You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
304

305

306

307

Trambhealaí

stoptha le páisinéirí a thógáil. Mura bhfuil bealach malartach

le feiceáil ar chomhartha ná scoith an tram – fan go dtí go

mbogann sé ar shiúl.

Dlí RTRA ailt 5 & 8

Coimhéad coisithe, go háirithe páistí, atá ag rith le dul ar

bord tram agus tú ag druidim le stad.

Tabhair tosaíocht do thramanna i gcónaí, go háirithe nuair

a dhéanann siad comhartha go bhfuil siad ar tí tarraingt

ar shiúl ó stadanna, ach amháin i gcás nach mbeadh sé

sábháilte. Cuimhnigh go bhféadfadh siad bheith ag iompar

líon ard paisinéirí atá ina seasamh a d’fhéadfaí a ghortú dá

mbeadh ar an tram stop éigeandála a dhéanamh. Coimhéad

daoine atá ag teacht amach as bus nó as tram agus atá ag

trasnú an bhóthair.

Ba chóir do gach úsáideoir bóithre, rothaithe agus

gluaisrothaithe go háirithe, bheith thar a bheith cúramach

agus iad ag tiomáint nó ag rothaíocht/gluaisrothaíocht gar

do ráillrianta nó ag trasnú ráillrianta, go háirithe má tá na

ráillrianta fliuch. Ba chóir duit bheith thar a bheith cúramach

agus tú ag trasnú na ráillrianta ag uillinneacha géara. Is é an

cleachtadh is sábháilte an ráillrian a thrasnú go díreach ag

dronuillinneacha. Ba chóir go mbeadh a fhios ag úsáideoirí

eile bóithre go bhfuil níos mó spáis de dhíth ar rothaithe agus

ar ghluaisrothaithe leis na ráillrianta a thrasnú go sábháilte.

Línte leictreachais lastuas. Bíonn sreanga trambhealaigh

lastuas 5.8 méadar os cionn aon charrbhealaigh de ghnáth,

ach tig leo bheith níos ísle. Ba chóir duit a chinntiú go bhfuil

go leor spáis idir an sreang agus d’fheithicil (lena n-áirítear

aon ualach atá tú ag iompar) sula dtiomáineann tú faoi

shreang lastuas. Ba chóir do thiománaithe feithiclí a bhfuil

craenacha insínte, búm, gaireas dumpála nó cineálacha

eile trealaimh airde inathraithe acu a chinntiú go bhfuil an

trealamh íslithe go hiomlán. I gcás go bhfuil sreanga lastuas

socraithe níos íslithe ná 5.8 méadar, léiríonn marcanna

glanta airde iad - cosúil le comharthaí ‘droichead íseal’. Ba

chóir na glantaí airde ar na plátaí sin a thabhairt do d’aire go

cúramach agus ba chóir cloí leo. Má tá amhras ar bith ort

faoi cé acu a rachadh nó nach rachadh d'fheithicil faoi na

sreanga go sábháilte ba chóir duit teagmháil a dhéanamh i

gcónaí leis na póilíní áitiúla nó oibreoir an trambhealaigh. Ná

gabh sa seans choíche mar go dtig leis sin bheith iontach

guaiseach ar fad.

101 �