Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Campas Spórt ag Baile an Aba – Cuimseoidh an Campas tacaíocht leighis, taighde agus traenála d’fhorbairt lúthchleasaithe den

chéad scoth, le cois saoráidí riaracháin do na Comhlachtaí Spóirt níos lú agus raon saoráidí eile lena n-áirítear páirceanna imeartha

agus tailte traenála. Tá forbairt an Champais ag Baile an Aba á soláthar ag Údarás Forbartha an Champas Náisiúnta Spórt (NSCDA).

An ról atá ag an OOP i ndáil leis an Tionscadal iomlán ná feidhmiú mar Chomhairleoirí Teicniúla don Roinn Ealaíon, Spóirt agus

Turasóireachta. D’ullmhaigh NSCDA cáipéisí chun go bhféadfaí Iarratas Pleanála a chur isteach do Chéim 1 den Champas; táthar ag

fanacht le formheas na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta sula gcuirfear faoi bhráid Chomhairle Contae Fhine Gall iad. I

gcomhthéacs an Champais iomláin, d’iarr an NSCDA ar Aonad na dTionscadal Speisialta bainistíocht a dhéanamh ar an tionscadal

chun Foras Spóirt na hÉireann a athlonnú chuig a cheanncheathrú nua in iar Fhoirgneamh na Príomhshaotharlainne Rialaithe Feola

i mBaile an Aba. Tá i gceist leis an bhForbairt athruithe a dhéanamh ar leagan amach inmheánach an Fhoirgnimh chun foráil a

dhéanamh d’úsáidí oifige, riaracháin agus foirne, le cois socruithe páirceála leasaithe, deisiúcháin ar an díon etc. a chur ar fáil.

Cuireadh tús le hobair ar an láithreán i mí na Nollag 2008 agus measadh go dtógfadh sé sé mhí leis an obair a chríochnú.

I gcomhairle le NSCDA agus an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, tá socruithe á ndéanamh le hAonad na dTionscadal

Speisialta i láthair na huaire chun cóiríocht a chur ar fáil do na Ceann-Eagraíochtaí Náisiúnta Rialaithe Spóirt trí iar-

Fhoirgneamh Fhoras na Mara a athchóiriú.

Rinne Aonad na dTionscadal Speisialta bainistíocht ar an tionscadal chun an FAI a athlonnú ó Chearnóg Mhuirfean chuig

iar-fhoirgneamh na Saotharlainne Stáit i mBaile an Aba. Tá an FAI ag áitiú a áitribh nua anois, agus tá an t-áitiú sin faoi réir

Léasa idir an NSCDA agus an FAI.

Faoi láthair, cuireann Aonad na dTionscadal Speisialta comhairle ar fáil faoi Thionscadail a dhéantar mar chuid de Chlár Caipitil

Spórt na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta nuair atá Deontas sa bhreis ar €150,000 ceadaithe d’Fhorbairt ar leith.

CPP um Dhílárú go Droichead Átha – Déanfaidh an Tionscadal seo, a sholáthróidh an OOP trí mheán CPP, i gcomhar leis an

NDFA, foráil do dhílárú Cheanncheathrú na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (RGST); cuimseoidh sé saoráidí nua

Cúirte freisin. Fuair an OOP beart láithreán chun na críche sin ó Chomhairle Buirge Dhroichead Átha; fuair an tSeirbhís

Cúirteanna láithreán ó Chomhairle Buirge Dhroichead Átha freisin a bheidh cuimsithe i bhForbairt iomlán lánpháirtithe.

Cé gur thug an Cinneadh ón Rialtas ar an 14ú Deireadh Fómhair 2008 formheas do Thionscadal Díláraithe Dhroichead Átha, táthar

ag fanacht le soiléiriú ón RGST faoi chumraíocht shonrach na nAonad RGST a chuirfear cóiríocht dóibh ar fáil ann. I láthair na huaire,

tá an RGST agus an Roinn Airgeadais ag plé na ceiste sin, agus go háirithe, baill foirne TF an RGST.

Bunóidh an OOP Sonraíochtaí Aschuir agus Tagarmharc Earnála Poiblí nuair a dhéanfaidh an RGST agus an Roinn Airgeadais

líon na foirne RGST a bheidh i gceist a dheimhniú.

Scoil Náisiúnta Coinneála Leanaí – Lusca. Cheadaigh Cinneadh ón Rialtas an 3ú Márta 2008 forbairt Scoil Náisiúnta Coinneála

nua ar Champas Bhaile an Oibricigh ag Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath. Cuirfidh Seirbhís Ceartas Óige na hÉireann (SCÓÉ) maoiniú

ar fáil don Scoil agus déanfaidh Aonad na dTionscadal Speisialta an Tionscadal a bhainistiú thar ceann na Seirbhíse sin. Cuirfidh

“foireann inmheánach” seirbhís dearaidh iomlán, is é sin, seirbhís Ailtireachta, Mheicniúil & Leictreach, Suirbhéireacht Cainníochta

agus Shibhialta/Struchtúr ar fáil. Cuirfear dearadh coincheapa éagsúla faoi bhráid SCÓÉ i mí Eanáir ’09 agus tá sé beartaithe go

mbeidh Sracscéim ar fáil i mí an Mhárta ’09 a bheidh deimhnithe ag SCÓÉ faoi dheireadh mhí Aibreáin.

Beartaítear Iarratas Pleanála, in éineacht le Measúnacht Tionchair Timpeallachta don Tionscadal a thaisceadh i mí Mheán

Fómhair ’09, Tairiscint a eisiúint i lár 2010 agus tús a chur leis an tógáil faoi dheireadh na bliana sin. Meastar go mbeidh

tréimhse tógála 18 mí i gceist. Tá maoiniú breise á chur ar fáil laistigh den NDP chun athchóiriú etc. saoráidí reatha i mBaile an

Oibricigh a éascú. I ndáil leis sin, tá an OOP ag bainistiú tionscadal a bhfuil i gceist leis saoráidí seomraí folctha en-suite a

shuiteáil i dTeach na Tríonóide.

50