12.07.2015 Views

Íoslódáil PDF (3070KB) - Irish Aid

Íoslódáil PDF (3070KB) - Irish Aid

Íoslódáil PDF (3070KB) - Irish Aid

SHOW MORE
SHOW LESS
  • No tags were found...

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Tuarasáil Bhliantúil 2005VítneamCúnamh Déthaobhach do Vítneamin 2005 €2.95 milliúnDaonra 84.23 milliúnRangú HDI 2005 108ú háitAchoimre ar an gClárI ndiaidh chinneadh an Rialtas i mí na Nollag2004 clár Chúnamh Éireann i Vítneam a bhunú,cuireadh Ambasáid ar bun in Hanoi in 2005.Bhí sé seo ag teacht leis an Athbhreithniú arChúnamh Éireann 2002, a mhol leathnú sanÁis Thoir Theas. Tá freagracht ar an Ambasáidnuabhunaithe comhordú a dhéanamh ar chlárforbartha réigiúnach don Áis Thoir Theas achlúdaíonn Vítneam, Laos agus an Chambóid.Beidh fócas soiléir ag an gclár ar laghdúbochtaineachta agus riachtanais bhunúsachaach le béim bhreise ar thacaíocht don fhás sanearnáil phríobháideach, atá ar an ngníomhaíis mó ag laghdú bochtaineachta go gasta sacheantar.Cur chuige céimnithe a rinneadh maidir leclár réigiúnach a fhorbairt. Díríodh i dtosachar Vítneam agus ar na codanna de chlár lehaghaidh 2005 a aithint agus tús a chur lepróiseas a leagfadh síos straitéis forbartha tíre.Ullmhaíodh an clár i gcomhar leis na húdaráisi Vítneam agus i gcomhghuaillíocht leis anstraitéis náisiúnta laghdaithe bochtaineachta,an Straitéis Chuimsitheach Fáis agus LaghdúBochtaineachta. Bhí comhchodanna an chláiri gceithre réimse straitéiseacha: tacaíochtlaghdaithe bochtaineachta; tacaíocht dothrédhearcacht agus freagracht méadaithesa Rialtas; tacaíocht d’fhorbairt áitiúil ag anleibhéal cúige, ceantair agus comúin; agustacaíocht d’fhiontair mionscála san earnáilphríobháideach. Chomh maith leis seo,socraíodh camchuairt staidéir go hÉirinn doghrúpa oifigeach sinsearach ó Vítneam chunbreathnú ar cheisteanna forbartha san earnáilphríobháideach.Tacaíocht LaghdaitheBochtaineachtaCuireann rialtas Vítneam roimhe anbhochtaineacht a laghdú. Tá fás gastaeacnamaíoch agus cláir leasa sprioctha tar éisna cásanna bochtaineachta sa tír a ghearradhin dhá leath le deich mbliana anuas agus táVítneam ar an mbealach go maith i dtreo naSpriocanna Forbartha Mílaoise a shroicheadhfaoi 2015. Tá aontaithe ag na deontóirí., Éireina measc, go mbeidh a gcuid cabhrach ag tacúle polasaithe an Rialtais. Faigheann StraitéisNáisiúnta Laghdaithe Bochtaineachta an Rialtaistacaíocht i bhfoirm Creidmheasanna TacaíochtaLaghdaithe Bochtaineachta (PRSC) ón mBancDomhanda agus deontóirí iltaobhacha agusdéthaobhacha eile. Díríonn sé seo an fócas arbhochtaineacht i gclár an Rialtais agus cuidíonnsé le comhordú agus comhréiteach níos fearr idirna deontóirí.Tá trí phríomh-cholún ag baint le clár anPRSC, dírithe ar thacaíocht bhreise a thabhairtdon athchóiriú polasaí agus institiúideach iVítneam chun ráta fáis ard a choinneáil agusbochtaineacht a laghdú. Cabhraíonn an chéadcholún le Vítneam agus í ag aistriú go geilleagarmargaidh. Tacaíonn an dara cholún le forbairtcuimsitheach agus inbhuanaithe trí fheabhasa chur ar an gcaighdeán oideachais, tacú lego mbeadh fáil ar chógais go héasca agus arphraghas réasúnta agus go ndéanfaí bainistiúníos inbhuanaithe ar fhoraoisí. Tacaíonnan colún deireanach le rialachas níos nuaaimsearthaa chur ar bun trí fheabhas a churar bhainistíocht airgeadais, freagracht níos móa bheith sna próisis phleanála agus bhuiséid,trédhearcacht dlí agus fáil ar chúnamh dlí afheabhsú agus troid in aghaidh caimiléireachta.20 www.irishaid.gov.ie

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!