Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Pearsanra

Cuireann Rannóg Pearsanra Oifig na nOibreacha Poiblí (ina bhfuil dhá aonad, is iad sin Pearsanra Bunaithe agus Pearsanra

Tionsclaíoch) seirbhís tacaíochta ar fáil d’eagraíocht mhór iltaobhach suite in a lán áiteanna éagsúla le lucht oibre sa bhreis

ar 2,000 (atá cothrom le beagnach 2,500 le linn mhíonna an tsamhraidh) i ngráid riaracháin, ghairmiúla, theicniúla agus

thionsclaíocha.

Mar gheall ar na cineálacha éagsúla oibre a dhéanann an OOP tá meascán leathan d’inniúlachtaí agus de scileanna ag na

baill foirne. Rannchuidíonn an fhoireann ilghnéitheach, éirimiúil le gnó an OOP i réimsí cosúil le soláthar, cothabháil maoine,

bainistíocht maoine agus tionscadal, dearadh ailtireachta, seirbhísí innealtóireachta, caomhantas agus cur i láthair

oidhreachta agus bainistíocht faoiseamh tuilte.

In 2008, chuir an Rannóg Pearsanra raon seirbhísí ar fáil do bhainistíocht agus d’fhoireann an OOP araon (e.g. earcaíocht,

ardú céime, pá agus pinsin, roghanna maidir le cothromaíocht oibre-saoil agus roghanna saoire éagsúla), sháraigh sí na

dúshláin eagraíochtúla inmheánacha a d’eascair as an tionscadal díláraithe agus dhéileáil sí le castacht mhéadaitheach

an dlí fostaíochta agus le saincheisteanna a bhain le baill foirne indibhidiúla.

Faoi Chlár Díláraithe an Rialtais, d’aistrigh 18 ball foirne go dtí an OOP agus d’aistrigh 3 ball foirne ón OOP in 2008.

Rinneadh cumarsáid leanúnach faoi shonraí an díláraithe leis an bhfoireann agus le ceardchumainn trí mheán na bhfóram

ionadaíoch foirmiúil, is iad sin an Fóram Comhpháirtíochta agus an Chomhairle Rannach, agus le ceardchumainn agus baill

foirne indibhidiúla.

Foireann Údaraithe an OOP amhail an 31 Nollaig, 2008

Neamhthionsclaíoch 741

Tionsclaíoch 1,467

Iomlán 2,208

An tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe

San OOP, cuireann an tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe tacaíocht foirne chuimsitheach inmheánach ar fáil. Tá an tSeirbhís

deartha chun feabhas a chur ar shláinte agus ar dhea bhraistint daoine. Is acmhainn í atá ar fáil ar fud na tíre do gach ball

foirne reatha agus ar scor agus do na bainisteoirí uile atá imníoch faoi dhea bhraistint a gcuid foirne.

Tá an tSeirbhís cleamhnaithe le Seirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe na Státseirbhíse uile. Comhordaíonn an Roinn Airgeadais

an tseirbhís sin go lárnach d’fhonn cur le dea bhraistint shíceolaíoch agus fhisiceach na foirne agus chun dul i bhfeidhm

go dearfach ar chumarsáid, ar chaidrimh oibre, ar tháirgiúlacht agus ar fheidhmiú sláintiúil tríd is tríd an ionaid oibre.

Agus é ag cur na Seirbhíse Cúnaimh d’Fhostaithe ar fáil, aithníonn an OOP an obair thábhachtach a dhéanann a gcuid

fostaithe indibhidiúla agus na tairbhí a bhaineann le hinfheistiú i seirbhísí a thugann tacaíocht do bhaill foirne, go háirithe

baill foirne le deacrachtaí. Tá an tSeirbhís ina comhchuid thábhachtach d’éiteas an OOP maidir le folláine fostaithe agus

éifeachtúlacht eagraíochtúil a chur chun cinn.

84