Newsletter 16 - 25th November 2020
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Léachtaí Gaeilge : Sunday, 25th October, 2020

CHÉAD LÉACHT

Sliocht as leabhar Exodus 22:20-26

Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus godtagann a nglao chugam,

éistfidh mé leo

Dúirt an Tiarna le Maois: Abair é seo le clann Isráel: Ná déan éagóir ar

dheoraí ná leatrom, mar ba dheoraithe sibh féin i gcríocha na hÉigipte.

Ná ciap baintreach ná dílleachta. Má dhéanann tú iad a bhuaireamh

agus godtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo, éistfead sin. Adhnfaidh

m’fhearg agus maróidh mé sibh leis an gclaíomh, agus fágfar

bhur mná gan chéile agus bhur gclann gan athair.

Má thugann tú iasacht airgid d’aon bhochtán de mo phobal le d’ais, ná

himir cleas an úsaire air agus ná héiligh ús uaidh.

Má thogann tú riamh brat duine mar gheall tabhair ar ais dó é roimh luí

na gréine; óir sin a bhfuil aige d’éadach, sin é an brat a bhíonn faoina

chorp aige, agus cad eile atá aige le codladh ann?

Briathar Dé.

Salm le Freagra Sm 17

Freagra

Mo ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú.

I. Mo ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú,

mo charraig thú, mo dhaingean is mo shlánaitheoir. Freagra

2. Mo Dhia thú, mo charraig, is mo dhídean;

mo sciath, adharc me shlánaithe, mo dhún.

Glaoim ar an Tiarna dar dleacht moladh

agus déantar mo shaoradh ó mo naimhdé.

Freagra

3. Go maire an Tiarna! Is é mo charraig é!

Go raibh Dia mo shlánaitheoir á mhóradh.

Thug sé caithréimeanna dá Rí

agus nocht sé a ghrá dá Ungthach.

Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as an céad litir Naomh Pól chuig na Teasalónaigh 1:5-10

A bhráithre, tá a fhios agaibhse mar a thugamar ár saol, fad a bhíomar

in bhur measc, ar mhaithe libh. Agus rinne sibhse aithris orainn agus ar

an Tiarna, mar d’ainneoin gach anacra ghlac sibh leis an mbriathar

uainn le lúcháir an Spioraid Naoimh, sa tslí go raibh sibh mar shampla

ag a bhfuil de chreidmhigh sa Mhacadóin agus in Acháia. Mar is uaibhse

amach a leath briathar Dé, agus ní sa Mhacadóin agus in Acháia

amháin é, mar tá scéal bhur gcreidimh i nDia scaipthe san uile áit, i

dtreo nach gá dúinne aon ní a rá faoi. Tá na daoine féin ag cur síos ar

an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na

déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíorDhia beo agus chun feitheamh

lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis – an Mac a thóg sé ó

mhairbh agus atá dár bhfuascailt ón bhfearg atá le teacht.

Briathar Dé.

Alleluia Véarsa Gniom 16: 14

Alleluia, alleluia!

Oscail ár gcroí,A Thiarna,

Cun aird a thabhairt ar bhraithra do Mhic

Alleluia!

SOISCÉAL

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Matha 22:34-40

Gráóidh tú do Thiarna Dia agus gráóidh tú do chomharsa mar

thú féin

San am sin nuair a chuala na Fairisínigh nár fhág Íosa focal ag

na Sadúcaigh,

chruinnigh siad féin le chéile, agus duine acu, a bhí ina

dhlíodóir, chuir sé ceist air ag baint trialach as:

“A Mháistir, cén aithne mhór sa dhlí?”

Dúirt sé leis: “‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán

agus

ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán’ – is í sin an

aithne mhór agus an phríomhaithne.

Agus is cosúil léise an dara ceann:

‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’

Ag brath ar an dá aithne sin atá an dlí ar fad agus na fáithe.”

Soiscéal Dé.

Christopher Lucey 100th Anniversary

Christopher Patrick Lucey died 10th Nov. 1920 in Toureendubh,

Ballingeary. Late of no. 3, Pembroke St., Cork.

He was born on 21st Dec. 1897 to:

John Lucey, formerly of Cooligrenane, Inchigeela & Nora

Lucey of Kanturk.

Remembered by descendents of Lucey & Kennedy families.

Ar deis De go raibh a hanam dilis

Anniversaries

Peter Cronin, Carrignacurra

Timmy Kelleher, Keakill and Inchigeela

Nora Linehan, Douglas and Gortaveer

Sympathy

The sympathy of the parish is extended to the family of Nancy

Hallissey, Munvadra who died recently

Church of St.

Finbarr and

Holy Angels,

Inchigeela

(1842)

Ni neart go cur le céile

Séipéal N.

Fionn Barra

and N.

Ronán,

Béal Átha’n

Ghaorthaidh

(1826)

Saturday Vigil Mass

Saturday Vigil Mass