ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
www.discoverireland.ie/connemara

EACHTRAÍOCHT AR OILEÁN

Iad caite amach san Atlantach agus

a gcruth faighte acu

ó dheargfhórsa na mara, is

iarsmaí iontacha de shaol

atá caillte le fada, in áiteanna

eile in Éirinn, atá in Oileáin

Chonamara.

inis Bó FinnE aGus OiLEáin áRann

Is breacachan de pháircíní pacáilte go dlúth, clochbhallaí

dreaptha, tránna glana agus cladaigh charraigeacha

atá in Inis Bó Finne agus Oileáin Árann. Tá siad bródúil

go daingean as a gcuid traidisiún agus iad chomh

cáiliúil céanna ar a gcultúr, is atá siad ar a dtírdhreach

suntasach.

Tá domhainmhothú den suaimhneas curtha chun cinn ag

iargúltacht choimhneasta na n-oileán agus tá oidhreacht

thraidisiúnta shaibhir caomhnaithe aici. Is áiteanna

iontacha iad don tsiúlóid nó don rothaíocht agus tá cáil an

cheoil bheo agus na rincí traidisiúnta orthu.

Tá trí Oileán Árann i gceantar na Gaeltachta, iad suite in

uiscí corraithe Chuan na Gaillimhe.

Tá Inis Mór ar an oileán is mó agus is forbartha. Tá

aolchloch scoilteánach agus clochbhallaí casta ina bhrat

air. Is é Dún Aonghasa an radharc is cáiliúla ar an oileán.

Is dún cloiche leathchiorclach atá anseo, a bhainfeadh an

anáil díot. Tá sé ina shuí go suntasach ar bharr aille 100m.

Tá dúnta réamhstairiúla eile le fáil ar an oileán, chomh

maith le go leor iarsmaí ón luathChríostaíocht. Tá léargas

iontach ar stair agus ar thraidisiúin an oileáin le fáil san

ionad oidhreachta, Ionad Árann. Ach feicfidh tú ar an

láthair freisin iad, sna ceolseisiúin istoíche, sna rincí rialta

agus sa scéalaíocht ar an toirt.

Inis Meáin, an LárOileán. Is é seo an t-oileán is suaimhní

de thrí Oileán Árann. Is é is lú a ndéantar cuairt air freisin

Luí na Gréine ar Oileán

Eachtraíocht ar Oileán 10

agus is éalú annamh é ón saol nua-aimseartha. Tá lúbra

de bhóithre casta cúnga, cosáin fhothainiúla agus cosáin

le fáil ar fud an oileáin. Tá go leor samplaí ann freisin

de lonnaíochtaí na luathChríostaíochta. Tá cáil mhaith

ar Inis Meáin maidir lena chúrsaí Ghaeilge, gabháil fonn

traidisiúnta, scéalaíocht agus rince agus is ann atá Ionad

Tumadóireachta Oileáin Árann.

Inis Oírr, an tOileán Thoir. Is é seo an t-oileán is lú de

thrí Oileán Árann agus measann go leor daoine gurb é

an ceann is áille é. Tá an tírdhreach seasc agus garbh

fíorfheiliúnach le haghaidh machnaimh chiúin agus siúlóidí

suaimhneacha. Is furasta an t-oileán ar fad a fheiceáil de

chois. Nuair a bheidh tú ar bhóithríní iargúlta, tiocfaidh tú

ar an tuairim láithreach go bhfuil an chuid eile den domhan

fágtha i do dhiaidh agat.

Tá iascairí, feirmeoirí, manaigh ar deoraíocht agus

foghlaithe mara ar a seachaint ina gcónaí ar Inis Bó

Finne - atá suite níos faide ó thuaidh - le breis agus 6,000

bliain. I láthair na huaire, tá daonra de 200 cónaitheoir

lánaimseartha ar an oileán. Tá cáil an cheoil thraidisiúnta,

na sáriascaireachta agus na nglanuiscí gorma, ar a bhfuil

an-tóir ag tumadóirí scúba orthu, ar Inis Bó Finne. Tá

sé breac freisin le láithreáin stairiúla, tránna breátha le

gaineamh geal, chomh maith le flóra agus fána uathúil.

Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar

www.irelandsislands.com