12.07.2015 Views

Íoslódáil PDF (3070KB) - Irish Aid

Íoslódáil PDF (3070KB) - Irish Aid

Íoslódáil PDF (3070KB) - Irish Aid

SHOW MORE
SHOW LESS
  • No tags were found...

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

Tuarasáil Bhliantúil 2005An BancDomhandaAn Banc DomhandaTharla dhá rud a raibh díol suntais ag baint leodon Bhanc Domhanda in 2005. Ar an gcéaddul síos tháinig An tUasal Paul Wolfowitz igcomharba ar an Uasal Jim Wolfensohn marUachtarán an bhainc. Le linn a thréimhseUachtaránachta, a mhair dhá bhliain, d’éirighle Jim Wolfensohn cur chuige an Bhainc a athrúi leith cuidiú forbartha. Táthar ag tabhairtníos mó is níos mó aitheantais anois don gháatá le bochtaineacht a laghdú agus freastal arriachtanais na mbocht, agus iad seo a churi bhfeidhm ach tacú le straitéisí forbarthanáisiúnta trí mheán córais Rialtais, ag obair igcomhar le deontóirí eile. Lena chois sin, bhíJim Wolfensohn freagrach feabhas a chur aroscailteacht an Bhainc i leith a chuid oibreagus d’éirigh leis caidreamh maith a dhaingniúleis an tsochaí shibhialta agus le heagraíochtaíneamhrialtasacha, mar ar cuireadh méid áiritheden chomh-urraim agus den tuiscint ar bun. TáCúnamh Éireann tar éis a chur in iúl go bhfuiltábhacht ar leith ag baint le leanúint leis an gcurchuige seo faoi cheannaireacht Uachtarán nua anBhainc.An dara rud ar díol suntais é don BhancDomhanda ná an tionscnamh chun fiacha a churar ceal a mhol an grúpa tíortha ar a dtugtaran G8. D’fhéach Cúnamh Éireann le dul ibhfeidhm ar cheapadh agus ar chur i bhfeidhman tionscnaimh seo, ionas go bhféadfadh tíorthaa ndéanfaí a bhfiacha a chur ar ceal sochar abhaint as, mar go mbeadh níos mó acmhainníacu le caitheamh ar chúrsaí forbartha. D’iarrCúnamh Éireann go gcuirfeadh deontóiríairgead ar fáil chun díol as an tionscnamh seo,de bhreis ar an méid a fhaigheann siad marchúnamh forbartha coigríche (ODA) agus ar nalár-ranníocaíochtaí chuig an mBanc Domhanda.D’fhógair an Roinn Airgeadais, i mí na Nollag,go n-íocfadh Éire a sciar iomlán i dtreo antionscnaimh seo in 2006, is é sin €59 milliún,chomh maith lena dhualgais ODA.Chuir Ambasáidí Éireannacha i gclárthíorthaChúnamh Éireann moltaí ar fáil ar bhonnleanúnach le linn 2005, maidir leis na straitéisítíortha agus na tionscadail ag an mBancDomhanda a pléitear ag cruinnithe an BhoirdFeidhmiúcháin. Nuair ab fhéidir, rinneadhna tuairimí seo a chomhordú le tuairimí ódheontóirí eile ag leibhéal na tíre agus cuireadhiad faoi bhráid na mball Ceanadach, Éireannachagus bhaill na Cairibe atá ar Fheidhmeannachtan Bhainc Dhomhanda. Dhírigh obair ChúnamhÉireann sna cúrsaí seo ar fheabhas a chur ar angcomhordú a dhéantar ar thionscadail an BhaincDhomhanda, le cuidiú ó dheontóirí eile. Archeann de na tosaíochtaí eile bhí leathnú amacha dhéanamh ar an anailís agus an díospóireacht,ar a mbunaítear straitéisí agus coinníollachapolasaí, agus é seo a bhaint amach ach níos mógníomhairí ag leibhéal na tíre a bheith páirteachsa phróiseas - gníomhairí ón Rialtas, deontóiríagus an tsochaí shibhialta.Bhí comhpháirtíocht ar bun ag Cúnamh Éireannle hInstitiúid an Bhainc Dhomhanda le roinntmhaith blianta anois agus tosaíodh ar angcómhaoiniú i 1986. An bunús a bhí leis angcomhpháirtíocht níos doimhne seo idir CúnamhÉireann agus Institiúid an Bhainc Dhomhandaná go mbeadh cur chuige sinéirgíochta ann, arachadh chun sochair an dá pháirtí agus iadag dul i ngleic le saincheisteanna a bhfuil baintchoiteann acu leo. Ar cheann de shainghnéithena comhpháirtíochta seo táthar ag díriú46 www.irishaid.gov.ie

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!