Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Maoine Stairiúla

Tá rannóg na Maoine Stairiúla freagrach as caomhnú, bainistiú, cur i láthair agus forbairt 20 Maoin Stairiúil lena n-áirítear

Tithe, Páirceanna Stairiúla, Garraithe agus Crannlanna. Áirítear orthu sin maoine suaitheanta cosúil le Páirc an Fhionnuisce,

Garraithe Náisiúnta na Lus, láithreán Chath na Bóinne, Cúirt Ioma, Co. Laoise agus Oileán na gCuileann (Garinis), Co. Chorcaí.

Cuimsíonn obair forbartha athchóiriú foirgneamh stairiúil, soláthar áiseanna feabhsaithe do chuairteoirí, uasghrádú agus

athchóiriú Páirceanna Stairiúla, Garraithe agus Crannlann agus míniú na maoine oidhreachta sin agus iad a chur i láthair

don phobal.

Chomh maith leis an gcaiteachas reatha a tabhaíodh i ndáil le soláthar foirne agus cothabháil na maoine sin, chuir an Roinn

Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil maoiniú caipitil ar fáil. Maoiníodh clár leathan d’oibreacha cothabhála,

feabhsaithe, caomhantais agus sláinte agus sábháilteachta ar scála beag ó Vóta an OOP in 2008.

Cath na Bóinne, 1690 – 2008

D’oscail an Taoiseach, Bertie Ahern, TD agus Príomh-Aire Thuaisceart Éireann, an Dr Ian Paisley, MP MLA, na saoráidí nua

do chuairteoirí ag láithreán stairiúil Chath na Bóinne ag an Seandroichead, Co. na Mí ar an 6ú Bealtaine. Bhí an ócáid anspeisialta

mar níos déanaí ar an lá sin chuir an Taoiseach in iúl don Uachtarán ag Áras an Uachtaráin go raibh sé chun éirí

as oifig i ndiaidh beagnach 11 bhliain sa phost. D’fhógair an Príomh-Aire Paisley roimhe sin go raibh sé chun éirí as a phost.

D’fhreastail líon mór Airí, daoine mór le rá agus aíonna ón Tuaisceart agus ón Deisceart a fuair cuirí ar an ócáid. Ina óráid, a

craoladh beo ar RTÉ, luaigh an Taoiseach siombalachas na cuairte a thug an Dr. Paisley ar an 11ú Bealtaine anuraidh, a chéad

chuairt ar an Deisceart i gcáil oifigiúil. Mhol an Taoiseach ról an OOP, agus dúirt sé go léireodh an láithreán an urraim a

thugtar do na traidisiúin uile in Éirinn agus go bhfeidhmeodh sé mar shiombail den Phróiseas Síochána. Labhair an Príomh-

Aire faoi chomhthéacs stairiúil Chath na Bóinne agus dúirt sé go raibh sé ag tnúth go mór le todhchaí dearfach don Oileán

uile.

Mar chuid den ócáid, bhí searmanas siombalach inar gearradh ribín, ceol ceolfhoirneach agus glóir-réim ildaite de ‘stair bheo’.

Níos déanaí, rinne an Banbharún Eileen Paisley óráid neamhfhoirmiúil agus cuireadh fáilte mhór roimpi.

Rinneadh Teach an tSeandroichid, a tógadh san 18ú haois, a oiriúnú chun Ionad Cuairteoirí a chur ar fáil don láthair chatha

ina bhfuil taispeántais de shamhailtí, léarscáileanna agus grafaicí, taispeántas d’airtléire ón 17ú haois agus trealamh lena

mbaineann, déantáin bhunaidh agus seó closamhairc. Gné amháin den taispeántas is fiú béim a leagan air ná teilgean léasair

nuálach a léiríonn na hinlíochtaí míleata casta i 1690, agus a fuair inspioráid ó láithreoireacht ag Páirc Náisiúnta Grand Teton

i Wyoming i SAM. Athchóiríodh na stáblaí taobh leis an teach chun spás a chur ar fáil do thaispeántais bhreise, amharclann,

pailliún nua seomra tae agus leithris. Tugadh an chéad chéim d’athchóiriú na ngairdíní chun críche agus cuireadh páirceáil

carranna/busanna ar fáil.

Creidtear go dtabharfaidh níos mó ná 100,000 duine cuairt ar an láithreán, de réir mar a aithneofar Cath na Bóinne mar

ní is díol spéise turasóireachta, oidhreachta agus taitneamhachta agus mar shiombail íocónach den Phróiseas Síochána.

78