12.07.2015 Views

Íoslódáil PDF (3070KB) - Irish Aid

Íoslódáil PDF (3070KB) - Irish Aid

Íoslódáil PDF (3070KB) - Irish Aid

SHOW MORE
SHOW LESS
  • No tags were found...

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Tuarasáil Bhliantúil 2005An tSaimbiaCúnamh Déthaobhach don tSaimbiain 2005 €18.06 milliúnDaonra 11.67 milliúnRangú HDI 2005 166ú háitAchoimre ar an gClárBhí Éire ag cur go mór le cúrsaí forbartha na Saimbiale breis is céad bliain anuas. I bhfad sular cuireadh anclár cúnaimh déthaobhach oifigiúil ar bun agus sularbhain an tSaimbia neamhspleáchas amach sa bhliain1964, bhí grúpaí misinéirí na hÉireann i measc nabpríomhsholáthraithe seirbhísí sláinte agus oideachaissa Róidéis Thuaidh, mar a thugtaí air.Sa lá atá inniu ann, tá oideachas ar roinnt mhaith demhórphearsana na tíre a buíochas leis na BráithreCríostaí agus le grúpaí misinéirí eile. Ar an gcaoichéanna, ba faoi stiúir mná rialta Éireannacha aritheadh roinnt mhaith d’ospidéil na Saimbia le linnformhór na 20ú haoise. A bhuíochas leis an nasc seoleis an tSaimbia, nuair a chuir Rialtas na hÉireann achlár cúnaimh déthaobhach ar bun sna 1970í, tugadhtús áite don tSaimbia ar liosta thíortha na hAfraice agheobhadh cúnamh ó Éirinn.Ó shin i leith tá Éire tar éis isteach is amach le €100milliún a chur ar fáil. Chuidigh sé seo freastal ar roinntmhaith de riachtanais iar-Neamhspleáchais na Saimbia,go háirithe maidir le cúrsaí sláinte agus oideachais.Cé go bhfuil struchtúr an chláir féin athraithe roinntmhaith le fiche bliain anuas, díríonn cúnamh nahÉireann ar bhochtaineacht a laghdú - seo polasaítábhachtach do thír ina bhfuil níos mó ná leath dendaonra ag maireachtáil ar níos lú ná US$1 in aghaidhan lae.Mar a tharla go dtí seo, cuireadh buiséad 2005Chúnamh Éireann ar fáil chun tacú le forbairt snaréimsí seo a leanas: sláinte, oideachas, uisce agussláintíocht, VEID/SEIF agus cúpla clár rialtaiseile. Aistríodh tuairim is 75% de na cistí chuiggníomhaireachtaí Rialtais ag leibhéal náisiúnta nóag leibhéal áitiúil, agus cuireadh an 25% eile ar fáild’eagraíochtaí neamhstáit a bhíonn ag feidhmiú iréimsí na sláinte, an oideachais agus VEID/SEIF.Rinneadh athbhreithniú neamhspleách i lár 2005chun an tionchar a bhí ag Clár Straitéise Tíre 2003-05 a mheas agus chun moltaí a sholáthar maidir leisan treo is cóir a ghlacadh sa chéad chéim eile denchomhoibriú. Tugann a leithéid seo de mheasúnúbealach do dheontóirí inar féidir leo pleanáilriachtanach a dhéanamh chun dul i ngleic leis ansíorathrú a bhíonn ag teacht ar an timpeallacht sa láatá inniu ann. Trí is tríd bíonn formhór na ndeontóirí abhíonn ag feidhmiú i dtíortha dála na Saimbia ag obairle Spriocanna Forbartha na Mílaoise a bhaint amach.Mar dheontóir a dhíríonn go príomha arbhochtaineacht a laghdú, tá clár oibre ChúnamhÉireann sa tSaimbia bunaithe ar chlár oibreSpriocanna Forbartha na Mílaoise, tríd is tríd. In2005, thosaigh Aireachtaí Rialtais na Saimbia agusdeontóirí ar chomhstraitéis a cheapadh, chun gombeadh comhleanúnachas níos fearr ann, go mbeadhan cuspóir céanna acu uile agus chun go mbeadhpleananna forbartha náisiúnta an Rialtais níos dírithego straitéiseach.Buaicphointí an Chláirin 2005Faoi láthair tá an tSaimbia ciaptha ag SEIF, le rátaleitheadúlachta 16% ann i measc an daonra fásta, ibhfad níos airde ná an meán don Afraic fho-Shahara,arb ionann é agus 7.5%. Dá bhrí sin, thug CúnamhÉireann tús áite don tacaíocht a thugann sé domhuintir na Saimbia ag gach leibhéal chun dul i ngleicleis an bhfadhb. Chuir Éire maoiniú substainteach arfáil in 2005 do chúram baile-bhunaithe agus do chláirdo Dhílleachtaí agus Leanaí Leochaileacha (OVC). IgCeantar Copperbelt, chuir Cúnamh Éireann maoiniúar fáil chun íoc as costais oideachais, leighis aguscothaithe le haghaidh os cionn 10,000 OVC.In áiteanna eile, chuir clár baile-bhunaithe ChúnamhÉireann maoiniú ar fáil chun íoc as costais leighis, cóirleighis frith-aisvíris, comhairleoireacht, bia, iompar srldo 40,000 teaghlach leochaileach trí mheán bunacharleathan ar a bhfuil 26,000 cúramaí deonach. Ní mórdo Rialtas na Saimbia, do ghníomhaireachtaí stáit agusdo dheontóirí aghaidh a thabhairt go práinneach aran bhfadhb le SEIF atá ag ciapadh na tíre, agus é seo adhéanamh ach cinntí práinneacha polasaí a dhéanamh.Déanann Éire stocaireacht le go ndéanfaí comhordú22 www.irishaid.gov.ie

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!