23.12.2012 Views

Part 1: Introduction, first and second language acquisition ...

Part 1: Introduction, first and second language acquisition ...

Part 1: Introduction, first and second language acquisition ...

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Transcríbhinn: Podchraoladh – Sealbhú teanga

Cuid 3: Sealbhú agus múineadh na Gaeilge/acquisition and teaching of Irish

22:53 Agus ag bogadh ar aghaidh anois a Mhuiris, chun díriú isteach go 68 specifically

69 language

Marie sainiúil 68 ar mhúineadh na Gaeilge agus ceisteanna sealbhaithe

teanga 69 a bhaineann le múineadh na Gaeilge, is dócha gur í an chéad

cheist a ritheann liomsa ná an bhfuil an Ghaeilge níos deacra ná

teangacha eile, le foghlaim nó le múineadh?

23:09 Ceist mhaith agus tá sí minic cloiste agam. Níl aon fhianaise 70 go bhfuil

Muiris a leithéid fíor ach ceaptar a leithéid go mionmhinic. Cinnte, dearfa, tá

gnéithe 71 áirithe a bhaineann leis an nGaolainn 72 nach bhfuil a leithéid

againn sa Bhéarla: cuir i gcás an séimhiú, an t-urú 73 , an rud seo, an

t-infhilleadh 74 (athruithe ar fhocail agus mar sin de) agus tá an forainm

réamhfhoclach 75 (agam, agat, orm, ort) rud atá acu, dála an scéil, sa

Pholainnis agus sa Rúisis. Dá mbeadh teanga Cheilteach eile againn

mar mháthairtheanga 76 , a mbeadh na gnéithe sin ag baint léi, bheadh

sé níos fusa. Tá ar deireadh rud ar a nglaonn siad ansin psychotypology

nó typology 77 : is é sin má labhraíonn tú teanga amháin mar theanga

dhúchais 78 agus tú ag foghlaim teanga eile atá gaolmhar (a bhaineann

leis an gclann chéanna teangacha) ansin ar ndóigh tá sé níos fusa. Ach

tá difríochtaí idir córas an Bhéarla agus córas na Gaeilge agus níor

mhiste ansin b’fhéidir … bhíomar ag caint ó chianaibh 79 ar cheachtanna

feasachta teanga, language awareness, caithfimid iad sin a bhunú níos

mó ar na difríochtaí sin.

24:14 Ach é sin ráite, mar a deir tú, ní hí go bhfuil sí [an Ghaeilge] i bhfad níos

Marie deacra agus gach rud atá fíor ó thaobh sealbhú teangacha 80 eile de, tá

sé fíor i dtaobh na Gaeilge freisin?

24:24 Díreach é. Níl sí níos deacra, agus gach aon rud a dúirt (mé) ansin ó

Muiris chianaibh mar gheall ar shealbhú teanga ó thaobh na dteangacha eile de

bheadh sé fíor chomh maith i leith na Gaolainne.

24:36 Agus is dócha, ceist eile ansin a thagann chun cinn go minic ná go bhfuil

Marie sé ráite go soiléir i gcuraclam na Gaeilge gur cheart na ceachtanna a

mhúineadh trí mheán na Gaeilge 81 . Agus uaireanta bíonn sé sin deacair

ar mhúinteoirí, mura bhfuil a gcuid Gaeilge féin chomh líofa 82 agus atá an

Béarla acu. Cén fáth a ndeirtear sin, agus cén fáth a gcaithfimid bheith

dian uaireanta ar na páistí agus a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a

ghríosadh 83 uathu.

25:00 Bhuel, anois, níl an oiread sin den bheotheanga 84 , b’fhéidir, acu sa

Muiris timpeallacht 85 is a bheifeá ag súil leis – bhuel, braitheann sé anois: má

tá tú i dtimpeallacht na Gaeltachta agus mar sin de tá an bheotheanga

sin timpeall ort. Ba cheart an oiread [agus is féidir] den bheo teanga sin

a úsáid sa timpeallacht, i dtreo is go mbeadh an rud ar a dtugann siad

ionchur (input) saibhir teanga ann.

Mar sin, tá sé tábhachtach go labhraímid Gaolainn leo an oiread agus is

féidir 86 nó go gcloisfidís an Ghaolainn oiread agus is féidir i rith an lae.

Agus rud amháin, tá sé an-tábhachtach go dtuigfeadh na foghlaimeoirí é

sin. Go minic, déanaimid é sin, ach an dtuigeann na foghlaimeoirí cad ina

thaobh go mbíonn na ceachtanna as Gaolainn? B’fheidir .. ní thuigeann

siad cad chuige a bhfuil an Béarla le seachaint 87 ?

acquisition issues

70 no evidence

71 features

72 Gaeilge (in Munster

dialect)

73 eclipis

74 inflection

75 prepositional

pronouns

76 mother tongue

77 típeolaíocht

78 native (first)

language

79 a while ago

80 language(s)

acquisition

81 through the

medium of Irish

82 fluent

83 urge/incite

84 living language

85 in the environment

86 as much as

possible

87 to be avoided

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!