Part 1: Introduction, first and second language acquisition ...
Part 1: Introduction, first and second language acquisition ...
Part 1: Introduction, first and second language acquisition ...
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Transcríbhinn: Podchraoladh – Sealbhú teanga

Agus ar ndóigh, má thuigeann siad gur chuid den fhorbairt 88 agus gur

chuid den sealbhú teanga é an bheotheanga sin a chlos agus a úsáid sa

timpeallacht teanga b’fhéidir go gcabhródh sé sin leo ó thaobh

spreagadh 89 agus mar sin de.

Tá sé an-tábhachtach chomh maith go mbeifeá féin, mar mhúinteoir, ar

do chompord 90 leis an teanga agus go mbainfí úsáid aisti mar

bheotheanga chumarsáide 91 sa seomra ranga, agus ar ndóigh chomh

minic agus is féidir lasmuigh de. Ba dheas liom go gcífeadh múinteoirí

b’fhéidir, agus foghlaimeoirí, go mbaineann an teanga, ní hamháin leis an

seomra ranga, ach leis an ngnáthshaol laethúil 92 lasmuigh den seomra

ranga, agus arís tá an fheasacht teanga an-tábhachtach chuige sin.

Féadann tú a rá leo Tá mise dátheangach 93 , tá dá theanga agam,

Béarla-Gaeilge. Agus ansin dá mbeadh daoine eile, b’fhéidir, sa rang a

mbeadh dá theanga acu chomh maith, Polainnis-Béarla nó rud éigin mar

sin, d’fhéadfá é sin a úsáid le cur ar a súile dóibh gur rud iontach é seo,

an dátheangachas 94 .

26:47 Agus ag caint ansin ar an dátheangachas, agus ar an ionchur teanga nó

Marie language input, ar cheart mar sin go mbeadh páistí ag éisteacht le

cainteoirí dúchas 95 ?

26:58 Ba cheart. Ba cheart go gcloisfidís raon leathan 96 de chainteoirí dúchais

Muiris agus cainteoirí dara teanga. Ar ndóigh bheadh sé deacair, go háirithe

nuair a thagann sé go canúintí 97 , b’fhéidir, nach mbeadh fiú cur amach

iomlán ag múinteoirí orthu go minic, ach mar sin féin, leis na difríochtaí

sin canúna 98 , na difríochtaí sin foghraíochta 99 : a mhíniú dóibh agus a

rá Bíonn sé seo i ngach aon teanga. Tarlaíonn sé sin leis an mBéarla fiú,

dá rachfá maidin amárach chuig Sasana, tá áiteanna ansin b’fhéidir nach

dtuigfeá an cineál Béarla atá iontu go tapaidh.

Ach mar sin féin tá sé an-tábhachtach go dtuigfeadh siad go bhfuil a

leithéid de rud agus cainteoir dúchais ann, agus go bhfuil cainteoirí

dúchais óg agus aosta [ann], agus fiú dá mbeadh cartúin, ar TG4 agus

mar sin, gur féidir cuid díobh sin a úsáid fiú (cuid de na carachtair a

bheadh ansin sna cartúin ar cainteoirí dúchas iad sin) chun aird na

bhfoghlaimeoirí 100 a tharraingt air sin. B’fhéidir nach dtuigfidís, ach de

réir a chéile 101 … ní sheachnóinn in aon chor an cainteoir dúchais cé go

bhfuil dúshlán ag baint leis – ní sheachnóinn 102 é san ionchur teanga

sin.

27:59 Agus luaigh tú canúintí agus b’fhéidir sa Bhéarla go mbíonn canúintí ann

Marie freisin cé nach smaoinímid air sin, an bhfuil aon chomhairle 103 agat do

mhúinteoirí maidir le canúintí agus conas déileáil leo siúd?

28:11 Arís ceist mhaith. An phríomhchomhairle 104 , is dóigh liom, a chuirfinn ar

Muiris mhúinteoirí ná bheith chomh nádúrtha agus is féidir. Mar cuimhnigh gur

chuig cumarsáid 105 í an teanga tar éis an tsaoil 106 . Agus is iomaí cineál

cainteora atá ann. Dá mbeifeá ag obair i scoil Ghaeltachta, ar ndóigh,

bheadh an-bhéim ar an gcanúint logánta 107 nó áitiúil. Ach mar a dúirt,

b’fhiú cur ar a súile 108 d’fhoghlaimeoirí go bhfuil foghraíocht 109 ar leith

ag baint leis an nGaeilge sa tslí chéanna ina bhfuil foghraíocht ag baint

leis an bPolainnis nó ag Araibis nó an Fhraincis. Ach an príomhrud ná

bheith chomh nádúrtha, chomh cumarsáideach agus is féidir sa treo is go

dtuigfidís gur seo teanga chumarsáideach, agus bheith chomh nádúrtha

agus is féidir laistigh de sin.

88 of development

89 motivation

90 comfortable

91 living means of

communication

92 with everyday life

93 bilingual

94 bilingualism

95 native speakers

96 wide range

97 dialects

98 those dialectical

differences

99 those phonetic

differences

100 the learners

attention

101 by degrees

102 I wouldn’t avoid

103 any advice

104 the main advice

105 communication

106 in the end of the

day

107 local

108 to make (learners)

aware of

109 phonetics