ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL...

FIÁIN Ó CHROÍ
Loch Eidhneach

Wild & Wonderful 2

Tírdhreacha dochreidte, gealtránna

gainmheacha, an dúlra ag athrú, oidhreacht

agus cultúr shaibhir...

Tar go Conamara agus gheobhaidh tú

amach, go bhfuil sé go fírinneach,

Fiáin ó Chroí.
www.discoverireland.ie/connemara

FIÁIN & IONTACH...

Loch na Fuaiche

Ní iontas ar bith é, go bhfuair

amháilleacht, caol-léargas

scuabach agus aoibheanna

de shíor ag athrú thírdhreach

Chonamara, greim ar chroíthe

agus ar mheon glúine d’ealaíontóirí,

de scríbhneoirí agus de cheoltóirí.

RéamhRá

Dúirt Oscar Wilde gurbh éard a bhí ann

ná ‘áilleacht le barbarthacht’. Go deimhin,

mothaítear iargúltacht thaibhseach sa

bhreacachan de lochanna stuacacha,

sléibhte garbha agus de phortaigh sceirdiúla.

Ach is i gConamara freisin atá cuid de na

tránna is breátha in Éirinn le fáil. Bíonn

farraigí gormuaine ag lapadaíl réimsí

fairsinge d’fhíorghaineamh geal. Is ann atá

sráidbhailte iascaireachta pictiúrtha, cuainíní

suaimhneacha, oileáin shuntasacha agus

roinnt den chultúr agus de na traidisiúin is

saibhre san Eoraip le fáil, freisin.

Ach tá Conamara fós fiáin ó chroí, de dheasca

an tírdhreacha dochreidte agus na n-athruithe

sa dúlra. Le sléibhte carraigeacha ag fáisceadh

barróige air agus a iargúltacht choibhneasta á

chaomhnú tá sé fós ina urdhún den traidisiún.

Is ann atá an Ghaeltacht, nó ceantar ina

labhraítear an Ghaeilge, is mó in Éirinn le fáil.

Déantar ceiliúradh ar cheol, ar an rince agus ar

an gceardaíocht traidisiúnta le sraith d’fhéilte.

Gheobhaidh tú léargas annamh ar an gcineál

saoil a bhí in Éirinn tráth, ar na hoileáin Inis Bó

Finne agus Árann. Tá a n-oidhreacht shaibhir

ionchollaithe sna páirceanna le clochbhallaí

agus sna hiarsmaí de sheanmhainistreacha.

CLÁR

4 Conamara a Bhaint Amach

6 An Ghaeltacht

8 Eachtraíocht ar Oileán

12 Cultúr & Oidhreacht

14 Díol Spéise do Chuairteoirí

20 Béaloideas & Finscéalaíocht

22 Amuigh faoin Aer & Eachtraíocht

26 Féilte & Imeachtaí

28 Cóiríocht

30 Turas Tiomána ar Chonamara

36 Léarscáil & Teagmháil Úsáideach

Fiáin & Iontach 4

Faoin tír, ní bheidh tú ag roinnt na ngleannta tréigthe agus

an radharcra, a bhainfeadh an anáil díot, ach le díreach

corrthréad caorach. Cuireann na radharcanna fairsinge

agus an ciúnas séimh fíormhothú ina luí ort, go bhfuil an

chuid eile den domhan fágtha i do dhiaidh agat. Tá luas

réidh an tsaoil ar cheann de shainmharcanna an cheantair.

Tagann an fháilte ó chroí a gheobhaidh tú, ón bhród áitiúil

agus ó mhian dáiríre chun na nithe is fearr faoin gceantar, a

roinnt le haonduine a bhfuil dóthain áidh air a bheith ann.

Síneann Conamara ó Chuan na Gaillimhe sa deisceart

go dtí an Caoláire Rua sa Tuaisceart. Tá beanna garbha

Bheanna Beola, uiscí liatha Loch Coirib agus áilleacht

thréigthe Ghleann Eidhneach ina limistéar. Áit ar bith a

ngabhfaidh tú, beidh sárdheiseanna agat chun a bheith

ag taiscéaladh leat amuigh faoin aer mór. Beidh tú in

ann a bheith ag rothaíocht ar bhóithre ciúine coracha,

le radharcanna breátha; siúlóidí iontacha ar shléibhte

draíochtúla; ag tabhairt faoin mharcaíocht capall ar

thránna glana, ag slatiascaireacht le haghaidh duaiseanna

agus ag imirt craobhghailf. Réimse eachtraí corraitheacha,

ag baint an tairbhe is fearr as an timpeallacht shuntasach.

Tá Conamara tarraingteach ar mhórán bealaí. Cuireann

sé croíúlacht i do chroí croíúil agus faigheann sé greim ar

d’anam. Is áit é a chothaíonn na cuimhní is ceanúla agus

a ghlaonn tú ar ais bliain i ndiaidh bliana. Turas amháin a

dhéanamh agus ní dhéanfaidh tú dearmad go deo air.
www.discoverireland.ie/connemara

DO THURAS SIAR

Níos fearr ná mar a shamhlaigh

tú riamh agus níos gaire ná mar

a cheapann tú, ní raibh turas go

Conamara chomh héasca riamh. Le

heitiltí agus báid farantóireachta

rialta agus réimse seirbhísí bus agus

traenach ag trasnú an cheantair,

beidh tú ábalta do chuid féin

d’Éirinn a mhaíomh.

aERthaistEaL

na Beanna Beola, máiméan

Déanann trí aerfort áitiúla freastal ar cheantar Chonamara.

Tuirlingíonn réimse d’eitiltí intíre, de chuid na RA(UK)

agus eitiltí Eorpacha ag Aerfort na Gaillimhe (www.

galwayairport.com) agus ag Aerfort Ireland West, Cnoc

Mhuire (www.irelandwestairport.com). Sa deisceart bíonn

eitiltí laethúla ag Aerfort Idirnáisiúnta na Sionainne (www.

shannonairport.com) ó roinnt cinn scríbe sna SA(US) agus

réimse eitiltí chuig cinn scríbe ar fud na RA agus na hEorpa.

aR Bhád FaRantóiREachta

Seolann réimse báid farantóireachta go hÉirinn ón RA agus

ón Fhrainc le seirbhísí ag teacht go Baile Átha Cliath, Ros

Láir, Corcaigh, Béal Feirste agus Latharna. Tabhair cuairt ar

www.discoverireland.ie chun eolas a fháil ar chúrsaí agus

ar sheirbhísí.

aR an tRaEin

Tá na stáisiúin traenach is gaire do Chonamara suite

i nGaillimh agus i gCathair na Mart. Tá siad araon

inrochtana ó stáisiún Heuston Bhaile Átha Cliath. Tabhair

cuairt ar Iarnród Éireann (www.irishrail.ie) chun tuilleadh

eolais a fháil ar chúrsaí, ar amchláir agus ar tháillí.

Do Thuras Siar 6

aR Bhus

Bíonn luasbhusanna i seirbhís ó bhailte agus ó chathracha

móra ar fud na hÉireann, chuig Gaillimh agus Cathair na

Mart. Is féidir seirbhísí réigiúnacha chuig Conamara a

fháil uathu seo. Is é Bus Éireann (www.buseireann.ie) an

príomhsholáthraí seirbhíse, feidhmíonn Citylink (www.

citylink.ie) seirbhísí go Baile Átha Cliath, an tSionainn,

Corcaigh agus an Clochán. Cuireann Bus Nestor (www.

busnestor.galway.net) seirbhísí rialta ar fáil chuig cathair

agus aerfort Bhaile Átha Cliath.

i gcaRR

Má bhíonn tú ag taisteal i gcarr, beidh an tsaoirse is fearr

agat chun bheith ag seachrán ar chúlbhóithre ciúine

Chonamara. Ní thógann sé ach ceithre uaire an chloig chun

tiomáint ó Bhaile Átha Cliath nó ó Chorcaigh go Conamara

agus níl sé ach díreach dhá uair an chloig go leith ón

tSionainn.

na hOiLEáin a Bhaint amach

Bíonn báid farantóireachta i seirbhís chuig Oileáin Árann,

ó Ros an Mhíl i gCo. na Gaillimhe (www.arandirect.

com;www.aranislandferries.com) agus ón Dúlainn i gCo. an

Chláir (www.doolinferries.com; www.doolinferry.com).

Bíonn eitiltí rialta (www.aerarannislands.ie) i seirbhís chuig

Oileáin Árann ó Indreabhán, i gConamara Theas. Bíonn

báid farantóireachta i seirbhís chuig Inis Bó Finne (www.

inishbofinferry.com; inishbofinislanddiscovery.com) ón

gCloigeann, in iarthuaisceart an Chlocháin.

NASCANNA ÚSÁIDEACH A

www.discoverireland.ie

www.galwayairport.com

www.irelandwestairport.com

www.shannonairport.com

www.irishrail.ie

www.buseireann.ie

www.citylink.ie

www.busnestor.galway.net

www.arandirect.com

www.aranislandferries.com

www.doolinferrries.com

www.doolinferry.com

www.aerarannislands.ie

www.inishbofinferry.com

www.inishbofinislanddiscovery.com
www.discoverireland.ie/connemara

CÉAD MÍLE FÁILTE

Tá Conamara uathúil ar mhórán

bealaí agus tá greim docht aige

ar an gcultúr traidisiúnta.

Tá sé ina fhréamh nirt don

Ghaeilge, is ann atá an ceantar

Gaeltachta is mó in Éirinn.

Loch Eidhneach

an GhaELtacht

Tá mórán de Chonamara chomh maith

le trí Oileán Árann san áireamh sa

Ghaeltacht. Is í an Ghaeilge an teanga

laethúil anseo. Feicfidh tú í ar chuaillí

eolais agus ar aghaidheanna siopaí agus

cloisfidh tú í siopaí, i dtithe tábhairne

agus ar na sráideanna í.

Is teanga cheolmhar, go fírinneach í an

Ghaeilge. Tá dúnadh agus rithim inti,

neamhchosúil leis an mBéarla agus cor

cainte fileata álainn inti. Cothaítear an ceol

traidisiúnta, amhránaíocht agus an rince

go réidh agus déantar ceiliúradh orthu go

fairsing i gceantair Ghaeltachta. D’fheadfá

a rá, gur sa Ghaeltacht atá lár tíre cultúrtha

na hÉireann anois, ar go leor bealaí. Tá

sí ag caomhnú oidhreachta, cultúir agus

béaloidis saibhre na tíre.

Bíonn sé ina chead do ghluaiseacht ag

déagóirí, ó gach cearn d’Éirinn turas míosa

a dhéanamh ar an nGaeltacht do scoil sa

samhradh. Bíonn deis iontach acu freisin

chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge,

chun foghlaim faoin chultúr traidisiúnta

agus cairde úra a fháil.

CÚPLA FOCAL

Tabhairt cuairt ar www.daltai.com chun tuilleadh frásaí Ghaeilge

agus eolas a fháil ar cá háit chun an teanga a fhoghlaim.

De réir mar a bhíonn tú ag taisteal timpeall

Chonamara, déan iarracht an ceangal a

dhéanamh idir na logainmneacha Béarla

agus a mbunús Gaelach. Is iad na cinn

is fusa le tabhairt faoi deara ná na cinn

sin nár tháinig mórán athrú orthu lena

nGalldú. Athraíodh an focal Ghaeilge ar

oileán ‘inis’ go díreach ‘inish’; tá an t-ainm

Gaelach ‘lough’ fós in úsáid ar lochanna

agus tá ‘mám sléibhe’, ‘mám’ iompaithe

go ‘Maam’ nó ‘Maum’. Bí ar d’aire roimh

an fhocal ‘baile’, a chiallaíonn ‘town’, a

úsáidtear i logainmneacha mar ‘Baile

Conaola’ nó ‘Baile na hAbhann’; ‘cill’, is

é sin ‘séipéal’, in ainmneacha mar ‘Cill

Bhreacáin’; nó ‘gleann’, is é sin ‘gleann’, in

ainmneacha mar ‘Gleann Trasna’.

Cé go bhfuil cónaitheoirí na Gaeltachta ar

fad dátheangach, déanfar aoibh leathan

agus tabharfar go leor spreagadh d’aon

iarracht a dhéanfaidh cuairteoirí ar an

teanga a labhairt. Tá cúpla focal sa tábla

thuas chun cabhrú leat tosú.

An Ghaeltacht 8

English /Béarla Irish/Gaeilge Pronunciation/ Foghraíocht

Hello (God be with you) Dia dhuit Jee – ah gwitch

Goodbye Slán Leat Slawn lath

Welcome (100,000 welcomes) Céad míle fáilte Caid meela fawl-che

Festival of traditional music Fleá Cheoil Flaa keowl
www.discoverireland.ie/connemara

EACHTRAÍOCHT AR OILEÁN

Iad caite amach san Atlantach agus

a gcruth faighte acu

ó dheargfhórsa na mara, is

iarsmaí iontacha de shaol

atá caillte le fada, in áiteanna

eile in Éirinn, atá in Oileáin

Chonamara.

inis Bó FinnE aGus OiLEáin áRann

Is breacachan de pháircíní pacáilte go dlúth, clochbhallaí

dreaptha, tránna glana agus cladaigh charraigeacha

atá in Inis Bó Finne agus Oileáin Árann. Tá siad bródúil

go daingean as a gcuid traidisiún agus iad chomh

cáiliúil céanna ar a gcultúr, is atá siad ar a dtírdhreach

suntasach.

Tá domhainmhothú den suaimhneas curtha chun cinn ag

iargúltacht choimhneasta na n-oileán agus tá oidhreacht

thraidisiúnta shaibhir caomhnaithe aici. Is áiteanna

iontacha iad don tsiúlóid nó don rothaíocht agus tá cáil an

cheoil bheo agus na rincí traidisiúnta orthu.

Tá trí Oileán Árann i gceantar na Gaeltachta, iad suite in

uiscí corraithe Chuan na Gaillimhe.

Tá Inis Mór ar an oileán is mó agus is forbartha. Tá

aolchloch scoilteánach agus clochbhallaí casta ina bhrat

air. Is é Dún Aonghasa an radharc is cáiliúla ar an oileán.

Is dún cloiche leathchiorclach atá anseo, a bhainfeadh an

anáil díot. Tá sé ina shuí go suntasach ar bharr aille 100m.

Tá dúnta réamhstairiúla eile le fáil ar an oileán, chomh

maith le go leor iarsmaí ón luathChríostaíocht. Tá léargas

iontach ar stair agus ar thraidisiúin an oileáin le fáil san

ionad oidhreachta, Ionad Árann. Ach feicfidh tú ar an

láthair freisin iad, sna ceolseisiúin istoíche, sna rincí rialta

agus sa scéalaíocht ar an toirt.

Inis Meáin, an LárOileán. Is é seo an t-oileán is suaimhní

de thrí Oileán Árann. Is é is lú a ndéantar cuairt air freisin

Luí na Gréine ar Oileán

Eachtraíocht ar Oileán 10

agus is éalú annamh é ón saol nua-aimseartha. Tá lúbra

de bhóithre casta cúnga, cosáin fhothainiúla agus cosáin

le fáil ar fud an oileáin. Tá go leor samplaí ann freisin

de lonnaíochtaí na luathChríostaíochta. Tá cáil mhaith

ar Inis Meáin maidir lena chúrsaí Ghaeilge, gabháil fonn

traidisiúnta, scéalaíocht agus rince agus is ann atá Ionad

Tumadóireachta Oileáin Árann.

Inis Oírr, an tOileán Thoir. Is é seo an t-oileán is lú de

thrí Oileán Árann agus measann go leor daoine gurb é

an ceann is áille é. Tá an tírdhreach seasc agus garbh

fíorfheiliúnach le haghaidh machnaimh chiúin agus siúlóidí

suaimhneacha. Is furasta an t-oileán ar fad a fheiceáil de

chois. Nuair a bheidh tú ar bhóithríní iargúlta, tiocfaidh tú

ar an tuairim láithreach go bhfuil an chuid eile den domhan

fágtha i do dhiaidh agat.

Tá iascairí, feirmeoirí, manaigh ar deoraíocht agus

foghlaithe mara ar a seachaint ina gcónaí ar Inis Bó

Finne - atá suite níos faide ó thuaidh - le breis agus 6,000

bliain. I láthair na huaire, tá daonra de 200 cónaitheoir

lánaimseartha ar an oileán. Tá cáil an cheoil thraidisiúnta,

na sáriascaireachta agus na nglanuiscí gorma, ar a bhfuil

an-tóir ag tumadóirí scúba orthu, ar Inis Bó Finne. Tá

sé breac freisin le láithreáin stairiúla, tránna breátha le

gaineamh geal, chomh maith le flóra agus fána uathúil.

Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar

www.irelandsislands.com
www.discoverireland.ie/connemara

BLAS DEN TRAIDISIÚN

ag iascaireacht sa choill mhóir

Tá taipéis shaibhir staire,

chultúir agus oidhreachta

Chonamara, fite fuaite i

bhfíorfhabraic an tírdhreacha.

Is é sin an fáth is mó a bhfuil an

ceantar taitneamhach.

cuLtúR & OidhREacht

Tá traidisiúin shaibhre cheoil, amhránaíochta, rince agus

scéalaíochta Chonamara fíorbheo. Tá siad ar cheann de

na nithe is mó taitneamhach sa cheantar freisin .

Tagann ceoltóirí le chéile le haghaidh ‘seisiúin’

neamhfhoirmiúla, i go leor tithe tábhairne ar fud

Chonamara. Má bhíonn an t-ádh ort bheith rannpháirteach

i gceann acu seo, is bealach iontach é chun croí fiáin

Chonamara a fheiceáil. Bíonn ceol, amhránaíocht agus

rince bríomhar ar siúl, go dtí go deireanach san oíche. I

gCarna agus i gCasla, b’fhéidir go bhfaighfeá an deis freisin,

traidisiún fíorálainn na hamhránaíochta ar an sean-nós a

chloisteáil. Nó d’fhéadfá dul chuig tráthnóna don chultúr

i gCnoc Suain. Beidh tú in ann a bheith ag éisteacht le

ceol traidisiúnta Chonamara agus ag féachaint ar an

rince. Cloisfidh tú daoine ag labhairt ‘cúpla focal’ freisin.

Bealach iontach eile chun dul i dtaithí ar an gcultúr áitiúil

ná freastal ar cheann den iomad féilte ealaíon ar fud an

cheantair. Bíonn ceardlanna agus léirithe ar an drámaíocht,

ar an rince agus ar an gceol ar siúl iontu seo.

Spreag agus mheall Conamara glúine d’ealaíontóirí agus

de lucht ceardaiochta i rith na mblianta. Tá an geansaí

Árannach ar cheann de na ceirdeanna is cáiliúla sa

cheantar. Go traidisiúnta, dhéanadh mná na n-iascairí iad

seo a chniotáil ar Oileáin Árann. Coinníodh na pátrúin

teaghlaigh chasta, a bhí breac le míniúchán samhaltach,

faoi dhlúthrún faichilleach.

Cultúr & Oidhreacht 12

I láthair na huaire, tá neart dánlann agus

siopaí ceardaíochta ar fud an cheantair, Ionad

Ceardaíochta an Spidéil (www.ceardlann.com),

áit ar féidir leat cuairt a thabhairt ar stiúideonna

na n-ealaíontóirí agus Siopa Ceoil agus

Ceardaíochta Chloch na Rón (www.bodhran.

com), áit ina ndéantar bodhráin (drumaí

traidisiúnta as craiceann gabhair ) de láimh fós,

san áireamh.

Níl sna healaíona ach gné amháin d’oidhreacht

chultúrtha shaibhir Chonamara, áfach. Má

bhíonn an deis agat, níl aon rud níos corraithí ná

dul i measc na sluaite chun féachaint ar chluiche

peile Ghaelaí nó ar chluiche iomána. Tá deis den

scoth agat chun bheith rannpháirteach, le Féile

Phátrún Inis Mór, féile de spórt traidisiúnta a

bhíonn ar siúl ar Inis Mór gach mí an Mheithimh.

Ná caill na rásaí currach. Déanfaidh tú iontas de

scileanna na rámhaithe urrúnta, a rámhaíonn

na báid thraidisiúnta seo. B’fhiú freisin, bheith

ar d’aire roimh Fhéile an Dóilín. Bíonn sí ar siúl

sa Cheathrú Rua gach mí Lúnasa. Beidh deis

agat anseo, Húicéir álainn na Gaillimhe, bád

maorga le seolta dearga, a fheiceáil ag rince ar

an fharraige.
www.discoverireland.ie/connemara

NA RADHARCANNA Á

dTAISCÉALADH

mainistir na coille móire

Tá cáil ar Chonamara mar gheall ar

a thírdhreach dochreidte, a

shoilsiú dúr agus a ghealtránna

gainmheacha. Ach idir na

sléibhte garbha agus na machairí

bogaigh, gheobhaidh tú ollréimse

de nithe is díol spéise, chun an

teaghlach ar fad a choinneáil sona.

mainistir & Gairdín na coille móire,

an choill mhóir

T: 00353 (0)95 41146

www.kylemoreabbey.com

Caisleán rómánsúil ón 19ú haois atá anseo. Tá sé

neadaithe idir cladaigh Loch na Coille Móire stuacach agus

cnoic thromchoillteacha. Is láthair draíochtach í Mainistir

na Coille Móire. Tá an t-ord mná rialta Beinidicteach

ina gcónaí ann i láthair na huaire. Thóg Mitchell Henry,

toicí Sasanach teicstíle, an caisleán seo, de chineál

an scéil béaloidis, chun go mbeadh sé ina bhaile dá

bhrídeach úr. Ach cailleadh í go tubaisteach, go gairid

ina dhiaidh sin. Thóg sé an séipéal álainn de chuid na

hAthbheochana Gotaí ina cuimhne. Mainistir agus scoil

atá sa bhunchaisleán i láthair na huaire. Cé go bhfuil roinnt

seomraí ar oscailt don phobal, is iad an séipéal álainn, na

gairdíní agus na tailte na príomhnithe is díol spéise anseo.

teach an Phiarsaigh, Rosmuc

T: 00353 (0)91 574292

www.heritageireland.ie

Bhí an teachín beag seo, ag féachaint síos ar roinnt den

radharcra is glórmhaire i gConamara ina theach cónaithe

sa samhradh ag Pádraig Mac Piarais (1879-1916). Bhí

Pádraig Mac Piarais ina cheannaire ar Éirí Amach 1916. Tá

sé athchóirithe anois agus tá taispeántas ann ar a shaol

agus bailiúchán de chuimhneacháin phearsanta.

dún aonghasa

cnoc suain

na Radharcanna á dtaiscéaladh 14

cnoc suain, an spidéal

T: 00353 (0)91 555 703

www.cnocsuain.com

Is sráidbhaile atógtha, de chlochtheachíní ceann tuí, le

sclátaí agus le dáta siar go dtí 1691, ach a ndearnadh

athchóiriúchán air le déanaí atá i gCnoc Suain. I láthair

na huaire, cuirtear cúrsaí cónaitheacha agus leathlae sa

mhiotaseolaíocht agus sa spioradáltacht Cheilteach, sa

Ghaeilge, sa luibhleigheas, sa cheol traidisiúnta agus sa

phéintéireacht uiscedhatha, ar fáil ann.

áitreabh dan O’ hara, an clochán

T: 00353 (0)95 21808

www.connemaraheritage.com

Tugann ionad oidhreachta Dan O’ Hara, atá suite ag

íochtar na mBeann Beola garbh, léargas do chuairteoirí

ar shaol an fheirmeora thionóntaigh i gConamara sa

19ú haois. Treoraíonn an teachín athchóirithe agus an

fheirm de chuid an réamhghorta cuairteoirí tríd stair an

cheantair le turais chlosamhairc, taispeántais ar theicnící

na feirmeoireachta traidisiúnta agus atógáil ar chrannóg

(baile ar oileán, sa réamhstair), ráth agus clochán (bothán

as tirimchloch coirbéalta).

‘smokehouse’ chonamara, Baile conaola

T: 00353 (0)95 23739

www.smokehouse.ie

Tá sé seo ar cheann de na tithe deataithe traidisiúnta

deireanacha atá fágtha in Éirinn. Tá bradáin fiáine agus

orgánacha á ndeatú agus á maranáidiú le feiceáil anseo.

dún aonghasa, inis mór, Oileáin árann

www.visitaranislands.com

Tá Dún Aonghasa, dún leathchiorclach atá suite ar bhruach

aillte, a chuirfeadh faoi dhraíocht tú, ar cheann de na

séadchomharthaí réamhstairiúla is suntasaí in Éirinn.

Cuireann trí ollchlochbhalla agus bacainn de chloch chasta

fál timpeall ar chlochdhún ollmhór, atá suite 100m os

cionn tonnta ag pléascadh an Atlantaigh.
www.discoverireland.ie/connemara

Gairdín Bhríde

Gairdín Bhríde, Ros cathail

T: 00353 (0)91 550905

www.galwaygarden.com

Léiríonn Gairdín Bhríde na ceithre fhéile Ceilteacha le slí

fiadhúlra choillearnaí álainn, móinéir agus Oghamchrainn.

Tá teach lár deice le ceann tuí, ráth agus clochsheomra

chomh maith le cosán agus ionad súgartha do leanaí, le fáil

idir na nithe bláthacha is díol spéise.

‘Killary cruises’, Fiord an chaoláire Rua, an Líonán

T: 00353 (0)91 566736

www.killarycruises.com

Amharc níos géire ar roinnt den radharcra is suntasaí i

gConamara le cúrsáil ar an gCaolaire Rua, an t-aon fhiord

atá in Éirinn. Is féidir léargas uathúil a fháil ar an gceantar

iontach seo ó thurais treoraithe. Sleamhnaíonn sléibhte le

géarthaobhanna isteach san fharraige agus go minic bíonn

na báid á dtionlacan ag deilfeanna ag léim.

ionad cuairteoirí Oceans alive

Leithinis Rinn mhaoile, conamara

T: 00353 (0)95 43473

Tugtar oidhreacht mara Chonamara chun beocht in

Oceans Alive. Tugann taispeántas, muirdhabhach

(aquarium) agus iarsmalann muirí míniúchán ar stair láidir

mhara an cheantair. Tá ionad mara don slatiascaireacht,

ionad súgartha do leanaí, radharcanna lánléargais ar

an gcósta agus an deis chun bheith páirteach i gcúrsáil

d’fhámaireacht, le fáil ann.

ionad caorach & Olla an Líonáin,

an Líonán, conamara

T: 00353 (0) 95 42323

www.sheepandwoolcentre.com

Mhair muintir Chonamara ar cheird na holla ar feadh

mórán blianta. Tá léargas annamh ar stair agus ar

fhorbairt an tionscail le fáil san iarsmalann iontach seo.

Tá taispeántais ann ar an sníomh, an chardáil agus ar an

fhíodóireacht traidisiúnta. Tá eolas ann freisin ar theicnící

don dathú agus don phórúchán agus tá lámhcheirdeanna

olla ann freisin.

‘Glengowla mines’, uachtar ard

T: 00353 (0)91 552021

www.discoverireland.com

Tá sracfhéachaint le fáil ar an saol sna mianaigh, i mianaigh

airgid agus luaidhe stairiúla de chuid na 19ú haois

‘Glengowla’. Bíonn turas faoi thalamh agus taispeántas ar

stair an mhianaigh ar siúl sa seomra púdair athchóirithe, i

gceardlann an ghabha agus i dteachín an ghníomhaire.

caisleán achadh na niúr (aughanure),

uachtar ard

T: 00353 (0)91 552214

www.heritageireland.ie

Tá suíomh suntasach ag Caisleán Achadh na hIúr na

16ú haoise ar bhruach Loch Coirib. Daingean é seo a bhí

ag ‘Muintir Uí Fhlaithearta (O’Flaherty’s) Fhíochmhar’,

fine chumhachtach Ghaelach a smachtaigh an ceantar

máguaird. Tá an túrtheach sé stór lán le gnéithe suimiúla

mar sheomra rúnda, atá tógtha idir seomra an tiarna ar an

urlár uachtarach agus an halla mór taobh thíos.

Páirc náisiúnta chonamara

T: 00353 (0)95 41054

www.connemaranationalpark.ie

Folaíonn Páirc Náisiúnta Chonamara beagnach 3,000

heicteár de shléibhte scéimhe, fairsinge phortaigh,

d’fhéaraigh agus de choillearnach. Tá cuid de shléibhte

na páirce ina gcuid de réimse na mBeann Beola cáiliúil.

Ar shiúlbhealaí, is féidir leis an gcuairteoir áilleacht

thírdhreach sléibhtiúil Chonamara, a bhfainfeadh an anáil

díot, a bhraith. Is féidir sólaistí a fháil i gcaife na páirce ina

dhiaidh sin.

cúrsáil ar Fhiord an chaoláire Rua

Na Radharcanna á dTaiscéaladh 16
www.discoverireland.ie/connemara

ÁBHAR DON

FHINSCÉALAÍOCHT

Tháinig piseoga, béaloideas

agus finscéalta iontacha as

tírdhreach sceirdiúil agus álainn

Chonamara agus as a thraidisiún

láidir scéalaíochta. Aistriodh iad seo

anuas ó ghlúin go glúin le scéalta

a insíodh cois tine sa gheimhreadh.

an caoláire Rua

BéaLOidEas & FinscéaLaíOcht

Is cinnte gurbh í Gránuaile nó Grace O’ Malley, an

phearsa fhinscéalach ba mhó a bhí ag Conamara.

Banríon foghlaí mara de chuid na 16ú haois a bhí inti.

Phós sí fear as Conamara, Donal O’Flaherty, ball de

chuid fhine fhíochmhar Uí Fhlaithearta. Bhí siad ina

gcónaí ‘ i gCaisleán Rinn Mhaoile agus i mBun Abhann

in aice le Baile Conaola ar feadh roinnt blianta. Bhí cáil

uirthi ar a crógacht, a díbheirg agus ar a haindleathacht.

Bhí sí ina sciúirse ag aon chabhlach Sasanach a raibh sé

de mhisneach aici seoladh ina cuid uiscí. Í muiníneach

go dtí an deireadh, sheol sí go Londain chun bualadh le

hEilís a 1, chun pardún a fháil dá mac ceanndána agus

chun pinsean a fháil di féin, más fíor.

Is ábhar don fhinscéalaíocht ann féin, é an t-oileán beag

Inis Bó Finne. Deirtí go mbíodh sé faoi chumhdach de

cheo i gcónaí. Níor briseadh mallacht an oileáin, ach

amháin nuair a las beirt iascaire a bhí imithe ar strae, tinte

ar a cladaigh.

De réir mar a scaip an ceo, thug siad faoi deara seanbhean

ag dul sa tóir ar bhó. Faoi dheireadh, tháinig sí suas léi agus

bhuail sí lena maide. Ach iompaíodh go cloch láithreach

bonn í. Ó shin i leith, tugtar Inis Bó Finne ar an áit, nó

Béaloideas & Finscéalaíocht 18

Oileán na Bó Gile. Deirtear go mbíonn an

bhean agus an bhó le feiceáil gach seacht

mbliana, nó chun rabhadh a thabhairt ar

thubaiste ag bagairt.

Tá finscéal eile faoi Chonamara a

bhaineann leis an gcapaillín Chonamara

cáiliúil. De réir scéalta ar fáil ó ghlúine de

mhuintir na háite, nuair a bádh Armáid na

Spáinne amach ó chósta Chonamara sa

16ú haois, shnámh na capaill Arabacha go

tír. Phóraigh siad leis na caipaillíní fiáine

áitiúla ansin agus chuir siad tús le pór nua

iomlán láidir agus crua. Is féidir iad seo

a fheiceáil ag gníomhú, ag Seó Capaillíní

Chonamara sa Chlochán i mí Lúnasa gach

bliain (www.cpbs.ie).
www.discoverireland.ie/connemara

clársheoltóireacht Eitleoige, Oileáin árann

AN EACHTRAÍOCHT Á

BLAISEADH

Tá áilleacht nádúrtha, tírdhreach

gan mhilleadh agus caol-léargas

scóipiúil, i gConamara. De dheasca

seo, tá sé ina áit fíorfheiliúnach

chun teacht amach as an gcarr

agus dul amach faoin aer mór.

Cé acu a roghnaíonn tú rothú síos

gleannta sléibhte, beanna is airde

an cheantair a dhreapadh, tumadh

sna huiscí criostalghlana nó dul ag

spaisteoireacht thar chrainn chasta chuig

trá fhoirfe le gealghaineamh, fanfaidh

aoibheanna de shíor ag athrú thírdhreach

Chonamara leat go deo.

siúLóid & ROthaíOcht

Tá Conamara ina cheann scríbe

fíorfheiliúnach do shiúlóirí agus do

rothaithe. Tá réimse suíomh agus tírraoin

ann atá feiliúnch do gach leibhéal

den fholláine. Is láthair iontach í Páirc

Náisiúnta Chonamara gar do Leitir Fraic,

chun tosú. Tá cúlra na mBeann Beola thar

barr. Tógann cosán an Diamond Hill 7clm

(féach www.discoverireland.ie/walking

chun eolas ar an mbealach a fháil) dhá go

trí huaire an chloig agus bíonn radharcanna

iontacha ar Oileán Inis Bó Finne, le fáil

uaidh ar lá geal.

Má thaitníonn an rothaíocht sna sléibhte

leat, d’fhéadfá dul ar Chosán do Rothair

Shléibhe Dhoire Abhra. Tá sé le fáil 10

clm siar ó Uachtar Ard. Cosán 14 clm don

rothaíocht agus don siúlóid, a chasann, atá

ann.

Tá arda níos dúshláine agus radharcanna

lánléargais ar fáil in éagsúlacht cosán

agus bealach marcáilte eile, ar fud na

mBeann Beola agus Sléibhte Mhám Toirc

(Maamturk), in aice láimhe. Trasnaíonn

dhá shiúlbhealach fadachair Conamara:

Bealach an Iarthair (the Western Way), a

thosaíonn in Uachtar Ard agus a leanann

bruach thiar Loch Coirib sula dtugann sé

aghaidh ar Shléibhte Mhám Toirc, síos

isteach i nGleann Eidhneach (Inagh) agus

timpeall chuig an gCaoláire Rua; agus Slí

Chonamara. Tá an radharcra is breátha i

nGaeltacht Chonamara san áireamh anseo,

ó Chathair na Gaillimhe tríd an Spidéal, an

Cheathrú Rua, Ros Muc, Carna, Leitir Fraic,

an Líonán agus an Fhairche.

Tá na hoileáin ar fheabhas chun imeacht

leat, le haghaidh siúlóide níos réidhe. Bíonn

siad ar bheagán tráchta nó gan trácht ar

bith. Tá gréasán de bhóithre casta agus

de chosáin siúil iontu le sár-radharcanna

trasna an Atlantaigh.

Má bhíonn rud éigin níos eagraithe de

dhith ort, cuireann roinnt oibreoirí turais

siúlóide agus rothaíochta faoi threoir, ar

fáil ar an gceantar. Is féidir leis seo bheith

ina bhealach iontach chun foghlaim faoi

stair agus faoi chultúr Chonamara agus tú

ar an mbealach. Sainfheidhmíonn Safari

Chonamara (www.walkingconnemara.

com) i dturais bheadaí ag preabadh ó

oileán go hoileán, a chuireann Inis Bó Finne

agus Inis Toirc, san áireamh. Cuireann

Turais Siúlóide Chruach Phádraig (www.

walkingguideireland.com) turais siúlóide le

lántionlacan ar fáil i gConamara.

Tá Conamara iontach freisin le haghaidh

rothaithe. Bíonn an radharcra cósta

iontach - na lochanna séimhe faoin tír

agus na sliabh-bhóithre níos dúshlánaí - le

feiceáil ó bhóithre ciúine agus ó éagsúlacht

bealach. Tá an Clochán ina bhunáit mhaith

An Eachtraíocht á Blaiseadh 20

Is imshaol leochaileach é tírdhreach álainn

Chonamara. Moltar dóibh siúd atá díograiseach

faoi bheith amuigh faoin aer, fáil réidh le fuíoll

mar is cóir, campáil ar thalamh chrua, tionchar

tine a íoslaghdú agus meas a bheith acu ar na

hainmhithe feirme agus ar an fhiadhúlra a bhíonn

sa cheantar.

Chun tuilleadh leideanna a fháil faoi chonas an

tírdhreach a fhágáil ar an gcaoi a bhfaigheann tú é,

tabhair cuairt ar www.leavenotraceireland.org.
www.discoverireland.ie/connemara

do rothaithe agus is é an croílár é do rothbhealaí trílúbtha

(three looped) a thugann aghaidh ar Chloch na Rón, an

Cloigeann agus Baile Conaola. Tá rothair ar cíos agus go

leor saoráidí áitiúla le fáil anseo freisin. Má thaitníonn an

rothaíocht sna sléibhte leat, d’fhéadfá dul ar Chosán do

Rothair Shléibhe Dhoire Abhra. Tá sé le fáil 10 clm siar ó

Uachtar Ard. Cosán 14 clm don rothaíocht agus don siúlóid,

a chasann, atá ann.

sPóRt uiscE

Is féidir leat dul ar an uisce le cúrsáil amach ó Fhiord Chuan

an Chaoláire Rua nó ar Loch Coirib, nó dul ar thuras báid,

ag preabadh ó oileán go hoileán, le taobh an chósta. Is

féidir leat fiú foghlaim chun Húicéir traidisiúnta de chuid

na Gaillimhe a sheoladh ar an gCeathrú Rua. Más tránna

atá uait, gheobhaidh tú gealghaineamh dochreidte agus

uiscí gormuaine i Rinn Mhaoile agus i gCuan an Mhada.

Tá cáil ar Thrá an Dóilín ar an gCeathrú Rua ar a trá coiréil

iontach.

Tagann slatiascairí anseo ina scataí freisin, chun taitneamh

a bhaint as an iascaireacht iontach ar Loch Coirib. Fásann

an breac rua go breis agus 20Ib anseo, go rialta. Tá tóir

ar iascaireacht farraige freisin. Is féidir sáriascaireacht

chladaigh a dhéanamh sa gClochán, sa gCaoláire Rua,

agus ar Oileán Gharumna agus is féidir iascaireacht sa

domhainfharraige a dhéanamh amach ón gClochán, ó

Chloch na Rún, ón Spidéal agus ón gCloigeann.

sPóRt EachtRaíOchta

Dóibh siúd ar thóir dúshláin níos déine, tá ionaid

eachtraíochta i Delphi (www.delphiadventureholidays.

ie), ar an gCaoláire Rua (Killary) (www.killaryadventure.

com) agus i Petersburg (www.petersburg.ie). Tá réimse de

spórt le fáil iontu seo, idir curachóireacht, seoltóireacht,

uaimheadóireacht agus treodóireacht. Tá ionad

tumadóireachta ‘PAD’1 i Rinn Mhaoile. Tá grádú d’ionaid

trá mhanainn

NASCANNA

ÚSÁIDEACH A

www.discoverireland.ie/west

www.delphiadventureholidays.ie

www.killaryadventure.com

www.petersburg.ie

www.connemaragolflinks.com

www.oughterardgolfclub.com

www.connemaraislesgolfclub.com

www.connemarathon.com

tumadóireachta an ‘National Geographic’

aige agus tá cúrsaí sa tseoltóireacht ar fáil

i mBaile Conaola. Mar sin féin, dóibh siúd

atá uaillmhianach, bíonn an tarraingt is mó

ar an gConamartón, (Connemarathon), a

bhíonn ar siúl gach bliain san earrach ag

Crosbhóthar Máma (Maam Cross). Bíodh

sé ina bháisteach, nó an ghrian ag soilsiú

bíonn daoine urrúnta ag streachailt in éadan

achair maratóin, a bhíonn ina leathachar, ina

n-achar iomlán nó ina n-ultra-achar, feadh

ceann de na bealaigh do mharatóin is mó

scéimh sa domhan.

maRcaíOcht caPaLL

Is bealach iontach eile é chun Conamara a

fheiceáil ná ar dhroim capaill. Is féidir leat

laethanta dochreidte a bheith agat amuigh

ag maracaíocht, mar gheall ar an easpa

tráchta, na gealtránna fada agus na cosáin sna sléibhte.

Tá an ceantar breac le hionaid eachaíochta agus cuireann

siad gach rud, idir ceachtanna do thosaitheoirí agus aistir

fadachair trína sléibhte, ar fáil. Cuireann Cosáin Chonamara

(Connemara Trails) (www.connemara-trails.com) turais

mharcaíochta cúig go seacht lá ar fáil ar fud Chonamara.

Cuireann siad seo radharcanna cáiliúla, chomh maith le

roinnt den radharcra is iargúlta agus is suntasaí sa cheantar,

san áireamh.

GaLF

Tá Conamara ina cheann scríbe iontach do ghalfairí

freisin. Tá an Connemara Championship Links (www.

connemaragolflinks.com) in aice leis an gClochán, ar cheann

de na nascanna gailf is áille agus is crua sa tír. Rinne Eddie

Hackett dearadh ar an gcúrsa 27 bpoll seo, atá neadaithe idir

na Beanna Beola agus an Aigéan Atlantach.

Faoin tír, is cúrsa fearann páirce é Club Gailf 18 bpoll

Uachtair Aird (www.oughterardgolfclub.com). Tá sé

cliathánach le Loch Coirib agus Sléibhte Chonamara agus tá

gnéithe uisce, ballaí aolchloiche agus crainn dhúchasacha

aibí scaipthe ann. ‘Is féidir leat naoi bpoll a imirt ag Club

Gailf ‘Connemara Isles’ (www.connemaraislesgolfclub.com) i

Leitir Móir. Tá sé le taobh bhruach an Atlantaigh agus i mbéal

inbhir farraige, lomán carraigeach agus sár-radharcanna. Tá

sé, go fírinneach, uathúil. Beidh Loch an Róisín Dubh álainn

agus an tAigéan Atlantach le do thaobh, ag Club Gailf 9 bpoll

Rinn Mhaoile. Tá sé suite ar an talamh thart ar Óstán Árus

Rinn Mhaoile.

Tá roinnt cúrsaí eile i gcóngar Chonamara. Chun na sonraí

iomlána a fháil tabhair cuairt ar www.discoverirland.ie/west

an conamaratón

‘connemara championship Links’

An Eachtraíocht á Blaiseadh 22

tonnmharcaíocht ar an atlantach
www.discoverireland.ie/connemara

SPIORAD NA FÉILE

Féile Ealaíon an chlocháin

I rith na bliana bíonn turasóirí agus

muintir na háite araon, ag déanamh

ceiliúradh ar shaol Chonamara,

ag réimse féilte agus imeachtaí

ar fud an cheantair. Glac páirt

sa tsiamsaíocht chun croí fiáin

agus bríomhar Chonamara a

bhlaiseadh i gceart.

FEaBhRa

Féile ‘Friends of ted’, inis mór. Ruaille

Buaille agus mire i stíl Fr. Ted ar oileán

carraigeach Chonamara féin.

máRta

Lá Fhéile Pádraig, 17 márta. Déanann

go leor bailte i gConamara ceiliúradh

ar fhéile náisiúnta na hÉireann le

paráidí agus imeachtaí bríomhara.

aiBREán

an conamaratón, Crosbhóthar

Máma. Tugann daoine urrúnta faoina

cnoic ar cheann de na bealaí do

mharatón is mó scéimh sa domhan.

comórtas Bád Oscailte an

chlocháin. Imeacht iascaireachta trí

lá, ar a bhfuil an-mheas. Meallann

sé slatiascairí ó cheantair ar fud an

domhain.

BEaLtainE

Féile diúilicíní chonamara, Leithinis

Rinn Mhaoile

Féile siúlóide an Líonáin. Siúlóidí,

imeachtaí agus cainteanna faoi threoir,

timpeall an Chaoláire Rua shuntasaigh

agus Chnoc Maol Réidh.

seachtain faoi Phortaigh

chonamara, Leitir Fraic. Ceiliúradh

10 lá ar an tírdhreach, siúlóid

dhraíochtach Chonamara, ceol agus

rince, ceardlanna agus taispeántas

ealaíne, san áireamh.

mEithEamh

scoil samhraidh don Bhodhrán,

Inis Oírr. Ceardlanna, léachtaí ar an

mBodhrán agus craic ar Inis Oírr.

Rásaíocht churrach, an Líonán

Féile Ealaíon chloch na Rón

Féile Ealaíon ar a bhfuil an-mheas, le

ceol, drámaíocht agus rince.

Féilte & Imeachtaí 24

Nithe Ardspéise Na BhFéilte agus na nImeachtaí

iúiL

seachtain an spioraid & an chultúir

cheiltigh

Oileáin Árann. Ceol, rince,

amhránaíocht thraidisiúnta agus

siúlóidí seandálaiocha.

ceardlann do scríbhneoirí

cruthaitheacha

Oileáin Árann. Ceardlann cúig lá ar an

scríbhneoireacht chruthaitheach agus

turais siúlóide.

Rásaí Bád chloch na Rón. An

mhuirfhéile thraidisiúnta is sine in

Éirinn. Bíonn gach rud idir Hiúicéirí na

Gaillimhe agus curacha ann.

Lúnasa

seó capaillíní chonamara, an

Clochán. Ceiliúradh fad seachtaine ar

an gcapall dúchasach.

Féile shamhraidh chloch na Rón

Féile 4 lá le ceol traidisiúnta, an

snagcheol, cluichí sa sráidbhaile agus

téatar ar an sráid.

mEán FómhaiR

seachtain Ealaíon an chlocháin, Féile

seachtaine le léamh filíochta, drámaí,

léachtaí, ceolchoirmeacha agus ceol

traidisiúnta.

dEiREadh FómhaiR

muirsheachtain chonamara, Leitir

Fraic. Ceiliúradh ar oidhreacht na mara

le comhdháil, imeachtaí cultúrtha agus

ceol traidisiúnta.

aonach chrosbhóthar máma

Aonach stairiúil aon lae, ag ceiliúradh

chapaillín Chonamara agus ag

taispeáint táirgí talmhaíochta áitiúla.

samhain

Féile marconi, an Clochán. Ceiliúradh

ceithre lá ar an gcéad tharchur raidió

ó Marconi.

nOLLaiG

an clochán ar Oighear, an Clochán.

Margadh na Nollag agus oighear-rinc i

gclós ‘Stationhouse’ an Chlocháin.

imEachtaí LEanúnacha

téatar ‘station house’ an

chlocháin

www.stationhousetheatre.com

Clár iomlán de chineama, téatar,

coiméide, ceol agus léirithe ó leanaí.

Gairdín Bhríde, Ros Cathail (Roscahill)

www.galwaygarden.com.

Cúrsaí sa chócaireacht, sa bhacáil,

sa ióga, sa léann Ceilteach agus i

bhféinfheabhsúchán.

cnoc suain, an Spidéal

www.cnocsuain.com.

Ceardlanna sa Ghaelcheol agus sa

Ghaeilge, cúrsaí ar an tseandálaíocht

agus sa léann Ceilteach, siúlóidí

ar phortaigh agus ceardlanna sa

phéintéireacht.

Chun mioneolas a fháil ar fhéilte agus

ar imeachtaí i gConamara, tabhair

cuairt ar www.discoverireland.ie/

connemara.

Tabhair cuairt ar: www.discoverireland.ie/connemara chun liosta iomlán, chomh

maith le tuilleadh eolais, a fháil faoi na féilte agus faoi na himeachtaí ar fad i

gConamara.
www.discoverireland.ie/connemara

AISLINGÍ FAOI

CHONAMARA

Tá mór-réimse cóiríochta ar fáil

i gConamara, lena n-áirítear,

brúnna teolaí suite i ngleannta

scéimhe, L&B faoin tuath,

óstlanna i dtithe tuaithe agus

caisleáin chúlráideacha.

óstlann chaislean Bhaile na hinse

óstLanna

Tá roinnt de na hóstlanna is fearr sa tír le fáil i gConamara.

Nuair a bheidh rogha agat idir caisleáin ríoga ar thailte

breátha, tithe tuaithe rómánsúla le cáil an dea-bhia

agus óstlanna nua-aimseartha suntasacha le stíl

comhaimseartha, ní ceart go mbeadh aon fhadhb agat ag

fáil do dhídine foirfe ón gcuid eile den saol.

tithE aíOchta

Má bhíonn tú ag iarraidh na sócúlachta, ach nach n-iarrfá

go deo ach atmaisféar níos neamhfhoirmiúla, cuireann

tithe aíochta glórmhara Chonamara draíocht, carachtar

agus cuannacht le chéile i dtimpeallacht shuntasach. Tá

idir tithe cathrach slíocacha nua-aimseartha agus tithe

stairiúla de chuid na sean-ré, ar shuímh mhillteanacha i

measc na dtithe aíochta. Ach bíonn fáilte chroíúil agus

seirbhís phearsanta ar fáil iontu go léir.

LEaBa aGus BRicFEasta & tithE FEiRmE

Ní rachaidh tú i bhfad i gConamara gan gabháil thar L & B.

Díreach dornán de sheomraí agus atmaisféar croíúil agus

teolaí, a bhíonn sna háitribh bheaga seo, á reachtáil ag

teaghlaigh. Bíonn sárluach ar airgead le fáil iontu agus an

deis chun léargas a fháil ar an saol in Éirinn faoin tuath.

Cóiríocht 26

iOstas FéinFhREastaiL

Bíodh cuid den bhaile agat agus tú imithe ón mbaile, le

réimse leathan de réadmhaoin don fhéinfhreastal, atá

scaipthe ar fud an cheantair. Idir teachíní traidisiúnta ar

thránna sceirdiúla agus saoráidí a tógadh le sainchuspóir i

mbailte agus i sráidbhailte, is rogha iontach atá anseo do

ghrúpaí nó do theaghlaigh a bhíonn ag iarraidh bunáite go

gearrthréimhseach.

BRúnna aGus camPáiL

Beidh iontas ar thaistealaithe ar buiséad faoi chaighdeán

na mbrúnna don aos óg i gConamara agus faoina suímh

ina bhfuil siad lonnaithe, a bhainfeadh an anáil díot.

Bíonn seomraí príomháideacha agus seomraí suanliosa

ar fáil, chomh maith le saoráidí don chócaireacht

chomhchoiteann. Má bhíonn fonn ort oíche a chaitheamh

faoina réalta, beidh fáil agat ar rogha maith de láithreáin

do champáil agus do charabháin ar fud an cheantair.

Gheobhaidh tú liostáil iomlán de chóiríocht formheasta ar

ár láithreán gréasáin www.discoverireland.ie/connemara

mainéar Ros Liag
www.discoverireland.ie/connemara

CUIR CHUN BÓTHAIR

Gleann dhumha Locha

Tá tírdhreach uathúil agus bóithre

ciúine i gConamara. Ar an ábhar sin,

is áit fhíorfheiliúnach é, chun dul i

gceann na tiomána agus an taobh

tíre a thaiscéaladh.

Nuair a bheidh tú ag tiomáint tríd Chonamara, beidh

sé de shaoirse agat bheith ag casadh ar do luas féin

stopadh le haghaidh grianghraf agus atreorú síos

cúlbhóithre chun do sciar féin de shaol Chonamara a

aimsiú.

Cuireann an turas tiomána dhá lá seo, le malairt slí

roghnach chuig na hoileáin, an radharcra agus na

nithe is díol spéise is fearr san áireamh, le cor furasta

ciorclach.

LÁ 1

Fág Gaillimh agus lean B(R)336 siar ar chósta thuaidh

Chuan na Gaillimhe. De réir mar a fhágann tú an chathair

i do dhiaidh, gabhfaidh tú thar na bailte beaga, Bearna agus

Na Forbacha. Gearrthuras furasta atá ann as sin go dtí An

Spidéal. Tá trá brataí goirme lonnaithe anseo, ar a bhfuil

an-mheas maraon le hIonad Ceardaíochta an Spidéil.

Bíonn ealaíontóirí agus lucht ceardaíochta le feiceáil ag

obair ina gcuid stiúideonna anseo.

Is é an Spidéal an bhearna gheata chuig Gaeltacht

(ceantar ina labhraítear an Ghaeilge) Chonamara. Ón áit

seo feicfidh tú siopaí agus comharthaí marcáilte i nGaeilge.

Gabh bealach eile le casadh ar deis ag an gcrosbhóthar i

dtreo Mhaigh Cuilinn. Beidh Cnoc Suain ar an taobh clé

3 clm romhat. Is áit iontach í seo chun cúrsa cultúrtha

a dhéanamh, nó chun tráthnóna a chaitheamh leis an

nGaeilge, leis an gceol agus leis an rince. Tá an baile

Indreabhán díreach i ndiaidh an Spidéil ar B(R)336.

Tá an baile Indreabhán díreach i ndiaidh an Spidéil ar

B(R)336. Is féidir leat gearreitilt a thógáil as seo trasna go

dtí Oileáin Árann. Ina mhalairt de chás, is feidir leat dul ar

bhád farantóireachta ó Ros an Mhíl. Níl sé seo ach roinnt

achair eile síos an bóthar. Is malairt slí iontach atá sna trí

Oileán Árann agus b’fhiú go mór fanacht orthu thar oíche.

Tá siad ina mbuaic ar aon turas chuig an gceantar mar

gheall ar an radharcra a bhfainfeadh an anáil díot, an luas

réidh maireachtála agus cultúr traidisiúnta beo fuinniúil.

Tá an ráth fíorshuntasach de chuid na Cré-umhaoise, Dún

Aonghasa le fáil ar Inis Mór, an t-oileán is mó. É suite ar

barr aille atá 100m ar airde, tá an ráth leathchiorclach seo

ar cheann de na cinn is breátha san Eoraip.

Ar ais ar an mórthír, lean ar aghaidh tríd an sráidbhaile

pictiúrtha An Casla go dtí Scríob. Casann tú ar chlé

‘trá an Ghoirtín (Gurteen), cloch na Rón

Turas Tiomána ar Chonamara 28

anseo chuig an B(R)340 i dtreo an Ghoirt Mhóir. Lean na

comharthaí ar an taobh clé chuig Ros Muc. Téigh síos an

cúlbhóthar suaimhneach go dtí bruach an uisce agus teach

cónaithe samhraidh Phádraig Mhic Phiarais (1879 - 1916),

laoch náisiúnta agus an ceannaire ar Éirí Amach 1916.

Tá taispeántas ar bheatha an Phiarsaigh agus roinnt dá

chuimhneacháin le fáil i dTeach an Phiarsaigh, teachín beag

traidisiúnta le ceann tuí, atá ag feachaint síos ar an fharraige.

Fill ar an bpríomhbhóthar ag an nGort Mór. Lean ar aghaidh

ar (B)R340, a sciortáileann imeallbhord an chósta agus a

bhfuil radharcanna fíorshuntasacha le fáil uaidh amach ar

an fharraige agus faoin tír, ar na sléibhte. Rachaidh tú thar

sráidbhailte Charna, Thuaim Beola agus Bhaile na hInse sula

sroicheann tú Cloch na Rón. Is féidir leat cuairt a thabhairt

ar Cheol & Ceardaíocht Chloch na Rón anseo. Is ceardlann

thraidisiúnta d’uirlisí atá anseo. Is féidir bodhráin, drumaí

traidisiúnta as craiceann gabhair, a fheiceáil á ndéanamh

anseo. Tá trá glan, le gealghaineamh i gCloch na Rón freisin,

ag Cuan ‘Gurteen’. Is láthair iontach í don snámh.

Ó Chloch na Rón, lean an bóthar go Baile Conaola,

chun cuairt a thabhairt ar ‘Smokehouse’ Chonamara.

Anseo, saillítear réimse leathan d’iasc deataithe agus

d’iasc maranaithe ar an mbealach traidisiúnta. Tá an

‘Championship Links’ Chonamara cáiliúil, galfchúrsa 27

bpoll le radharcanna iontacha ar an fharraige mhór, in aice

láimhe.

Tabhair aghaidh i dtreo an Chlocháin. Téigh ar mhalairt

slí giorra síos an N59, chun cuairt a thabhairt ar Ionad

Oidhreachta & Staire Chonamara (Áitreabh Dan O’ Hara),

áit ar féidir leat sracfhéachaint a fháil ar an saol in aimsir

atá imithe thart. Tá crannóg (áit chónaithe Neoiliteach ar

loch) atógtha, chomh maith le teachín agus árus feirme san

áireamh sa teachín agus sa bhfeirm athchóirithe. Déanann

taispeántais, léirithe agus tráchtaireacht, stair thuaithe

Chonamara, beo. Ón áit seo, tá sé 10clm furasta go dtí an

Clochán, príomhchathair Chonamara.

Tá rogha agat fanacht i gcuid de na hóstlanna faoin

tuath is fearr in Éirinn, thar oíche. Tá an ceantar breac le

tithe stairiúla, a bhfuil cáil orthu ar a gcuid radharcanna

fíorshuntasacha agus bia.
www.discoverireland.ie/connemara Turas Tiomána ar Chonamara 30

LÁ 2

Do scíth glactha agat agus tú cothaithe go maith, fág an Clochán agus tabhair aghaidh

ó thuaidh ar an N59 go Baile an tSrutháin. Lean na comharthaí ar an taobh clé chun

an Cloigeann - an bhearna gheata chuig Oileán Inis Bó Finne - a bhaint amach. Bíonn

sé furasta malairt slí de lá nó d’oíche a dhéanamh, mar gheall ar bháid farantóireachta

rialta. Is fiú go mór iarracht a dhéanamh air seo, de dheasca an tsár-radharcra, an

cheoil bhríomhar agus an iomad láithreán stairiúil.

A luaithe is a bhíonn tú ar ais ar an mórthír, fill ar an bpríomhbhóthar agus lean ar

aghaidh i dtreo Leitir Fraic. Díreach sula sroicheann tú an baile, beidh tú i bPáirc

Náisiúnta Chonamara, maorga. Cuimsíonn an pháirc roinnt den radharcra is fearr sa

cheantar. ls féidir siúlóid shármhaith a dhéanamh ann chomh maith. Tá radharcanna

lánleargais le fáil óna Beanna Beola, freisin.

Ag an gcrosbhóthar i sráidbhaile Leitir Fraic, is fiú casadh ar clé agus bealach eile

a ghabháil chuig Leithinis Rinn Mhaoile. Tá roinnt de na tránna is áille in Éirinn le

fáil anseo. Baineadh úsáid as cuid acu le haghaidh suíomh i scannáin mhóra. Tá na

fuinneoga gloine dhaite, leis an ealaíontóir cáiliúil Harry Clarke, le feiceáil sa séipéal atá

suite taobh thuas den chearnóg ag Crosbhóthar an Tulaigh (Tully Cross). Ba é Oliver St.

John Gogarty a d’iarr iad seo a dhéanamh, óna theach cónaithe ag Árus Rinn Mhaoile.

Is fiú stopadh freisin le haghaidh an láithreáin sheandálaíoch, atá ar an leithinis freisin.

Tá sé suite 200 méadar siar ón bhóthar ó Dhoire Inbhir go Doire Locha (Derrylough), le

taobh Shliabh an Tulaigh. Feirmeoirí luatha a thóg an Líne Cloiche Sé Philéar chun dul

le grianstad an gheimhridh. Sé chloch ina seasamh nó ‘méara na sióg’ atá ann.

Cas ar clé thiar i sráidbhaile Leitir Fraic. Lean ar aghaidh ó thuaidh agus tar éis tamaill

tiocfaidh tú chuig Mainistir agus Gairdín na Coille Móire.Mainistir rómánsúil Gotach

atá anseo, a bhfuil na mná rialta Beinidicteacha ina gcónaí ann, i láthair na huaire. Is

fiú go mór stopadh don ghairdín Victeoiriach athchóirithe, an séipéal nua-Ghotach

fíorshuntasach agus na seomraí tae teolaí.

Ón gCoill Mhór, déan do bhealach chuig an sráidbhaile gleoite deas, an Líonán. Tá sé

seo suite ag ceann an Chaoláire Rua breá, an t-aon fhiord atá in Éirinn. Ag Nancy’s

Baile na hinse

trá chloch na Rón

Point, sula sroicheann tú sráidbhaile an Líonáin, is féidir

leat cúrsáil a dhéanamh feadh an fhiord naoi míle, le Killary

Cruises. Gheobhaidh tú léargas ar thíreolaiocht an iontais

nádúrtha seo agus gheobhaidh tú sár-radharcanna ar an

uisce. Tá dhá ionad eachtraíochta den scoth le fáil i gceantar

an Chaoláire Rua freisin. Déanann siad seo a mhór de

radharcra garbh an cheantair.

Bhí suíomh pictiúrtha an Líonain ina shuíomh foirfe le

haghaidh athchóiriú ar scannán 1989 John B. Keane, The

Field, a stiúraigh Jim Sheridan. Is sa bhaile seo freisin atá

Ionad Caorach & Olla an Líonáin suite. Tugann sé seo

míniúchán ar lámhcheardaíocht caorach agus na holla agus

bíonn taispeántais ann ar an gcardáil, ar an suíomh agus ar

an fhíodóireacht.

Ón Líonán tabhair aghaidh soir ar B(R)336 chun radharcanna

fíorshuntasacha a fháil ar Shléibhte Mhám Toirc. Cas

ar dheis ag an Mám i dtreo Chrosbhóthar Máma agus

ansin téigh ar an N59 i dtreo Uachtair Aird. Díreach sula

sroicheann tú an baile, is féidir leat cuairt a thabhairt ar

Mhianaigh ‘Glengowla’. Is mianach airgid agus luaidhe

stairiúil, de chuid na 19ú haoise atá anseo. Tugann sé léargas

ar an saol sna mianaigh, le sraith taispeántas, taispeántais

idirghníomhacha agus turas faisnéiseach faoi threoir.

Lean ar aghaidh isteach go hUachtar Ard, baile pictiúrtha

neadaithe idir Sléibhte Chonamara agus uiscí cruachliatha

Loch Coirib. Is meice atá sa loch do shlatiascairí. Tá cáil an

bhric rua fhiáin agus na hiascaireachta bradán air. Díreach

taobh thall den bhaile ar an N59 go Gaillimh, rachaidh tú

thar an chasadh do Chaisleán maorga Achadh na nIúr,

ar an taobh clé. Thóg fine Uí Fhlaithearta (O’ Flaherty) an

túrtheach dea-chaomhnaithe seo, de chuid na 16ú haoise

agus caomhnaíonn sé stair fhada agus suaite.

Lean ar aghaidh ar an N59 go Ros Cathail agus tóg an

casadh ar chlé, le cuaillí eolais do Ghairdín Bhríde. Parthas

coillearnaí atá anseo, le móinéir agus gairdíní le téamaí a

léiríonn na féilte Ceilteacha. Is tiomáint fhurasta atá ann,

siar tríd Mhaigh Cuilinn go cathair na Gaillimhe, ón áit seo.

an clochán

Baile mór an chlocháin
www.discoverireland.ie/connemara

LÉARSCÁIL & TEAGMHÁIL

ÚSÁIDEACH

an Líonán

Cé acu eachtraíocht ar Oileáin

Árann, galf in Uachtar Ard, nó

cúrsáil ar an gCaoláire Rua atá

uait, faigh an t-eolas ar fad atá de

dhíth ort, chun do shos foirfe a

phleanáil.