12.07.2015 Views

Íoslódáil PDF (3070KB) - Irish Aid

Íoslódáil PDF (3070KB) - Irish Aid

Íoslódáil PDF (3070KB) - Irish Aid

SHOW MORE
SHOW LESS
  • No tags were found...

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

Tuarasáil Bhliantúil 2005LeosótaCúnamh Déthaobhach do Leosótain 2005 €9.68 milliúnDaonra 1.795 milliúnRangú HDI 2005 149ú háitAchoimre ar an gClárFaoi chlár déthaobhach Chúnamh Éireann is é Leosótaan tairbhí atá ag fáil cúnaimh don tréimhse is faide.Seo tír bheag - ceann de na Tíortha is Lú Forbartha– agus í suite i nDeisceart an hAfraice. Is é tuairim isUS$600 an tOllioncam Náisiúnta in aghaidh an duine.Tá eacnamaíocht na tíre bunaithe ar an uisce agus anleictreachas a dhíolann sí leis an Afraic Theas, maille ledéantúsaíocht, talmhaíocht, beostoc agus íocaíochtaí pá afhaigheann oibrithe atá fosaithe san Afraic Theas.Saothar in aisce is ea an fhorbairt a rinneadh leis na bliantaanuas toisc an tionchar a bhí ag VEID/SEIF ar an tír agustá an bun bainte faoi roinnt mhaith de na hiarrachtaí atádéanta go dtí seo bochtaineacht a mhaolú agus feabhas achur ar an gcaighdeán maireachtála. De réir ThuarascáilForbartha Daonna Leosóta 2005 léirítear an treocht anuassan Innéacs Forbartha Daonna (HDI) ón 137ú háit in 2003go dtí an 149ú háit in 2005.Cuireadh tús le cur i bhfeidhm Phlean Straitéiseach Leosóta2005-2007 i mí Eanáir 2005. Ar na nithe is mó a ndíríonnan clár orthu thar thréimhse trí bliana an Phlean tá feabhasa chur ar sheachadadh seirbhíse agus ar dhea-rialachas.Seo a leanas roinnt de na réimsí ar éirigh leis an Rialtasan-dul chun cinn a dhéanamh iontu i rith na bliana: dul ingleic níos mó le VEID/SEIF, bunoideachas saor in aisce abheith curtha i bhfeidhm anois ina iomláine agus feabhas achur ar bhainistíocht agus ar phleanáil airgeadais phoiblí.A bhuíochas leis an dul chun cinn seo tá feabhas curthaar na seirbhísí a chuirtear ar fáil do cheann de na pobail isboichte agus is imeallaithe ar domhan.OideachasSan iomlán chuir Cúnamh Éireann €1.66 milliún ar fáilin 2005 don Aireacht Oideachais chun go bhféadfaíleanúint le cur i bhfeidhm a Plean Straitéiseach don EarnáilOideachais. Agus an tír i mbun na céime deireanaí de churi bhfeidhm Bhunoideachas Saor in Aisce i Leosóta bhí anclárúchán i mbunscoileanna seasmhach arís i mbliana.Dúshlán ar leith atá ann a chinntiú go gcoinnítear ancaighdeán oideachais de réir mar a théann an líon daltaí atáag teacht isteach sa chóras i méid, mar a bhí ag titim amachle seacht mbliana anuas (mar thoradh ar BhunoideachasSaor in Aisce a bheith á thabhairt isteach).Rinne an Aireacht athbhreithniú agus leasú ar angcuraclam bunscoile i rith na bliana, chun go gcuirfí oiliúintmaidir le VEID/SEIF san áireamh agus chun go mbeadh ancuraclam níos íogaire i leith inscne. Fuarthas 1,400 pacáistemúinteoireachta matamaitice agus eolaíochta agus tugadhisteach scéim nua chun leabhair a fháil ar cíos don chéad dábhliain scolaíochta. Tá an scéim seo tar éis feabhas a churar an bhfáil atá ag daoine ar fud na tíre ar théacsleabhair.Cuireadh oiliúint ar dhaoine maidir le pleananna ceantair aullmhú do na struchtúir díláraithe nua i ngach ceann de nadeich gceantar.VEID/SEIFTá dhá ghné ag baint leis an gcur chuige atá ag CúnamhÉireann i leith na paindéime VEID/SEIF i Leosóta.An chéad ghné a bhaineann leis ná príomhshruthú adhéanamh ar chúrsaí i.e. ceist VEID/SEIF a chur sanáireamh sna hidirghabhálacha a chuirimid ar fáil i gcúrsaípleanála, feidhmithe agus measúnachta. Díreofar ar dtúsar na hearnálacha sláinte agus oideachais. An dara gné abhaineann leis ná idirghabhálacha ar leith a chur ar fáilchun tacú leis na gCoimisiún Náisiúnta SEIF a shainchúrama chomhlíonadh – is é sin comhordú a dhéanamh ar anméid atá á dhéanamh ar bhonn náisiúnta ar an gceist.Tá tacaíocht á chur ar fáil chomh maith d’eagraíochtaína sochaí sibhialta chun dul i ngleic le príomh-údair napaindéime i Leosóta: easpa coisc, éagothroime inscne agusimirce lucht oibre.Cuireadh an Coimisiún Náisiúnta SEIF ar bun go dlíthiúil irith na bliana - ar deireadh thiar thall. Chuir an eagraíochtnua tús, ar an bpointe, le hathbhreithniú ar an bpolasaínáisiúnta agus ar an bplean straitéiseach. Chomh maith leissin, chuir an Coimisiún Grúpa Oibre Monatóireachta agusMeastóireachta Náisiúnta ar bun agus earcaíodh OifigeachMonatóireachta agus Meastóireachta le haghaidh gach cinnde na deich gceantar. San iomlán chaith Cúnamh Éireann€686,000 in 2005 sa réimse seo.SláinteAr an obair thábhachtach a bhí idir lámha ag CúnamhÉireann le linn 2005 i Leosóta bhí feabhas a chur ar anteacht atá ag daoine ar chúram sláinte maith. San iomláncuireadh €1.25 milliún ar fáil don Aireacht Sláinte agusdo Chumann Sláinte Críostaí Leosóta (bíonn páirt thar abheith tábhachtach ag an eagraíocht san earnáil sláinte)10 www.irishaid.gov.ie

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!