Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
NORTH WEST WORDS

SPRING / SUMMER 2018 ISSUE 9

10.

Is aoibhinn liom

mo lámha i do ghruaig

mo mhéara ag cíoradh na dlaoithe fionna

tuigeann tú

11.

Is aoibhinn liom

an póg ar chlár d’éadan

cloch damhsa an locha ag socrú i do chroí

tuigeann tú

12.

Is aoibhinn liom

focail amhráin a chanann tú

brí dhomsa amháin, ar do bheola gáireacha

tuigeann tú

13.

Is aoibhinn liom

meon na dearfachta ionatsa

an inchinn lán le maitheas na gcleite bháin

tuigeann tú

14.

Is aoibhinn liom

lán mo bhos de chíoch

ag ardú na dide le teann foinn ghnéis

tuigeann tú

15.

Is aoibhinn liom

bheith nocht sa leaba leat

lom, craiceann le craiceann ag ardú fola

tuigeann tú

16.

Is aoibhinn liom

an mhaidin le cupán tae leat

comhartha ar atá fós le teacht an lá sin

tuigeann tú

Art Ó Súilleabháin

23