You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
NORTH WEST WORDS

SPRING / SUMMER 2018 ISSUE 9

Linntreoga Doimhne

Ná tabhair aird ar bith ar na smaointe fánacha,

gasta, guagacha, luathintinneacha

A bhrúann iad féin chun tosaigh in gcuilithíní

Ar imeall linntreog na smaointe

Mar fhéileacáin phárlúis ag cóisir oíche

Ach lean na sruthanna malla

Go lár na linntreoige

Agus tum go domhain

Go grinneall fiú, agus fan.

Fan agus bí foighdeach

Bí foighdeach agus fan

Lig do na sruthanna bogadh

I measc na bplandaí

’S an duilliúr leathfhasta

“S na nithe neamh-fhoirmthe

Atá ag geimhriú sa bhfo-chomhfhios

Agus le do chruthaitheacht

Agus le do mhian ’s le do mheon ’s le do thoil

Chomh luath ’s a fheictear nó a mhothaítear

bachlóg nó eithne eolais

Ag corraíl sa doimhneacht

Gníomhaigh agus feidhmigh

Feidhmigh agus gníomhaigh

Tarraing, broid agus láimhsigh

Ór-eithne an smaoinimh

mar thaosrán

26