Part 1: Introduction, first and second language acquisition ...
Part 1: Introduction, first and second language acquisition ...
Part 1: Introduction, first and second language acquisition ...
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Transcríbhinn: Podchraoladh – Sealbhú teanga

28:51 Agus an gceapann tú, a Mhuiris, go bhfuil cur chuige éagsúil 110 ag

Marie teastáil ansin má tá duine ag múineadh i scoil Ghaeltachta?

29:00 Or ar ndóigh tá. Mar bheadh an teanga ansin ar a dtoil 111 , ní ag gach

Muiris páiste, ach ag an-chuid de na páistí. An príomhrud ná dúshlán 112 na

bhfoghlaimeoirí ag an bpointe sin a thabhairt. Má tá siad siúd ag obair ar

théacsanna 113 nó mar sin atá ag leibhéal ró-íseal dóibh ní spreagfaidh

sé sin iad. Mar a dúirt Krashen fadó, caithfidh an t-ionchur teanga a

bheith ag leibhéal amháin chun tosaigh 114 ar chumas na

bhfoghlaimeoirí.

Agus ansin sa Ghaeltacht b’shin an prionsabal a bheadh i gceist.

Caithfidh an t-ionchur teanga a bheith saibhir sna seomraí ranga ar fad,

ach sa Ghaeltacht caithfidh sé bheith ag leibhéal chun tosaigh [ar

Ghaeilge na bpáistí] agus bheith chomh saibhir agus is féidir. Cur chuige

eile mar sin dáiríre, dhíreofá ansin b’fhéidir ar stór leathan foclóra 115 ,

réimse leathan cora cainte 116 agus leaganacha 117 , comhchiallacha 118

agus mar sin de, a thabhairt dóibh a luaithe agus is féidir.

29:55 Agus an teoiric sin mar gheall ar dhúshlán na bpáistí a thabhairt? An

Marie bhfuil sé sin fíor do sheomraí ranga eile freisin, nach bhfuil cainteoirí

dúchais iontu?

30:03 Tá. Ceist an-mhaith í sin. Ní bhaineann sé le cainteoirí dúchais amháin.

Muiris Sin fíor maidir le daltaí agus le foghlaimeoirí i gcoitinne. Cuir i gcás dá

mbeadh seanchleachtadh 119 ag na daltaí ar na gnáthrudaí, abair

gnáthbheannachtaí 120 , Conas tá tú, cá bhfuil cónaí ort, cén aois tú?

agus go bhfuil sé sin acu, abair, agus seantaithí acu [orthu].

Dá dtosóidís air sin arís, sa mheánscoil, (dá bhféadfainn an mheánscoil a

lua anseo) an chéad lá nó an dara lá nó an chéad mhí nó mar sin,

b’fhéidir go ndéarfaidís leo féin ansin Bhuel, an bhfuil aon dul chun

cinn 121 ar siúl agam maidir leis an nGaolainn? Caithfidh tú cur ar a súile

dóibh go gcaithfidh siad dul chun cinn a dhéanamh, go gcaithfidh tú, mar

a dúraís ansin, a ndúshlán a thabhairt i gcónaí trí théacsanna atá leibhéal

amháin níos casta ná an teanga atá sealbhaithe acu cheana féin.

30:52 Agus as sin ardaítear ceisteanna mar gheall ar dul siar, mar chun dul

Marie chun cinn a dhéanamh, ní mór dul siar 122 freisin. Agus éiríonn na páistí,

mar a dúirt tú, bréan de 123 bheith ag dul siar ar rudaí céanna? Conas is

féidir tabhairt faoi sin, n’fheadar?

31:07 Tá an dul siar nó an t-athdhéanamh 124 sin thar a bheith tábhachtach,

Muiris ach dá bhféadfá, b’fhéidir, é a dhéanamh i slite úra 125 , abair, seachas

bheith ag druileáil agus an dul siar agus an t-athrá 126 arís. Go mbainfidís

úsáid as, b’fhéidir, dráma beag, nó go gcuirfidís rud éigin le chéile

bunaithe ar na focail agus ar na leaganacha atá á gclos acu ar feadh na

seachtaine nó ar feadh na míosa.

Mar sin dúshlán an-mhór …. mar dá mhéad uair a úsáidfidh foghlaimeoirí

focal nua/téarma nua/cora cainte nua – i gcomhthéacsanna nua chomh

maith – is amhlaidh is fusa a shealbhóidh siad sin. Tá an dul siar thar a

bheith tábhachtach, ach cuimhnigh ar shlite úra nua cruthaitheacha 127

ina bhféadfadh páistí na focail, na leaganacha atá sealbhaithe, nó

foghlamtha acu, a úsáid arís.

110 a different

approach

111 to be fluent in

112 challenge

113 texts

114 ahead of

115 wide vocabulary

116 idioms

117 forms of speech

(idioms)

118 synonyms

119 strong familiarity

120 ordinary greetings

121 progress

122 revise, go back

over

123 tired of, bored with

124 revision

125 new ways

126 the repetition

127 creative