Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Intreoir

Tá Córas na Slánródaíochta do Thuaisceart Éireann

(Córas na Slánródaíochta nó an Córas as seo amach)

riachtanach mar ábhar léitheoireachta do chách.

Intreoir

Tá na grúpaí seo a leanas thar a bheith leochaileach nó i

mbaol agus iad ar an bhóthar: coisithe, go háirithe páistí,

daoine breacaosta nó daoine faoi mhíchumas, rothaithe,

gluaisrothaithe agus marcaigh. Tá sé tábhachtach go mbíonn

gach úsáideoir bóithre ar an eolas faoin Chóras agus go

mbíonn siad tuisceanach dá chéile. Baineann sé sin le

coisithe oiread is a bhaineann sé le tiománaithe, rothaithe

agus marcaigh.

Is ceanglais dhlithiúla iad cuid mhaith de na rialacha atá

sa Chóras, agus mura gcloíonn tú leis na rialacha sin tá tú

ag déanamh cion coiriúil. B’fhéidir go ngearrfaí fíneáil ort,

b’fhéidir go gcuirfí pointí pionóis ar do cheadúnas nó b’fhéidir

go ndícháileofaí thú ón tiomáint. Sna cásanna is tromchúisí

b’fhéidir go gcuirfí i bpríosún thú. Bíonn a leithéid de rialacha

so-aitheanta de bharr go mbíonn na focail ‘NÍ MÓR/NÍ

MÓR GAN’ ann. Lena chois sin, áiríonn gach riail tagairt

ghiorraithe don reachtaíocht a chuireann síos ar an chion. Tá

míniú ar na giorrúcháin ar fáil ar leathanach 125.

Mura gcloíonn tú leis na rialacha eile sa Chóras, ní hionann

sin is a rá go n-ionchúiseofar thú, ach b’fhéidir go mbainfí

úsáid as Córas na Slánródaíochta i bhfianaise in aon chás

cúirte faoin Reachtaíocht Tráchta (féach leathanach 125) lena

fháil amach cé atá faoi dhliteanas. Áiríonn sé sin rialacha a

úsáideann foclaíocht chomhairleach ar nós ‘ba chóir/níor

chóir’ nó ‘déan/ná déan’.

Dá mbeadh na rialacha atá in Córas na Slánródaíochta ar

eolas ag daoine agus dá gcloífeadh siad leo d’fhéadfadh sé

líon na dtaismeach bóthair a laghdú go mór. Tá gach duine

freagrach as líon na mbásanna agus líon na ngortuithe a

tharlaíonn ar ár mbóithre gach lá a laghdú. Tig le Córas na

Slánródaíochta cuidiú linn an dualgas sin a chomhlíonadh. Tá

níos mó eolais ar theicnící tiomána/marcaíochta/rothaíochta

ar fáil in Treoir Oifigiúil Tiomána DSA – na bunscileanna, agus

Treoir Oifigiúil Gluaisrothaíochta DSA – na bunscileanna.

3 �