ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
ÉALAIGH, SPREAG, TAISCÉAL... - Discover Ireland
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
www.discoverireland.ie/connemara

DO THURAS SIAR

Níos fearr ná mar a shamhlaigh

tú riamh agus níos gaire ná mar

a cheapann tú, ní raibh turas go

Conamara chomh héasca riamh. Le

heitiltí agus báid farantóireachta

rialta agus réimse seirbhísí bus agus

traenach ag trasnú an cheantair,

beidh tú ábalta do chuid féin

d’Éirinn a mhaíomh.

aERthaistEaL

na Beanna Beola, máiméan

Déanann trí aerfort áitiúla freastal ar cheantar Chonamara.

Tuirlingíonn réimse d’eitiltí intíre, de chuid na RA(UK)

agus eitiltí Eorpacha ag Aerfort na Gaillimhe (www.

galwayairport.com) agus ag Aerfort Ireland West, Cnoc

Mhuire (www.irelandwestairport.com). Sa deisceart bíonn

eitiltí laethúla ag Aerfort Idirnáisiúnta na Sionainne (www.

shannonairport.com) ó roinnt cinn scríbe sna SA(US) agus

réimse eitiltí chuig cinn scríbe ar fud na RA agus na hEorpa.

aR Bhád FaRantóiREachta

Seolann réimse báid farantóireachta go hÉirinn ón RA agus

ón Fhrainc le seirbhísí ag teacht go Baile Átha Cliath, Ros

Láir, Corcaigh, Béal Feirste agus Latharna. Tabhair cuairt ar

www.discoverireland.ie chun eolas a fháil ar chúrsaí agus

ar sheirbhísí.

aR an tRaEin

Tá na stáisiúin traenach is gaire do Chonamara suite

i nGaillimh agus i gCathair na Mart. Tá siad araon

inrochtana ó stáisiún Heuston Bhaile Átha Cliath. Tabhair

cuairt ar Iarnród Éireann (www.irishrail.ie) chun tuilleadh

eolais a fháil ar chúrsaí, ar amchláir agus ar tháillí.

Do Thuras Siar 6

aR Bhus

Bíonn luasbhusanna i seirbhís ó bhailte agus ó chathracha

móra ar fud na hÉireann, chuig Gaillimh agus Cathair na

Mart. Is féidir seirbhísí réigiúnacha chuig Conamara a

fháil uathu seo. Is é Bus Éireann (www.buseireann.ie) an

príomhsholáthraí seirbhíse, feidhmíonn Citylink (www.

citylink.ie) seirbhísí go Baile Átha Cliath, an tSionainn,

Corcaigh agus an Clochán. Cuireann Bus Nestor (www.

busnestor.galway.net) seirbhísí rialta ar fáil chuig cathair

agus aerfort Bhaile Átha Cliath.

i gcaRR

Má bhíonn tú ag taisteal i gcarr, beidh an tsaoirse is fearr

agat chun bheith ag seachrán ar chúlbhóithre ciúine

Chonamara. Ní thógann sé ach ceithre uaire an chloig chun

tiomáint ó Bhaile Átha Cliath nó ó Chorcaigh go Conamara

agus níl sé ach díreach dhá uair an chloig go leith ón

tSionainn.

na hOiLEáin a Bhaint amach

Bíonn báid farantóireachta i seirbhís chuig Oileáin Árann,

ó Ros an Mhíl i gCo. na Gaillimhe (www.arandirect.

com;www.aranislandferries.com) agus ón Dúlainn i gCo. an

Chláir (www.doolinferries.com; www.doolinferry.com).

Bíonn eitiltí rialta (www.aerarannislands.ie) i seirbhís chuig

Oileáin Árann ó Indreabhán, i gConamara Theas. Bíonn

báid farantóireachta i seirbhís chuig Inis Bó Finne (www.

inishbofinferry.com; inishbofinislanddiscovery.com) ón

gCloigeann, in iarthuaisceart an Chlocháin.

NASCANNA ÚSÁIDEACH A

www.discoverireland.ie

www.galwayairport.com

www.irelandwestairport.com

www.shannonairport.com

www.irishrail.ie

www.buseireann.ie

www.citylink.ie

www.busnestor.galway.net

www.arandirect.com

www.aranislandferries.com

www.doolinferrries.com

www.doolinferry.com

www.aerarannislands.ie

www.inishbofinferry.com

www.inishbofinislanddiscovery.com