GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig, 2012BEATHA• 25Sally O'Néill agus Digna, cailín ó Ghuatamala.graíocht a bhí lonnaithe sa Ríocht Aontaithe.Bhí mé i gcónaí ag iarraidh dulgo Meiriceá Theas, agus nuair atairgeadh an post dom in Guatamalaagus iad ag rá go múinfeadh siadSpáinnis dom, bhí mé ar bís. De thairbhean phoist sin, chaith mé 4 bliana agobair in Guatamala agus sa Hondúras.Ní raibh ach tuarastal de 27 dollar inaghaidh na míosa á thuilleamh agam,mar sin ní raibh an t-airgead agamchun eitilt a fháil ar ais go hÉireann agan am. Nuair a chríochnaigh mé mochuid oibre i Meiriceá Láir, d’iarr aneagraíocht orm dul go Peiriú marstiúrthóir na heagraíochta ansin, agusis ansin a chuala mé trácht ar ‘Thrócaire’,”arsa Sally.“Bhí mé ag taisteal ar bhád chuigtionscadal sláinte faoin dtuath iréigiún an Amasóin agus fuair muidsáinnithe san abhainn mar gheall arfhánsruthanna dainséaracha. Tháinigroinnt daoine dúchasacha chun cabhaira thabhairt dúinn agus thug siadhámóg dom le codladh ann agus roinntbia. Nuair a d’inis mé dóibh gurbhas Éirinn dom, thug siad litir dom.Dúradar go bhfuair siad an litir ó‘Thrócaire’, agus ann d’inis sé dóibhgo bhfuair siad maoiniú dá gclinicleighis. Cúpla mí ina dhiaidh sinscríobh mé litir chuig ‘Trócaire’, lenará leo go raibh mé an-tógtha leis antionscadal a bhí ar bun acu. Ba é anstiúrthóir a bhí ar ‘Thrócaire’ ag an amná Béal Feirsteach darb ainm BrianMcKeown. Scríobh Brian ar aischugam le cuireadh a thabhairt domdul ag obair le ‘Trócaire’ mar go raibhsiad ag iarraidh a gcuid tionscadal iMeiriceá Theas a leathnú amach. Níraibh mé ag smaoineamh ar dul ar aisgo hÉireann ag an am, ach 6 mhí inadhiaidh sin bhí coup d'état i bPeiriúagus chuir an rialtas deireadh lena lánclár cúnaimh ansin, agus bhí misefágtha gan post. Mar sin, shocraigh méfilleadh ar ais ar Dhún Geanainn.Chuaigh mé i dteagmháil le ‘Trócaire’,agus rinne mé agallamh leo. An lá inadhiaidh sin, thosaigh mé ag obair leo.”Is iad ‘Trócaire’ an eagraíochtoifigiúil atá ag an Eaglais Chaitliceachin Éirinn d’fhorbairt thar sáile. BhunaighEaspaig na hÉireann aneagraíocht in 1973. Ní ionann an láeinniu agus an lá inár bunaíodh ‘Trócaire’,ó thaobh na hEaglaise Chaitlicíde, nó ó thaobh meas phobal na hÉireannar an Eaglais Chaitliceach chéanna.Tá scannal i ndiaidh scannail taréis an Eaglais Chaitliceach a bhualadh,agus níl ‘Trócaire’ slán ó na scannailsin. I mí na Samhna seo caite, d’éirighEaspag Dheoise Chluain Fearta, JohnKirby, as a phost mar chathaoirleach ar‘Thrócaire’. Is de bharr na dtorthaí abhí ar athbhreithniú neamhspleách arinneadh ar a chosaint do pháistí inaDheoise a shocraigh sé éirí as. Dúradhsan athbhreithniú gur dheileáil sé imbealach, ‘neamhchuí’, le líomhaintífaoi mhí-úsáid sa Deoise.An raibh aon tionchur ag na scannailseo, agus ag an athrú ar mheon anphobal i leith eagraíochtaí reiligiúnachaar obair laethúil Sally?“Tá na scannail tar éis an t-uafáspéine a chruthú don a lán daoine, agustáthar tar éis tionchur ollmhór a bheithacu ar an muinín atá ag pobal nahÉireann as an Eaglais Chaitliceach. Níraibh aon tionchur dhíreach ar mochuid oibre féin. Tá a mbord bainistíochtféin ag ‘Trócaire’, agus amharcannsé seo i ndiaidh ár gcuid obairagus ár bpolasaithe. Bhí an eagraíochti gcónaí tiomanta don fhollasacht agustá caighdeán láidir freagrachta acu,rud atá an-tábhachtach d’aoneagraíocht atá ag baint úsáid as airgeadan phobal. In ainneoin na géarchéimeairgeadais in Éirinn, tá an pobal fósflaithiúil agus iad fós ag tacú lenárgcuid oibre. Cruthaíonn sé seo gogcreideann pobal na hÉireann go láidirsna ceartais, i gcothrom na Féinneagus i gcur le chéile.”Tá os cionn tríocha bliain caite agSally ag obair le ‘Trócaire’, agus le linnan ama sin tá gach gné den chinedaonna feicthe aici.An féidir le Sally tionchur obair‘Thrócaire’ a fheiceáil sna tíortha inaraibh sí ag obair, agus cén lorg atáfágtha sna tíortha sin acu, dar léi?“Táim tar éis gach cineál cáis a fheiceáil,óna bheith ag obair le daoine atáag fáil bháis leis an ocras san Aetóipagus sa tSomáil, go dtí íospartaigh dechogaí chathartha sa Chambóid, antSalvadóir agus Guatamala.”Mar sin, cén chaoi gur féidir le Sallysásamh a bhaint as a post?“Is é an chuid is fearr de mo phostná a bheith in ann a fheiceáil anbealach gur féidir le suim bheag airgiddifríocht ollmhór a dhéanamh. Nuaira thosaigh mé ag obair in Guatamala ardtús, fuair 70 máthair as gach 100 básle linn breithe linbh de bharr easpadochtúra, treallaimh, fáil ar uisce agusfiú eolas faoin tsláinteachas. Trí bliainó shin, thug ‘Trócaire’ faoi thionscadaldon Nollaig dár teideal ‘Gift ofChange’. Is éard a bhí i gceist ná pacaíde threallamh máithreachas a cheannachagus go gcuirfí traenáil ar fáil domhná cabhrach sna bailte beagatuaithe in Guatamala. Bhí tionchurollmhór ag an tionscadal seo ar shaolna mban ansin. I réigiún amháin arthug mé cuairt air coicís ó shin (denchéad uair le scór bliain anuas), bhímortlaíocht máithreacha ag neamhní.Chabhraigh an tionscadal sin le hoscionn 800 ban cabhrach, agus níorchosain na pacaí ach £15 an ceann,” adeir Sally.Tá sé mar aidhm ag ‘Trócaire’,deireadh a chur le bochtanas agussochaí níos cothroime a chruthú ar fudan domhain, ach an féidir a leithéid adhéanamh agus iad in amanna agobair i gcoinne rialtais áitiúla?“Cinnte, in amanna, is iad rialtaiséillitheacha iad agus is córaiséagóracha is cúis leis an mbochtannas,”a deir Sally. “Bíonn ‘Trócaire’ agobair i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaíeile agus iad ag iarraidh duli ngleic leis na fadhbanna seo. Táimidtar éis céimeanna ollmhóra chun cinna fheiceáil i dtíortha cosúil leis an AfraicTheas tar éis deireadh a theacht lecinedheighilt, nó mar shampla saChambóid théis réimeas Pol Pot, nó iRuanda théis an cinedhíothaithe.Tógann na fadhbanna seo tamall anfhadachun iad a chur i gceart, agus ibhfad tar éis dearmad a bheith déantaag na meáin chumarsáide ar na scéalta,bíonn ‘Trócaire’ fós ag obair leis napobail chun an saol a dhéanamh níosfearr dóibh.”Mar bhean atá tar éis a saol achaitheamh ag obair i dtíortha atá imbun cogaidh chathartha, nach n-airíonn sí in amanna go bhfuil nácásanna céanna agus na staid chéannaá fheiceáil aici arís agus arís eile?“D’oibrigh mise san Aetóip le linn anghorta in 1985 agus sa tSomáil le linnan chogaidh chathartha. Fuair nacéadta míle duine bás den ocras, agusis é sin ceann de na báis is uafásaigh dábhfuil ann. Sna 80í agus sna 90í bhímé ag obair le teifigh ó fhoréigeanpolaitiúil sa Cholóim, agus sa tSalvadóir.I Meiriceá Lair, mar shampla, fuairos cionn milliún duine bás, an-chuidacu dúnmharaithe ag scuaid báis….InGuatamala, bliain ó shin, bhuaighpáirtnéir de chuid ‘Thrócaire’ bua saChúirt Idir-Mheiriceánach um Cheartaan Duine, nuair a ciontaíodh seisearginearál míleata as dúnmharaitheIndiach Máigheach in 1984 agus in1986.Ní chailleann mé dóchas riamh.Tugann sé dóchas dom i gcónaí anbealach gur féidir le daoine a bhí maríospartaigh de choimhlint bhrúidúilleanúint orthu le dínit, agus iad ag iarraidhpobal níos fearr a thógáil….Dogach scéal uafáis a d’fhéadfainn ainsint, tá 10 scéal eile ann faoinmbealach a thugann daoine freagra aran uafás agus faoina míorúiltí a tharlaíonnsa bhealach ar féidir leo a saol achur ar ais le chéile arís.”Is léir ón gcur síos a dhéanann Sallyar a post gur aoibhinn léi é, agus í ag ráfaoi nach mbíonn , “leadrán”, uirthiriamh.Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoiThrócaire ag www.trocaire.org agus isféidir bronntanas na Nollag a cheannachón togra, ‘Gift of Change’ chomhmaith leis na bronntanais de phacaítreallaimh máithreachais ‘Safe Motherhood’do mhná Guatamala agwww.trocaire.org/gifts.
26• BEATHA GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig, 2012NUACHT LitríochtaLe Meadhbh Ní EadhraSúil siar litríochta 2012Tá an bhliain 2012beagnach thartanois agus bamhaith liom buíochasa ghabháillibhse, na léitheoirí, agus legach éinne a chabhraigh lioman leathanach litríochta a churle chéile gach seachtain. Saneagrán seo, cuireann triúrscríbhneoirí aitheanta a gcuidtuairimí faoin mbliain atáimithe in iúl. Bainigí sult astuagus Nollaig Shona daoibh goléir!Philip CummingsAr na dúshláin is mó a sháraighmé i mbliana bhí an focal cearta aimsiú le críoch a chur archeann amháin den nócha tréa scríobh mé.Saol an scríbhneora, anPhilip CummingsComórtasTá Gaelscéal ag tabhairt deise doléitheoirí Ghaelscéal ciseán de 12leabhar a bhuachan don Nollaig!Níl le déanamh ach an cheist seo a leanas a fhreagairt:Cé mhéad leabhar atá i gciseán leabhar NollagGhaelscéal?Seol freagraí chugainn:ar ríomhphost: caroline.nichualain@gaelsceal.ieDáta deiridh iontrála ná Dé hAoine 21/12/2012bhfeiceann sibh? Le linn donchuid eile agaibh a bheith agstreachailt le cánacha atá agardú agus le tóineacha atá agtitim as margadh tithe, bhífíorbhuarthaí ar mo leithéidse.Mar ní dhéanfadh focal arbith cúis sa chás seo, ná níchuirfeadh sé le héifeacht antré dá rachainn i muinín frásatimchainteach: focal cruinnbeacht a bhí uaim leis an gcoincheapa chur in iúl go bhfuilam fóirsteanach ann do gachrud.Ar na dúshláin a bhí roimhmo bhean chéile i mbliana bhíbéilí a dhéanamh do theaghlachar chócaireán a raibh aoigheann as feidhm ó bhí Nollaig2011 ann. Ach is beanchríonna í a thuig an tábhachta bhí le mo thasc féin agusd’aithin sí go mbeinn róghnóthachle dul amach ag cuartúcócaireáin nua di.Is aisteach an rud é, achtharla míorúilt dúinn beirt:d’aimsigh mise an focal a bhíuaim i gceann den dá bhíoblaatá agam (tá an freagra le fáil imBíobla na Críostaíochtafosta, dála an scéil), agusd’éirigh le Bernie ceadúnastiomána a fháil ar an gcéad iarracht.Glacaim leis go rachaidhsí amach sa charr lá éigin lecócaireán a cheannach os rudé go bhfuil an Nollaig ag teachtagus go bhfuil na páistí ag éiríbréan de phónairí agus aránrósta.Sa sos beag sula mbrisfidh sían cócaireán nua, seans gombeidh faill agam an dá leabharis mó ar bhain mé sult astui mbliana a athléamh, mar atáAn bhFuil Stacey Ag Iompar?le Tomás Mac Síomóin agusCriss-Cross: Mo Chara leGearóid Mac Lochlainn.Agus ar eagla go sílfeadhsibhse go bhfuil mé go hiomlánar son grinn sa trácht seo aran bhfocal ceart, seo gluaisghairid daoibh; an gnáth-nathar dtús agus fírinne an scríbhneoraina dhiaidh: all rightthinkingpeople = Protastúnaigh;seachadadh urghnách =céasadh easpórtáilte; lonnaíochtaíIosraelach = ionradh;Ultais = Béarla.Gheobhaidh sibh téarmaíeile ar focal.ie b’fhéidir, achléigí na scríbhneoirí a luaighmé thuas má tá sibh ar lorg nafírinne.Seolfaidh Philip Cummingscóip saor in aisce dá leabharnua ad delectationem stultorumchuig an gcéad duine achuirfidh an focal atá i gceistaige i ríomhphost chuig:drumraymond@dsl.pipex.comProinsias Mac anBhairdDeirtear liom go bhfuil andomhan ar tí éaga! Más fíor dona Máighigh, tá achan seansann gurb iad seo na focaildheireanacha a scríobhfaidhmé agus mura bhfuil seo léiteagat faoin Aoine go mbeidh nafocail chéanna amú ortsa!Tráth den tsaol, bhí mé antógthale tairngreachtaí agusconspóidí den chineál ach deréir mar atá na blianta agtéaltú, tchítear dom go bhfuilgo leor san am i láthair lenár n-aird a choinneáil ar tinneall, goProinsias Mac an Bhairdbhfuil gach san am atá thartagus cuid mhór dá bhfuil letheacht beo anois, ach inmhe an-aitheanta a bheith againn.Ceann de na leabhair is móar éirigh leis seo a chur ar moshúile dom i mbliana ná addelectationem stultorum lePhilip Cummings. Filíochtdhearcasach tríd is tríd achníos mó ná sin, tá beatha úrtugtha ag Cummings sa leabhardon ‘tré’ mar fhoirmfilíochta. Seo ceann amháinacu a mbeidh cuimhne air láníos faide anonn:“Trí bhac ar obair Dé:easpa crógachta;easpa umhlaíochta;easpag.”Ceann do stoca na Nollagcinnte!Ceannaím féin leabhair níosgasta ná mar a léim iad agus tádosaen go leith acu inagcarnán néata ag taobh naleapa agam go fóill agus brí nabliana reaite! Rún na blianaúire agam gan a dhath eile acheannach go dtí go mbíonnsiad léite!Domsa mar scríbhneoir, babhliain dhúshlánach í 2012. Igcaitheamh na bliana thosaighmé ar úrscéal a scríobh agusstad mé. Thosaigh mé inathuair agus leag mé uaim arísé. Tá mé ag brath toiseacht arísair thar thréimhse na Nollag…máthig muid slán ó ár naMáigheach, ar ndóigh!Anna HeussaffBhain mé an-sásamh as tríúrscéal nua Gaeilge a tháinigamach i mbliana: FilleannSeoirse le hÉilís Ní Anluain, AnLitir le Liam Mac Cóil agusBeirt Bhan Mhisniúla lePádraig Ó Siadhail. An leabharis mó ar fad a thaitin liom,áfach, ná Cois Móire, a scríobhAnnraoi Ó Liatháin i dtús na1960í faoina shiúlóid ar feadhAbhainn Mhór na Mumhan.Tá an stíl scríbhneoireachtago hálainn, agus tá grinnphictiúirden tírdhreach ann maraon le trácht géarchúiseach arstair agus ar shaol an phobail.Cinnte, tá rian a linne féin archuid dá thuairimí, ach isábhar spéise ann féin iad dáréir. Mura bhfuil fáil go réidh arCois Móire, molaim Cois Siúireleis an údar céanna a cheannachag www.cic.ie – áit abhfuil sladmhargadh Nollag arsiúl, go deimhin.Dhá leabhar Béarla a thaitingo mór liom ná Dreaming inChinese le Deborah Fallows,léargas gonta, barrúil ar shaolagus ar chultúr na Síne ótheangeolaí Meiriceánach,agus Travels in Wicklow, WestKerry and Connemara le J.M.Synge, atá fíorspéisiúil, deascríofa.Buaicphointe na blianaagam féin ná na tuairimí aroinn scata léitheoirí óga liomnuair a léigh siad dréachtm’úrscéil nua eachtraíochta,Hóng. Bhí siad an-tógtha leis,rud a thugann uchtach domanois go bhfuil an leabhar snasiopaí.Thosaigh mé ar úrscéal nuado léitheoirí fásta le déanaí,mistéir bleachtaireachta suitesa cheantar stairiúil ina bhfuilcónaí orm féin, Cill Mhaighneann.Dea-scéal na litríochtaGaeilge i mbliana ná gur ceapadhbainisteoir ar ÁIS faoidheireadh thiar - nó cén tairbheleabhair a scríobh gan dáiliúchánná díolachán ceart abheith orthu?Anna Heussaff
- Page 1 and 2: €1.65 (£1.50)Uimh. 51Ag Cothú P
- Page 3 and 4: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 5 and 6: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 7 and 8: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 9 and 10: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 11 and 12: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 13 and 14: 14• TRÁCHTAIREACHT GAELSCÉALDé
- Page 15 and 16: 16•GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 No
- Page 17 and 18: 18• RÉIGIÚNACH GAELSCÉALDé C
- Page 19 and 20: 20• RÉIGIÚNACH GAELSCÉALDé C
- Page 22 and 23: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 26 and 27: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 28 and 29: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig
- Page 30 and 31: GAELSCÉALDé Céadaoin, 19 Nollaig