Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
NORTH WEST WORDS

SPRING / SUMMER 2018 ISSUE 9

An Mhucais faoin Nollaig

Tá giall an tsléibhe crua, glan, teann, gan comhréiteach

Ina líne dhúshlánach rialóra de chuid Vere Foster :

Cha dtig a dhreapadh a shamhlú, ach is gá a dhéanamh,

Ar dhá chois nuair is féidir, ar cheithre ghéag nuair is gá,

Umhal don tsleas, de shíor in éadan fána, bróga

Ag polladh chraiceann sioctha an tsneachta, aer sna scamháin

Ina chara a iarrann barraíocht, ina namhaid a ghearrann mion,

Géilleann GoreTex an leathair, géilleann na matáin, na glúnta,

Ach ní ghéilleann an dúnghaois sin atá gan duais, gan loighic:

Tá súil le carn an mhullaigh agus deoir fán tsúil,

An spéir faoina léine ghorm ag síneadh ó oileáin Alban

Go srón Normannach Beinn Ghulbainn.

Slogann gaoth is sliabh na focail a ghlaonn duine os ard le duine.

Gréagóir Ó Dúill

24