ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
www.discoverireland.ie/connemara

ÁBHAR DON

FHINSCÉALAÍOCHT

Tháinig piseoga, béaloideas

agus finscéalta iontacha as

tírdhreach sceirdiúil agus álainn

Chonamara agus as a thraidisiún

láidir scéalaíochta. Aistriodh iad seo

anuas ó ghlúin go glúin le scéalta

a insíodh cois tine sa gheimhreadh.

an caoláire Rua

BéaLOidEas & FinscéaLaíOcht

Is cinnte gurbh í Gránuaile nó Grace O’ Malley, an

phearsa fhinscéalach ba mhó a bhí ag Conamara.

Banríon foghlaí mara de chuid na 16ú haois a bhí inti.

Phós sí fear as Conamara, Donal O’Flaherty, ball de

chuid fhine fhíochmhar Uí Fhlaithearta. Bhí siad ina

gcónaí ‘ i gCaisleán Rinn Mhaoile agus i mBun Abhann

in aice le Baile Conaola ar feadh roinnt blianta. Bhí cáil

uirthi ar a crógacht, a díbheirg agus ar a haindleathacht.

Bhí sí ina sciúirse ag aon chabhlach Sasanach a raibh sé

de mhisneach aici seoladh ina cuid uiscí. Í muiníneach

go dtí an deireadh, sheol sí go Londain chun bualadh le

hEilís a 1, chun pardún a fháil dá mac ceanndána agus

chun pinsean a fháil di féin, más fíor.

Is ábhar don fhinscéalaíocht ann féin, é an t-oileán beag

Inis Bó Finne. Deirtí go mbíodh sé faoi chumhdach de

cheo i gcónaí. Níor briseadh mallacht an oileáin, ach

amháin nuair a las beirt iascaire a bhí imithe ar strae, tinte

ar a cladaigh.

De réir mar a scaip an ceo, thug siad faoi deara seanbhean

ag dul sa tóir ar bhó. Faoi dheireadh, tháinig sí suas léi agus

bhuail sí lena maide. Ach iompaíodh go cloch láithreach

bonn í. Ó shin i leith, tugtar Inis Bó Finne ar an áit, nó

Béaloideas & Finscéalaíocht 18

Oileán na Bó Gile. Deirtear go mbíonn an

bhean agus an bhó le feiceáil gach seacht

mbliana, nó chun rabhadh a thabhairt ar

thubaiste ag bagairt.

Tá finscéal eile faoi Chonamara a

bhaineann leis an gcapaillín Chonamara

cáiliúil. De réir scéalta ar fáil ó ghlúine de

mhuintir na háite, nuair a bádh Armáid na

Spáinne amach ó chósta Chonamara sa

16ú haois, shnámh na capaill Arabacha go

tír. Phóraigh siad leis na caipaillíní fiáine

áitiúla ansin agus chuir siad tús le pór nua

iomlán láidir agus crua. Is féidir iad seo

a fheiceáil ag gníomhú, ag Seó Capaillíní

Chonamara sa Chlochán i mí Lúnasa gach

bliain (www.cpbs.ie).