí nó Daidí a cheannach

ach go gcaithfidh siad litir ón dochtúir a bheith acu.

41
Áis G

Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Gníomhaíocht Foghlama 7: Fásaim agus athraím

Féileacán

(i gcogar beagnach)

Éist ... Éist ...

Tá a fhios againn go mbeireann na

féileacáin a gcuid uibheacha ar dhuilleoga

agus go dtagann larbhaí as na huibheacha

seo. Fásann siad ina mboilb bheaga.

Athraíonn na boilb ina bpupaí. Athraíonn

siad agus fásann siad ina bhféileacáin.

42
Anois, samhlaigh ....., is ubh bheag

bhídeach bhuí thú. Ní mó ná gur féidir

thú a fheiceáil. Déan thú féin chomh

beag agus is féidir, soiprigh isteach do

cheann, do chosa agus do sciatháin.

Ná bí buartha, tá tú greamaithe go

daingean ar dhuilleog mhór ghlas

cabáiste. Ní thig leat bogadh. Tá tú

iontach socair ... ach má thugann tú

spléachadh thart ort féin, feicfidh tú

go bhfuil cuid mhór uibheacha beaga

bídeacha buí thart ort. Tá siad go

díreach cosúil leat. Beag bídeach agus

iad greamaithe ar dhuilleog mhór

ghlas cabáiste.

Ach anois, tá rud éigin ag tarlú ...

tá tú ag tosú ag athrú ... tá tú ag

tosú ag teacht amach as an ubh

agus roimh i bhfad is larbha beag

bídeach thú. Tosaigh ag síneadh

do choirp amach go cothrom,

fada, caol. Tá tú ag athrú de réir

a chéile .. . tá tú ag fás agus ag

athrú, ag athrú i do bholb beag

glas. Cad é atá tú a dhéanamh

anois? Tá tú ag ithe na duilleoige

glaise a raibh tú i do shuí uirthi ....

is ea, sin an rud is maith leat a ithe

agus sin mar a chaitheann tú cuid

mhór de do chuid ama! ... Neam,

Neam, Neam. Tá tú ag athrú

agus ag fás agus anois tá tú ag

tosú ag bogadh go fadálach. Tá

tú ábalta lámhacán go mall go

dtí áit eile ar an duilleog cabáiste.

Faigheann tú píosa blasta eile.

Neam! Neam! Neam!

Dar fia, is tú atá ag fás. Tá tú ag

éirí níos mó agus níos mó... Anois

tá tú lán agus tá codladh ag teacht

ort ... Ach tá obair thábhachtach

le déanamh agat sula socraíonn

tú síos le dul a chodladh ... Má

théann tú a chodladh anseo

seans go n-íosfaidh éan thú! Bog

leat, a bhoilb, chuig spás deas

ciúin agus déan puball beag le

cur thart ort féin agus le codladh

ann. D’athraigh tú arís ... Is pupa

anois tú ... ... tá tú te teolaí, slán

sábháilte ... Gabh a chodladh...

SSSS!

D’fhan tú i do chodladh

tamall fada ... Agus maidin

bhreá amháin mhúscail tú agus

.... d’athraigh tú arís! Ní pupa níos

mó tú. Síneann tú thú féin amach

as do phuball, osclaíonn tú amach

do chuid eiteog agus as go brách

leat ag eitilt sa spéir. Is féileacán

mór álainn tú!

(Ag an phointe seo, thiocfadh leat

ceol a sheinm agus iarraidh ar

na páistí damhsa a dhéanamh,

Válsa na mBláthanna le

Tchaikovsky mar shampla.)

43
Áis H

Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Gníomhaíocht Foghlama 8: Is ionann fás agus athrú

Scéal Shorcha

44
Is cailín breá céillí í Sorcha. Tá sí i Rang a 3, cosúil leat

féin. Ach bhí rudaí iontach difriúil tamall ó shin. Ar

feadh sé bliana, leanbh aonair a bhí i Sorcha. Ansin

rugadh Liam. Mhínigh a mamaí di go raibh sí ag dul

a bheith ina ‘deirfiúr mhór’ agus go gcaithfeadh sí

bheith ina ‘cuidiú mór!’ Ach ní raibh Sorcha cleachta

le haire a thabhairt do dhaoine eile. Leis an fhírinne a

rá, ní raibh Sorcha rómhaith ag tabhairt aire di féin.

Nuair ba ghnách lena daidí í a mhúscailt ar maidin

le déanamh réidh don scoil, ba ghnách le Sorcha

cluiche beag a imirt. An t-ainm a bhí ar an chluiche

‘dul ar ais a chodladh!’ agus lig sí uirthi féin nach

raibh sí ag dul a éirí go deo. Obair chrua a bhí ag a

mamaí í a chur ina suí in am don scoil. An imríonn

tusa an cluiche sin am ar bith?

Níor imir Sorcha an cluiche ag deireadh na seachtaine

riamh. Ag deireadh na seachtaine ba bhreá léi éirí

go hiontach luath. Ba bhreá léi léim ar leaba mhamaí

agus dhaidí. Seal s’acusan a bhí ann leis an chluiche

‘dul ar ais a chodladh!’ a imirt. An dtarlaíonn sé sin

san áit a bhfuil tusa i do chónaí fosta?

Maidin amháin, i ndiaidh do Liam teacht ar an saol,

dúirt daidí Shorcha léi gur chóir di éirí le dul ar scoil.

Nuair a tháinig sé ar ais deich mbomaite níos moille,

bhí Sorcha ina luí go fóill agus ní sásta a bhí sé léi. ‘ Ó

a Shorcha, tá go leor le déanamh agamsa agus ag

do mhamaí le Liam! Déan iarracht bheith rud beag

níos cuidiúla!’ ar seisean.

Go fadálach ... go hiontach fadálach, d’éirigh Sorcha

agus go fadálach ... go hiontach fadálach, chuir sí

uirthi a cuid éadaí. Ansin, chuaigh sí síos staighre

go bhfeicfeadh sí cad é an bricfeasta a bhí ann di.

‘Sula n-itheann tú bricfeasta faigh do bhróga agus

do stocaí’, arsa a Daidí. Níor chuimhin le Sorcha cá

háit a raibh a bróga agus a stocaí. Go fadálach ...

go hiontach fadálach, chuaigh sí á gcuardach. ‘A

Shorcha,’ a scairt a mamaí, ‘Caithfimid imeacht!

Ar scuab tú na fiacla agus ar chíor tú do chuid

gruaige?’

Go fadálach ... go hiontach fadálach, tháinig Sorcha

ar ais. Faoin am a bhfuair sí a cuid bróg agus stocaí

agus ar scuab sí a cuid fiacla agus ar chíor sí a cuid

gruaige, bhí siad uilig mall. Ní raibh duine ar bith

róshásta le Sorcha. Bhí drochaoibh ar Liam féin.

45
Áis H (ar lean)

Ní raibh Sorcha féin iontach sona ach an oiread. Bhí

sí míshásta nach raibh sí ag dul a bhualadh lena

cairde sular thosaigh an scoil. Agus sin mar a bhí an

tseachtain ar fad.

Labhair Daidí le Sorcha. ‘Dáiríre, a Shorcha, is ‘cailín

mór’ anois tú agus caithfidh tú níos mó cuidithe a

thabhairt dúinn thart faoin teach. Ní tusa an babaí

níos mó.’ ‘Ach thaitin sé liom bheith i mo bhabaí!’

arsa Sorcha léi féin. Níor éirigh rudaí níos fearr.

Labhair Mamaí le Sorcha, ‘A Shorcha, tá tú chóir a

bheith seacht mbliana d’aois. Ba chóir go mbeifeá

ábalta éirí as an leaba nuair a scairtim ort agus

déanamh réidh le dul ar scoil.’

Ansin, tráthnóna amháin, chuir Mamó Shorcha

scairt ghutháin. ‘Ar mhaith leat teacht a stopadh

agamsa le sos a fháil ón bhabaí?’ a d’fhiafraigh

Mamó. ‘Ba bhreá liom sin,’ arsa Sorcha. Bhí Mamó

ina cónaí in aice leo ach seo an chéad uair ag Sorcha

dul ar cuairt chuici léi féin agus stopadh thar oíche.

Chuidigh Mamaí le Sorcha a mála a phacáil. Thug sí

a pitseamaí ‘Gilín Sneachta’ léi, a scuab fiacla agus

taos fiacla. Chuir si uirthi a jíns agus geansaí agus

thug sí léi culaith spóirt.

Thug Mamaí sparán agus roinnt airgid di. Mhothaigh

Sorcha iontach fásta aníos nuair a bhain sí teach

Mhamó amach. Thaispeáin Mamó a seomra leapa

di. ‘Cuirfidh mé i seomra do mhamaí thú. Ba ghnách

léise codladh sa leaba sin nuair a bhí sise ina cónaí

anseo.’

Leaba ghalánta bhí inti. Bhí cumhdach mór glas uirthi

mar a bheadh ag duine fásta, agus pilliúr do dhuine

fásta. Leaba do dhuine fásta a bhí inti. Bhí pictiúir

do dhuine fásta ar an pháipéar balla. Bhí tábla do

dhuine fásta taobh leis an leaba agus ar an tábla sin

bhí clog aláraim seanaimseartha.

46
‘Is breá liom an seomra seo,’ arsa Sorcha. Chuidigh

Mamó le Sorcha gach rud a bhaint amach as a

mála. Bhí dinnéar do dhaoine fásta acu agus ansin

choimhéad siad ar an teilifís. D’amharc siad ar

ghrianghraif agus d’inis Mamó scéalta greannmhara

do Shorcha faoi mhamaí Shorcha nuair a bhí sí ina

cailín óg. I ndiaidh tamaill, mhothaigh Sorcha tuirseach.

‘Sílim gur mhaith liom dul a luí anois,’ ar sise.

Thaispeáin Mamó do Shorcha an dóigh leis an chlog

aláraim a úsáid agus mhúscail Sorcha maidin lá

arna mhárach agus an t-aláram ag bualadh ina

cluas. ‘Sin an dóigh,’ arsa Mamó. ‘Tabhair neart

ama duit féin!’ Rinne Sorcha í féin réidh ach chuidigh

Mamó léi a cuid iallacha a cheangal. ‘Níl de dhíth

ort ach cleachtadh,’ arsa Mamó. Bhí lá ar dóigh

acu! Chuidigh Sorcha le Mamó thart faoin teach,

chuaigh siad ag siopadóireacht le chéile agus rinne

siad arán agus sconnóga. An tráthnóna sin, thug siad

na sconnóga anonn chuig teach Shorcha agus d’ith

siad iad le subh. ‘Tá siad seo galánta,’ arsa Daidí.

‘Chuidigh mise le Mamó iad a dhéanamh.’ arsa

Sorcha go bródúil. ‘Nach tú atá cliste!’ arsa Daidí.

An oíche sin, bhí sí ar ais ina leaba féin. Thug Mamó

an clog aláraim di le cur ina seomra. Chuir Daidí an

t-aláram ag dul an oíche sin. Maidin lá arna mhárach

cuireadh iontas agus áthas ar Mhamaí agus Daidí.

Nuair a chuaigh Daidí isteach le Sorcha a mhúscailt,

bhí sí ina suí agus a cuid éadaí uirthi. Ni raibh de

dhíth uirthi ach cuidiú lena hiallacha. ‘Tá mé iontach

sásta!’ arsa Mamaí.

‘Cad é mar a tharla sé go bhfuil tú réidh in am?’ a

d’fhiafraigh sí. Thaispeáin Sorcha an clog aláraim a

thug Mamó di do Mhamaí. Bhí Mamaí ag gáire agus

ag gáire. ‘Cheannaigh do mhamó sin domsa nuair

a bhí mise i mo chailín beag agus ní thiocfadh

liomsa bheith in am don scoil! Cé a smaoineodh

gur choinnigh sí an clog sin agus go bhfuil sé

úsáideach arís.’

47
Áis I

Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Gníomhaíocht Foghlama 8: Is ionann fás agus athrú

Ag Fás agus ag

Athrú

48
Nuair a bhí mé

bhí mé ábalta:

Bhí cuidiú de dhíth orm le:

Nuair a bhí mé

bhí mé ábalta:

Bhí cuidiú de dhíth orm le:

Anois tá mé

tá mé ábalta:

Tá cuidiú de dhíth orm le:

Seo na daoine a chuidigh liom: Seo na daoine a chuidigh liom: Seo na daoine a chuidíonn liom:

49
Nótaí

50
Scéalta molta

Althea. How Your Body Works

(2000 Happy Cat Books)

1899248390

Beaumont, K. I Like Myself

(2004 Free Spirit Publishing)

0 15202013 6

Carle, E. The Very Hungry Caterpillar

(1994 Philomel Books)

0399226907

Givardi, A and Thompson, R.

The Busy Body Book

(1998 Macmillan) 0333654048

Cooke, T. So Much

(2008 Walker Books) 9781406306651

Waddell M. and Dale, P

Once There Were Giants

(1989 Delacorte Press)

0744504848

Doherty, B and Birmingham, C.

The Magical Bicycle

(1996 Picture Lions)

000664614X

Fine, A. Stranger Danger

(2005 Journey Stone Creations)

0975870998

Hedderwick, M.

Katie Morag and the Tiresome Ted

(1999 Red Fox) 0099118815

Hutchins, P. Titch

(1993 Aladdin)

0689716885

Moon, N. Something Special

(1996 Orchard Books)

1860390862

Parry, H.F.

The Shrinking of Treehorn

(1975 Puffin Books) 0140307467

Pluckrose, H. Keeping Healthy

(1999 Franklin Watts Ltd)

9780749634667

Suhr, M. I am Growing

(1993 Hodder Wayland)

0750209151

Tagholm, S. The Year I Was Born

(1992 The Windrush Press)

1874785023

Tullet, H. The Five Senses

(2004 Tate Publishing) 1854375814

Léitheoireacht

bhreise mholta

Ideas for Connecting Learning (ICL)

Years 3 and 4, Safe and Sound

(2008 CCEA)

Whetton, N. Health for Life

(Ages 4-7, 2000 Nelson Thornes)

0174233876

Anything’s Possible

(Enterprise Story Sack,

2006 CCEA) 1 90494908 8

Weir, L. Iris’s Dream

(Wise Up and Th!nk series, 2007 CCEA)

Áiseanna

breise molta

Interactive Internet and online

safety website

www.thinkyouknow.co.uk/5-7

Interactive Sarah and the Whammi

(2008 CCEA)

www.nicurriculum.org.uk

(follow links from Personal Development

and Mutual Understanding section)

National Children’s Bureau

www.ncb.org.uk

Information on many aspects of children’s

personal, social, health and citizenship

education. Search for PSHE.

Nutrition Foundation website

www.foodafactoflife.org.uk/

PSHE Subject Association website:

www.pshe-association.org.uk

Road Safety website

www.3mstreetwise.co.uk

Drugs: Guidance for Schools

in Northern Ireland

www.deni.gov.uk

Search: Drugs;

Drugs: Guidance for Schools