GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig, 2012SPÓRT• 29Bronntanas Leabhar na NollagTá go leor leabhra spóirt ar an mhargadh an Nollaig seo faoi chúrsaí CLG, rugbaí, sacair, gailf agusrothaíochta agus seo cuid ba mhaith le Gráinne McElwain a fheiceáil faoin gcrann Nollag i mbliana.Cumann Lúthchleas GaelAll in My Headle Lar Corbett(Transworld Ireland)CÁINEADH taicticí Corbett agus bainistíochtThiobraid Árann go géar i gCluicheLeathcheannais na hÉireann in aghaidh ChillChainnigh i mbliana nuair a chaith Corbett ancluiche ar fad ag leanúint Tommy Walsh.Sa leabhar seo, déantar cur síos ar an eachtrasin chomh maith le bóthar Corbett ó thosaighsé amach i ngeansaí Thiobraid Árann agus é agsúil go mór le himirt arís an bhliain seochugainn faoi stiúir Eamon O’Shea.Chuidigh an t-iriseoir Damian Lawlor le Corbettan leabhar seo a scríobh agus tá scéal ionraicoscailte le fáil ann.My Journeyle Jim Stynes(Penguin Ireland)FUAIR Jim Stynes bás le hailse i mí an Mhárta imbliana agus gan é 45 bliana d’aois. Laoch mórna hÉireann agus na hAstráile ab ea é abhuaigh Craobh Mionúir Peile na hÉireann leBaile Átha Cliath agus an bonn Brownlow agimirt peil Astrálach le Cumann Peile Melbourne.Bronnadh an gradam Hall of Fame air agusainmníodh é mar Dhuine na Bliana in Victoria.Seo cur síos ar a scéal pearsanta, a phearsantachtagus é ag troid in aghaidh ailse.Scríobhtar faoi na cúiseanna gur bunaíodhan Reach Foundation agus an méid atá bainteamach acu.RothaíochtSeven DeadlySins: My Pursuitof LanceArmstrongle David Walsh(Simon & Schuster)NUAIR a bhuaigh Lance Armstrong an Tour deFrance den chéad uair in 1999, bhí an domhainag ceiliúradh mar gheall ar an éacht a bhí déantaaige.D’éirigh leis filleadh ar an rothaíocht tar éisailse a bheith air agus cé go raibh sé níos láidreagus níos fearr mar rothaí ina dhiaidh sin, níorchuir mórán an cheist air cé as ar tháinig antalann nua seo.Níor chreid an t-iriseoir ón Sunday Times,David Walsh, scéal Armstrong riamh.Mhothaigh sé go raibh sé ag tógáil drugaí aguschaith sé níos mó ná 12 bhliain ag iarraidh anfhírinne a fháil amach.San Fhómhar 2012, foilsíodh tuairisc USADAa bhí an-chriticiúil faoi Armstrong agusbaineadh na seacht mbua sa Tour de Franceuaidh. Seo é scéal Walsh agus é ar thóir nafírinne.The Secret Racele Tyler Hamilton & Daniel Coyle(Bantam Press)BHUAIGH an leabhar seo an duais William Hilli Sasana agus is faoi dhrugaí agus na cúiseannaa dtógann rothaithe iad croílár an scéil.Bhí Tyler Hamilton mar chuid den fhoireannUS Postal a bhí ag rothaíocht le Lance Armstrongagus déantar cur síos ar na hócáidí athóg siad drugaí, na bréaga a bhí le n-insintacu, agus cé chomh éasca is a bhí sé drugaí athógáil.Is scéal gruama é ach tá sé an-suimiúil.Seans nach mbeidh mórán trua agat do Hamiltonagus ní bheidh meas ar bith agat ar Armstrongina dhiaidh, ach nochtann Hamiltongach rud a tharla san fhoireann ag an am.RugbaíIf You ReallyKnew Mele Brent Pope(Irish Sports Publishing)TÁ aithne mhór ag daoine anois ar Brent Popemar gheall ar an anailís a dhéanann sé ar rugbaíar RTÉ. D’imir sé féin rugbaí sa Nua-Shéalainn agus chaith sé tamall ag cóitseáil inÉirinn chomh maith agus cé go bhfuil neart cursíos sa leabhar ar spórt, tá go leor ann fostafaoina phearsantacht féin.Cuireann sé é féin i láthair mar dhuine gealgháireachach trí bliana ó shin fuair sé amachgo raibh pearsantacht “distímeach” aige.Cineál dúlagair atá ann agus bhíodhlagmhisneach air go minic, rud nach raibh areolas ag an bpobal agus iad ag breathnú air aran teilifís.Déanann sé cur síos ar an ngné seo dá shaol,rud a chuireann an-daonnacht sa scéal spórtseo.SacarI Am The SecretFootballer: Liftingthe Lid on theBeautiful GameAnaithnid(Guardian Books)CUIREADH tús le colún faoi ainm cleite sapháipéar The Guardian timpeall dhá bhliain óshin nuair a thosaigh imreoir ó PhríomhroinnShasana ag scríobh faoina thaithí sa seomrafeistis, mar aon leis an dóigh a mbíonn bainisteoiríagus an domhan taobh istigh agusamuigh den chlub sacair.Níl a fhios ag an bpobal cé hé an peileadóirrúnda seo ach tá go leor sna deich gcaibidilagus é ag déanamh cur síos ar gach rud óbhainisteoirí, na meáin chumarsáide, luchttacaíochta, airgead, drochiompar agus taicticí.Iniúchadh fíorshuimiúil agus de réir dealraimhan-chruinn ar cad go díreach a dhéanannpeileadóirí gairmiúla.GalfInside PádraigHarrington’s Headle Paul Keane(Irish Sports Publishing)BHUAIGH Pádraig Harrington trí mhórchomórtasgailf laistigh de bhliain. Ansinshocraigh sé gach rud a bhaineann leis andóigh a d’imir sé a bhriseadh síos agus a athrúagus é ag iarraidh feabhas a chur ar a chuidgailf.Níl aon mhórchomórtas buaite aige ó shinagus neosfaidh an aimsir an dtarlóidh sé arís,ach labhraíonn sé go hionraic le Paul Keanefaoina ghalf, an dearcadh atá aige faoin spórtagus an aird a thugann sé ar gach gné denspórt agus ina chuid ullmhúcháin.
30• SPÓRT GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig, 2012Ar an gclaíLe John AllenConallaigh agus Cait armhuin na muiceAn tseachtain seo caitechaitheas siúil siar ar angcéad chuid de bhliainspórt idir chontae an CLG.An tseachtain seo beidhmé ag féachaint ar an “taobh gnó” denbhliain.Tosóimid le Dhomhnach Cincísenuair a mhúin Cill Chainnigh ceachtd’iománaithe Chorcaí i gCraobhchluichena Sraithe. Bhuadar an cluichear an líne scóir 3-21 in éadan 0-16.Ag an bpointe sin, bhí an cuma ar anscéal go mbeadh na Cait dochloíte arísi mbliana.Coicís ina dhiaidh sin, d’fhógair LarCorbett go raibh sé chun dul ar ais agimirt arís . Bhí na meáin lán de scéaltafaoi an maidin Luain sin i lár mhíMheithimh. Tháinig an dea-scéal sincoicís roimh a gcéad chluiche igCraobh na Mumhan.Ach ní fhacamar Lar an Domhnachsin i nDúrlas nuair a chuir Luimneachá lán ceisteanna orthu, ach ag andeireadh le cabhair na n-ionadaithe,Shane McGrath, Seamus Callinanagus Bonner Maher, bhí an lá leo.An Domhnach ina dhiaidh sin,thaispeáin seaimpíní peile 2011 BaileÁtha Cliath go rabhadar ar ais ar asean-léim nuair a thugadar léasadhceart do Chontae Lú i bPáirc an Chrócaigh.An Satharn roimh an gcoimhlintmhór i bpeil na Mumhan, idir Chorcaighagus Ciarraí, d’fhógair bainisteoiriomána Aontroma, Jerry Wallace,go raibh sé ag éirí as . Ansinseachtain ina dhiaidh sin d’fhill sé arais mar chúntóir don bhainisteoirnua, Jim Nelson. Cúpla lá ina dhiaidhsin d’imigh sé arís. Nach ait an mac ansaol.Ag teacht chuig deireadh na míosa,thaispeáin seaimpíní Chill Chainnighgo rabhadar lán dáiríre faoi ChornLiam Mhic Cárthaigh a choimeád letaispéantas uaibhreach i gcoinneBhaile Átha Cliath, 2-21 in aghaidh 0-9.Ach níor mhair an mothúchánrófhada mar, le taispéantas foirne denchéad scoth, thug iománaithe naGaillimhe ceacht dóibh i gCraobhchluichean Chúige chun Corn BobO’Keefe a thabhairt leo den chéaduair riamh .Chuir Tiobraid Árann CraobhMumhan eile leis an gceann abhuadar anuraidh, agus, i ndiaidh nagcluichí cáilithe agus bua i gcoinne nanDéise sa chluiche ceathrú ceannais,tháinig Corcaigh tríd an gcúldoraschun tabhairt faoi Ghaillimh saKarl Lacey ó Dhún na nGall agus Henry Shefflin ó Chill Chainnigh ag duaiseanna Chumann na nImreoirí Gaelacha i Nua-Eabhrac an mhí seo caite. GRIANGHRAF: SPORTSFILE.chluiche leathcheannais. Ach bhíGaillimh rómhaith dóibh, go háirithesa dara leath.Sa chluiche leathcheannais eile bhína Cait, (i ndiaidh buachaint ar Luimneachsa chluiche ceathrú ceannais)agus Tiobraid Árann agus cad é marthaispeántas a thug na Cait sa daraleath chun léasadh d’ocht gcúilíndéag a thabhairt don fhreasúra.Sin an cluiche ina raibh anfophlotaí ar siúl idir Lar Corbett, JackieTyrell, Tommy Walsh agus PaBourkeSa pheil, agus Lúnasa linn, ba iadCorcaigh agus Dún na nGall agusBaile Átha Cliath agus Maigh Eo a bhíag ullmhú do na cluiche leathcheannaisCraoibhe.Sa chéad ceann, ar an Domhnachdeireanach de Lúnasa, thug Dún nanGall ard-taispeántas i gcoinne Chorcaighchun áit a bhaint amach sachluiche ceannais don chéad uair ó1992.An Domhnach ina dhiaidh sin,chuir Maigh Eo críoch le séasúr naDubs agus bhaineadar áit amachdóibh féin ar an lá is mó ar an bhféilirepeile.Ach bhí an iomáint fós le n-imirtagus thaispeáin Gaillimh don domhaniomána go raibh siad chomh maithleis na seaimpíní i cluiche acríochnaigh ar chomhscór .Ait go leor, críochnaigh cluicheceannais na mionúr cothrom freisinan lá céanna ar an láthair chéanna.Sa Craobh Peile bhí tús thar a bheithsásúil ag Dún na nGall agus iadseacht gcúilíní chun cinn taobh istighde na chéad deich nóiméad. Ach níorlig Maigh Eo leo. D’imríodar le fíor spioradach ní rabhadar in ann an farasbarra tharraingt ar ais. Mar sin bhailighcaptaen na foirne, Michael Murphy,Sam agus thosaigh an ceiliúradhnach bhfuil críochnaithe fós .Ar an lá deireanach den mhí,cuireadh críoch leis an mbliain iománanuair a thug Cill Chainnigh léasadhceart do Ghaillimh, a bhí faoi mhíbhuntáistemar go raibh an cúl báire,James Skehill, gortaithe ón Aoineroimh an athimirt agus gortú glúineag cur isteach ar an laoch Joe Canning.Ceithre lá i ndiaidh na Craoibhe rinneadhna tarraingtí don séasúr nua.Rotha Mór an tSaoil ag síorchasadh.Agus Oíche Shamhna ag teacht, bhíócáid mhór Réalta Peil agus Iománana Bliana ar siúl agus mar is gnáchbíonn argóint i gcónaí faoi dhéantúsna foirne . Ach is roghnóirí ó na meáina phiocann na foirne agus sin é. AinmníodhKarl Lacy agus Henry Shefflinmar imreoirí na bliana agus JohnnyCoen agus Cillian O’Connor marimreoirí óga na bliana.Beidh an turcaí againn an tseachtainseo chugainn agus ansin tosóidhna rotha ag casadh arís do 2013 .Nollaig faoi shéan agus faoi mhaisedhaoibh go léir .Focal Scor : Tháinig bás tobannPháidí Uí Shé aniar aduaidh orainn goléir. Bhí aithne maith agam air. D’imríosmionúr ina choinne in 1973 agusgo minic sna cluichí sinsir sna bliantaina dhiaidh sin. Bhí sé dian cróga ar anbpáirc. Bhí sé ina laoch ceart nuair abhí sé ag imirt agus mar inspioráidmar bhainisteoir.Rinne sé an tuafás chun daoine amhealladh isteach sa Ghaeltacht leblianta beaga anuas. Fíor-Ghael a bhíann. Cinnte ní bheidh a leithéid arísann.
- Page 1 and 2: €1.65 (£1.50)Uimh. 51Ag Cothú P
- Page 3 and 4: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 5 and 6: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 7 and 8: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 9 and 10: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 11 and 12: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 13 and 14: 14• TRÁCHTAIREACHT GAELSCÉALDé
- Page 15 and 16: 16•GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 No
- Page 17 and 18: 18• RÉIGIÚNACH GAELSCÉALDé C
- Page 19 and 20: 20• RÉIGIÚNACH GAELSCÉALDé C
- Page 22 and 23: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 24 and 25: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 26 and 27: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 30 and 31: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig