Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
An Clár Díláraithe – Foirgnimh Nua-Thógtha

Rinneadh dul chun cinn sásúil in 2008 i ndáil le tionscadail ina raibh tógáil foirgneamh nua ar an rogha tosaíochta chun

cóiríocht a chur ar fáil do Ranna agus d’Oifigí faoi Chlár Díláraithe an Rialtais.

Tugadh obair thógála chun críche i mBaile Átha Luain áit ar cuireadh cóiríocht nua ar fáil don Roinn Oideachais agus

Eolaíochta, i gCill Airne, áit ar cuireadh foirgneamh Ceanncheathrún nua ar fáil don Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta,

sa Chaisleán Nua Thiar, áit a bhfuil baill foirne de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim lonnaithe anois, agus sna Forbacha agus i

mBaile Thiobraid Árann, áit a bhfuil oifigí nua don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus don Údarás Slándála

Príobháidí faoi seach ar fáil anois.

Tugadh an conradh do thógáil Sceall agus Croíleacán Cheanncheathrú nua an OOP i mBaile Átha Troim chun críche freisin.

Cuireadh tús leis an gconradh d’fheistiú an fhoirgnimh i mí na Nollag 2008 agus críochnófar i lár 2009 é.

Ag deireadh 2008, bhí obair thógála beagnach críochnaithe ar an gCeanncheathrú nua don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta

agus Rialtais Áitiúil i Loch Garman agus ar chóiríocht don Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia agus do BIM i gCloich na

Coillte. Bhí dul chun cinn maith déanta ar obair ar an láithreán chun oifigí a chur ar fáil don Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus

Teaghlaigh i mBun Cranncha agus chun Ceanncheathrú nua a chur ar fáil don Roinn Cosanta i nDroichead Nua.

Fuarthas cead pleanála agus bhí forbairt cáipéisí conartha mionsonracha beagnach críochnaithe ag deireadh na bliana

i gcás tionscadal mór CPP a bhfuil i gceist leis Ceanncheathrú nua a thógáil don Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia i

bPort Laoise, Ceanncheathrú nua a thógáil don Roinn Oideachais agus Eolaíochta sa Mhuileann gCearr agus oifigí a chur

ar fáil don Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta i gCeatharlach.

Rinneadh dul chun cinn suntasach i ndáil le roinnt suíomhanna eile lena n-áirítear Baile Ros Comáin (an tÚdarás Clárúcháin

Maoine), inar roghnaíodh tairgeoir tosaíochta agus ina bhfuarthas cead pleanála, Baile Thiobraid Árann (an Roinn Dlí agus

Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí), inar tugadh cáipéisí chun críche agus ina bhfuil siad réidh glacadh le tairiscintí

anois, Clár Chlainne Mhuiris (OOP) agus an Currach (Ceanncheathrú na bhFórsaí Cosanta) ina raibh cáipéisí tairisceana

beagnach críochnaithe agus Baile Chathail (Ceanncheathrú na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) inar iarradh

Léirithe Spéise ó chonraitheoirí ar mhian leo a bheith cuimsithe ar liosta tairisceana go luath in 2009.

Rinneadh dul chun cinn freisin maidir le pleanáil do Cheanncheathrú nua na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh

i nDroichead Átha a chur chun cinn.

52