ETBI-News-Summer-2016-web
ETBI-News-Summer-2016-web
ETBI-News-Summer-2016-web
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Gaiscígh na hIdirbhliana

i mbun GAISCE

From Maria Nolan, Communications & Buildings Officer, WWETB

Daltaí na hIdirbhliana i mbun cadhcála ar an mBearú

Níl deireadh le sodar dhaltaí

na hIdirbhliana na laethanta

seo agus go leor, leor

imeachtaí suimiúla á ndéanamh acu

ó d’fhill siad tar éis na Cásca. Bhí

lá den scoth acu agus iad ar turas

stairiúil ar an Aird Mhór agus ag

cleachtadh dreapadóireachta le hIonad

Eachtraíochta na hAirde Móire. Níorbh

é sin deireadh na scléipe áfach agus

ar aghaidh leo an lá dar gcionn go dtí

Staid Neptune i gCorcaigh chun páirt

a ghlacadh i gCraobh Chomórtas sa

Chispheil Chathaoir Rothaí, áit ar

tugadh suntas dá fheabhas is a bhí

siad i mbun na ceirde. D’eagraigh

múinteoir Matamaitice na hIdirbhliana,

Karen Cashman, cuairt fíorshuimiúil

ó fhóiréinseolaí ó Chaisleán an Leasa

Mhóir agus chuir na daltaí an-suim

ar fad ina raibh le taispeáint agus le

léiriú aici dóibh agus cuid díobh ag

smaoineamh ar phostanna le CSI

amach anseo! An tseachtain chéanna

d’fhreastail ceathrar daltaí ón rang,

Saoirse Ní Argáin, Saoirse Nic Craith,

Macdara Ó Faoláin agus Kyle Ó

Laochdha ar Choláiste Ollscoile Chorcaí

chun blaiseadh de na cúrsaí ollscoile

éagsúla a bhíonn á dtairiscint ann

agus bhain siad idir thaitneamh agus

thairbhe as gach aon ghné den taithí

sin. Ár mbuíochas le Clár Ní Fhathaigh

a d’eagraigh an tréimhse ollscoile

sin do na daltaí. Is cosúil nach féidir

fuinneamh lucht na hIdirbhliana a

chloí agus agus d’fháiltigh siad roimh

theacht an tSamhraidh le turas GAISCE

i nGráig na Manach ar an 3 agus an

4 Bealtaine. Thug siad faoi thuras

cadhcála 10 n-uaire a chloig ar an

mBearú agus dhein siad éacht mar

gur éirigh leo talamh a bhaint amach

slán sábháilte, fiú amháin má bhí siad

spíonta ag deireadh an lae!

Is chun críoch speisialta a chur leis

an tseachtain, leanadh le nós na

hoilithreachta atá leanta ag lucht na

hIdirbhliana le cúpla bliain anuas faoi

stiúir an Mháistir Uí Dhroma agus shiúil

siad ar fad i dtreo an tSolais le chéile,

ar mhaithe le Pieta House i gcoim na

hoíche, Dé hAoine an 6 Bealtaine.

Is creid é nó ná creid, thug na daltaí

fuinniúla céanna faoi scrúdú Teastas

Eorpach na Gaeilge an lá dar gcionn!

Beidh teastas GAISCE á bhronnadh

orthu ar fad ag deireadh na hIdirbhliana

de bharr na n-éachtaí ar fad atá curtha

i gcrích acu i rith na bliana agus tá an

gradam sin tuillte go rímhaith ag gach

aon duine díobh, go deimhin!

Section 2 | news Issue 3 – 2016 ETBI 49