ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
www.discoverireland.ie/connemara Turas Tiomána ar Chonamara 30

LÁ 2

Do scíth glactha agat agus tú cothaithe go maith, fág an Clochán agus tabhair aghaidh

ó thuaidh ar an N59 go Baile an tSrutháin. Lean na comharthaí ar an taobh clé chun

an Cloigeann - an bhearna gheata chuig Oileán Inis Bó Finne - a bhaint amach. Bíonn

sé furasta malairt slí de lá nó d’oíche a dhéanamh, mar gheall ar bháid farantóireachta

rialta. Is fiú go mór iarracht a dhéanamh air seo, de dheasca an tsár-radharcra, an

cheoil bhríomhar agus an iomad láithreán stairiúil.

A luaithe is a bhíonn tú ar ais ar an mórthír, fill ar an bpríomhbhóthar agus lean ar

aghaidh i dtreo Leitir Fraic. Díreach sula sroicheann tú an baile, beidh tú i bPáirc

Náisiúnta Chonamara, maorga. Cuimsíonn an pháirc roinnt den radharcra is fearr sa

cheantar. ls féidir siúlóid shármhaith a dhéanamh ann chomh maith. Tá radharcanna

lánleargais le fáil óna Beanna Beola, freisin.

Ag an gcrosbhóthar i sráidbhaile Leitir Fraic, is fiú casadh ar clé agus bealach eile

a ghabháil chuig Leithinis Rinn Mhaoile. Tá roinnt de na tránna is áille in Éirinn le

fáil anseo. Baineadh úsáid as cuid acu le haghaidh suíomh i scannáin mhóra. Tá na

fuinneoga gloine dhaite, leis an ealaíontóir cáiliúil Harry Clarke, le feiceáil sa séipéal atá

suite taobh thuas den chearnóg ag Crosbhóthar an Tulaigh (Tully Cross). Ba é Oliver St.

John Gogarty a d’iarr iad seo a dhéanamh, óna theach cónaithe ag Árus Rinn Mhaoile.

Is fiú stopadh freisin le haghaidh an láithreáin sheandálaíoch, atá ar an leithinis freisin.

Tá sé suite 200 méadar siar ón bhóthar ó Dhoire Inbhir go Doire Locha (Derrylough), le

taobh Shliabh an Tulaigh. Feirmeoirí luatha a thóg an Líne Cloiche Sé Philéar chun dul

le grianstad an gheimhridh. Sé chloch ina seasamh nó ‘méara na sióg’ atá ann.

Cas ar clé thiar i sráidbhaile Leitir Fraic. Lean ar aghaidh ó thuaidh agus tar éis tamaill

tiocfaidh tú chuig Mainistir agus Gairdín na Coille Móire.Mainistir rómánsúil Gotach

atá anseo, a bhfuil na mná rialta Beinidicteacha ina gcónaí ann, i láthair na huaire. Is

fiú go mór stopadh don ghairdín Victeoiriach athchóirithe, an séipéal nua-Ghotach

fíorshuntasach agus na seomraí tae teolaí.

Ón gCoill Mhór, déan do bhealach chuig an sráidbhaile gleoite deas, an Líonán. Tá sé

seo suite ag ceann an Chaoláire Rua breá, an t-aon fhiord atá in Éirinn. Ag Nancy’s

Baile na hinse

trá chloch na Rón

Point, sula sroicheann tú sráidbhaile an Líonáin, is féidir

leat cúrsáil a dhéanamh feadh an fhiord naoi míle, le Killary

Cruises. Gheobhaidh tú léargas ar thíreolaiocht an iontais

nádúrtha seo agus gheobhaidh tú sár-radharcanna ar an

uisce. Tá dhá ionad eachtraíochta den scoth le fáil i gceantar

an Chaoláire Rua freisin. Déanann siad seo a mhór de

radharcra garbh an cheantair.

Bhí suíomh pictiúrtha an Líonain ina shuíomh foirfe le

haghaidh athchóiriú ar scannán 1989 John B. Keane, The

Field, a stiúraigh Jim Sheridan. Is sa bhaile seo freisin atá

Ionad Caorach & Olla an Líonáin suite. Tugann sé seo

míniúchán ar lámhcheardaíocht caorach agus na holla agus

bíonn taispeántais ann ar an gcardáil, ar an suíomh agus ar

an fhíodóireacht.

Ón Líonán tabhair aghaidh soir ar B(R)336 chun radharcanna

fíorshuntasacha a fháil ar Shléibhte Mhám Toirc. Cas

ar dheis ag an Mám i dtreo Chrosbhóthar Máma agus

ansin téigh ar an N59 i dtreo Uachtair Aird. Díreach sula

sroicheann tú an baile, is féidir leat cuairt a thabhairt ar

Mhianaigh ‘Glengowla’. Is mianach airgid agus luaidhe

stairiúil, de chuid na 19ú haoise atá anseo. Tugann sé léargas

ar an saol sna mianaigh, le sraith taispeántas, taispeántais

idirghníomhacha agus turas faisnéiseach faoi threoir.

Lean ar aghaidh isteach go hUachtar Ard, baile pictiúrtha

neadaithe idir Sléibhte Chonamara agus uiscí cruachliatha

Loch Coirib. Is meice atá sa loch do shlatiascairí. Tá cáil an

bhric rua fhiáin agus na hiascaireachta bradán air. Díreach

taobh thall den bhaile ar an N59 go Gaillimh, rachaidh tú

thar an chasadh do Chaisleán maorga Achadh na nIúr,

ar an taobh clé. Thóg fine Uí Fhlaithearta (O’ Flaherty) an

túrtheach dea-chaomhnaithe seo, de chuid na 16ú haoise

agus caomhnaíonn sé stair fhada agus suaite.

Lean ar aghaidh ar an N59 go Ros Cathail agus tóg an

casadh ar chlé, le cuaillí eolais do Ghairdín Bhríde. Parthas

coillearnaí atá anseo, le móinéir agus gairdíní le téamaí a

léiríonn na féilte Ceilteacha. Is tiomáint fhurasta atá ann,

siar tríd Mhaigh Cuilinn go cathair na Gaillimhe, ón áit seo.

an clochán

Baile mór an chlocháin