GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig, 2012RÉIGIÚNACH• 17Fadhbanna ag togra gaoithe na SceirdeMáirtín Ó CatháinCÉ go dtuairiscítear go bhfuil isteachagus amach ar €250,000 caite arscéim gaoithe na Sceirde, naoi mílesiar ó chósta Chonamara, tá an tograina lán stad anois.Tuigtear nárbh fhiú tuilleadh airgida chaitheamh ar an iarracht muran-íocfaí idir 14 agus 15 cent an t-aonad ar an leictreachas a ghinfí ann.Ach dá síneofaí conradheaspórtála idir an tír seo agus anBhreatain d’fhéadfadh léas dóchais abheith ag an scéim.Bhí sé leagtha síos mar sprioc gogcríochnófaí comhráití idir fheidhmeannaighas Éirinn agus as anmBreatain faoi easpórtáil fuinnimhgaoithe sall thar Mhuir Éireann anmhí seo.Bheadh an conradh le síniú agPríomhaire na Breataine agus anTaoiseach go luath san athbhlian.Ach níl a fhios anois an féidir coinneáilleis na spriocanna sin. Meastargo mbeadh fáil ar phraghsanna níosairde ag táirgeoirí fuinnimh gaoithesa mBreatain agus go bhféadfadhdeis a bheith ag áiteacha ar nós naSceirde ar an gcaoi sin. Ach tádeacrachtaí ann níos gaire do láthairfreisin.Cé go raibh go leor cainteanna idiran comhlacht Fuinneamh SceirdeTeo agus feidhmeannaigh as Ollscoilna hÉireann i nGaillimh, níorthángthas ar réiteach eatarthu fósfaoin gcaoi a lonnófaí na muilte.Tá stáisiún taighde atmaisféir agusaimsire ag an Ollscoil ar CheannMása i gCarna.Is cosúil go bhfuiltear imníoch gobhfágfadh na muilte lorg archaighdeán an aeir ag teacht aniar idtreo an stáisiúin atmaisféir agusaimsire.Glactar leis go bhfuil an sruth aeirag an stáisiún seo chomh glan agusatá ar fáil agus tá sé ina shlat tomhaisar ardchaighdeán aer ag cuid mhórstáisiún eile.Fágann an éiginnteacht uilig gobhfuil scéim na Sceirde, an t-aonscéim gaoithe atá ar na bacáin amachó chóstaí thiar na hÉireann, i bponcfaoi láthair. Cheadaigh Údarás naGaeltachta os cionn €100,000 marchabhair leis an obair thaighde agusphleanála go dtí seo.LAIGHINNUACHTSeoltar scéalta chuig:nuacht@gaelsceal.ieSeol d’iontráil isteachchuig :Comórtas, Gaelscéal,An Chuasnóg, BaileArd, An Spidéal, Co.na Gaillimhe.roimh 6 Eanáir 2013ComórtasTá geansaithe Ros na Rún le buachanNíl le déanamh ach an cheist seo a leanas a fhreagairt:Cé na hoícheanta den tseachtain a mbíonn Ros naRún á chraoladh?Freagra :Ainm :Seoladh :Uimhir gutháin :hoícheanta agus laethanta lánaimseartha.Nuair a bhíonn deagánachoirnithe is féidir leis a bheith i gceannasar shochraidí, ar bhaistí, ar phóstaíagus ar shearmanais eile ach níféidir leis an tAifreann a cheiliúradh.Obair dheonach í ach go bhfuilcead ag an deagánach glacadh le síntiúis.“B’fhéidir go mbeadh €100 ag duldó as searmanas pósta nó sochraid,”a deir an tAthair John Gilligan, “nóidir €15 agus €20 ar bhaisteadh.D’íocfaí costais leis freisin dá dtitfeadha leithéid air.”Ní moltar go gcaithfeadh deagánachculaith sagairt ach amháin sagcás go mbeadh sé ag tabhairtcuairte ar ospidéal nó ar phríosún.Maigh EoBuaiteoirí naTóraíochtaTaisce fógarthaTÁ buaiteoirí an chomórtais‘Tóraíochta Taisce’ a d’eagraigh GnóMhaigh Eo i gcomhar le siopaí igCathair na Mart fógartha.Bhí an lá le cúigear ó Chathair naMart; Leah Moore, Alanna Sheridan,Niamh Madden, Rosa Kinsella,Michael Moore, agus duine ón MalaRaithní, Amber Farrell.Bhí ar gach iomaitheoir Gaeilge alabhairt le lucht na siopaí sa bhailechun freagraí na gceisteanna a fháil.B’iarracht í le cur in iúl do dhaoineóga gur féidir leo an Ghaeilge a úsáidtaobh amuigh den scoil agus spraoi abhaint aisti. Chomh maith leis sin,thug sé deis do na siopadóirí a gcúplafocal féin a úsáid.Ghlac 14 shiopa páirt san imeacht,ina measc, Treacys Pharmacy, WestportFraming, Dyers Jewellers, Kaleidoscope,Boutique Colette agusSiopa Caife O’Cees.Ag ócáid bronnta gradam an tseachtain seo caite, bhronn an tOllamh PaulMcCutcheon, Ollscoil Luimnigh, scoláireacht €2,000 ar Shéan Pokall,iarscoláire Choláiste an Eachréidh, mar aitheantas ar na sárthorthaí Ardteistiméireachtaa bhain Seán amach. Tá an príomhoide, Brian Ó Maoilchiaráin,sa bpictiúr freisin.Baile Átha Cliath‘Slite naSláinte’ seolta igCromghlinnMéabh Ní ThuathalánRINNE Comhairle Cathrach BhaileÁtha Cliath agus Foras Croí nahÉireann trí bhealach siúil dar teideal‘Slí na Sláinte’ a sheoladh antseachtaine seo caite i Cromghlinn,Baile Átha Cliath.Sheol Méara Bhaile Átha Cliath,Naoise Ó Muirí, na bealaigh siúilnuair a nocht sé leárscáil ina bhfuilna bealaí siúil leagtha amach air,atá in airde taobh amuigh d’oifigína Comhairle i sráidbhaileChromghlinne.“Is aclaíocht den scoth é an siúlagus is iontach go bhfuil anChomhairle Cathrach agus FhorasCroí na hÉireann i ndiaidh atheacht le chéile agus an seirbhísseo a chur ar fáil.De réir staidéir a rinneadh inÉirinn le déanaí, a raibh 8,500páiste 13 bliana déag d’aoispáirteach ann, fuarthas go raibh20% dóibh ‘ramhar’ agus 6% dóibh‘murtallach’.Is bealach iontach simplí é a bheithag siúl le dea-nósanna aclaíochtaa fhorbairt i bpáistí agus i ndaoinefásta araon,” a dúirt sé.Is tionscnaimh de chuid FhorasCroí na hÉireann é ‘Slí na Sláinte’ ledaoine a spreagadh chun siúil.Tá trí bhealach siúl ann ar fhaidéagsúla: an bealach buí atá 3km, anbealach dearg ata 2.1km agus anbealach gorm atá 1.8km agus tá natrí bhealach oiriúnach do shiúlóiríar gach leibhéal, dar leis anbhForas.Baineann ‘Slí na Sláinte’ leas ascomharthaí tarraingteacha gach ciliméadargo mbeidh daoine ar aneolas faoi cé chomh fada agus atásiad ag siúl agus le spreagadh athabhairt chun tuilleadh siúlóide adhéanamh.Go dtí seo, tá 190 bealach siúiltimpeall na tíre agus tá sé ag scaipeadhag leibhéal idirnáisiúntachomh maith.Dúirt Edel Byrne ó Fhoras Croí nahÉireann go raibh sí ag súil go
18• RÉIGIÚNACH GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig, 2012An LúCruinniú ‘plódaithe’ ag Coláiste RísColm Ó BroinBHÍ slua mór i láthair ag oícheoscailte do mheánscoil lánGhaeilgenua i nDún Dealgan le déanaí.Osclóidh Coláiste Lú i MéanFómhair 2013.“D’éirigh go han-mhaith leis, bhían cruinniú plódaithe agus bhí idir150 agus 200 duine ann idir thuismitheoiríagus daltaí,” arsa MicheálÓ Caoilte, múinteoir agus ball deBhord Stiúrtha na scoile.“Fuair muid go leor iarratas donscoil; tá 32 dalta againn do 2013 agus32 do 2014.”Tá 40% de na daltaí seo ag freastalar scoileanna Béarla faoi láthair, achdeir Ó Caoilte go bhfuil caighdeán ardGaeilge acu. Beidh campa samhraidhar siúl do na daltaí sin chun barr feabhaisa chur ar a gcuid Gaeilge chomhmaith.Táthar ag súil go mbeidh 300-400dalta sa scoil amach anseo.Bheartaigh Coiste GairmoideachaisLú meánscoil lánGhaeilgea bhunú in 2010. Bhí cruinnitheag an gcoiste agus múinteoiríGaeilge sa chontae ag rinneadhmeasúnú ar an éileamh a bhí ann donmheánscolaíocht Ghaeilge.“Tá trí Ghaelscoil in aice le DúnDealgan agus tá ceithre cinn eile sacheantar máguaird, mar sin bhí afhios againn go mbeadh éileamh ann.Bhí cruinnithe againn leGaelscoileanna agus le scoileannaeile agus bhí cruinnithe againn le tuismitheoirí.Fuair muid amach goraibh níos mó éilimh i dtuaisceart anchontae ná sa deisceart.“Tá Institiúid Teicneolaíochta inDún Dealgan chomh maith, rud achiallaíonn go bhfuil seirbhís bhusmhaith ann.”Beidh an scoil ag déanamh freastailar éileamh i dtuaisceart Lú, indeisceart Ard Mhacha agus in oirthearMhuineacháin.Beidh an scoil lonnaithe ibhfoirgneamh in aice le ceannáras anChoiste Gairmoideachais ar Sráid antSéipéil i nDún Dealgan. Tógadh anfoirgneamh cúpla bliain ó shin agusúsáideadh é chun ranganna a chur arfáil do dhaoine fásta.Tá sruth Gaeilge i meánscoil Bhéarlai nDún Dealgan, Coláiste Rís, lefada an lá. Tá rang amháin i ngach bliaina mhúintear trí mheán na Gaeilgeagus glacann foirne ón scoil páirt igcomórtais ar nós Díospóireacht UíChadhain, a reáchtálann Gael Linn doghaelscoileanna.“Níor chuala muid rud ar bith ÓCholáiste Rís agus muid ag beartú nascoile nua, agus beidh muid ag tosúin aice leo, ar an tsráid chéanna,” arsaÓ Caoilte.“Níor mhaith linn go mbeadh rudamháin ag tosú agus rud eile agcríochnú; níl muid ag iarraidh é sin afheiceáil. Tá traidisiún láidir acu agustá súil agam go leanfaidh sé araghaidh.”Ní raibh aon duine ó Choláiste Rísar fáil le labhairt le Gaelscéal antseachtain seo faoin tionchar abheadh ag an meánscoil nua orthu.rachaidh ‘Slí na Sláinte’ i bhfeidhmgo mór ar shláinte an phobail áitiúl.“Tá ról thar a bheith suntasach agaclaíocht i sláinte an duine go ginearáltaach téann sé ar leas an chroí,laghdaíonn sé leibhéal struis aguspian droma chomh maith,” a dúirtsí.Mhol sí gur cheart 30 nóiméad achaitheamh i mbun aclaíochta (arnós a bheith ag súil go measarthagasta), cúig huaire sa tseachtain.“Bhí sé mar sprioc againn siúl aéascu do mhuintir Chromghlinne.Tá sé iontach tábhachtach go bhfuilspás sábháilte ar fáil sna cathrachaagus sna bailte ar fud na tíre chun abheith ag siúl,” ar sise.Loch GarmanEishtec le 250post a chruthúD’FHOGAIR an comhlacht Eishtec,comhlacht a chuireann seirbhísítacaíochta ar fáil do chustaiméirí‘fóin chliste’, go mbeidh siad agearcú 250 oibrí breise sna deich míamach romhainn san ionad atá acu inDraighneach, Loch Garman.Thosaigh Eishtec amach i mí naBealtaine 2011 agus tháinig fás suntasachorthu ó shin. Faoi láthair tá400 fostaithe acu i bPort Láirge agusardófar líon na n-oibrithe in oirdheisceartna tíre go dtí 650 faoi mhíDheireadh Fómhair 2013.Dúirt Brian Barry, duine de bhunaitheoiríEishtec: “ Cuireann muidfáilte roimh an bhfás atá ag teacht aran gcomhlacht. Ó mhí Eanáir anuraidh,d’fhostaigh muid 250 duineagus is ábhar athais gur féidir linncur leis sin i mbliana.”Thug Barry moladh do RichardBruton, an tAire Post, Fiontar agusNuálaíochta agus do d’FhiontraíochtÉireann as ucht na tacaíochta a chuirsiad ar fáil don chomhlacht.Dúirt an tAire Bruton gur deascéalaé do mhuintir an cheantair, áita bhfuil leibhéal ard de dhaoinedífhostaithe.Tá Eishtec i ndiaidh conradh eile ashíniú leis an EE, an chomhlacht atátaobh thiar de líonraí Orange, T-Mobile agus EE, atá á sheoladh maran chéad líonra tapa de 4G. CuirfidhEishtec seirbhís thacaíochta ar fáildo dhaoine le seirbhíse fóin chliste,Android and iPhone ina measc.Tá an próiséas earcaithe faoi lánseoil cheana féin. Dúirt comhbhunaitheoiran chomhlachta, HeatherReynolds, go raibh sárscileanna agustaithí ag an bhfoireann atá ag obairleo faoi láthair agus go rachadh sin ibhfeidhm ar an fhoireann nua abheas ag toiseacht leo agus na custaiméiría bheas ag plé leo.An IarmhíLá Feasachtafaoi pháistíteifeachMéabh Ní ThuathalánREÁCHTÁLADH lá feasachta imBaile Átha Luain an Domhnachseo caite mar chuid d’iarrachtaíChomhairle Dídeanaithe na hÉireann(CDÉ) agus eagraíochtaí áitiúlaaird a tharraingt ar phaistí, ar teifighiad, atá gafa sa ‘chóras díreach’.Ó foilsíodh an tuarascáil is déanaíón CDÉ, dar teideal “State SanctionedChild Poverty and exclusion”,tá an CDÉ ag comhoibriú le heagraíochtai gcúig cheantar éagsúlatimpeall na tíre ina bhfuil ionadcórais dhírigh ann, le dul i ngleic letorthaí na tuarascála.Dúirt Sue Conlan, príomhfheidhmeannachan CDÉ, nach bhfuil nahionaid oiriúnach do pháistí ar chorbith.“Tá daoine ag maireachtáil ó lá golá sna hionaid seo, teaghlaigh i bhfolachar a chéile, agus iad ar fad arimeall an tsochaí.”Bhain ceann de na hábhair bhuarthale heaspa spáis, agus ganntanasspáis shúgartha do phaistí. Thug anlá feasachta deis do pháistí atá sachóras díreach a bheith ag súgradh,chomh maith le haird a tharraingt archás na dteifeach.Páistí is ea tríú cuid díobh sin atáag fanacht in ionaid chórais dhírightimpeall na tíre.Tromluí Pinnochio, léiriú dá theangach de chuid Moonfish Productions atá ag fáil léirmheasanna den scoth. Beidh andrama bríomhar seo ar siúl sa Smock Alley Theatre, Baile Átha Cliath go dtí an 22 Nollaig. Le ticéid a chur in áirithe nóle tuilleadh eolais a fháil cuir glaoch ar 01 6770014 nó seol rphost chuig info@smockalley.com.
- Page 1 and 2: €1.65 (£1.50)Uimh. 51Ag Cothú P
- Page 3 and 4: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 5 and 6: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 7 and 8: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 9 and 10: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 11 and 12: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 13 and 14: 14• TRÁCHTAIREACHT GAELSCÉALDé
- Page 15: 16•GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 No
- Page 19 and 20: 20• RÉIGIÚNACH GAELSCÉALDé C
- Page 22 and 23: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 24 and 25: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 26 and 27: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 28 and 29: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 30 and 31: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig