You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
An Spáinnis – Ceisteanna agus Freagraí

Léarscáil ó: http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/6/6c/Map-

Hispanophone_World.png

1. Ceist: An teanga Laidin-bhunaithe í an Spáinnis?

Freagra: Is ea. Is teanga Rómánsach í (ar nós na Fraincise, na Portaingéilise, na hIodáilise agus na

Rómáinise) an Spáinnis (a labhraíonn 500 milliún duine) a d’eascair as roinnt teangacha éagsúla i

gceantar lárthuaisceart Leithinis na hIbéire. Is ceann de na ceithre theanga oifigiúla de chuid na

Spáinne í an Chaistílis (castellano, a dtugann muid ‘Spáinnis’ uirthi go coitianta); is iad an Chatalóinis

(14 milliún a labraíonn), an Ghailísis agus an Bhascais (c.milliún a labhraíonn) na cinn eile. D’eascair el

castellano as an ngnáth-Laidin sa 9ú haois, faoi thionchar teangacha dúchais eile de chuid na Leithinise,

ar nós Ceilibéirise agus Bascaise agus, ní ba dheireanaí, na hAraibise go sonrach. Scaip Impireacht na

Spáinne (1492 – 1898) an Spáinnis ar fud an domhain, áit ar mheasc sí le teangacha dúchais chun

leaganacha éagsúla den teanga a chruthú i Meiriceá Theas, i Meiriceá Láir agus sa Ghuine

Mheánchiorclach, agus ní ba dheireanaí, Spanglish sna Stáit Aontaithe. Aithnítear í mar theanga

oifigiúil de chuid na Náisiún Aontaithe, an Aontais Eorpaigh, Eagraíocht na Stát Meiriceánach,

Eagraíocht na Stát Ibéar-Mheiriceánach, Aontas na hAfraice, Aontas Náisiúin Mheiriceá Theas, an

Aontais Laidinigh agus Chómhargadh Mhuir Chairib. Labhraítear mar theanga oifigiúil sa Spáinn í, i

Meicsiceo, sa Cholóim, san Airgintín, i Veiniséala, i bPeiriú, sa tSile, in Eacuadór, i nGuatamala, i

gCúba, sa Phoblacht Dhoiminiceach, sa Bholaiv, i Hondúras, sa tSalvadóir, i Nicearagua, i gCósta Ríce,

i bParagua, i bPórtó Rícé, in Uragua, i bPanama agus in Andóra.

2. Ceist: Cé a leagann síos an caighdeán maidir le labhairt agus scríobh na Spáinnise?

Freagra: Tá tionchar caighdeánaithe ag an Real Academia Española (Acadamh Ríoga na Spáinnise) – a

bunaíodh i 1713 – i gcomhar leis na 21 acadamh náisiúnta, trí fhoclóirí agus threoracha gramadaí agus

stíle a fhoilsiú.

3. Ceist: An teanga dheacair í an Spáinnis le foghlaim?

Freagra: Glacann foghlaim teanga ar bith am mura ndéantar i dtimpeallacht tumtha é. Is teanga éasca i

an Spáinnis le fuaimniú – do chainteoirí Gaeilge ar aon nós – mar go bhfuil tromlach na bhfuaimeanna

atá ar fáil sa Spáinnis ar fáil sa Ghaeilge freisin. Léitear í mar a scríobhtar í. Mar sin féin, is teanga

briathra-bhunaithe í an Spáinnis, ar nós na dteangacha Rómánsacha eile, le roinnt mhaith aimsirí inti

agus difríochtaí caolchúiseacha eatarthu. Tá catagóirí éagsúla inti nach bhfuil sa Bhéarla ná sa Ghaeilge

agus tá buneolas ar an ngramadach áisiúil agus í á foghlaim.

14