12.07.2015 Views

Íoslódáil PDF (3070KB) - Irish Aid

Íoslódáil PDF (3070KB) - Irish Aid

Íoslódáil PDF (3070KB) - Irish Aid

SHOW MORE
SHOW LESS
  • No tags were found...

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Tuarasáil Bhliantúil 2005An BordComhairleach doChúnamh ÉireannCuireadh an Bord Comhairleach do ChúnamhÉireann ar bun in 2002 chun léargas ginearáltaa thabhairt don Aire Gnóthaí Eachtrachaagus chun comhairle a chur air maidir le treostraitéiseach an Rialtais sa chlár um chomhoibriúforbartha. An misean atá ag an mBord námaoirseacht a dhéanamh ar leathnú amach anchláir; treo straitéiseach a sholáthar agus oibriúgo dlúth le Cúnamh Éireann chun an caighdeán,an éifeachtacht agus an chuntasacht is fearr agusis féidir a bhaint amach. Tá freagrachtaí ar anmBord i gcúig shainréimse agus tá achoimreanseo thíos ar na príomhghníomhaíochtaí maidirle gach ceann de na réimsí sin.Tháinig deireadh le téarma trí bliana an chéadBhoird ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair2005 agus d’imigh an Bord nua i mbun oibre imí na Samhna 2005. Tháinig an Bord le chéilesé huaire le linn 2005. Chomh maith leis sin,tháinig an Grúpa Oibre um Chomhairle Taighdele chéile de réir mar a bhí gá leis.Léargas Ginearálta/Comhairle:Bhí an deis ag an mBord Comhairleach raonleathan saincheisteanna a phlé leis an Aire Stáitdo Chomhoibriú Forbartha agus Cearta Daonnale linn 2005. Ar na hábhair a pléadh bhí ansprioc ODA, dílárú Chúnamh Éireann, dearcadhan phobail i leith comhoibriú forbartha, freagraChúnamh Éireann i leith an tsúnámaí, solátharfoirne, an Páipéar Bán, agus raon clárthíorthanua, tionscnaimh a bhaineann le hobairdheonach agus an earnáil phríobháideach,Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe imí Mheán Fómhair 2005 agus rialachas igclárthíortha.Chuir an Bord Comhairleach réamhaighneachtisteach maidir leis an bPáipéar Bán i mí anMheithimh 2005. Luaigh an Bord na gnéithemaithe go léir a bhaineann leis an gclár. Archeann de na gnéithe sin cuireann Éire anCúnamh Forbartha Oifigiúil (ODA) uile ar fáili bhfoirm deontais; tá an clár 100% aontaithe;agus díríonn sé roinnt mhaith ar na tíortha isboichte. Bhí 21 moladh san aighneacht: ceannamháin maidir leis an méid cúnaimh a chuirtearar fáil; aon cheann déag maidir le caighdeánan chúnaimh; agus naoi gcinn maidir le “clárden chéad scoth” a chruthú agus a chothú.Tá achoimre ar na moltaí seo i dTuarascáilBhliantúil an Bhoird Chomhairligh 2005.Iniúchadh agusMeastóireachtD’oibrigh an Bord Comhairleach go dlúthleis an gCoiste Iniúchta de chuid na RoinneGnóthaí Eachtracha. Le linn 2005, bhí anBord Comhairleach ag brú chun cinn ceist antsoláthair foirne don fheidhm Iniúchta agusMeastóireachta i bhfianaise go bhfuil níos móacmhainní ar fáil do chláir agus go bhfuil gácaighdeán na gclár a chosaint.TaighdeLeanadh leis an Taighde ar ChomhleanúnachasPolasaí, ag díriú go háirithe ar thrádáiltalmhaíochta agus ar pholasaithe tacaíochta,maille le hobair leis an tsochaí shibhialta chunbochtaineacht a laghdú. Maidir le sláintedhomhanda, rinneadh coimisiúnú ar cheithrethionscadal. Bhain ceann amháin de nationscadail le caighdeán na ndrugaí cineálachafrith-VEID a thástáil in othair le VEID inUganda. Bhain tionscadal eile le costéifeachtCotrimoxazole mar próifiolacsas i gcoinneionfhabhtuithe a fhaigheann leanaí Afracachaa bhfuil VEID orthu. Bhain an tríú staidéar letuiscint a fháil ar na comhthéacsanna soch-60 www.irishaid.gov.ie

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!