ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
www.discoverireland.ie/connemara

do rothaithe agus is é an croílár é do rothbhealaí trílúbtha

(three looped) a thugann aghaidh ar Chloch na Rón, an

Cloigeann agus Baile Conaola. Tá rothair ar cíos agus go

leor saoráidí áitiúla le fáil anseo freisin. Má thaitníonn an

rothaíocht sna sléibhte leat, d’fhéadfá dul ar Chosán do

Rothair Shléibhe Dhoire Abhra. Tá sé le fáil 10 clm siar ó

Uachtar Ard. Cosán 14 clm don rothaíocht agus don siúlóid,

a chasann, atá ann.

sPóRt uiscE

Is féidir leat dul ar an uisce le cúrsáil amach ó Fhiord Chuan

an Chaoláire Rua nó ar Loch Coirib, nó dul ar thuras báid,

ag preabadh ó oileán go hoileán, le taobh an chósta. Is

féidir leat fiú foghlaim chun Húicéir traidisiúnta de chuid

na Gaillimhe a sheoladh ar an gCeathrú Rua. Más tránna

atá uait, gheobhaidh tú gealghaineamh dochreidte agus

uiscí gormuaine i Rinn Mhaoile agus i gCuan an Mhada.

Tá cáil ar Thrá an Dóilín ar an gCeathrú Rua ar a trá coiréil

iontach.

Tagann slatiascairí anseo ina scataí freisin, chun taitneamh

a bhaint as an iascaireacht iontach ar Loch Coirib. Fásann

an breac rua go breis agus 20Ib anseo, go rialta. Tá tóir

ar iascaireacht farraige freisin. Is féidir sáriascaireacht

chladaigh a dhéanamh sa gClochán, sa gCaoláire Rua,

agus ar Oileán Gharumna agus is féidir iascaireacht sa

domhainfharraige a dhéanamh amach ón gClochán, ó

Chloch na Rún, ón Spidéal agus ón gCloigeann.

sPóRt EachtRaíOchta

Dóibh siúd ar thóir dúshláin níos déine, tá ionaid

eachtraíochta i Delphi (www.delphiadventureholidays.

ie), ar an gCaoláire Rua (Killary) (www.killaryadventure.

com) agus i Petersburg (www.petersburg.ie). Tá réimse de

spórt le fáil iontu seo, idir curachóireacht, seoltóireacht,

uaimheadóireacht agus treodóireacht. Tá ionad

tumadóireachta ‘PAD’1 i Rinn Mhaoile. Tá grádú d’ionaid

trá mhanainn

NASCANNA

ÚSÁIDEACH A

www.discoverireland.ie/west

www.delphiadventureholidays.ie

www.killaryadventure.com

www.petersburg.ie

www.connemaragolflinks.com

www.oughterardgolfclub.com

www.connemaraislesgolfclub.com

www.connemarathon.com

tumadóireachta an ‘National Geographic’

aige agus tá cúrsaí sa tseoltóireacht ar fáil

i mBaile Conaola. Mar sin féin, dóibh siúd

atá uaillmhianach, bíonn an tarraingt is mó

ar an gConamartón, (Connemarathon), a

bhíonn ar siúl gach bliain san earrach ag

Crosbhóthar Máma (Maam Cross). Bíodh

sé ina bháisteach, nó an ghrian ag soilsiú

bíonn daoine urrúnta ag streachailt in éadan

achair maratóin, a bhíonn ina leathachar, ina

n-achar iomlán nó ina n-ultra-achar, feadh

ceann de na bealaigh do mharatóin is mó

scéimh sa domhan.

maRcaíOcht caPaLL

Is bealach iontach eile é chun Conamara a

fheiceáil ná ar dhroim capaill. Is féidir leat

laethanta dochreidte a bheith agat amuigh

ag maracaíocht, mar gheall ar an easpa

tráchta, na gealtránna fada agus na cosáin sna sléibhte.

Tá an ceantar breac le hionaid eachaíochta agus cuireann

siad gach rud, idir ceachtanna do thosaitheoirí agus aistir

fadachair trína sléibhte, ar fáil. Cuireann Cosáin Chonamara

(Connemara Trails) (www.connemara-trails.com) turais

mharcaíochta cúig go seacht lá ar fáil ar fud Chonamara.

Cuireann siad seo radharcanna cáiliúla, chomh maith le

roinnt den radharcra is iargúlta agus is suntasaí sa cheantar,

san áireamh.

GaLF

Tá Conamara ina cheann scríbe iontach do ghalfairí

freisin. Tá an Connemara Championship Links (www.

connemaragolflinks.com) in aice leis an gClochán, ar cheann

de na nascanna gailf is áille agus is crua sa tír. Rinne Eddie

Hackett dearadh ar an gcúrsa 27 bpoll seo, atá neadaithe idir

na Beanna Beola agus an Aigéan Atlantach.

Faoin tír, is cúrsa fearann páirce é Club Gailf 18 bpoll

Uachtair Aird (www.oughterardgolfclub.com). Tá sé

cliathánach le Loch Coirib agus Sléibhte Chonamara agus tá

gnéithe uisce, ballaí aolchloiche agus crainn dhúchasacha

aibí scaipthe ann. ‘Is féidir leat naoi bpoll a imirt ag Club

Gailf ‘Connemara Isles’ (www.connemaraislesgolfclub.com) i

Leitir Móir. Tá sé le taobh bhruach an Atlantaigh agus i mbéal

inbhir farraige, lomán carraigeach agus sár-radharcanna. Tá

sé, go fírinneach, uathúil. Beidh Loch an Róisín Dubh álainn

agus an tAigéan Atlantach le do thaobh, ag Club Gailf 9 bpoll

Rinn Mhaoile. Tá sé suite ar an talamh thart ar Óstán Árus

Rinn Mhaoile.

Tá roinnt cúrsaí eile i gcóngar Chonamara. Chun na sonraí

iomlána a fháil tabhair cuairt ar www.discoverirland.ie/west

an conamaratón

‘connemara championship Links’

An Eachtraíocht á Blaiseadh 22

tonnmharcaíocht ar an atlantach