Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Rialacha, teicnícíaguscomhairleghinearáltadogachtiománaí,gluaisrothaí,rothaíagusmarcach

143

144

145

I gcás go bhfuil lánaí HOV ann, NÍ MÓR do na feithiclí seo a

leanas amháin iad a úsáid:

• feithiclí ina bhfuil ar a laghad an íosmhéid daoine atá

curtha in iúl ar na comharthai tráchta

• aon fheithicil eile, ar nós busanna agus gluaisrothair, de

réir mar atá curtha in iúl ar chomharthaí sula dtosaíonn an

lána, beag beann ar líon na ndaoine ar bord.

Dlí RTRO Airteagal 4(5)

Sráideanna aontreo. NÍ MÓR do thrácht taisteal sa

treo atá curtha in iúl ag comharthaí. B’fhéidir go mbeadh

lána in aghaidh an tsrutha ag busanna agus/nó ag rothair.

Roghnaigh an lána ceart do do bhealach amach a luaithe

agus is féidir. Ná hathraigh lánaí go tobann. Mura gcuireann

comharthaí nó marcanna bóithre a mhalairt in iúl, ba chóir

duit:

• an lána clé a úsáid agus tú ag dul ar chlé

• an lána deas a úsáid agus tú ag dul ar dheis

• an lána is oiriúnaí a úsáid agus tú ag dul díreach ar

aghaidh.

Cuimhnigh go dtiocfadh leis an trácht bheith ag dul tharat ar

an dá thaobh.

Dlíthe RTO 1995 Airteagal 50, RTRO Airteagail 4(5) & 5(9)

Comhairle ghinearálta

NÍ MÓR duit GAN

• tiomáint go contúirteach

• tiomáint gan an cúram agus an aire chuí a thabhairt i

gcónaí

• tiomáint gan aird chuí a thabhairt ar úsáideoirí bóithre eile.

Dlí RTO 1995 Airteagail 10 & 12

NÍ MÓR duit GAN tiomáint ar chosán nó thar chosán ach

amháin le rochtain dhleathach a fháil ar réadmhaoin, nó i

gcás éigeandála.

Dlí RTRO Airteagal 3

47 �